Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0438

Cinneadh (CBES) 2026/438 ón gComhairle an 23 Feabhra 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/266 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar limistéir áirithe nach bhfuil faoi rialú an rialtais san Úcráin a bheith á n-aithint, á bhforghabháil nó á n-ionghabháil go neamhdhleathach ag Cónaidhm na Rúise

ST/5385/2026/INIT

IO L, 2026/438, 23.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/438/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/438/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/438

23.2.2026

CINNEADH (CBES) 2026/438 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Feabhra 2026

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/266 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar limistéir áirithe nach bhfuil faoi rialú an rialtais san Úcráin a bheith á n-aithint, á bhforghabháil nó á n-ionghabháil go neamhdhleathach ag Cónaidhm na Rúise

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/266 (1).

(2)

I Rún ES-11/7 uaidh, a glacadh an 24 Feabhra 2025, mheabhraigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe gur gá na rúin ábhartha uaidh a glacadh mar fhreagairt ar an bhfogha faoin Úcráin a chur chun feidhme ina n-iomláine, go háirithe a éileamh go ndéanfadh Cónaidhm na Rúise a fórsaí míleata uile a tharraingt siar láithreach, go hiomlán agus gan choinníoll ó chríoch na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus a éileamh go gcuirfeadh Cónaidhm na Rúise deireadh láithreach leis an gcogaíocht i gcoinne na hÚcráine, go háirithe aon ionsaí ar shibhialtaigh agus ar réada sibhialtacha.

(3)

Fad a leanfaidh gníomhaíochtaí neamhdhleathacha Chónaidhm na Rúise de rialacha bunúsacha an dlí idirnáisiúnta a shárú, lena n-áirítear, go háirithe, an toirmeasc ar úsáid fornirt a chumhdaítear in Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, nó rialacha an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a shárú, is iomchuí na bearta uile arna bhforchur ag an Aontas a choinneáil i bhfeidhm.

(4)

Ar bhonn athbhreithniú, ba cheart Cinneadh (CBES) 2022/266 a athnuachan go dtí an 24 Feabhra 2027.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/266 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 10, an dara mír, de Chinneadh (CBES) 2022/266, cuirtear ‘an 24 Feabhra 2027’ in ionad an dáta ‘an 24 Feabhra 2026’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Feabhra 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar limistéir áirithe nach bhfuil faoi rialú an rialtais san Úcráin a bheith á n-aithint, á bhforghabháil nó á n-ionghabháil go neamhdhleathach ag Cónaidhm na Rúise (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 109, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/266/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/438/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top