This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0810
Council Decision (EU) 2026/810 of 30 March 2026 appointing an alternate member, proposed by the Kingdom of Sweden, of the Committee of the Regions
Cinneadh (AE) 2026/810 ón gComhairle an 30 Márta 2026 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Ríocht na Sualainne, de Choiste na Réigiún
Cinneadh (AE) 2026/810 ón gComhairle an 30 Márta 2026 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Ríocht na Sualainne, de Choiste na Réigiún
ST/6718/2026/INIT
IO L, 2026/810, 7.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/810/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/810 |
7.4.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/810 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Márta 2026
lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Ríocht na Sualainne, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó rialtas na Sualainne,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 10 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/71 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh William ELOFSSON a cheapadh. |
|
(4) |
Mhol Rialtas na Sualainne Adam RYDSTEDT ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás áitiúil, ‘Ledamot i kommunfullmäktige, Hudiksvalls kommun’ (Comhalta den chomhairle bardais, bardas Hudiksvalls), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Adam RYDSTEDT, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás áitiúil, ‘Ledamot i kommunfullmäktige, Hudiksvalls kommun’ (Comhalta den chomhairle bardais, bardas Hudiksvalls), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. PANAYIOTOU
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.
(2) Cinneadh (AE) 2025/71 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 (IO L, 2025/71, 16.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/71/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/810/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)