Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0714

Cinneadh (AE) 2026/714 ón gComhairle an 17 Márta 2026 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 237ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) a mhéid a bhaineann le glacadh an leasaithe ar Iarscríbhinn 13 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta

ST/6773/2026/INIT

IO L, 2026/714, 20.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/714/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/714/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/714

20.3.2026

CINNEADH (AE) 2026/714 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Márta 2026

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 237ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) a mhéid a bhaineann le glacadh an leasaithe ar Iarscríbhinn 13 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’), lena rialaítear aeriompar idirnáisiúnta, i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) leis.

(2)

Is Stáit chonarthacha i gCoinbhinsiún Chicago (‘Stáit chonarthacha’) agus comhaltaí de EESI iad na Ballstáit uile, agus tá stádas breathnóra ag an Aontas i gcomhlachtaí áirithe de chuid EESI. Tá ionadaithe ó 6 Bhallstát igComhairle EESI.

(3)

De bhun Airteagal 54, litir I), de Choinbhinsiún Chicago, tá Comhairle EESI in ann Caighdeáin Idirnáisiúnta agus Cleachtais Mholta Idirnáisiúnta (‘SARPanna’) a ghlacadh, agus iad a ainmniú mar Iarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

(4)

Tá Comhairle EESI, ag an 237ú seisiún a bheidh aici, le Leasú 20 ar Iarscríbhinn 13 — Aircraft Accident and Incident Investigation (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí) a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago (‘Leasú 20’) a ghlacadh.

(5)

Is é príomhchuspóir Leasú 20 sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú trí ardleibhéal éifeachtúlachta, luais agus cáilíochta imscrúduithe sábháilteachta eitlíochta sibhialta a áirithiú.

(6)

Tá an Líonra Eorpach d’Údaráis um Imscrúdú Sábháilteachta na hEitlíochta Sibhialta (ENCASIA), a bunaíodh de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), freagrach as, inter alia, comhairle a thabhairt d’institiúidí de chuid an Aontais maidir leis na gnéithe uile d’fhorbairt agus de chur chun feidhme bheartais agus rialacha an Aontais maidir le himscrúduithe sábháilteachta agus maidir le tionóiscí agus teagmhais a chosc. Chuir ENCASIA le forbairt an togra le haghaidh Leasú 20.

(7)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle EESI a bhunú, ós rud é go mbeidh Leasú 20 ceangailteach, a luaithe a ghlacfar é, faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 90 litir a) de Choinbhinsiún Chicago, agus in ann tionchar cinntitheach a bheith aige ar ábhar dhlí an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 996/2010. Ba cheart raon feidhme an Chinnidh seo a theorannú d’ábhar Leasú 20, a mhéid a thagann an t-ábhar sin faoi réimse a chumhdaítear den chuid is mó le comhrialacha de chuid an Aontais cheana. Níor cheart don Chinneadh seo difear a dhéanamh do dháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit i réimse na heitlíochta.

(8)

Is é an seasamh ba cheart a ghlacadh thar ceann an Aontais ag an 237ú seisiún de Chomhairle EESI, nó ag aon seisiún ina dhiaidh sin, maidir le glacadh Leasú 20, tacú le glacadh Leasú 20. Ba cheart do na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de Chomhairle EESI seasamh an Aontais a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.

(9)

De bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, más dofheidhmithe d’aon Stát conarthach aon chaighdeán nó aon nós imeachta idirnáisiúnta a chomhlíonadh go hiomlán, nó a rialacháin nó a chleachtais féin a chur i gcomhréir go hiomlán le haon chaighdeán nó aon nós imeachta idirnáisiúnta mar sin tar éis leasú a bheith déanta ar an nós imeachta sin, nó má mheasann sé gur riachtanach rialacháin nó cleachtais a ghlacadh atá éagsúil ar aon dóigh leis na rialacháin nó na cleachtais arna mbunú le caighdeán idirnáisiúnta, tá an Stát sin le fógra a thabhairt láithreach do EESI maidir leis na difríochtaí idir a chleachtas féin agus an cleachtas arna bhunú leis an gcaighdeán idirnáisiúnta.

(10)

De bhun Airteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago, tiocfaidh aon Iarscríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago nó aon leasú ar Iarscríbhinn i bhfeidhm laistigh de 3 mhí tar éis sin a chur faoi bhráid na Stát conarthach, nó ag deireadh cibé tréimhse ama is faide a fhorordóidh Comhairle EESI, mura rud é go gcláraíonn tromlach de na Stáit chonarthacha a míshástacht le Comhairle EESI idir an dá linn.

(11)

Ba cheart gurb é seasamh an Aontais, tar éis do Chomhairle EESI Leasú 20 a ghlacadh, rud a bheidh le fógairt ag Ardrúnaí EESI trí nós imeachta Litreach Stáit EESI, a mhéid a thagann an t-ábhar sin faoi réimse a chumhdaítear den chuid is mó le comhrialacha de chuid an Aontais cheana, gan aon mhíshástacht a chlárú agus Leasú 20 a chomhlíonadh. I gcás nach ionann reachtaíocht an Aontais agus na SARPanna nuaghlactha tar éis an dáta a bheartaítear na SARPanna sin a chur i bhfeidhm, ba cheart fógra a thabhairt do EESI go bhfuil difríocht ann ó na SARPanna áirithe sin. Ba cheart seasamh an Aontais i ndáil leis an difríocht sin a bheith bunaithe ar dhoiciméad i scríbhinn a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle chun é a phlé agus a fhormheas. Ba cheart do na Ballstáit uile an seasamh sin a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leasa an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 237ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, nó in aon seisiún ina dhiaidh sin, tacú le Leasú 20 atá beartaithe ar Iarscríbhinn 13 – Aircraft Accident and Incident Investigation (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí) – a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago (‘Leasú 20’).

2.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, ar choinníoll go nglacfaidh Comhairle EESI Leasú 20 gan aon athrú substaintiúil, gan aon mhíshástacht a chur ar taifead, agus fógra a thabhairt faoi chomhlíonadh Leasú 20 arna ghlacadh mar fhreagra ar an Litir Stáit ábhartha de chuid EESI.

I gcás nach ionann reachtaíocht an Aontais agus na caighdeáin a leagtar amach in Iarscríbhinn 13 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago tar éis an dáta a bheartaítear na caighdeáin sin a chur i bhfeidhm, rud a fhágann gur gá fógra a thabhairt do EESI faoi dhifríocht ó na caighdeáin áirithe sin, i gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, déanfaidh an Coimisiún, in am trátha agus 2 mhí ar a laghad roimh aon sprioc-am a leagfaidh EESI amach maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí, doiciméad ullmhúcháin a chur faoi bhráid na Comhairle lena phlé agus lena fhormheas, ina leagfar amach seasamh an Aontais maidir leis na difríochtaí mionsonraithe atá le fógairt ag na Ballstáit do EESI, thar ceann an Aontais.

Airteagal 2

Is iad na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de Chomhairle EESI, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leasa an Aontais, a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

Déanfaidh na Ballstáit uile na seasaimh dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leasa an Aontais.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Márta 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VAFEADES


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE (IO L 295, 12.11.2010, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/996/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/714/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top