This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D03347
Council Decision of 16 June 2026 replacing a member of the Advisory Committee for the Coordination of Social Security Systems for Sweden
Cinneadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2026 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta thar ceann na Sualainne
Cinneadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2026 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta thar ceann na Sualainne
ST/9602/2026/INIT
IO C, C/2026/3347, 19.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3347/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3347 |
19.6.2026 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Meitheamh 2026
lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta thar ceann na Sualainne
(C/2026/3347)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (1), agus go háirithe Airteagal 75 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh an 10 Deireadh Fómhair 2025 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta don tréimhse ón 20 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an 19 Deireadh Fómhair 2030. |
|
(2) |
Tá suíochán comhalta i gcatagóir ionadaithe na gceardchumann tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Isabella SELLING a bheith éirithe as oifig. |
|
(3) |
Tá iarrthóir ainmnithe ag an tSualainn don suíochán folamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Mari HUUPPONEN ina comhalta den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta in ionad Isabella SELLING, go ceann a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 19 Deireadh Fómhair 2030.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 16 Meitheamh 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
N. CHARALAMBIDES
(1) IO L 166, 30.4.2004, lch. 1.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2025 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta (IO C, C/2025/5609, 15.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5609/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3347/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)