Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0335

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/335 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2026 lena mbunaítear an liosta tríú tíortha a dhíolmhaítear ó réamhúdarú le haghaidh allmhairithe gáis isteach san Aontas de bhun Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2026/261 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2026/737

IO L, 2026/335, 10.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/335/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/335/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/335

10.2.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/335 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Feabhra 2026

lena mbunaítear an liosta tríú tíortha a dhíolmhaítear ó réamhúdarú le haghaidh allmhairithe gáis isteach san Aontas de bhun Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2026/261 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2026/261 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Eanáir 2026 maidir le deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis nádúrtha ón Rúis, feabhas a chur ar an bhfaireachán ar spleáchais fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 (1), agus go háirithe Airteagal 5(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2026/261, tugadh isteach toirmeasc dlíthiúil ar allmhairí gáis nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairíodh, go díreach nó go hindíreach, uaithi.

(2)

Le hAirteagal 5(3) den Rialachán sin, tugadh isteach próiseas um réamhúdarú arb é is aidhm dó foráil a dhéanamh maidir le próiseas rianúil fíorúcháin le haghaidh na tíre táirgthe sula dtéann an gás isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2026/261, is féidir allmhairí gáis nádúrtha ó thríú tír, seachas Cónaidhm na Rúise, a dhíolmhú ón oibleagáid maidir le réamhúdarú faoi choinníollacha a shainítear go soiléir. Meastar go gcomhlíontar na coinníollacha i gcás ina dtáirgeann tríú tír gás nádúrtha, inar onnmhairigh sí níos mó ná 5 bcm de ghás nádúrtha chuig an Aontas in 2024 agus ina bhfuil toirmeasc curtha aici ar allmhairiú gáis ón Rúis nó ina gcuireann sí bearta sriantacha eile i bhfeidhm maidir le gás na Rúise; nó i gcás nach bhfuil aon bhonneagar gáis i bhfeidhm ag tríú tír lenar féidir léi GNL nó gás píblíne a allmhairiú.

(4)

Leis an gcinneadh seo, bunaítear an liosta tríú tíortha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2026/261 tráth a ghlactha.

(5)

Ós rud é gur gá cur chun feidhme éifeachtach Rialachán (AE) 2026/261 a áirithiú agus chun na heilimintí is gá a chur chun cinn go pras chun go bhfeidhmeoidh an nós imeachta um réamhúdarú go rianúil, trí shoiléiriú a dhéanamh ar na hallmhairí gáis nádúrtha atá díolmhaithe ón réamhúdarú, is gá éifeacht a bheith ag an gCinneadh seo láithreach tar éis a ghlactha chun éiginnteacht a sheachaint le haghaidh na n-údarás lena mbaineann agus rannpháirtithe sa mhargadh.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2026/261, díolmhófar na tíortha seo a leanas ón réamhúdarú:

(a)

an Ailgéir;

(b)

an Nigéir;

(c)

an Iorua;

(d)

Catar;

(e)

an Ríocht Aontaithe;

(f)

na Stáit Aontaithe.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Feabhra 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2026/261, 2.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/261/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/335/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top