Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0416

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/416 ón gComhairle an 17 Feabhra 2026 maidir le Leas-Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta BCE a cheapadh

ST/5851/2026/INIT

IO L, 2026/416, 20.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/416/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/416/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/416

20.2.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/416 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Feabhra 2026

maidir le Leas-Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta BCE a cheapadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013, lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach a bhaineann le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (1), agus go háirithe Airteagal 26(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2013, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa.

(2)

Tá an Bord Maoirseachta le tabhairt go hiomlán faoi phleanáil agus faoi fhorghníomhú na gcúraimí a thugtar do BCE, ar a bhfuil an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus ceathrar ionadaithe ó BCE, chomh maith le hionadaí amháin ón údarás inniúil náisiúnta i ngach Ballstát rannpháirteach.

(3)

Is comhlacht sár-riachtanach é an Bord Maoirseachta agus cúraimí maoirseachta á bhfeidhmiú ag BCE. Dá bhrí sin, le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, tugtar de chumhacht don Chomhairle Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach ar an mBord Maoirseachta a cheapadh.

(4)

An 22 Feabhra 2021, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/325 (2) cheap an Chomhairle Frank ELDERSON ina Leas-Chathaoirleach ar an mBord Maoirseachta ar feadh tréimhse 5 bliana ón 24 Feabhra 2021. Tagann deireadh le téarma oifige an Leas-Chathaoirligh ar an mBord Maoirseachta an 23 Feabhra 2026.

(5)

Ag an gcruinniú a bhí aici an 17 Nollaig 2025, mhol Comhairle Rialaithe BCE, tar éis éisteacht a thabhairt don Bhord Maoirseachta, go gcuirfí síneadh le téarma oifige Frank ELDERSON mar Leas-Chathaoirleach ar an mBord Maoirseachta go deireadh a shainordaithe mar chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE, a rachaidh in éag an an 14 Nollaig 2028.

(6)

An 17 Nollaig 2025, chuir BCE a thogra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas chun síneadh a chur le ceapachán Frank ELDERSON ina Leas-Chathaoirleach ar an mBord Maoirseachta. D’fhormheas Parlaimint na hEorpa an togra sin an 10 Feabhra 2026,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Frank ELDERSON ina Leas-Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh don dara téarma oifige, ar feadh tréimhse ón 24 Feabhra 2026 go dtí an 14 Nollaig 2028.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. KERAVNOS


(1)   IO L 287, 29.10.2013, lch. 63, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1024/oj.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle (AE) 2021/325 an 22 Feabhra 2021 maidir le Leas-Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh a cheapadh (IO L 64, 24.2.2021, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/325/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/416/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top