This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0563
Council Decision (EU) 2026/563 of 5 March 2026 on the position to be taken on behalf of the European Union in the World Forum for Harmonization of Vehicle Regulations of the United Nations Economic Commission for Europe as regards the March 2026 proposals for UN regulations
Cinneadh (AE) 2026/563 ón gComhairle an 5 Márta 2026 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann le tograí mhí an Mhárta 2026 le haghaidh rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe
Cinneadh (AE) 2026/563 ón gComhairle an 5 Márta 2026 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann le tograí mhí an Mhárta 2026 le haghaidh rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe
ST/6528/2026/INIT
IO L, 2026/563, 10.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/563/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/563 |
10.3.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/563 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Márta 2026
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann le tograí mhí an Mhárta 2026 le haghaidh rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’). Tháinig Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998. |
|
(2) |
Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle (2), d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú a bhaineann le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar mhargadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Leis an Rialachán sin déantar rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (‘rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe’) a ionchorprú i gcóras cineálcheadúcháin an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh an Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí (WP.29) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, ar rialacháin theicniúla dhomhanda ó na Náisiúin Aontaithe (RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe) agus ar rúin ó na Náisiúin Aontaithe, agus tograí a ghlacadh le haghaidh rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le ceadú feithiclí. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh WP.29 tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt nó chun RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh chun síneadh a chur leis na sainorduithe le haghaidh RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe. |
|
(5) |
Ón 10 Samhain go dtí an 13 Márta 2026, le linn an 198ú seisiún, féadfaidh WP.29 an méid seo a leanas a ghlacadh: tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin Uimh. 10, 13, 13-H, 39, 40, 41, 48, 49, 79, 83, 107, 130, 140, 148, 149, 154, 168 agus 177 ó na Náisiúin Aontaithe; togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le tomhas saotharlainne astaíochtaí coscáin ó fheithiclí saothair éadroim; togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le córais faireacháin ar bord (OBM), pas comhshaoil feithicle (EVP) agus taispeáint infheithicle sonraí comhshaoil; togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le córais sochta dóiteáin innill; togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le córas rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí; togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le hardchóras rabhaidh do sheachmall tiománaí; agus togra le haghaidh leasú ar an rún comhdhlúite maidir leis an tsonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinsí solais. |
|
(6) |
Chun taithí phraiticiúil agus forbairtí teicniúla a chur san áireamh le linn an phróisis cineálcheadúcháin, na ceanglais maidir leis an tsonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinsí solais agus rialacháin Uimh. 10, 13, 13-H, 39, 40, 41, 48, 49, 79, 83, 107, 130, 140, 148, 149, 154, 168 agus 177 ó na Náisiúin Aontaithe, ní mór iad a leasú nó a fhorlíonadh. |
|
(7) |
Chun dul chun cinn teicneolaíoch a éascú agus chun an dícharbónú a chur chun cinn, ní mór rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe a ghlacadh maidir le tomhas saotharlainne astaíochtaí coscáin ó fheithiclí saothair éadroim, maidir le córais OBM, EVP agus taispeáint infheithicle sonraí comhshaoil, maidir le córais sochta dóiteáin innill, maidir le córas rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí, agus maidir le hardchóras rabhaidh do sheachmall tiománaí. |
|
(8) |
Beidh na rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas. In éineacht leis an rún ó na Náisiúin Aontaithe, imreoidh siad tionchar ar inneachar reachtaíocht an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithiclí. Dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in WP.29 a mhéid a bhaineann le glacadh na dtograí le haghaidh na rialachán sin, is iomchuí é a bhunú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i bhFóram Domhanda CEE-NA um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí (WP.29) le linn an 198ú seisiún den fhóram sin, a thionólfar ón 10 go dtí an 13 Márta 2026, vótáil i bhfabhar na ndoiciméad oibre ó na Náisiúin Aontaithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Féadfaidh ionadaithe an Aontais in WP.29 mionathruithe teicniúla ar na doiciméid oibre a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Márta 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
N. IOANNIDES
(1) Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1997/836/oj).
(2) Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 i ndáil le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2000/125/oj).
(3) Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/858/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Rialachán Uimh. |
Teideal na míre ar chlár oibre |
Cód tagartha an doiciméid (1) |
|
10 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 10 ó na Náisiúin Aontaithe (Comhoiriúnacht Leictreamaighnéadach) ECE/TRANS/WP.29/GRE/93, mír 29, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/3, arna leasú le GRE-93-20 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/29 |
|
13 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 15 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú feithiclí troma) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/23, míreanna 57, 59, 61 agus 63, bunaithe ar: ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/43 arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-23-18/Rev.1, ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/34 arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-23-07/Rev.2, ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/46/Rev.1 agus doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-23-11/Rev.2 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/6 |
|
13 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 14 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú feithiclí troma) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/23, míreanna 57, 59, 61 agus 63, bunaithe ar: ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/43 arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-23-18/Rev.1, ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/34 arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-23-07/Rev.2, ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/46/Rev.1 agus doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-23-11/Rev.2 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/11 |
|
13 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 13 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú feithiclí troma) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/23, míreanna míreanna 59, 61, agus 63, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/34 arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-23-07/Rev.2, ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/46/Rev.1 agus doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-23-11/Rev.2 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/12 |
|
13 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 8 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 12 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú feithiclí troma) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/23, míreanna 59, 61, agus 63, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/34 arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-23-07/Rev.2, ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/46/Rev.1 agus doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-23-11/Rev.2 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/13 |
|
13 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 15 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú feithiclí troma) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/23, mír 23, bunaithe ar: ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/39 arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-23-14 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/7 |
|
13-H |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 13-H ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú feithiclí M1 agus N1) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/23, míreanna 57 agus 60, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/44 arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-23-18/Rev.1 agus ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/45/Rev.1 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/14 |
|
13-H |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 13-H ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú feithiclí M1 agus N1) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/23, mír 57, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/34 arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-23-07/Rev.2 agus ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/45/Rev.1 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/15 |
|
13-H |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 13-H ó na Náisiúin Aontaithe (Coscáin feithiclí M1 agus N1) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/23, mír 23, bunaithe ar: ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/40 arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-23-15 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/8 |
|
39 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 39 ó na Náisiúin Aontaithe (Luasmhéadar agus Odaiméadar) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/109, mír 46, bunaithe ar GRSG-130-25-Rev.1) |
ECE/TRANS/WP.29/2026/21 |
|
40 |
Togra le haghaidh shraith leasuithe 02 a ghabhfaidh le Rialachán Uimh. 40 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí truailleán gásach ó mhótarfheithiclí) (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/93, mír 54., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/22, GRPE-93-27, arna leasú le Foscríbhinn 9) |
ECE/TRANS/WP.29/2026/24 |
|
41 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 13 a ghabhfadh le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 41 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí torainn gluaisrothar) ECE/TRANS/WP.29/GRBP/80, mír 3, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2025/19 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/3 |
|
41 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhfadh le sraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 41 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí torainn gluaisrothar) ECE/TRANS/WP.29/GRBP/80, mír 3, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2025/19 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/4 |
|
41 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfadh le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 41 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí torainn gluaisrothar) ECE/TRANS/WP.29/GRBP/80, mír 3, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2025/19 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/5 |
|
48 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 23 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Solaschomharthaíochta) ECE/TRANS/WP.29/GRE/93, míreanna 12, 13, 20 bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/10, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/19 arna leasú le GRE-93-10-Rev.1, GRE-93-07 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/30 |
|
48 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 10 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Solaschomharthaíochta) ECE/TRANS/WP.29/GRE/93, míreanna 12, 13, 20 bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/10, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/19 arna leasú le GRE-93-10-Rev.1, GRE-93-07 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/31 |
|
48 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 8 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 08 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Solaschomharthaíochta) ECE/TRANS/WP.29/GRE/93, míreanna 12, 13, 20 bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/10, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/19 arna leasú le GRE-93-10-Rev.1, GRE-93-07 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/32 |
|
48 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 09 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Solaschomharthaíochta) ECE/TRANS/WP.29/GRE/93, míreanna 12, 13, 20 bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/10, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/19 arna leasú le GRE-93-10-Rev.1, GRE-93-07 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/33 |
|
49 |
Togra le haghaidh Ceartúchán ar Fhorlíonadh 3 a ghabhann le sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 49 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó innill adhainte comhbhrú agus ó innill adhainte deimhní (gás peitriliam leachtaithe agus gás nádúrtha comhbhrúite)) (ECE/TRANS/WP.29/GRE/93, mír 35, bunaithe ar GRPE-93-44) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/162 |
|
79 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 10 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh stiúrtha) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/23, míreanna 41 agus 44, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/48/Rev.1 agus doiciméid neamhfhoirmiúla GRVA-23-45 agus GRVA-23-19 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/16 |
|
79 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 15 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh stiúrtha) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/23, míreanna 41 agus 44, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/48/Rev.1 agus doiciméid neamhfhoirmiúla GRVA-23-45 agus GRVA-23-19 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/17 |
|
79 |
Togra le haghaidh shraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh stiúrtha) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/23, mír 23, bunaithe ar: ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/41 arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-23-16, agus ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/48/Rev.1 agus doiciméid neamhfhoirmiúla GRVA-23-45 agus GRVA-23-19 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/9 |
|
83 |
Togra le haghaidh shraith leasuithe 09 ar Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó fheithiclí M1 agus N1) (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/93, mír 27, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/16 agus GRPE-93-54-Rev.1 arna leasú ag Foscríbhinn 4) |
ECE/TRAS/WP.29/2026/25, WP.29-198-06 |
|
107 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 10 ar Rialachán Uimh. 107 ó na Náisiúin Aontaithe (feithiclí M2 agus M3) (ECE/TRANS/WP.29/GRBP/109, mír 3, bunaithe ar GRSG-130-17) |
ECE/TRANS/WP.29/2026/22 |
|
107 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 11 ar Rialachán Uimh. 107 ó na Náisiúin Aontaithe (feithiclí M2 agus M3) (ECE/TRANS/WP.29/GRBP/109, mír 3, bunaithe ar GRSG-130-17) |
ECE/TRANS/WP.29/2026/23 |
|
130 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 130 ó na Náisiúin Aontaithe (Córas rabhaidh imeacht ó lána) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/23, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/42 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/18 |
|
130 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 130 ó na Náisiúin Aontaithe (Córas rabhaidh imeacht ó lána) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/23, mír 54, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/42 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/19 |
|
140 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 140 ó na Náisiúin Aontaithe (Rialú leictreonach cobhsaíochta) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/23, mír 55, bunaithe ar dhoiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-23-39 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/20 |
|
148 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 148 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis solaschomharthaíochta) ECE/TRANS/WP.29/GRE/93, mír 22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/11, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/12, GRE-92-14 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/34 |
|
149 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 149 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis Soilsiúcháin Bóthair) ECE/TRANS/WP.29/GRE/93, mír 28, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/13, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/14, GRE-92-16 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/35 |
|
154 |
Togra le haghaidh shraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe (Timthriall tástála comhchuibhithe domhanda d’fheithiclí éadroma) (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/93, mír 26., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/15 agus GRPE-93-29 arna leasú le Foscríbhinn 2) |
ECE/TRANS/WP.29/2026/26 |
|
168 |
Togra le haghaidh shraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí domhanda fíorthiomána) (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/93, mír 32., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/20 agus GRPE-93-52 arna leasú le Foscríbhinn 6) |
ECE/TRANS/WP.29/2026/27 |
|
177 |
Togra le haghaidh shraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 177 ó na Náisiúin Aontaithe (Cumhacht Feithicle Leictrithe a Chinneadh) (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/93, mír 39., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/21, GRPE-93-28, GRPE-93-50 arna leasú le hIarscríbhinn V) |
ECE/TRANS/WP.29/2026/28 |
|
Rialachán nua [179] |
Togra le haghaidh Rialachán nua Uimh. [179] ó na Náisiúin Aontaithe maidir le Tomhas Saotharlainne Astaíochtaí Coscáin ó Fheithiclí Saothair Éadroim (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/93, mír 49, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/18, GRPE-93-48-Rev.1, arna leasú le Foscríbhinn 8 a ghabhann leis an tuarascáil) |
ECE/TRANS/WP.29/2026/36 |
|
Rialachán nua [180] |
Togra le haghaidh Rialachán nua Uimh. [180] ó na Náisiúin Aontaithe maidir le Córais faireacháin ar bord (OBM), Pas comhshaoil feithicle (EVP) agus Taispeáin infheithicle sonraí comhshaoil (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/93, mír 22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/19, GRPE-93-49-Rev.1, arna leasú le Foscríbhinn 1 a ghabhann leis an tuarascáil) |
ECE/TRANS/WP.29/2026/37 |
|
Rialachán nua [181] |
Togra le haghaidh Rialachán nua Uimh. [181] ó na Náisiúin Aontaithe maidir le Córais Sochta Dóiteáin Innill (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/109, mír 41, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2025/47, arna leasú le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an tuarascáil) |
ECE/TRANS/WP.29/2026/38 |
|
Rialachán nua [182] |
Togra le haghaidh Rialachán nua Uimh. [182] ó na Náisiúin Aontaithe maidir le córas rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí (ECE/TRANS/WP.29/GRBP/109, mír 44, bunaithe ar GRSG-130-37) |
ECE/TRANS/WP.29/2026/39 |
|
Rialachán nua [183] |
Togra le haghaidh Rialachán nua Uimh. [183] ó na Náisiúin Aontaithe maidir le hardchóras rabhaidh do sheachmall tiománaí (ECE/TRANS/WP.29/GRBP/109, mír 44, bunaithe ar GRSG-130-38) |
ECE/TRANS/WP.29/2026/40 |
|
Nithe ilghnéitheacha |
Teideal na míre ar chlár oibre |
Cód tagartha an doiciméid |
|
Comhaontú 1958 |
Togra le haghaidh leasuithe ar Sceideal 2 a ghabhann le Comhaontú 1958 ECE/TRANS/WP.29/GRVA/23, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/47 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/2 |
|
Rún |
Togra le haghaidh leasú 12 ar an Rún Comhdhlúite maidir leis an tsonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinsí solais ECE/TRANS/WP.29/GRE/93, míreanna 10 agus 11, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/15 ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/17 |
ECE/TRANS/WP.29/2026/41 |
|
Údarú |
Iarraidh ar údarú le haghaidh Chéim 3 den Mheitheal Neamhfhoirmiúil maidir le Sábháilteacht Feithiclí Leictreacha |
ECE/TRANS/WP.29/2026/42 |
(1) Tá na doiciméid uile dá dtagraítear sa tábla ar fáil ag:
https://unece.org/info/Transport/Vehicle-Regulations/events/410147.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/563/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)