Det här dokumentet är ett utdrag från EUR-Lex webbplats
Dokument 32026D0774
Council Decision (CFSP) 2026/774 of 30 March 2026 amending Decision 2010/413/CFSP concerning restrictive measures against Iran
Cinneadh (CBES) 2026/774 ón gComhairle an 30 Márta 2026 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine
Cinneadh (CBES) 2026/774 ón gComhairle an 30 Márta 2026 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine
ST/6835/2026/INIT
IO L, 2026/774, 31.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/774/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Gällande
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/774 |
31.3.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/774 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Márta 2026
lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 26 Iúil 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/413/CBES (1). |
|
(2) |
Tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar na hiontrálacha a bhaineann le daoine agus eintitis ainmnithe áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh sin agus tháinig sí ar an gconclúid gur cheart na hiontrálacha a bhaineann le seisear agus le dhá eintiteas a bhaint den Iarscríbhinn sin. Ba cheart cúig iontráil a áirítear san Iarscríbhinn sin a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/413/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. PANAYIOTOU
(1) Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/413/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES mar a leanas:
|
(1) |
faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.’, fo-cheannteideal ‘A. Daoine’, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:
|
|
(2) |
faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.’, fo-cheannteideal ‘A. Daoine’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 7:
|
|
(3) |
faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.’, fo-cheannteideal ‘B. Eintitis’, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:
|
|
(4) |
faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.’, fo-cheannteideal ‘B. Eintitis’, cuirtear na hiontrálacha comhfhreagracha seo a leanas in ionad iontrálacha 46 agus 104:
|
|
(5) |
faoin gceannteideal ‘III. Islamic Republic of Iran Shipping Lines (IRISL)’, sa liosta faoin bhfo-cheannteideal ‘A. Daoine’ scriostar na hiontrálacha seo a leanas:
|
|
(6) |
faoin gceannteideal ‘III. Islamic Republic of Iran Shipping Lines (IRISL)’, fo-cheannteideal ‘B. Eintitis’, cuirtear na hiontrálacha comhfhreagracha seo a leanas in ionad iontrálacha 43 agus 158:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/774/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)