This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0419
Commission Implementing Decision (EU) 2026/419 of 10 February 2026 on the request for registration, pursuant to Regulation (EU) 2019/788 of the European Parliament and of the Council, of the European citizens’ initiative entitled EU initiative to protect stray dogs, stray cats and animals in shelters in the EU/non-EU countries (notified under document C(2026) 958)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/419 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2026 maidir leis an iarraidh ar chlárú, de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal Tionscnamh de chuid an Aontais chun madraí fáin, cait fáin agus ainmhithe in ionaid dídine ainmhithe a chosaint san Aontas/i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 958)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/419 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2026 maidir leis an iarraidh ar chlárú, de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal Tionscnamh de chuid an Aontais chun madraí fáin, cait fáin agus ainmhithe in ionaid dídine ainmhithe a chosaint san Aontas/i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 958)
C/2026/958
IO L, 2026/419, 20.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/419/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/419 |
20.2.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/419 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Feabhra 2026
maidir leis an iarraidh ar chlárú, de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Tionscnamh de chuid an Aontais chun madraí fáin, cait fáin agus ainmhithe in ionaid dídine ainmhithe a chosaint san Aontas/i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad’
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 958)
(Is é an téacs Gearmáinise amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cuireadh iarraidh ar chlárú tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Tionscnamh de chuid an Aontais chun madraí fáin, cait fáin agus ainmhithe in ionaid dídine ainmhithe a chosaint san Aontas/i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad’ faoi bhráid an Choimisiúin an 13 Eanáir 2026. |
|
(2) |
Rinneadh an iarraidh sin tar éis na hiarrata ar chlárú tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Tionscnamh de chuid an Aontais chun madraí fáin, cait fáin agus ainmhithe in ionaid dídine ainmhithe a chosaint san Aontas/i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad’ a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin an 28 Samhain 2025. |
|
(3) |
Maidir leis an iarraidh ar chlárú a cuireadh isteach an 28 Samhain 2025, chuir an Coimisiún in iúl don ghrúpa d’eagraithe, trí litir dar dáta an 5 Eanáir 2026 (C(2026) 10 final), agus de bhun Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2019/788, gur comhlíonadh na ceanglais maidir le clárú a leagtar amach in Airteagal 6(3), an chéad fhomhír, pointí (a), (d) agus (e), den Rialachán sin agus nach raibh Airteagal 6(3), an chéad fhomhír, pointe (b), de infheidhme. Mhínigh an Coimisiún freisin, áfach, nár chomhlíon an tionscnamh an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 6(3), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/788. Go háirithe, níl aon chumhacht ag an Aontas beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme chun ainmhithe fáin a chosaint ar chúiseanna leasa ainmhithe. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl do na heagraithe de bhun Airteagal 6(4), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/788 go bhféadfaidís an tionscnamh a leasú chun measúnú an Choimisiúin a chur san áireamh, nó an tionscnamh tosaigh a choimeád ar bun, nó a tharraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 6(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2019/788. |
|
(5) |
An 13 Eanáir 2026, chuir an grúpa d’eagraithe tionscnamh leasaithe isteach. |
|
(6) |
Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh leasaithe, mar a chuir na heagraithe in iúl é, a iarraidh ar an gCoimisiún, ‘laistigh de theorainneacha a inniúlachtaí, tograí a chur ar aghaidh le haghaidh gníomhartha dlí de chuid an Aontais chun cosaint madraí fáin, cat fáin agus ainmhithe in ionaid dídine ainmhithe san Aontas a neartú agus chun a chinntiú nach gcuirfidh gníomhaíocht an Aontais i dtríú tíortha le fulaingt ainmhithe’. Go háirithe, tá sé d’aidhm ag an tionscnamh ‘srian breise a chur le húsáid madraí agus cat chun críoch eolaíoch, leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Threoir 2010/63/AE san áireamh’ agus iarrtar ann ‘ionstraimí trádála, comhlachais agus maoiniúcháin an Aontais a cheapadh ar bhealach nach ndeonófar maoiniú, tairbhí trádála ná comhar an Aontais ach amháin má urramaítear íoschaighdeáin chun madraí agus cait a chosaint’. Measann eagraithe an tionscnaimh freisin gur cheart ‘bearta inbhuanaithe daonnúla a chur chun cinn, mar atá bainistiú daonra, cláir choillteoireachta agus vacsaínithe, cúram tréidliachta, clárú agus oideachas maidir le leas ainmhithe’. In iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh leasaithe, tugtar tuilleadh sonraí maidir lena chúlra, leis an ábhar atá ann agus leis na cuspóirí a bhaineann leis. |
|
(7) |
Tugann an Coimisiún dá aire, a mhéid a bhaineann le cait fáin agus madraí fáin, go bhfuil cumhacht an Aontais chun leas ainmhithe a fheabhsú trí reachtóireacht agus forfheidhmiú teoranta do na réimsí beartais a liostaítear go cuimsitheach in Airteagal 13 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is é sin, beartais maidir leis an talmhaíocht, leis an iascach, leis an iompar, leis an margadh inmheánach agus leis an taighde agus leis an bhforbairt theicneolaíoch agus leis an spás. Dá bhrí sin, ní raibh an Coimisiún in ann togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí maidir le cosaint cat fáin agus madraí fáin ar chúiseanna leasa ainmhithe a chur chun feidhme. Is faoi fhreagracht eisiach na mBallstát atá na réimsí beartais sin i gcónaí. |
|
(8) |
A mhéid a bhaineann le hionaid dídine ainmhithe do chait agus do mhadraí, measann an Coimisiún go bhféadfadh sé togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí ar bhonn Airteagal 43(2) agus Airteagal 114 CFAE, a mhéid a dhéanann ionaid dídine gníomhaíocht eacnamaíoch i margadh an Aontais do chait agus do mhadraí, toisc go soláthraíonn siad líon mór cat agus madraí agus go mbíonn siad in iomaíocht le póraitheoirí. Ina theannta sin, chun a áirithiú gur féidir leis na rialacha maidir le cait agus madraí a chur ar an margadh ardleibhéal cosanta leas ainmhithe a áirithiú, is gá ceanglais inrianaitheachta a chur i bhfeidhm maidir le gach cat nó madra, nó an chuid is mó díobh, a chuirtear ar mhargadh an Aontais, lena n-áirítear, dá bhrí sin, cait agus madraí ó ionaid dídine. |
|
(9) |
Maidir le tástáil ar ainmhithe, d’fhéadfadh an Coimisiún gníomh dlí a mholadh maidir le húsáid ainmhithe chun críoch eolaíoch, lena n-áirítear ainmhithe fáin agus ainmhithe dídine, ar bhonn Airteagal 114 CFAE. |
|
(10) |
A mhéid a bhaineann le trádáil agus comhar le tríú tíortha, d’fhéadfadh an Coimisiún tograí a ghlacadh le haghaidh gníomhartha dlí ar bhonn Airteagail 207, 209, 212 agus 217 CFAE, de réir mar is iomchuí, lena mbeadh tairbhí na socruithe sin coinníollach ar chaighdeáin íosta a chomhlíonadh chun cait fáin agus madraí fáin a chosaint, i gcás ina bhfuil an choinníollacht sin nasctha le feidhmiú inniúlachtaí an Aontais sna réimsí beartais dá dtagraítear in Airteagal 13 CFAE agus i gcás ina rannchuidíonn sí le cuspóirí na mbeartas sin a bhaint amach. |
|
(11) |
Ar deireadh, maidir le cistiú ón Aontas do na Ballstáit nó do thríú tíortha, d’fhéadfadh an Coimisiún tograí a ghlacadh le haghaidh gníomhartha dlí ar bhonn Airteagal 177(1) CFAE agus Airteagail 209, 212 agus 217 CFAE faoi seach, lena gcuirfí sochar chistí an Aontais de choinníoll ar chomhlíonadh caighdeán íosta chun cait fáin agus madraí fáin a chosaint, i gcás ina bhfuil an choinníollacht sin nasctha le feidhmiú inniúlachtaí an Aontais sna réimsí beartais dá dtagraítear in Airteagal 13 CFAE agus i gcás ina rannchuidíonn sí le cuspóirí na mbeartas sin a bhaint amach, agus i gcás ina bhfuil dlúthnasc leordhóthanach idir cuspóir na gcistí ón Aontas agus an chosaint sin. |
|
(12) |
Os a choinne sin, ní raibh an Coimisiún in ann togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí maidir le cosaint cat fáin agus madraí fáin ar chúiseanna leasa ainmhithe a chur chun feidhme . Dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann leis an gcuid sin den tionscnamh, is é conclúid an Choimisiúin nach gcomhlíonann sí an ceanglas dlíthiúil in Airteagal 6(3), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/788. |
|
(13) |
Ar na cúiseanna sin, i gcomhréir le hAirteagal 6(4), an tríú fomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/788, ba cheart an tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh a chlárú i bpáirt, a mhéid a bhaineann leis na codanna sin den tionscnamh nach dtagann go follasach lasmuigh de chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme. |
|
(14) |
Is conclúid é sin nach ndéanann difear don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha ba ghá chun go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht do chearta bunúsacha. |
|
(15) |
Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa d’eagraithe go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788, agus go bhfuil na daoine teagmhála ainmnithe aige i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin. |
|
(16) |
Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach iad ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
(17) |
Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh dar teideal ‘Tionscnamh de chuid an Aontais chun madraí fáin, cait fáin agus ainmhithe in ionaid dídine ainmhithe a chosaint san Aontas/i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad’ a chlárú i bpáirt ar bhonn na mbreithnithe a leagtar amach in aithrisí 7 go 12. |
|
(18) |
An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú i bpáirt faoi Airteagal 6(4), an tríú fomhír, pointe (b), de Rialachán(AE) 2019/788, ní thugann sí le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar bhealach ar bith go bhfuil inneachar an tionscnaimh mar a cláraíodh é cruinn fíorasach, agus is iad an grúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh, agus iadsan amháin, atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann inneachar an tionscnaimh in iúl mar a cláraíodh é ach tuairimí an ghrúpa d’eagraithe, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Déanfar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Tionscnamh de chuid an Aontais chun madraí fáin, cait fáin agus ainmhithe in ionaid dídine ainmhithe a chosaint san Aontas/i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad’ a chlárú i bpáirt.
2. Féadfar ráitis tacaíochta don tionscnamh sin a bhailiú a mhéid atá sé dírithe ar thograí ón gCoimisiún le haghaidh gníomhartha dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme:
|
(a) |
maidir le hionaid dídine ainmhithe do chait nó do mhadraí, a mhéid atá ionaid dídine ainmhithe rannpháirteach i margadh an Aontais do chait agus do mhadraí; |
|
(b) |
maidir le húsáid ainmhithe chun críoch eolaíoch, lena n-áirítear ainmhithe fáin agus ainmhithe dídine; |
|
(c) |
clásail a chur le comhaontuithe trádála nó comhlachais idirnáisiúnta ar dá réir a bheadh tairbhí na socruithe sin coinníollach ar chaighdeáin íosta a chomhlíonadh chun cait fáin agus madraí fáin a chosaint; |
|
(d) |
sochar chistí an Aontais a chur de choinníoll ar chomhlíonadh caighdeán íosta chun cait fáin agus madraí fáin a chosaint. |
Airteagal 2
Tá an Cinneadh seo dírithe chuig an ngrúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh ó na saoránaigh dar teideal ‘Tionscnamh de chuid an Aontais chun madraí fáin, cait fáin agus ainmhithe in ionaid dídine ainmhithe a chosaint san Aontas/i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad’, grúpa a bhfuil Gisela URBAN agus Hans-Erich Rainer GAERTNER ag gníomhú mar theagmhálaithe thar a cheann.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 10 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Maroš ŠEFČOVIČ
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 130, 17.5.2019, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/788/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/419/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)