This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D03350
Council Decision of 16 June 2026 replacing an alternate member of the Advisory Committee on Safety and Health at Work for Luxembourg
Cinneadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2026 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta malartach den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann Lucsamburg
Cinneadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2026 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta malartach den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann Lucsamburg
ST/10028/2026/INIT
IO C, C/2026/3350, 19.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3350/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3350 |
19.6.2026 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Meitheamh 2026
lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta malartach den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann Lucsamburg
(C/2026/3350)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena mbunaítear Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (1), agus go háirithe Airteagal 3 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh an 5 Márta 2025 (2), cheap an Chomhairle lánchomhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair don tréimhse ón 6 Márta 2025 go dtí an 5 Márta 2028. |
|
(2) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh i gcatagóir na n-ionadaithe rialtais tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Armin KOEGEL a bheith éirithe as oifig. |
|
(3) |
Tá iarrthóir ainmnithe ag Rialtas Lucsamburg don suíochán folamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Marie-Anne BISDORFF ina comhalta den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair in ionad Armin KOEGEL ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 5 Márta 2028.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 16 Meitheamh 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. RAOUNA
(1) IO C 218, 13.9.2003, lch. 1.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 5 Márta 2025 lena gceaptar lánchomhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (IO C, C/2025/1689, 13.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1689/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3350/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)