Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0523

Cinneadh (AE) 2026/523 ón gComhairle an 11 Feabhra 2026 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le hathruithe áirithe ar na rialacha maidir le tuarastail foirne Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair

ST/5494/2026/INIT

IO L, 2026/523, 6.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/523/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/523/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/523

6.3.2026

CINNEADH (AE) 2026/523 ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Feabhra 2026

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le hathruithe áirithe ar na rialacha maidir le tuarastail foirne Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a fhormheas thar ceann an Aontais trí bhíthin Chinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019.

(2)

Bunaíodh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach le hAirteagal 24(1) den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair agus tá sé freagrach as an gConradh a riar agus a chur chun feidhme go cuí. Chun na críche sin, tugtar de chumhacht dó cinntí a ghlacadh i gcásanna dá bhforáiltear sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair.

(3)

De bhun Airteagal 30 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, tugtar de chumhacht don Choiste Stiúrtha Réigiúnach rialacha Bhuanrúnaíochta an Chomhphobail Iompair (‘an Rúnaíocht’) a leagan síos agus go háirithe rialacha le haghaidh dálaí oibre fhoireann na Rúnaíochta. Faoi Airteagal 35 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, tugtar de chumhacht don Choiste Stiúrtha Réigiúnach an buiséad agus na rialacha gaolmhara maidir le rialú airgeadais a ghlacadh.

(4)

Táthar ag súil go nglacfaidh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach, trí ghlacadh trí chomhfhreagras, cinneadh lena leasítear na rialacha maidir le tuarastail foirne na Rúnaíochta, a leagtar síos i Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair.

(5)

Beidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh sin ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnaigh. Beidh sé mar aidhm aige a áirithiú go leanfaidh tuarastail bhaill foirne na Rúnaíochta de bheith iomaíoch, rud atá riachtanach le haghaidh fheidhmiú cuí leanúnach na Rúnaíochta. I gcomhréir leis an réamhphlé idir na Páirtithe Conarthacha sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, is iomchuí an cinneadh ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnaigh a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach ón 1 Eanáir 2026, chun a áirithiú go ndéanfar an t-innéacsú tuarastail bliantúil a ailíniú le timthriall bliantúil glactha bhuiséad an Chomhphobail Iompair. Is iomchuí, dá bhrí sin, tacú le glacadh an chinnidh sin.

(6)

Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Stiúrtha Réigiúnach a bhunú i ndáil leis an gcinneadh lena leasaítear na rialacha maidir le tuarastail foirne na Rúnaíochta a ghlacadh.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Choiste Stiúrtha Réigiúnach a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gcoiste sin atá i gceangal leis seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe teicniúla ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Feabhra 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i crích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 71, 13.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/392/oj).


DRÉACHT

CHINNEADH Uimh. 2026/… Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

an …

lena leasaítear Cinneadh Uimh. 2019/3 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair an 5 Meitheamh 2019

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 30 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2019/3 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair an 5 Meitheamh 2019 (‘Cinneadh Uimh. 2019/3’). Leagtar amach an scála tuarastail a chomhfhreagraíonn d’aicmiú na bpost i Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair (‘an Rúnaíocht’) san Fhoscríbhinn a ghabhann leis na Rialacháin Foirne sin.

(2)

Luaitear i Roinn 9.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2019/3 gur cheart don Choiste Stiúrtha Réigiúnach athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an scála tuarastail a chomhfhreagraíonn d’aicmiú post sa Rúnaíocht chun a áirithiú go leanfaidh sé de bheith iomaíoch agus i gcomhréir le ceanglais na Rúnaíochta.

(3)

Níor tháinig aon athrú ar an scála tuarastail dá bhforáiltear san Fhoscríbhinn a ghabhann le Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair ó glacadh é i mí an Mheithimh 2019. Dá bhrí sin, ba cheart tuarastail na mball foirne uile a mhéadú faoi 20 % ón 1 Eanáir 2026. Ba cheart an méadú sin a léiriú freisin sa tábla dar teideal ‘Tuarastail mhíosúla tháscacha bhaill foirne na Rúnaíochta’ san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2019/3. Ba cheart innéacsú tuarastail bliantúil a thabhairt isteach, a dhéanfar den chéad uair an 1 Eanáir 2027.

(4)

Chun a áirithiú go mbeidh an t-innéacsú tuarastail bliantúil ag teacht le timthriall glactha bliantúil bhuiséad an Chomhphobail Iompair, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an gcinneadh seo ón 1 Eanáir 2026,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I Roinn 9.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2019/3 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair an 5 Meitheamh 2019 (‘Cinneadh Uimh. 2019/3’), cuirtear an pointe seo a leanas léi:

‘(c)

An 1 Eanáir 2027 agus go bliantúil ina dhiaidh sin, déanfar an ghreille thuarastail san Fhoscríbhinn a ghabhann leis na Rialacháin Foirne seo a choigeartú i gcomhréir leis an bPraghasinnéacs Tomhaltóirí bliantúil oifigiúil, arna fhoilsiú ag údarás staidrimh ábhartha Phoblacht na Seirbia le haghaidh na bliana roimhe sin. Déanfar tuarastail na mball foirne uile a athbhreithniú go huathoibríoch trí úsáid a bhaint as an gcéatadán comhfhreagrach. Cuirfear an t-innéacsú tuarastail bliantúil chun feidhme go huathoibríoch mura gcinnfidh an Coiste Stiúrtha a mhalairt bunaithe ar imthosca eacnamaíocha eisceachtúla.’.

Airteagal 2

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na Foscríbhinne a ghabhann le h’Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2019/3:

‘AN FHOSCRÍBHINN A GHABHANN LE RIALACHÁIN FOIRNE AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

Tuarastail mhíosúla tháscacha bhaill foirne na Rúnaíochta

Post

Tuarastal míosúil in euro

(íosta/uasta)

1.

Stiúrthóir

9 600  - 12 000

2.

Leas-Stiúrthóir

7 200  - 8 400

3.

Ceann Roinne

6 600  - 7 440

4.

Saineolaithe (Comhordaitheoirí, Oifigigh Deisce, Oifigigh)

5 400  - 6 000

5.

Cúntóirí

2 400  - 3 000

’.

Airteagal 3

An 1 Eanáir 2026, méadófar tuarastail bhall foirne uile na Rúnaíochta faoi 20 %.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.

Arna dhéanamh i/in/sa …, an …

Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

An tUachtarán


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/523/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top