Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0762

Cinneadh (CBES) 2026/762 ón gComhairle an 30 Márta 2026 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

ST/7087/2026/INIT

IO L, 2026/762, 31.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/762/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/762/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/762

31.3.2026

CINNEADH (CBES) 2026/762 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Márta 2026

lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 26 Iúil 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/413/CBES (1).

(2)

An 29 Meán Fómhair 2025, tar éis smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe a bhaineann le cúrsaí núicléacha a ath-fhorchur ar an Iaráin i gcomhréir le Rún 2231 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/1972 (2) lenar leasaíodh Cinneadh 2010/413/CBES agus lenar ath-fhorchuireadh smachtbhannaí uile an Aontais a bhaineann le cúrsaí núicléacha ar an Iaráin, a cuireadh ar fionraí nó a foirceannadh faoin bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta.

(3)

Go háirithe, chinn an Chomhairle, an toirmeasc a ath-fhorchur ar earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a sholáthar, a dhíol nó a aistriú go díreach nó go hindíreach, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle (3) lena n-úsáid san Iaráin nó chun tairbhe na hIaráine.

(4)

An 20 Bealtaine 2021, ghlac an tAontas Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 leis an Rialachán sin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/413/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH

Airteagal 1

In Airteagal 1(1) de Chinneadh 2010/413/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus nach gcumhdaítear le pointe (a) den mhír seo cé is moite d’earraí áirithe a liostaítear i gCatagóir 5, Codanna 1 agus 2, de Chuid VII d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

(*1)  Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú earraí dé-úsáide a rialú (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/821/oj).’."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. PANAYIOTOU


(1)  Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/413/oj).

(2)  Cinneadh (CBES) 2025/1972 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine (IO L, 2025/1972, 29.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1972/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras earraí dé-úsáide a rialú (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/428/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú earraí dé-úsáide a rialú (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/821/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/762/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top