This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0662
Commission Implementing Decision (EU) 2026/662 of 13 March 2026 amending the Annexes to Implementing Decision (EU) 2025/1708 concerning certain emergency measures relating to infection with lumpy skin disease virus in France (notified under document C(2026) 1815)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/662 ón gCoimisiún an 13 Márta 2026 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Fhrainc (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 1815)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/662 ón gCoimisiún an 13 Márta 2026 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Fhrainc (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 1815)
C/2026/1815
IO L, 2026/662, 20.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/662/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/662 |
20.3.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/662 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Márta 2026
lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Fhrainc
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 1815)
(Is é an téacs Fraincise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar tógálach veicteoir-iompartha é ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a bhíonn ar bhó-ainmhithe. D’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach freisin ar ghluaiseachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas, agus ar onnmhairí go tríú tíortha. I gcás ráig d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbó-ainmhithe, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile bó-ainmhithe go háirithe mar gheall ar a phríomh-mhodh tarchurtha trí veicteoirí. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 déantar foráil maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm sa chrios srianta sin. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta ar a laghad crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall ar na criosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(3) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 ón gCoimisiún (4) leagtar síos bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Fhrainc. Go sonrach, le hAirteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 déantar foráil maidir le crios srianta a bhunú sa Fhrainc ina bhfuil criosanna cosanta agus faireachais i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus crios vacsaínithe i gcomhréir le Cuid 1 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún (5). Ina theannta sin, le hAirteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 déantar foráil maidir leis na criosanna cosanta agus faireacháin sin, chomh maith leis an gcrios vacsaínithe, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh sin, agus go gcuirfear i bhfeidhm na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna sin ar a laghad go dtí na dátaí a leagtar amach sna hIarscríbhinní sin. |
|
(4) |
Ó rinneadh an leasú deireanach ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/393 ón gCoimisiún (6), níl aon fhógra tugtha sa Fhrainc faoi aon ráig bhreise d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe. Mar sin féin, tá fógra tugtha ag an Spáinn faoi dhá ráig nua d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe i gcúige Huesca, i gComhphobal Uathrialach Aragón, an 2 agus an 3 Márta 2026. Mar fhreagairt air sin, tá crios faireachais bunaithe ag an bhFrainc i roinn Hautes-Pyrénées, áit ina bhfuil na bearta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 á gcur i bhfeidhm. |
|
(5) |
I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ag teacht chun cinn, go háirithe na ráigeanna nua de víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a deimhníodh sa Spáinn, ba cheart na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais sa Fhrainc in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 a leasú a mhéid a bhaineann lena raon feidhme geografach agus lena bhfad araon. Dá bhrí sin, is gá liosta na gcriosanna srianta agus tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a leasú chun leathadh breise víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh laistigh den Fhrainc agus chuig an gcuid eile den Aontas a chosc. |
|
(6) |
Méid na limistéar a shonraítear mar chriosanna cosanta agus faireachais agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, tá siad bunaithe ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 freisin. Ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm maidir le rogha mhéid na gcriosanna cosanta agus faireachais, chomh maith le fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, cuimsítear breithniú ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus ní hamháin sin ach breithniú ar thosca eipidéimeolaíocha eile lena n-áirítear paraiméadair gheografacha agus an riosca atá ann maidir le leathadh breise an ghalair i bhfianaise láithreacht veicteoirfheithidí. Cuireadh san áireamh freisin caighdeáin idirnáisiúnta an Chóid um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe agus fad tréimhse na mbeart dá bhforáiltear sa Chinneadh seo á chinneadh (7). |
|
(7) |
Tá gá fós leis na criosanna vacsaínithe a bunaíodh in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708, agus ba cheart leanúint den vacsaíniú i gcomhréir le plean oifigiúil vacsaínithe na Fraince a cuireadh isteach de bhun Airteagal 6(4), pointí (a) agus (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361. |
|
(8) |
Maidir leis na criosanna vacsaínithe I agus II a leagtar amach i gCodanna B agus A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708, tá a gcineáil, a méid agus a bhfad tréimhse bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh agus ar dhul chun cinn na bhfeachtas vacsaínithe sa Fhrainc, agus aird á tabhairt go háirithe ar leibhéal athraitheach an chumhdaigh vacsaíne a bhaintear amach, ar phlean oifigiúil vacsaínithe an Bhallstáit, agus ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361, agus ar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe sin. |
|
(9) |
Le hAirteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 cuirtear toirmeasc ar ghluaiseachtaí bó-ainmhithe ó na criosanna cosanta agus faireachais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin chuig cinn scríbe lasmuigh d’imlíne sheachtrach na gcriosanna sin sa Fhrainc nó lasmuigh den Bhallstát sin go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin. I bhfianaise na gcriosanna srianta atá ann cheana agus a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i gcríoch na Fraince, is gá an toirmeasc sin a chur i bhfeidhm sna criosanna cosanta agus faireachais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. |
|
(10) |
I bhfianaise na gcriosanna srianta nuashonraithe i roinn Hautes-Pyrénées, sa Fhrainc, is gá criosanna vacsaínithe I agus II a choigeartú maidir le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh atá ann faoi láthair, sa Bhallstát sin, ar criosanna iad a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 a leasú dá réir. |
|
(12) |
I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ann faoi láthair sa Fhrainc a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 leis an gCinneadh seo a luaithe is féidir chun leathadh breise an ghalair sin laistigh den Fhrainc, chuig na Ballstáit eile, nó chuig tríú tíortha a chosc, agus chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas nó aon bhacainn gan údar ar thrádáil le tríú tíortha a sheachaint. |
|
(13) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na nIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708.
Airteagal 2
Is chuig Poblacht na Fraince a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/687/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Fhrainc agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1336 (IO L, 2025/1708, 5.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1708/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta áirithe chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 52, 20.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/361/oj).
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/393 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2026 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Fhrainc (IO L, 2026/393, 20.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/393/oj).
(7) https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/.
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN I
Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna deimhnithe
|
Limistéar riaracháin agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta, dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a mbeidh siad infheidhme go dtí é |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Region of Occitanie (“ZR8”) ES-LSD-2026-00002 ES-LSD-2026-00003 |
Surveillance zone: The following municipalities in the following departments in the Region of Occitanie Hautes Pyrénées Department
|
22.04.2026 |
IARSCRÍBHINN II
Cuid A: Crios vacsaínithe II
Críoch iomlán na n-áiteanna seo a leanas:
|
1. |
bardasachtaí na ranna a liostaítear in Iarscríbhinn I go dtí lá deiridh na tréimhse athshlánaithe dá dtagraítear i gCuid 4 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361; |
|
2. |
na bardasachtaí seo a leanas i Réigiúin Auvergne-Rhône-Alpes agus Bourgogne-Franche-Comté go dtí lá deiridh na tréimhse athshlánaithe dá dtagraítear i gCuid 4 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361:
|
Cuid B: Crios vacsaínithe I
Críoch iomlán Réigiún na Corsaice go dtí lá deiridh na tréimhse athshlánaithe, dá dtagraítear i gCuid 4 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361;
Críoch iomlán na rann seo a leanas i Réigiúin Occitanie agus Nouvelle Aquitaine seachas na bardais a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i gCuid A d’Iarscríbhinn II:
|
— |
Roinn Aude |
|
— |
Roinn Haute Garonne |
|
— |
Roinn Gers |
|
— |
Roinn Herault |
|
— |
Roinn Pyrénées Atlantiques |
|
— |
Roinn Tarn |
|
— |
Roinn Landes |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/662/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)