This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0499
Council Decision (EU) 2026/499 of 26 February 2026 renewing the period of entitlement for audiovisual co-productions as provided for in Article 5 of the Protocol on Cultural Cooperation to the Free Trade Agreement between the European Union and its Member States, of the one part, and the Republic of Korea, of the other part
Cinneadh (AE) 2026/499 ón gComhairle an 26 Feabhra 2026 lena n-athnuaitear tréimhse na teidlíochta i ndáil le comhléiriúcháin chlosamhairc mar a fhoráiltear in Airteagal 5 den Phrótacal maidir le Comhar Cultúrtha a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile
Cinneadh (AE) 2026/499 ón gComhairle an 26 Feabhra 2026 lena n-athnuaitear tréimhse na teidlíochta i ndáil le comhléiriúcháin chlosamhairc mar a fhoráiltear in Airteagal 5 den Phrótacal maidir le Comhar Cultúrtha a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile
ST/6325/2026/INIT
IO L, 2026/499, 5.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/499/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/499 |
5.3.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/499 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Feabhra 2026
lena n-athnuaitear tréimhse na teidlíochta i ndáil le comhléiriúcháin chlosamhairc mar a fhoráiltear in Airteagal 5 den Phrótacal maidir le Comhar Cultúrtha a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2015/2169 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (1), arna leasú le Cinneadh (AE) 2022/2335 ón gComhairle an 28 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/2169 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (2), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 1 Deireadh Fómhair 2015 ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2015/2169. |
|
(2) |
Leis an bPrótacal maidir le Comhar Cultúrtha (3) (‘an Prótacal’), atá i gceangal leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (4), bunaítear an creat ar laistigh de a bhfuil na Páirtithe le hoibriú i gcomhar chun malartuithe a éascú maidir le gníomhaíochtaí cultúrtha, earraí agus seirbhísí, lena n-áirítear san earnáil closamhairc. |
|
(3) |
Áirítear go heisceachtúil sa Phrótacal forálacha maidir le teidlíocht i ndáil le comhléiriúcháin chlosamhairc chun tairbhe a bhaint as na scéimeanna faoi seach atá forchoimeádta i bprionsabal do thíortha i mbéal forbartha a bhfuil tionscail chlosamhairc atá i mbéal forbartha acu. |
|
(4) |
De bhun na bhforálacha sin den Phrótacal, tar éis thréimhse thosaigh 3 bliana, tá athnuachan le déanamh ar an tréimhse teidlíochta sin go ceann tréimhsí leantacha eile den fhad céanna, mura gcuireann Páirtí deireadh leis an teidlíocht trí fhógra i scríbhinn a thabhairt 3 mhí ar a laghad sula rachaidh an tréimhse thosaigh nó aon tréimhse dá héis sin in éag. I gcomhréir leis na forálacha sin, rinneadh athnuachan go deireanach ar an tréimhse na teidlíochta go dtí an 30 Meitheamh 2026, ós rud é nár chuir aon Pháirtí deireadh léi. Tá an Coiste um Chomhar Cultúrtha le measúnú a dhéanamh in am trátha ar éifeachtaí iarbhír an Phrótacail i ndáil le comhléiriúcháin chlosamhairc agus le bheith mar bhonn do chinneadh an Aontais maidir leis an teidlíocht a athnuachan ar feadh tréimhse eile 3 bliana go dtí 2029 nó gan athnuachan a dhéanamh uirthi. |
|
(5) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2015/2169, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Phoblacht na Cóiré má bhíonn sé beartaithe ag an Aontas gan fad a chur le tréimhse na teidlíochta comhléiriucháin de bhun Airteagal 5 den Phrótacal de réir an nós imeachta a leagtar amach sa Phrótacal, ach amháin má aontaíonn an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, 4 mhí roimh dheireadh thréimhse na teidlíochta sin, leanúint ar aghaidh leis an teidlíocht. Má aontaíonn an Chomhairle leanúint ar aghaidh leis an teidlíocht sin, tá an nós imeachta sin le bheith infheidhme arís ag deireadh thréimhse athnuaite na teidlíochta. |
|
(6) |
An 12 Nollaig 2025, rinne an Coiste um Chomhar Cultúrtha measúnú i gcomhréir leis an bPrótacal ar na torthaí ar chur chun feidhme na teidlíochta ó thaobh fheabhsú na héagsúlachta cultúrtha agus an chomhair chomhthairbhigh maidir le saothair chomhléirithe. |
|
(7) |
Chuathas i gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach Baile an Aontais arna bhunú de bhun an Phrótacail maidir le hathnuachan a dhéanamh ar thréimhse na teidlíochta. |
|
(8) |
I bhfianaise an dlúthchaidrimh uathúil agus stairiúil idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré, agus os rud é go bhféadfadh tairbhe eacnamaíoch agus cultúrtha ar an dá thaobh a bheith i gceist le comhléiriúcháin idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré, ba cheart athnuachan a dhéanamh ar thréimhse na teidlíochta i ndáil le comhléiriúcháin chlosamhairc chun tairbhe a bhaint as scéimeanna na bPáirtithe faoi seach chun ábhar cultúrtha áitiúil/réigiúnach a chur chun cinn de réir mar a fhoráiltear sa Phrótacal. D’fhéadfadh an teidlíocht sin deiseanna breise a chruthú do na Ballstáit uile, lena n-áirítear na Ballstáit nach raibh in ann comhléiriúcháin a fhorbairt ar bhonn déthaobhach go dtí seo. |
|
(9) |
Leis an gCinneadh seo, ní dhéanann difear d’inniúlachtaí an Aontais ná inniúlachtaí na mBallstát faoi seach. Go háirithe, ní dhéanann sé difear d’inniúlacht na mBallstát comhaontuithe comhléiriúcháin a thabhairt i gcrích, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir le tréimhse na teidlíochta ar lena linn a bhainfidh comhléiriúcháin chlosamhairc tairbhe as scéimeanna na bPáirtithe éagsúla chun ábhar cultúrtha áitiúil/réigiúnach a chur chun cinn, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 5, míreanna (4) go (7), den Phrótacal maidir le Comhar Cultúrtha a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, déanfar í a athnuachan ar feadh 3 bliana, ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2029.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Feabhra 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. DAMIANOS
(1) IO L 307, 25.11.2015, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/2169/oj.
(2) IO L 309, 30.11.2022, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2335/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/499/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)