This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0792
Council Decision (EU) 2026/792 of 24 February 2026 on the signing, on behalf of the European Union, of a broad package of agreements between the European Union, of the one part, and the Swiss Confederation, of the other part, to consolidate, deepen and expand their bilateral relations, and on the provisional application of the Agreement on the terms and conditions for the participation of the Swiss Confederation in the European Union Agency for the Space Programme
Cinneadh (AE) 2026/792 ón gComhairle an 24 Feabhra 2026 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, pacáiste leathain comhaontuithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, chun a gcaidreamh déthaobhach a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis
Cinneadh (AE) 2026/792 ón gComhairle an 24 Feabhra 2026 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, pacáiste leathain comhaontuithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, chun a gcaidreamh déthaobhach a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis
ST/10565/2025/INIT
IO L, 2026/792, 8.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/792/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/792/oj
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/792 |
8.4.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/792 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Feabhra 2026
maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, pacáiste leathain comhaontuithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, chun a gcaidreamh déthaobhach a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217, i gcomhar le hAirteagal 218(5) agus an dara fomhír d’Airteagal 218(8) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Trí bhíthin Chinneadh (AE, Euratom) 2024/995 (1), d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún tús a chur le caibidlíocht le Cónaidhm na hEilvéise (dá ngairtear ‘an Eilvéis’ freisin anseo feasta) le haghaidh pacáiste leathan comhaontuithe maidir le bearta a bhaineann leis an gcaidreamh déthaobhach leis an Eilvéis, ina bhfuil forálacha institiúideacha agus Státchabhrach i gcomhaontuithe atá ann cheana idir an tAontas agus an Eilvéis i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach (‘comhaontuithe i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach’), agus, i gcás inar gá, oiriúnuithe sonracha orthu, eadhon: an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar (2) (‘an Comhaontú maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar’), an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar (3) (‘an Comhaontú maidir le hAeriompar’), an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le Saorghluaiseacht Daoine (4) (‘an Comhaontú maidir le Saorghluaiseacht Daoine’), an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAitheantas Frithpháirteach i ndáil le Measúnú Comhréireachta (5) (‘an Comhaontú maidir le hAitheantas Frithpháirteach’), an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le Trádáil i dTáirgí Talmhaíochta (6) (‘an Comhaontú maidir le Trádáil i dTáirgí Talmhaíochta’), a síníodh go léir an 21 Meitheamh 1999. |
|
(2) |
Le Cinneadh (AE, Euratom) 2024/995, údaraíodh an Coimisiún freisin tús a chur le caibidlíocht leis an Eilvéis i dáil le comhaontú maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i gcláir de chuid an Aontais i ndáil le sásra atá ceangailteach ó thaobh dlí lena n-áirithítear ranníocaíocht bhuan airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas a laghdú, agus i ndáil le comhaontuithe nua maidir le leictreachas, sláinte agus sábháilteacht bia. Ina theannta sin, údaraíodh leis an gCinneadh sin tús a chur leis an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontuithe maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus i nGníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, agus maidir leis an leasú ar an gComhaontú aeriompar chun cabatáiste a cheadú. |
|
(3) |
Rinne an Coimisiún, thar ceann an Aontais, pacáiste leathan comhaontuithe a chaibidliú lena n-áirítear prótacail maidir le forálacha institiúideacha, forálacha Státchabhrach agus forálacha leasaitheacha a ghabhann le comhaontuithe atá ann cheana i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, an Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta lena mbunaítear comhlimistéar sábháilteachta bia (‘an Prótacal maidir le Sábháilteacht Bia’), an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le leictreachas (‘an Comhaontú maidir le Leictreachas’), an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le sláinte (‘an Comhaontú maidir le Sláinte’), an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú (‘an Comhaontú maidir le Comhtháthú’), an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir de chuid an Aontais (‘an Comhaontú maidir le Cláir de chuid an Aontais’), an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (‘an Comhaontú maidir le EUSPA’), chomh maith leis an bPrótacal idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar parlaiminteach (‘an Prótacal maidir le Comhar Parlaiminteach’). |
|
(4) |
Leis na forálacha institiúideacha a áirítear sna prótacail institiúideacha a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Saorghluaiseacht Daoine, leis an gComhaontú maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar, leis an gComhaontú maidir le hAeriompar, agus leis an gComhaontú maidir le hAitheantas Frithpháirteach (‘na prótacail institiúideacha’) chomh maith leis an gComhaontú maidir le Leictreachas, an Comhaontú maidir le Sláinte agus an Prótacal maidir le Sábháilteacht Bia, leagtar síos oibleagáidí ar na comhchoistí arna mbunú faoi na comhaontuithe agus na prótacail sin gach gníomh de dhlí an Aontais a thagann faoina raon feidhme a chomhtháthú, chomh maith le forálacha chun léirmhíniú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gcomhaontuithe uile i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach a áirithiú. I gcás ina bhfuil coincheapa de dhlí an Aontais i gceist le cur i bhfeidhm na gcomhaontuithe sin agus cur i bhfeidhm an phrótacail, tá na coincheapa sin le léirmhíniú agus le cur i bhfeidhm i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Leis na forálacha institiúideacha, leagtar síos freisin sásraí éifeachtacha chun díospóidí a réiteach bunaithe ar eadráin, lena n-áirítear gach ceist faoi dhlí an Aontais a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. I gcásanna nach gcomhlíontar cinneadh ón mbinse eadrána, déantar foráil sa phacáiste leathan maidir le bearta cúiteacha comhréireacha atá le glacadh faoin gcomhaontú lena mbaineann nó faoi aon cheann de na comhaontuithe i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach. |
|
(5) |
Leis na prótacail leasaitheacha a áirítear sa phacáiste leathan, déantar na hathruithe substainteacha is gá ar na comhaontuithe atá ann cheana idir an tAontas agus an Eilvéis, chun comhsheasmhacht leis an gcreat institiúideach nua a áirithiú. Ina theannta sin, leis an bprótacal leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hAeriompar déantar foráil maidir le malartú frithpháirteach ceart cabatáiste. |
|
(6) |
Áirítear sa phacáiste leathan freisin prótacail Státchabhrach a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hAeriompar agus leis an gComhaontú maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar chun cothrom iomaíochta a ráthú do rannpháirtíocht na hEilvéise sa mhargadh inmheánach sna réimsí a chumhdaítear leis na comhaontuithe sin. De bhun na bprótacal sin, tá an Eilvéis le rialacha substainteacha agus rialacha nós imeachta a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear sásraí faireachais agus forfheidhmithe, atá coibhéiseach leo siúd a bhfuil feidhm acu laistigh den Aontas. |
|
(7) |
Áirítear sa phacáiste leathan freisin prótacal leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Trádáil i dTáirgí Talmhaíochta idir an Comphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise chun sásra um réiteach díospóidí an chomhaontaithe sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an gcleachtas seanbhunaithe i gcomhaontuithe trádála an Aontais. |
|
(8) |
Áirítear prótacal ar leithligh a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Trádáil i dTáirgí Talmhaíochta sa phacáiste leathan chun comhlimistéar sábháilteachta bia a bhunú lena gcumhdaítear gach gné den bhiashlabhra. Áirítear sa phrótacal sin na forálacha institiúideacha is coiteann do gach comhaontú i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach. |
|
(9) |
Leis an gComhaontú maidir le Leictreachas a áirítear sa phacáiste leathan, leagtar síos na rialacha agus na coinníollacha faoinar féidir leis an Eilvéis a bheith rannpháirteach sa mhargadh inmheánach leictreachais. Áirítear leis an gComhaontú sin na forálacha institiúideacha is coiteann do gach comhaontú i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach mar aon le rialacha maidir le Státchabhair atá beagnach comhionann leo siúd a bhfuil feidhm acu i réimsí an aeriompair agus an iompair de thalamh. |
|
(10) |
Is é is aidhm don Chomhaontú maidir le Sláinte a áirítear sa phacáiste leathan neartú a dhéanamh ar an gcomhar idir an tAontas agus an Eilvéis maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus cuirtear i bhfeidhm leis, de réir analaí, na forálacha institiúideacha is coiteann do na comhaontuithe sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach. Tá an Comhaontú sin nasctha le rannpháirtíocht na hEilvéise sa Chlár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’). |
|
(11) |
Leis an gComhaontú maidir le Comhtháthú a áirítear sa phacáiste leathan, bunaítear an bunús dlí agus leagtar síos na paraiméadair le haghaidh ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise, faoi chuimsiú an phacáiste leathain, chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas a laghdú. Áirítear sásra um réiteach díospóidí sa Chomhaontú; i gcás neamhchomhlíonadh rialaithe eadrána, déantar foráil sa Chomhaontú maidir le bearta cúiteacha comhréireacha atá le glacadh in aon cheann de na comhaontuithe lena mbaineann an pacáiste. |
|
(12) |
Leis an gComhaontú maidir le EUSPA a áirítear sa phacáiste leathan, leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir leis an Eilvéis a bheith rannpháirteach in obair EUSPA. |
|
(13) |
Tá forálacha comhionanna sna prótacail institiúideacha agus sna comhaontuithe nua a áirítear sa phacáiste leathan le ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le costais na gcóras faisnéise agus na ngníomhaireachtaí ina bhfuil sí rannpháirteach a áirithiú. |
|
(14) |
Leis an bPrótacal maidir le Comhar Parlaiminteach, bunaítear Comhchoiste Parlaiminteach mar fhóram le haghaidh idirphlé agus díospóireacht idir comhaltaí Pharlaimint na hEorpa agus comhaltaí Thionól Cónaidhme na hEilvéise d’fhonn an chomhthuiscint agus an machnamh ar an gcaidreamh níos leithns idir an tAontas agus an Eilvéis a chur chun cinn, lena n-áirítear tuilleadh forbartha a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcaidreamh sin. |
|
(15) |
Is iomlán comhleanúnach iad na comhaontuithe agus na prótacail a áirítear sa phacáiste leathan agus leagtar síos leo struchtúr comhpháirtíochta treisithe agus cuimsithí i raon leathan réimsí a chumhdaítear leis na Conarthaí, bunaithe ar chothromaíocht iomchuí idir cearta agus oibleagáidí. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a bheith bunaithe ar na bunúis dlí shubstainteacha dá bhforáiltear sa CFAE chun comhlachas a bhunú lena ngabhann cearta agus oibleagáidí cómhalartacha, comhghníomhaíocht agus nós imeachta speisialta. |
|
(16) |
D’fhonn fairsinge a gcomhair a mhéadú, foráiltear leis an gComhaontú maidir le EUSPA go gcuirfidh na Páirtithe i bhfeidhm go sealadach é, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha agus lena reachtaíocht inmheánach faoi seach, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, más rud é go mbeidh dáta sínithe an Chomhaontaithe sin roimh an 1 Iúil 2026, nó ón 1 Eanáir den bhliain tar éis a shínithe, más tar éis an 30 Meitheamh 2026 a shíneofar an Comhaontú seo. Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú sin a chur i bhfeidhm go sealadach, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. |
|
(17) |
Tá síniú an Chomhaontaithe maidir le Cláir de chuid an Aontais faoi réir nósanna imeachta ar leithligh. |
|
(18) |
Ba cheart síniú an Dearbhaithe Chomhpháirtigh idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hidirphlé ardleibhéil a bhunú i ndáil leis an bpacáiste déthaobhach leathan agus leis an bhforbairt bhreise a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcaidreamh déthaobhach idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis thar ceann an Aontais Eorpaigh a fhormheas. |
|
(19) |
Ba cheart na comhaontuithe agus na prótacail a áirítear sa phacáiste leathan a shíniú thar ceann an Aontais agus ba cheart na dearbhuithe comhpháirteacha a ghabhann leis na comhaontuithe agus na prótacail sin a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear na comhaontuithe agus na prótacail seo a leanas a shíniú, thar ceann an Aontais, faoi réir a dtabhairt i gcrích (7):
|
(a) |
Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine; |
|
(b) |
Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine; |
|
(c) |
Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar; |
|
(d) |
Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar; |
|
(e) |
Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar; |
|
(f) |
Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar; |
|
(g) |
Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar; |
|
(h) |
Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de Bhóthar; |
|
(i) |
Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta; |
|
(j) |
Prótacal institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta; |
|
(k) |
Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta; |
|
(l) |
Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta lena mbunaítear comhlimistéar sábháilteachta bia; |
|
(m) |
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le leictreachas; |
|
(n) |
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le sláinte; |
|
(o) |
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú; |
|
(p) |
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis; |
|
(q) |
Prótacal idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar parlaiminteach. |
Airteagal 2
1. Formheastar leis seo síniú an Dearbhaithe Chomhpháirtigh ag an Aontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hidirphlé ardleibhéil a bhunú i ndáil leis an bpacáiste déthaobhach leathan agus leis an bhforbairt bhreise a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcaidreamh déthaobhach idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis (8).
2. Formheastar leis seo na dearbhuithe comhpháirteacha seo a leanas a ghabhann leis na comhaontuithe agus na prótacail dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo, eadhon:
|
(a) |
na dearbhuithe comhpháirteacha a ghabhann leis an bprótacal leasaitheach dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), den Chinneadh seo (9), eadhon:
|
|
(b) |
an dearbhú comhpháirteach a ghabhann leis an bprótacal maidir le Státchabhair dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (e), den Chinneadh seo; |
|
(c) |
an dearbhú comhpháirteach a ghabhann leis an bprótacal leasaitheach dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (f), den Chinneadh seo; |
|
(d) |
an dearbhú comhpháirteach a ghabhann leis an bprótacal maidir le Státchabhair dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (h), den Chinneadh seo; |
|
(e) |
an dearbhú comhpháirteach a ghabhann leis an gcomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (m), den Chinneadh seo. |
3. Tugann an Chomhairle dá haire na dearbhuithe seo a leanas ón Eilvéis:
|
(a) |
Dearbhú ón Eilvéis maidir le bearta atá le déanamh i leith daoine féinfhostaithe i gcomhthéacs an nós imeachta um fhógra a thabhairt maidir le tréimhsí gearrfhanachta a bhaineann leis an obair, a ghabhann leis an bprótacal leasaitheach dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), den Chinneadh seo; |
|
(b) |
Dearbhú ó Chónaidhm na hEilvéise maidir leis na heilimintí institiúideacha a áireamh de réir analaí sa Chomhaontú maidir leis an tSláinte a ghabhann leis an gcomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (n), den Chinneadh seo. |
Airteagal 3
Faoi réir na cómhalartachta, cuirfear an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (p), den Chinneadh seo i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 15(3) den chomhaontú sin. (10)
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. RAOUNA
(1) Cinneadh (AE, Euratom) 2024/995 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Cónaidhm na hEilvéise i ndáil le forálacha institiúideacha i gcomhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise a bhaineann leis an margadh inmheánach, i ndáil le comhaontú maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir an Aontais agus i ndáil le comhaontú atá mar bhonn le rannchuidiú buan na hEilvéise le comhtháthú an Aontais (IO L, 2024/995, 26.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/995/oj).
(2) IO L 114, 30.4.2002, lch. 91, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2002/309(3)/oj.
(3) IO L 114, 30.4.2002, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2002/309(2)/oj.
(4) IO L 114, 30.4.2002, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2002/309(1)/oj.
(5) IO L 114, 30.4.2002, lch. 369, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2002/309(5)/oj.
(6) IO L 114, 30.4.2002, lch. 132, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2002/309(4)/oj.
(7) Foilseofar téacsanna na gcomhaontuithe agus na bprótacal in éineacht leis an gcinneadh maidir lena dtabhairt i gcrích. Mar sin féin, foilseofar an Comhaontú maidir le EUSPA in éineacht leis an gCinneadh seo maidir le síniú.
(8) Foilseofar an dearbhú in éineacht leis an gcinneadh maidir le tabhairt i gcrích.
(9) Foilseofar na dearbhuithe in éineacht leis na comhaontuithe nó na prótacail a ghabhann leo.
(10) Foilseofar an dáta óna gcuirfear an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach san Iris Oifigiúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/792/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)