This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0583
Commission Implementing Decision (EU) 2026/583 of 4 March 2026 on the request for registration of the European citizens’ initiative entitled European Public Social Network, pursuant to Regulation (EU) 2019/788 of the European Parliament and of the Council (notified under document C(2026) 1492)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/583 ón gCoimisiún an 4 Márta 2026 maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal Líonra Sóisialta Poiblí Eorpach de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 1492)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/583 ón gCoimisiún an 4 Márta 2026 maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal Líonra Sóisialta Poiblí Eorpach de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 1492)
C/2026/1492
IO L, 2026/583, 13.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/583/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/583 |
13.3.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/583 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Márta 2026
maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Líonra Sóisialta Poiblí Eorpach’ de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 1492)
(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 5 Feabhra 2026 rinneadh iarraidh ar chlárú tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Líonra Sóisialta Poiblí Eorpach’ a chur faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(2) |
Tagann an iarraidh sin sna sála ar an iarraidh ar chlárú tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Líonra Sóisialta Poiblí Eorpach’ a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin an 7 Nollaig 2025. |
|
(3) |
Maidir leis an iarraidh ar chlárú a cuireadh isteach an 7 Nollaig 2025, chuir an Coimisiún in iúl don ghrúpa d’eagraithe, trí litir dar dáta an 5 Eanáir 2026 (C(2026) 13 final), agus de bhun Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2019/788, gur comhlíonadh na ceanglais maidir le clárú a leagtar amach in Airteagal 6(3), an chéad fhomhír, pointí (a), (d) agus (e), den Rialachán sin agus nach raibh Airteagal 6(3), an chéad fhomhír, pointe (b), de infheidhme. Mhínigh an Coimisiún freisin, áfach, gur follas nach dtagann an tionscnamh faoi chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme, de réir bhrí Airteagal 6(3), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/788 toisc nár iarradh ar an gCoimisiún leis an tionscnamh togra le haghaidh gníomh dlí a ghlacadh. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún na heagraithe ar an eolas de bhun Airteagal 6(4), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/788 go bhféadfaidís an tionscnamh a leasú chun measúnú an Choimisiúin a chur san áireamh, nó an tionscnamh tosaigh a choimeád ar bun, nó a tharraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 6(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2019/788. |
|
(5) |
An 5 Feabhra 2026, chuir an grúpa d’eagraithe tionscnamh leasaithe isteach. |
|
(6) |
Is é is aidhm don tionscnamh leasaithe, mar a chuir na heagraithe in iúl é, a mholadh ‘gur cheart ardán poiblí meán sóisialta ar an leibhéal Eorpach a bhunú le gníomh reachtach de chuid an Aontais. Bheadh sé ina rogha mhalartach ar na hardáin atá ann faoi láthair agus d’oibreodh sé mar sheirbhís don tsochaí, mhaoineodh an tsochaí é, agus bheadh sé faoi mhaoirseacht na sochaí’ agus ‘d’fhéadfadh sé a bheith neamhchlaonta agus neamhspleách ar bhrúnna polaitiúla agus, ag an am céanna, cearta gach duine a ráthú gan idirdhealú’. Measann eagraithe an tionscnamh gur ‘cheart eintitis iomchuí, amhail cuideachtaí nó ollscoileanna, a imeascadh sa phróiseas chun an t-ardán a chruthú agus a fheidhmiú’ agus ‘an Eoraip a dhéanamh neamhspleách go straitéiseach i réimse na cumarsáide ar líne’. Chuir na heagraithe doiciméad breise ina bhfuil sonraí breise maidir leis an tionscnamh leasaithe isteach chomh maith mar chuid dá n-iarraidh ar chlárú. |
|
(7) |
Measann an Coimisiún nach féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh an Coimisiún togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí lena mbunófaí Líonra Sóisialta Poiblí Eorpach, bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a mhéid a bheadh sé d’aidhm aige sin feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú. |
|
(8) |
Ar an gcúis sin, measann an Coimisiún nach bhfuil aon chuid den tionscnamh ann ar follas nach dtagann sí faoi chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme. |
|
(9) |
Is conclúid é sin nach ndéanann difear don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha ba ghá chun go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht do chearta bunúsacha. |
|
(10) |
Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa d’eagraithe go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788, agus go bhfuil na daoine teagmhála ainmnithe aige i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin. |
|
(11) |
Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach iad ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
(12) |
Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh dar teideal ‘Líonra Sóisialta Poiblí Eorpach’ a chlárú. |
|
(13) |
An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní thugann sí le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar bhealach ar bith go bhfuil inneachar an tionscnaimh cruinn fíorasach, agus is iad an grúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh, agus iadsan amháin, atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann inneachar an tionscnaimh in iúl ach tuairimí an ghrúpa d’eagraithe, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Clárófar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Líonra Sóisialta Poiblí Eorpach’.
Airteagal 2
Tá an cinneadh seo dírithe chuig an ngrúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Líonra Sóisialta Poiblí Eorpach’, grúpa a bhfuil Lukáš MIKULECKÝ agus František TICHÝ ag gníomhú mar theagmhálaithe thar a cheann.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Maroš ŠEFČOVIČ
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 130, 17.5.2019, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/788/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/583/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)