Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0719

Cinneadh (AE) 2026/719 ón gComhairle an 17 Márta 2026 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 14ú cruinniú de Chomhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le haontachas Phoblacht na hÚisbéiceastáine le EDT

ST/6608/2026/INIT

IO L, 2026/719, 23.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/719/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/719/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/719

23.3.2026

CINNEADH (AE) 2026/719 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Márta 2026

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 14ú cruinniú de Chomhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le haontachas Phoblacht na hÚisbéiceastáine le EDT

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Trí bhíthin Chinneadh 94/800/CE ón gComhairle (1) thug an tAontas Comhaontú Marrakech i gcrích, comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’), agus tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995.

(2)

De bhun Airteagail IV:1 agus IX:1 de Chomhaontú EDT, tá an t-údarás ag Comhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘EDT’) cinntí a ghlacadh de chomhthoil.

(3)

Tá an fhéidearthacht ann go nglacfaidh Comhdháil Aireachta EDT, le linn a 14ú cruinniú ón 26 go dtí an 29 Márta 2026, cinneadh maidir le haontachas Phoblacht na hÚisbéiceastáine (‘an Úisbéiceastáin’) le EDT.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 14ú cruinniú de Chomhdháil Aireachta EDT a bhunú, ós rud é go mbeidh na cinntí beartaithe ina gceangal ar an Aontas.

(5)

Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir le haontachas na hÚisbéiceastáine le EDT in 1995. Bunaíodh an Mheitheal um aontachas na hÚisbéiceastáine an 21 Nollaig 1994. Tionóladh an 11ú cruinniú den Mheitheal ón 5 go dtí an 6 Samhain 2025. I mí Dheireadh Fómhair 2025, chuir an Coimisiún, thar ceann an Aontais, bailchríoch ar chaibidlíocht dhéthaobhach maidir le sraith chuimsitheach ceangaltas ó thaobh na hÚisbéiceastáine maidir le hoscailt an mhargaidh. Tá coinne leis go gcuirfidh aontachas na hÚisbéiceastáine le EDT le próiseas an athchóirithe eacnamaíoch agus leis an fhorbairt inbhuanaithe san Úisbéiceastáin ar bhealach dearfach agus buan. Le haontachas féideartha, leagtar béim freisin ar an tacaíocht do chóras iltaobhach trádála riailbhunaithe a bhfuil EDT ina chroílár. Ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, tacú le haontachas na hÚisbéiceastáine le EDT,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 14ú cruinniú de Chomhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) nó ag aon chruinniú a bheidh ag an gComhairle Ghinearálta EDT ina dhiaidh sin páirt a ghlacadh sa chomhdhearcadh a dtiocfar air i measc Chomhaltaí EDT d’fhonn cinneadh a ghlacadh maidir le haontachas na hÚisbéiceastáine le EDT a thacaíonn le haontachas na hÚisbéiceastáine le EDT.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Márta 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. RAOUNA


(1)  Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, a mhéid a bhaineann le hábhair laistigh dá inniúlacht, na gcomhaontuithe ar ar thángthas i mBabhta Uragua den chaibidlíocht iltaobhach (1986-1994) (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1994/800/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/719/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top