Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0421

Cinneadh (CBES) 2026/421 ón gComhairle an 19 Feabhra 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2025/1577 lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear le Comhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac

ST/6091/2026/INIT

IO L, 2026/421, 19.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/421/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 26/02/2026; Arna aisghairm le 32026D0455

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/421/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/421

19.2.2026

CINNEADH (CBES) 2026/421 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Feabhra 2026

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2025/1577 lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear le Comhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Nollaig 2001, ghlac an Chomhairle Comhsheasamh 2001/931/CBES (1).

(2)

An 29 Iúil 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/1577 (2). Bunaítear leis an gCinneadh sin liosta nuashonraithe na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a bhfuil feidhm ag na bearta in Airteagail 2 agus 3 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo.

(3)

Chinn an Chomhairle gur ghlac na húdaráis inniúla de réir bhrí Airteagal 1(4) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES cinntí i ndáil le heintiteas amháin a raibh baint aige le gníomhartha sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1(3) den Chomhsheasamh sin, agus gur cheart na bearta in Airteagail 2 agus 3 den Chomhsheasamh sin a chur i bhfeidhm maidir leis an eintiteas sin.

(4)

Ba cheart liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2025/1577 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2025/1577 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Feabhra 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. RAOUNA


(1)  Comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 93, ELI: http://data.europa.eu/eli/compos/2001/931/oj).

(2)  Cinneadh (CBES) 2025/1577 ón gComhairle an 29 Iúil 2025 lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear le Comhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/207 (IO L, 2025/1577, 30.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1577/oj).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2025/1577, cuirtear an t-eintiteas seo a leanas léi faoin gceannteideal ‘II. Grúpaí agus eintitis’:

‘23.

“Islamic Revolutionary Guard Corps (Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí)”.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/421/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top