This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0406
Commission Implementing Decision (EU) 2026/406 of 24 February 2026 recognising that the report submitted by the United Kingdom under Article 31(3) of Directive (EU) 2018/2001 of the European Parliament and of the Council contains accurate data for the purposes of measuring the greenhouse gas emissions associated with the cultivation of winter wheat, oilseed rape and sugar beet in that country
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/406 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2026 lena n-aithnítear go bhfuil sonraí cruinne sa tuarascáil a chuir an Ríocht Aontaithe isteach faoi Airteagal 31(3) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú cruithneachta geimhridh, ráibe olashíl agus biatais siúcra sa tír sin
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/406 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2026 lena n-aithnítear go bhfuil sonraí cruinne sa tuarascáil a chuir an Ríocht Aontaithe isteach faoi Airteagal 31(3) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú cruithneachta geimhridh, ráibe olashíl agus biatais siúcra sa tír sin
C/2026/1071
IO L, 2026/406, 25.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/406/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/406 |
25.2.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/406 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Feabhra 2026
lena n-aithnítear go bhfuil sonraí cruinne sa tuarascáil a chuir an Ríocht Aontaithe isteach faoi Airteagal 31(3) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú cruithneachta geimhridh, ráibe olashíl agus biatais siúcra sa tír sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (1), agus go háirithe Airteagal 31(4) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá sé de cheanglas i dTreoir (AE) 2018/2001 go sábháiltear le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise líon mór astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le breoslaí iontaise ionas gur féidir iad a áireamh i leith na spriocanna a leagtar amach sa Treoir sin. Chun na críche sin, in Airteagal 29(10) den Treoir sin leagtar síos tairseacha sonracha maidir le laghdú ar astaíochtaí le haghaidh na mbreoslaí sin, agus le hAirteagal 31 rialaítear an bealach a ríomhtar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid na mbreoslaí sin. Agus na ríomhanna sin á ndéanamh, is féidir úsáid a bhaint as na luachanna réamhshocraithe a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001. In ionad luachanna réamhshocraithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ó shaothrú amhábhar talmhaíochta, is féidir úsáid a bhaint as luachanna tipiciúla faoi roinnt coinníollacha. Maidir leis na luachanna tipiciúla sin, arb éard atá iontu an meánluach i limistéar sonrach, féadfaidh na Ballstáit nó tríú tíortha iad a thuairisciú don Choimisiún. Ní fhéadfar na luachanna tipiciúla a úsáid ach amháin má aithníonn an Coimisiún go bhfuil siad cruinn. |
|
(2) |
Le hAirteagal 31(2) de Threoir (AE) 2018/2001 ligtear do na Ballstáit tuarascálacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena n-áirítear faisnéis faoi na hastaíochtaí gás ceaptha teasa tipiciúla ó shaothrú amhábhar talmhaíochta sna limistéir sin ina gcríoch a aicmítear mar leibhéal 2 in aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS), nó mar leibhéal NUTS atá níos dí-chomhiomlánaithe, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Le hAirteagal 31(3) de Threoir (AE) 2018/2001 ligtear do thríú tíortha tuarascálacha a chur isteach, ar tuarascálacha iad atá coibhéiseach leis na tuarascálacha sin a chuireann na Ballstáit isteach dá dtagraítear in Airteagal 31(2) den Treoir sin. |
|
(3) |
An 29 Iúil 2025 chuir an Ríocht Aontaithe an tuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Choimisiúin ina raibh sonraí chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú cruithneachta geimhridh, ráibe olashíl agus biatais siúcra a tháirgtear de ghnáth i limistéir ina críoch a aicmítear mar leibhéal 2 in aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh a thomhas. D’iarr an Ríocht Aontaithe go n-aithneofaí na sonraí mar shonraí cruinne i gcomhréir le hAirteagal 31(4) de Threoir (AE) 2018/2001. |
|
(4) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an tuarascáil agus chinn sé go bhfuil sonraí cruinne inti chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú cruithneachta geimhridh, ráibe olashíl agus biatais siúcra a tháirgtear de ghnáth i réigiúin NUTS 2 sa Ríocht Aontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart aitheantas a thabhairt do chruinneas na sonraí chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú na mbunábhar sin. |
|
(5) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Inbhuanaitheacht Bithbhreoslaí, Bithleachtanna agus Breoslaí Bithmhaise, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An tuarascáil a chuir an Ríocht Aontaithe faoi bhráid an Choimisiúin chun aitheantas a fháil ina leith an 29 Iúil 2025, tá sonraí cruinne inti chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú cruithneachta geimhridh, ráibe olashíl agus biatais siúcra a tháirgtear de ghnáth i réigiúin NUTS 2 sa Ríocht Aontaithe. Leagtar amach san Iarscríbhinn achoimre ar shonraí na tuarascála.
Airteagal 2
I gcás ina ndéanfar athrú ar na sonraí sa tuarascáil, mar a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin chun aitheantas a fháil ina leith an 29 Iúil 2025, arb athrú é a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chruinneas na sonraí agus, dá bhrí sin, don bhunús leis an gCinneadh seo, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi aon athrú den sórt sin láithreach. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hathruithe faoina dtugtar fógra chun a chinneadh an soláthraítear na sonraí cruinne fós sa tuarascáil a bhfuil sí aitheanta ina leith.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige an 17 Márta 2031.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1059/oj).
IARSCRÍBHINN
Astaíochtaí gás ceaptha teasa ó shaothrú cruithneachta geimhridh i réigiúin na Ríochta Aontaithe [kg CO2e/tona de bhunábhar tirim]
|
Réigiún ITL2 de réir Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 |
N2O na hithreach |
Leabaithe |
Úsáid breosla |
Síolta |
Iomlán |
||||
|
Díreach |
Indíreach |
Leasachán |
Neodrú |
Lotnaidicíd |
|||||
|
|
An tOirthuaisceart |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
C1 |
Tees Valley & Durham |
58,10 |
23,33 |
67,30 |
32,63 |
7,64 |
46,38 |
7,04 |
256,81 |
|
C2 |
Northumberland agus Tyne agus Wear |
58,10 |
23,33 |
67,30 |
32,63 |
7,64 |
46,38 |
7,04 |
256,81 |
|
|
An tIarthuaisceart |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
D1 |
Cumbria |
98,72 |
31,93 |
92,12 |
34,32 |
10,46 |
75,95 |
9,63 |
372,82 |
|
D3 |
Mórcheantar Mhanchain |
98,72 |
31,93 |
92,12 |
34,32 |
10,46 |
75,95 |
9,63 |
372,82 |
|
D4 |
Lancashire |
98,72 |
31,93 |
92,12 |
34,32 |
10,46 |
75,95 |
9,63 |
372,82 |
|
D6 |
Cheshire |
98,72 |
31,93 |
92,12 |
34,32 |
10,46 |
75,95 |
9,63 |
372,82 |
|
D7 |
Merseyside |
98,72 |
31,93 |
92,12 |
34,32 |
10,46 |
75,95 |
9,63 |
372,82 |
|
|
Yorkshire & Humber |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
E1 |
Yorkshire Thoir agus Lincolnshire Thuaidh |
55,31 |
23,40 |
67,52 |
46,51 |
7,67 |
46,91 |
6,44 |
254,32 |
|
E2 |
Yorkshire Thuaidh |
55,31 |
23,40 |
67,52 |
46,51 |
7,67 |
46,91 |
6,44 |
254,32 |
|
E3 |
Yorkshire Theas |
55,31 |
23,40 |
67,52 |
46,51 |
7,67 |
46,91 |
6,44 |
254,32 |
|
E4 |
Yorkshire Thiar |
55,31 |
23,40 |
67,52 |
46,51 |
7,67 |
46,91 |
6,44 |
254,32 |
|
|
An Lár-Réigiún Thoir |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
F1 |
Derbyshire agus Nottinghamshire |
53,94 |
23,92 |
69,02 |
46,91 |
7,84 |
42,62 |
6,58 |
251,41 |
|
F2 |
Leicestershire, Rutland agus Northamptonshire |
53,94 |
23,92 |
69,02 |
46,91 |
7,84 |
42,62 |
6,58 |
251,41 |
|
F3 |
Lincolnshire |
53,94 |
23,92 |
69,02 |
46,91 |
7,84 |
42,62 |
6,58 |
251,41 |
|
|
An Lár-Réigiún Thiar |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
G1 |
Herefordshire, Worcestershire agus Warwickshire |
64,57 |
25,50 |
73,57 |
33,06 |
8,35 |
57,17 |
7,01 |
284,95 |
|
G2 |
Shropshire agus Staffordshire |
64,57 |
25,50 |
73,57 |
33,06 |
8,35 |
57,17 |
7,01 |
284,95 |
|
G3 |
An Lár-Réigiún Thiar |
64,57 |
25,50 |
73,57 |
33,06 |
8,35 |
57,17 |
7,01 |
284,95 |
|
|
Oirthear Shasana |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
H1 |
Anglia Thoir |
51,16 |
23,38 |
67,46 |
46,49 |
7,66 |
41,17 |
6,43 |
244,31 |
|
H2 |
Bedfordshire agus Hertfordshire |
51,16 |
23,38 |
67,46 |
46,49 |
7,66 |
41,17 |
6,43 |
244,31 |
|
H3 |
Essex |
51,16 |
23,38 |
67,46 |
46,49 |
7,66 |
41,17 |
6,43 |
244,31 |
|
|
An tOirdheisceart |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
J1 |
Berkshire, Buckinghamshire agus Oxfordshire |
61,36 |
23,35 |
67,38 |
46,47 |
7,65 |
46,64 |
6,42 |
259,83 |
|
J2 |
Surrey, Sussex Thoir agus Sussex Theas |
61,36 |
23,35 |
67,38 |
46,47 |
7,65 |
46,64 |
6,42 |
259,83 |
|
J3 |
Hampshire agus Inis Iocht |
61,36 |
23,35 |
67,38 |
46,47 |
7,65 |
46,64 |
6,42 |
259,83 |
|
J4 |
Kent |
61,36 |
23,35 |
67,38 |
46,47 |
7,65 |
46,64 |
6,42 |
259,83 |
|
|
An tIardheisceart |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
K1 |
Gloucestershire, Wiltshire agus ceantar Bhriostó/Bath |
78,14 |
24,15 |
69,68 |
47,09 |
7,91 |
59,55 |
6,96 |
294,07 |
|
K2 |
Dorset agus Somerset |
78,14 |
24,15 |
70,68 |
47,09 |
6,81 |
59,55 |
6,96 |
293,97 |
|
K3 |
Corn na Breataine agus na Scillí |
78,14 |
24,15 |
70,68 |
32,80 |
6,81 |
59,55 |
6,96 |
293,97 |
|
K4 |
Devon |
78,14 |
24,15 |
70,68 |
32,80 |
6,81 |
59,55 |
6,96 |
293,97 |
|
|
An Bhreatain Bheag |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
L1 |
An Bhreatain Bheag Thiar agus na Gleannta |
104,97 |
26,11 |
75,35 |
33,70 |
8,56 |
63,87 |
7,88 |
336,53 |
|
L2 |
An Bhreatain Bheag Thoir |
104,97 |
26,11 |
75,35 |
33,70 |
8,56 |
63,87 |
7,88 |
336,53 |
|
|
Albain |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
M5 |
Oirthuaisceart na hAlban |
69,68 |
22,87 |
66,00 |
32,55 |
7,49 |
47,10 |
6,90 |
266,70 |
|
M6 |
Na Garbhchríocha agus na hOileáin |
69,68 |
22,87 |
66,00 |
32,55 |
7,49 |
47,10 |
6,90 |
266,70 |
|
M7 |
Oirthear na hAlban |
69,68 |
22,87 |
66,00 |
32,55 |
7,49 |
47,10 |
6,90 |
266,70 |
|
M8 |
Albain Láir Thiar |
69,68 |
22,87 |
66,00 |
32,55 |
7,49 |
47,10 |
6,90 |
266,70 |
|
M9 |
Deisceart na hAlban |
69,68 |
22,87 |
66,00 |
32,55 |
7,49 |
47,10 |
6,90 |
266,70 |
|
|
Tuaisceart Éireann |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
N0 |
Tuaisceart Éireann |
106,16 |
25,70 |
74,16 |
33,10 |
8,42 |
51,57 |
7,76 |
322,72 |
Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú ráibe olashíl i réigiúin na Ríochta Aontaithe [kg CO2e/tona de bhunábhar tirim]
|
Réigiún ITL2 de réir Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 |
N2O na hithreach |
Leabaithe |
Úsáid breosla |
Síolta |
Iomlán |
||||
|
Díreach |
Indíreach |
Leasachán |
Neodrú |
Lotnaidicíd |
|||||
|
|
An tOirthuaisceart |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
C1 |
Tees Valley & Durham |
115,20 |
77,22 |
129,30 |
50,66 |
9,86 |
89,86 |
1,15 |
495,28 |
|
C2 |
Northumberland agus Tyne agus Wear |
115,20 |
77,22 |
129,30 |
50,66 |
9,86 |
89,86 |
1,15 |
495,28 |
|
|
An tIarthuaisceart |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
D1 |
Cumbria |
145,17 |
79,24 |
132,69 |
50,36 |
10,12 |
112,49 |
1,18 |
553,86 |
|
D3 |
Mórcheantar Mhanchain |
145,17 |
79,24 |
132,69 |
50,36 |
10,12 |
112,49 |
1,18 |
553,86 |
|
D4 |
Lancashire |
145,17 |
79,24 |
132,69 |
50,36 |
10,12 |
112,49 |
1,18 |
553,86 |
|
D6 |
Cheshire |
145,17 |
79,24 |
132,69 |
50,36 |
10,12 |
112,49 |
1,18 |
553,86 |
|
D7 |
Merseyside |
145,17 |
79,24 |
132,69 |
50,36 |
10,12 |
112,49 |
1,18 |
553,86 |
|
|
Yorkshire & Humber |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
E1 |
Yorkshire Thoir agus Lincolnshire Thuaidh |
112,52 |
79,24 |
132,68 |
98,06 |
10,12 |
94,92 |
1,18 |
503,62 |
|
E2 |
Yorkshire Thuaidh |
112,52 |
79,24 |
132,68 |
98,06 |
10,12 |
94,92 |
1,18 |
503,62 |
|
E3 |
Yorkshire Theas |
112,52 |
79,24 |
132,68 |
98,06 |
10,12 |
94,92 |
1,18 |
503,62 |
|
E4 |
Yorkshire Thiar |
112,52 |
79,24 |
132,68 |
98,06 |
10,12 |
94,92 |
1,18 |
503,62 |
|
|
An Lár-Réigiún Thoir |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
F1 |
Derbyshire agus Nottinghamshire |
124,57 |
91,69 |
153,53 |
103,72 |
11,71 |
96,19 |
1,37 |
553,74 |
|
F2 |
Leicestershire, Rutland agus Northamptonshire |
124,57 |
91,69 |
153,53 |
103,72 |
11,71 |
96,19 |
1,37 |
553,74 |
|
F3 |
Lincolnshire |
124,57 |
91,69 |
153,53 |
103,72 |
11,71 |
96,19 |
1,37 |
553,74 |
|
|
An Lár-Réigiún Thiar |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
G1 |
Herefordshire, Worcestershire agus Warwickshire |
123,22 |
81,30 |
136,14 |
77,24 |
10,39 |
107,94 |
1,21 |
533,44 |
|
G2 |
Shropshire agus Staffordshire |
123,22 |
81,30 |
136,14 |
77,24 |
10,39 |
107,94 |
1,21 |
533,44 |
|
G3 |
An Lár-Réigiún Thiar |
123,22 |
81,30 |
136,14 |
77,24 |
10,39 |
107,94 |
1,21 |
533,44 |
|
|
Oirthear Shasana |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
H1 |
Anglia Thoir |
117,51 |
88,97 |
148,97 |
102,49 |
11,37 |
88,40 |
1,33 |
530,84 |
|
H2 |
Bedfordshire agus Hertfordshire |
117,51 |
88,97 |
148,97 |
102,49 |
11,37 |
88,40 |
1,33 |
530,84 |
|
H3 |
Essex |
117,51 |
88,97 |
148,97 |
102,49 |
11,37 |
88,40 |
1,33 |
530,84 |
|
|
An tOirdheisceart |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
J1 |
Berkshire, Buckinghamshire agus Oxfordshire |
149,92 |
95,53 |
159,95 |
105,47 |
12,20 |
106,87 |
1,43 |
601,10 |
|
J2 |
Surrey, Sussex Thoir agus Sussex Theas |
149,92 |
95,53 |
159,95 |
105,47 |
12,20 |
106,87 |
1,43 |
601,10 |
|
J3 |
Hampshire agus Inis Iocht |
149,92 |
95,53 |
159,95 |
105,47 |
12,20 |
106,87 |
1,43 |
601,10 |
|
J4 |
Kent |
149,92 |
95,53 |
159,95 |
105,47 |
12,20 |
106,87 |
1,43 |
601,10 |
|
|
An tIardheisceart |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
K1 |
Gloucestershire, Wiltshire agus ceantar Bhriostó/Bath |
173,35 |
90,59 |
151,68 |
103,22 |
11,57 |
129,60 |
1,35 |
632,67 |
|
K2 |
Dorset agus Somerset |
173,35 |
90,59 |
153,44 |
103,22 |
11,57 |
129,60 |
1,35 |
634,43 |
|
K3 |
Corn na Breataine agus na Scillí |
173,35 |
90,59 |
153,44 |
78,96 |
11,57 |
129,60 |
1,35 |
634,43 |
|
K4 |
Devon |
173,35 |
90,59 |
153,44 |
78,96 |
11,57 |
129,60 |
1,35 |
634,43 |
|
|
An Bhreatain Bheag |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
L1 |
An Bhreatain Bheag Thiar agus na Gleannta |
202,07 |
85,73 |
143,55 |
51,31 |
10,95 |
124,24 |
1,28 |
643,58 |
|
L2 |
An Bhreatain Bheag Thoir |
202,07 |
85,73 |
143,55 |
51,31 |
10,95 |
124,24 |
1,28 |
643,58 |
|
|
Albain |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
M5 |
Oirthuaisceart na hAlban |
130,25 |
72,12 |
120,76 |
51,41 |
9,21 |
92,24 |
1,08 |
497,64 |
|
M6 |
Na Garbhchríocha agus na hOileáin |
130,25 |
72,12 |
120,76 |
51,41 |
9,21 |
92,24 |
1,08 |
497,64 |
|
M7 |
Oirthear na hAlban |
130,25 |
72,12 |
120,76 |
51,41 |
9,21 |
92,24 |
1,08 |
497,64 |
|
M8 |
Albain Láir Thiar |
130,25 |
72,12 |
120,76 |
51,41 |
9,21 |
92,24 |
1,08 |
497,64 |
|
M9 |
Deisceart na hAlban |
130,25 |
72,12 |
120,76 |
51,41 |
9,21 |
92,24 |
1,08 |
497,64 |
|
|
Tuaisceart Éireann |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
N0 |
Tuaisceart Éireann |
217,16 |
88,73 |
148,57 |
62,05 |
11,33 |
143,19 |
1,32 |
684,57 |
Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú biatais siúcra i réigiúin na Ríochta Aontaithe [kg CO2e/tona de bhunábhar tirim]
|
Réigiún ITL2 de réir Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 |
N2O na hithreach |
Leabaithe |
Úsáid breosla |
Síolta |
Iomlán |
||||
|
Díreach |
Indíreach |
Leasachán |
Neodrú |
Lotnaidicíd |
|||||
|
CÓD |
An tOirthuaisceart |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
C1 |
Tees Valley & Durham |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
C2 |
Northumberland agus Tyne agus Wear |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
|
An tIarthuaisceart |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
D1 |
Cumbria |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
D3 |
Mórcheantar Mhanchain |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
D4 |
Lancashire |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
D6 |
Cheshire |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
D7 |
Merseyside |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
|
Yorkshire & Humber |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
E1 |
Yorkshire Thoir agus Lincolnshire Thuaidh |
8,35 |
11,57 |
7,69 |
29,69 |
3,19 |
24,24 |
0,20 |
86,40 |
|
E2 |
Yorkshire Thuaidh |
8,35 |
11,57 |
7,69 |
29,69 |
3,19 |
24,24 |
0,20 |
86,40 |
|
E3 |
Yorkshire Theas |
8,35 |
11,57 |
7,69 |
29,69 |
3,19 |
24,24 |
0,20 |
86,40 |
|
E4 |
Yorkshire Thiar |
8,35 |
11,57 |
7,69 |
29,69 |
3,19 |
24,24 |
0,20 |
86,40 |
|
|
An Lár-Réigiún Thoir |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
F1 |
Derbyshire agus Nottinghamshire |
8,12 |
11,57 |
7,69 |
29,69 |
3,19 |
22,46 |
0,20 |
84,39 |
|
F2 |
Leicestershire, Rutland agus Northamptonshire |
8,12 |
11,57 |
7,69 |
29,69 |
3,19 |
22,46 |
0,20 |
84,39 |
|
F3 |
Lincolnshire |
8,12 |
11,57 |
7,69 |
29,69 |
3,19 |
22,46 |
0,20 |
84,39 |
|
|
An Lár-Réigiún Thiar |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
G1 |
Herefordshire, Worcestershire agus Warwickshire |
9,17 |
12,18 |
8,10 |
29,63 |
3,36 |
28,68 |
0,20 |
92,88 |
|
G2 |
Shropshire agus Staffordshire |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
G3 |
An Lár-Réigiún Thiar |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
|
Oirthear Shasana |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
H1 |
Anglia Thoir |
7,59 |
11,02 |
7,32 |
29,73 |
3,04 |
21,31 |
0,20 |
81,63 |
|
H2 |
Bedfordshire agus Hertfordshire |
7,59 |
11,02 |
7,32 |
29,73 |
3,04 |
21,31 |
0,20 |
81,63 |
|
H3 |
Essex |
7,59 |
11,02 |
7,32 |
29,73 |
3,04 |
21,31 |
0,20 |
81,63 |
|
|
An tOirdheisceart |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
J1 |
Berkshire, Buckinghamshire agus Oxfordshire |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
J2 |
Surrey, Sussex Thoir agus Sussex Theas |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
J3 |
Hampshire agus Inis Iocht |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
J4 |
Kent |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
|
An tIardheisceart |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
K1 |
Gloucestershire, Wiltshire agus ceantar Bhriostó/Bath |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
K2 |
Dorset agus Somerset |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
K3 |
Corn na Breataine agus na Scillí |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
K4 |
Devon |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
|
An Bhreatain Bheag |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
L1 |
An Bhreatain Bheag Thiar agus na Gleannta |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
L2 |
An Bhreatain Bheag Thoir |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
|
Albain |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
M5 |
Oirthuaisceart na hAlban |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
M6 |
Na Garbhchríocha agus na hOileáin |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
M7 |
Oirthear na hAlban |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
M8 |
Albain Láir Thiar |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
M9 |
Deisceart na hAlban |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
|
|
Tuaisceart Éireann |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
N0 |
Tuaisceart Éireann |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
NB |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/406/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)