This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0345
Council Decision (CFSP) 2026/345 of 11 February 2026 appointing the European Union Special Representative for Human Rights
Cinneadh (CBES) 2026/345 ón gComhairle an 11 Feabhra 2026 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine
Cinneadh (CBES) 2026/345 ón gComhairle an 11 Feabhra 2026 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine
ST/5314/2026/INIT
IO L, 2026/345, 13.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/345/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/345 |
13.2.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/345 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Feabhra 2026
lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33, i gcomhar le hAirteagal 31(2), de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 25 Iúil 2012, chomhaontaigh an Chomhairle Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine a cheapadh (1). |
|
(2) |
An 23 Meitheamh 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/1252 (2), lena gceaptar Kajsa OLLONGREN mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine. Tá sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh le dul in éag an 28 Feabhra 2026. |
|
(3) |
Ba cheart sainordú nua mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine a thabhairt do Kajsa OLLONGREN ar feadh tréimhse 24 mhí. |
|
(4) |
Cuirfidh Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staide a d’fhéadfadh dul in olcas, agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh
Leis seo, ceaptar Kajsa OLLONGREN mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine ón 1 Márta 2026 go dtí an 29 Feabhra 2028. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (‘an sainordú’) a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an ‘tArdionadaí’).
Airteagal 2
Cuspóirí beartais
Beidh sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh bunaithe ar chuspóirí beartais an Aontais maidir le cearta an duine mar a leagtar amach iad sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i gCreat Straitéiseach AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas agus maidir le Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas, lena n-áirítear:
|
(a) |
éifeachtacht, láithreacht agus infheictheacht an Aontais a fheabhsú maidir le cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an domhain agus dearcadh dearfach maidir le cearta an duine a chur chun cinn, go háirithe trí chomhar an Aontais agus idirphlé polaitiúil le tríú tíortha, le comhpháirtithe ábhartha, le gnó, leis an tsochaí shibhialta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha a dhoimhniú, agus trí ghníomhú i bhfóraim ábhartha idirnáisiúnta; |
|
(b) |
feabhas a chur ar rannchuidiú an Aontais leis an daonlathas agus forbairtí institiúidí, an smacht reachta, an dea-rialachas agus urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha ar fud an domhain a neartú; |
|
(c) |
feabhas a chur ar chomhleanúnachas ghníomhaíocht an Aontais maidir le cearta an duine agus maidir le cearta an duine a chomhtháthú i ngach réimse de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. |
Airteagal 3
Sainordú
Chun na cuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach, is é an méid seo a leanas a bheidh mar shainordú:
|
(a) |
rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas an Aontais um chearta an duine, go háirithe Creat Straitéiseach AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas agus Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine agus an Daonlathas, chomh maith le cur chun feidhme threoirlínte an Aontais, sraith straitéisí agus pleananna gníomhaíochta maidir le cearta an duine, lena n-áirítear trí mholtaí a fhoirmliú ina leith sin; |
|
(b) |
rannchuidiú le cur chun feidhme sheasaimh an Aontais, arna sainiú ag an gComhairle, maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn; |
|
(c) |
rannchuidiú le cur chun feidhme sheasaimh an Aontais, arna sainiú ag an gComhairle, maidir le tacaíocht don cheartas coiriúil idirnáisiúnta a chur chun cinn, go háirithe Cinneadh 2011/168/CBES (3) ón gComhairle maidir leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta; |
|
(d) |
iarracht a dhéanamh guth Eorpach níos láidre a bhunú trí idirphlé maidir le cearta an duine le rialtais i dtríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gníomhaithe ábhartha eile chun éifeachtacht agus infheictheacht bheartas an Aontais maidir le cearta an duine a áirithiú; idirphlé tábhachtach maidir le cearta an duine a stiúradh le tríú tíortha; |
|
(e) |
rannchuidiú le comhleanúnachas agus comhsheasmhacht bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais a fheabhsú i ndáil le chearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn, go háirithe trí ionchur a sholáthar maidir le beartais ábhartha an Aontais a fhoirmliú; |
|
(f) |
rannchuidiú, i gcomhairle leis na Ballstáit, le comhleanúnachas agus comhsheasmhacht sheasaimh an Aontais dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) a fheabhsú. |
Airteagal 4
An sainordú a chur chun feidhme
1. Beidh ISAE freagrach as an sainordú a chur chun feidhme, ag gníomhú dó nó di faoi údarás an Ardionadaí.
2. Coimeádfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nasc pribhléideach ar bun le ISAE agus is é a bheidh mar phríomhphointe teagmhála ISAE laistigh den Chomhairle. Cuirfidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála treoir straitéiseach agus stiúradh polaitiúil ar fáil do ISAE faoi chuimsiú an tsainordaithe, gan dochar do chumhachtaí an Ardionadaí.
3. Oibreoidh ISAE i ndlúthchomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus lena ranna ábhartha.
Airteagal 5
Maoiniú
1. EUR 3 320 623,17. a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an sainordú (‘an caiteachas’) don tréimhse ón 1 Márta 2026 go dtí an 29 Feabhra 2028 a chumhdach.
2. Bainisteofar an caiteachas i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
3. Beidh bainistiú an chaiteachais faoi réir conradh idir ISAE agus an Coimisiún. Is don Choimisiún a bheidh ISAE freagrach as an gcaiteachas.
Airteagal 6
Comhdhéanamh fhoireann ISAE
1. Laistigh de theorainneacha an tsainordaithe agus de na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha a chuirfear ar fáil, beidh ISAE freagrach as foireann a chur le chéile. Áireofar ar fhoireann ISAE daoine a bhfuil saineolas acu ar institiúidí an Aontais agus ar ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir le cearta an duine agus ar shaincheisteanna sonracha beartais de réir mar a cheanglaítear leis an sainordú. Coinneoidh ISAE an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas go pras faoi chomhdhéanamh fhoireann ISAE.
2. Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí an Aontais agus SEGS a mholadh go dtabharfaí pearsanra ar iasacht chun oibriú ar fhoireann ISAE. Is iad an Ballstát tionscnaimh, institiúid an Aontais lena mbaineann nó an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, de réir mar is iomchuí, a chumhdóidh tuarastail an phearsanra sin atá ar iasacht. Féadfar saineolaithe arna bpostú ó na Ballstáit chuig institiúidí an Aontais nó chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a thabhairt ar iasacht freisin chun oibriú ar fhoireann ISAE. Beidh náisiúntacht Bhallstáit ag an bpearsanra idirnáisiúnta ar conradh.
3. Is faoi údarás riaracháin an Bhallstáit tionscnaimh, institiúid an Aontais lena mbaineann nó na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraía fhanfaidh an pearsanra uile ar iasacht agus comhlíonfaidh siad a ndualgais agus feidhmeoidh siad chun leas an tsainordaithe.
4. Comhlonnófar foireann ISAE laistigh de ranna ábhartha na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a ngníomhaíochtaí faoi seach a áirithiú.
Airteagal 7
Slándáil fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais
Urramóidh ISAE agus comhaltaí fhoireann ISAE na prionsabail slándála agus na híoschaighdeáin arna mbunú le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (4).
Airteagal 8
Rochtain ar fhaisnéis agus ar thacaíocht lóistíochta
1. Áiritheoidh na Ballstáit, an Coimisiún, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtrach agus Ardrúnaíocht na Comhairle go dtabharfar rochtain do ISAE ar aon fhaisnéis ábhartha.
2. Cuirfidh toscaireachtaí an Aontais agus ionadaíochtaí taidhleoireachta na mBallstát, de réir mar is iomchuí, tacaíocht lóistíochta ar fáil do ISAE agus do chomhaltaí fhoireann ISAE.
Airteagal 9
An tSlándáil
I gcomhréir le beartas an Aontais maidir le slándáil an phearsanra a imscartar lasmuigh den Aontas i gcáil oibríochtúil faoi Theideal V den Chonradh, déanfaidh ISAE gach beart is féidir le réasún, i gcomhréir le sainordú ISAE agus le staid na slándála i limistéar na freagrachta, i ndáil le slándáil an phearsanra uile atá faoi údarás díreach ISAE, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
plean slándála sonrach a bhunú a bheidh bunaithe ar threoir ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtrach, lena n-áirítear bearta slándála sonracha fisiciúla, eagraíochtúla agus nós imeachta, lena rialaítear bainistiú ar ghluaiseacht shlán pearsanra chuig an limistéar freagrachta agus laistigh de, agus bainistiú teagmhas slándála, agus trí phlean teagmhais agus plean aslonnaithe a bhunú; |
|
(b) |
a áirithiú go gcumhdófar an pearsanra uile a imscartar lasmuigh den Aontas le hárachas ardriosca mar a cheanglaítear leis na dálaí i limistéar na freagrachta; |
|
(c) |
a áirithiú go mbeidh oiliúint slándála iomchuí faighte ag an bpearsanra uile a bheidh le himscaradh lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear pearsanra a bheidh ar conradh go háitiúil, roimh theacht i limistéar na freagrachta nó ar theacht isteach sa limistéar sin dóibh, bunaithe ar na rátálacha riosca arna sannadh ag SEGS don limistéar sin; |
|
(d) |
a áirithiú go ndéanfar na moltaí comhaontaithe uile, a dhéantar tar éis measúnuithe tráthrialta slándála, a chur chun feidhme agus tuarascálacha i scríbhinn a chur ar fáil don Chomhairle, don Ardionadaí agus don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na moltaí sin agus maidir le saincheisteanna slándála eile faoi chuimsiú na dtuarascála rialta ar dhul chun cinn agus na tuarascála cuimsithí críochnaithí ar chur chun feidhme an tsainordaithe dá dtagraítear in Airteagal 14. |
Airteagal 10
Tuarascálacha
Cuirfidh ISAE tuarascálacha i scríbhinn ar fáil go tráthrialta don Ardionadaí. Tuairisceoidh ISAE freisin don Choiste Polaitiúil agus Slándála agus de réir mar is gá, do mheithleacha na Comhairle, go háirithe an Mheitheal um Chearta an Duine. Scaipfear tuarascálacha tráthrialta trí líonra COREU. Féadfaidh ISAE tuarascálacha a sholáthar don Chomhairle Gnóthaí Eachtracha. I gcomhréir le hAirteagal 36 den Chonradh, féadfaidh ISAE a bheith rannpháirteach maidir le faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa.
Airteagal 11
Rochtain ar dhoiciméid agus cosaint sonraí
1. Cuirfidh ISAE na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), i bhfeidhm, mar aon leis na rialacha cur chun feidhme ábhartha arna nglacadh ag an Ardionadaí.
2. Déanfaidh ISAE daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil a sonraí pearsanta i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), mar aon leis na rialacha cur chun feidhme ábhartha arna nglacadh ag an Ardionadaí.
Airteagal 12
Comhordú
1. Rannchuideoidh ISAE le haontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais agus cabhróidh ISAE lena áirithiú go ndéanfar ionstraimí uile an Aontais agus gníomhaíochtaí uile na mBallstát a chur i bhfeidhm nó a chur chun feidhme go comhsheasmhach chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach. Déanfar gníomhaíochtaí ISAE a chomhordú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus an Choimisiúin, chomh maith le gníomhaíochtaí ISAEnna eile, de réir mar is iomchuí. Cuirfidh ISAE faisnéis rialta ar fáil do mhisin na mBallstát agus do thoscaireachtaí an Aontais.
2. I gcás cuairteanna ar an láthair, déanfaidh ISAE dlúthchaidreamh le Cinn Mhisin ábhartha na mBallstát agus le Cinn Thoscaireachtaí an Aontais agus mar aon le Cinn nó Ceannasaithe mhisin agus oibríochtaí an chomhbheartais slándála agus cosanta agus le ISAEnna eile, de réir mar is iomchuí. Déanfaidh siad gach iarracht cúnamh a thabhairt do ISAE agus an sainordú á chur chun feidhme aige.
3. Déanfaidh ISAE idirchaidreamh le gníomhaithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile sa réimse. Féachfaidh ISAE le teagmháil rialta a dhéanamh le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ar leibhéal na ceanncheathrún agus sa réimse araon.
Airteagal 13
Cúnamh i ndáil le héilimh
Cuirfidh ISAE agus comhaltaí fhoireann ISAE cúnamh ar fáil chun freagairt d’aon éilimh agus oibleagáidí a eascraíonn as sainordú ISAEnna um Chearta an Duine a bhí ann roimhe seo agus cuirfidh siad cúnamh riaracháin agus rochtain ar dhoiciméid ábhartha ar fáil chun na gcríoch sin.
Airteagal 14
Athbhreithniú
Déanfar athbhreithniú tráthrialta ar chur chun feidhme an Chinnidh seo agus ar a chomhsheasmhacht le rannchuidithe eile ón Aontas. Cuirfidh ISAE tuarascálacha tráthrialta maidir le dul chun cinn faoi bhráid na Comhairle, an Ardionadaí agus an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe, faoin 30 Samhain gach bliain den sainordú.
Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Feabhra 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh 2012/440/CBES ón gComhairle an 25 Iúil 2012 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine (IO L 200, 27.7.2012, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/440/oj).
(2) Cinneadh (CBES) 2025/1252 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine (IO L, 2025/1252, 24.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1252/oj).
(3) Cinneadh 2011/168/CBES ón gComhairle an 21 Márta 2011 maidir leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus lena n aisghairtear Comhsheasamh 2003/444/CBES (IO L 76, 22.3.2011, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/168/oj).
(4) Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, p. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/488/oj).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).
(6) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/345/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)