Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0231

Cinneadh (AE) 2026/231 ón gComhairle an 16 Nollaig 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais), Iarscríbhinn XII (Saorghluaiseacht caipitil) agus Iarscríbhinn XXII (Dlí na gcuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE (Creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

ST/16003/2025/INIT

IO L, 2026/231, 28.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/231/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/231/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/231

28.1.2026

CINNEADH (AE) 2026/231 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2025

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais), Iarscríbhinn XII (Saorghluaiseacht caipitil) agus Iarscríbhinn XXII (Dlí na gcuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE (Creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais), Iarscríbhinn XII (Saorghluaiseacht caipitil) agus Iarscríbhinn XXII (Dlí na gcuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE, a leasú.

(3)

Ba cheart Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), chomh maith le trí ghníomh dlí ghaolmhara, eadhon Rialacháin Tharmligthe (AE) 2023/450 (4), (AE) 2023/451 (5) agus (AE) 2023/840 (6) ón gCoimisiún, a ionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais), Iarscríbhinn XII (Saorghluaiseacht caipitil) agus Iarscríbhinn XXII (Dlí na gcuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais), Iarscríbhinn XII (Saorghluaiseacht caipitil) agus Iarscríbhinn XXII (Dlí na gcuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1994/2894/oj.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1994/1/oj.

(3)  Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/23/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/450 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an t-ord ar dá réir atá CPLanna leis an gcúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2021/23 a íoc, an líon uasta blianta ar lena linn atá na CPLanna sin le sciar dá mbrabúis bhliantúla a úsáid le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin le sealbhóirí ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar a mbrabúis amach anseo agus an sciar uasta de na brabúis sin atá le húsáid le haghaidh na n-íocaíochtaí sin (IO L 67, 3.3.2023, p. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/450/oj).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/451 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena sonraítear na tosca a bheidh le cur san áireamh ag an údarás inniúil agus ag an gcoláiste maoirseachta agus measúnú á dhéanamh ar phlean téarnaimh na gcontrapháirtithe lárnacha (IO L 67, 3.3.2023, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/451/oj).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/840 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an mhodheolaíocht chun an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a bheidh le húsáid i gcomhréir le hAirteagal 9(14) den Rialachán sin a ríomh agus a chothabháil (IO L 107, 21.4.2023, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/840/oj).


DRÉACHT

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. …

an …

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais), Iarscríbhinn XII (Saorghluaiseacht caipitil) agus Iarscríbhinn XXII (Dlí na gcuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán (AE) 2021/168 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le spot-tagarmharcanna malairte eachtraí áirithe de chuid tríú tíortha a dhíolmhú agus athsholáthairtí le haghaidh tagarmharcanna ar scor áirithe a ainmniú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (2), a ionchorpraíodh i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 388/2021 ó Chomhchoiste LEE an 10 Nollaig 2021 (3), ba cheart é a chur le hIarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE freisin mar ghníomh leasaitheach le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(3)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/450 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an t-ord ar dá réir atá CPLanna leis an gcúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2021/23 a íoc, an líon uasta blianta ar lena linn atá na CPLanna sin le sciar dá mbrabúis bhliantúla a úsáid le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin le sealbhóirí ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar a mbrabúis amach anseo agus an sciar uasta de na brabúis sin atá le húsáid le haghaidh na n-íocaíochtaí sin (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/451 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena sonraítear na tosca a bheidh le cur san áireamh ag an údarás inniúil agus ag an gcoláiste maoirseachta agus measúnú á dhéanamh ar phlean téarnaimh na gcontrapháirtithe lárnacha (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/840 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an mhodheolaíocht chun an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a bheidh le húsáid i gcomhréir le hAirteagal 9(14) den Rialachán sin a ríomh agus a chothabháil (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní IX, XII agus XXII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 19b (Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), i bpointe 31bh (Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) agus i bpointe 31i (Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘—

32021 R 0023: Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1).’

2.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 31baa (Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘—

32021 R 0023: Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1).’

3.

Leasaítear pointe 31bc (Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) mar a leanas:

(i)

cuirtear na fleasca seo a leanas isteach:

‘—

32021 R 0023: Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1),

32021 R 0168: Rialachán (AE) 2021/168 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 (IO L 49, 12.2.2021, lch. 6).’

;

(ii)

cuirtear an t-oiriúnú a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (fa):

‘(faa)

In Airteagal 6b:

(i)

sa chéad fhomhír de mhíreanna 1 agus 3, cuirfear na focail “agus, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, Údarás Faireacháin CSTE” isteach tar éis na bhfocal “an Coimisiún” agus sa chead fhomhír de mhír 10 cuirfear na focail “agus, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, d’Údarás Faireacháin CSTE” isteach tar éis na bhfocal “don Choimisiún”;

(ii)

sa tríú fomhír de mhír 1, sa dara fomhír de mhír 3 , cuirfear na focail “agus Údarás Faireacháin CSTE” isteach tar éis na bhfocal “an Coimisiún”,agus sa tríú agus sa chúigiú fomhír de mhír 10, cuirfear na focail “agus d’Údarás Faireacháin CSTE” isteach tar éis na bhfocal “don Choimisiún”;

(iii)

i mír 5, cuirfear na fomhíreanna seo a leanas isteach:

“Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE, gan moill mhíchuí tar éis na hiarrata dá dtagraítear i mír 1 a fháil, ar bhonn na gcúiseanna agus na fianaise arna soláthar ag an údarás dá dtagraítear i mír 1, na hoibleagáidí imréitigh a chur ar fionraí i ndáil leis na haicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar trí bhíthin cinnidh, nó an fionraí a dhiúltú.

Agus an cinneadh dá dtagraítear sa chúigiú fomhír sin á ghlacadh, cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE san áireamh an tuairim a d’eisigh ESMA dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23, na critéir a leagtar amach in Airteagail 5(4) agus (5) den Rialachán seo maidir leis na haicmí díorthach thar an gcuntar sin agus an gá leis an bhfionraí chun bagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú rianúil na margaí airgeadais sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a sheachaint nó chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin.

I gcás ina ndiúltóidh Údarás Faireacháin CSTE an fionraí a iarradh, tabharfaidh sé cúiseanna ina leith sin i scríbhinn don údarás iarrthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 agus do ESMA. Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE in iúl láithreach do Bhuanchoiste na Stát CSTE ina leith sin agus na cúiseanna a cuireadh ar fáil don údarás iarrthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, cuirfidh sé ar aghaidh chuige agus chuig ESMA iad. Ní dhéanfar faisnéis den sórt sin a phoibliú.

Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar le hÚdarás Faireacháin CSTE d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le suímh chomhionanna a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, an oibleagáid trádála a chur ar fionraí agus a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an bhfionraí de réir mhír 9.”

;

(iv)

i míreanna 6 agus 10, a mhéid a bhaineann leis na Stáit CSTE, is “cinneadh ó Údarás Faireacháin CSTE” nó “cinneadh ó Údarás Faireacháin CSTE” a bheidh ann in ionad na bhfocal “gníomh cur chun feidhme” nó “gníomh cur chun feidhme” de réir mar a oireann don chás;

(v)

i mír 9, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail “féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE, trí bhíthin cinnidh,” in ionad na bhfocal “féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme,”;

(vi)

sa chúigiú fomhír de mhír 10, cuirtear na focail “agus chuig Buanchoiste na Stát CSTE” isteach tar éis an fhocail “Comhairle”.’

(iii)

cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (h):

‘(ha)

In Airteagal 13a, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is “dáta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. …/… ó Chomhchoiste LEE [an Cinneadh seo]” a léifear in ionad na bhfocal “an 13 Feabhra 2021”.’

4.

Cuirtear an méid a leanas isteach i ndiaidh phointe 31ca (Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún):

‘31cb.

32021 R 0023: Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:

(a)

D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na téarmaí “Ballstát/Ballstáit”, “údarás réitigh/údaráis réitigh” agus “údarás inniúil/údaráis inniúla”, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE, a n-údaráis réitigh agus a n-údaráis inniúla ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán.

(b)

Tagairtí do chumhachtaí ESMA faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle sa Rialachán, tuigfear go dtagraíonn siad, sna cásanna dá bhforáiltear i bpointe 31i den Iarscríbhinn seo agus i gcomhréir leis, do chumhachtaí Údarás Faireacháin CSTE a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE.

(c)

Le tagairtí do “chomhaltaí den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC)” nó do “bhainc cheannais”, tuigfear go n-áirítear bainc cheannais náisiúnta Stáit CSTE, sa bhreis ar a mbrí sa Rialachán, ach amháin a mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, nach mbeidh feidhm ag tagairtí den sórt sin ina leith.

(d)

Tuigfear gur tagairtí do Chomhaontú LEE iad na tagairtí do dhlí an Aontais.

(e)

I bpointe (30) d’Airteagal 2, cuirfear na focail “Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE” in ionad na bhfocal “Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)”.

(f)

Tagairtí do chreat Státchabhrach an Aontais mar a shainmhínítear i bpointe (39) d’Airteagal 2, tuigfear go dtagraíonn siad don chreat Státchabhrach a bhunaítear le Caibidil 2 de Chuid IV de Chomhaontú LEE, lena n-áirítear na hIarscríbhinní agus na Prótacail ábhartha a ghabhann le Comhaontú LEE agus, a mhéid a bhaineann leis na Stáit CSTE, forálacha ábhartha an Chomhaontaithe idir na Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.

(g)

I bpointe (k) d’Airteagal 4(2), cuirfear na focail “airgeadraí oifigiúla Pháirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE” in ionad na bhfocal “airgeadraí de chuid an Aontais”.

(h)

In Airteagal 36(1), a mhéid a bhaineann leis na Stáit CSTE, is “Údarás Faireacháin CSTE” a bheidh ann in ionad na bhfocal “an Coimisiún”.

(i)

In Airteagal 43(2), cuirfear na focail “rialacha iomaíochta Chomhaontú LEE” in ionad na bhfocal “rialacha iomaíochta an Aontais”.

(j)

In Airteagal 73:

(i)

i bpointe (b) de mhír 1, cuirfear isteach na focail “agus Údarás Faireacháin CSTE” i ndiaidh an fhocail “ÚBE”;

(ii)

i bpointe (b) de mhír 5, cuirfear na focail “Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”.

(k)

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 76.

(l)

In Airteagal 77(1), a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, ní bheidh feidhm ag na focail “dá dtagraítear in Airteagal 76(1)”.

(m)

In Airteagal 79:

(i)

i mír 1, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, ní bheidh feidhm ag na focail “dá dtagraítear in Airteagal 76(1)” ná “dá bhforáiltear in Airteagal 76(1)”;

(ii)

cuirfear an fhomhír seo a leanas le mír 2:

“Ní bheidh tabhairt i gcrích socruithe comhair den sórt sin éigeantach d’údaráis inniúla ná d’údaráis réitigh Stáit CSTE.”.’

5.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31cb (Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘31cba.

32023 R 0450: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/450 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an t-ord ar dá réir atá CPLanna leis an gcúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2021/23 a íoc, an líon uasta blianta ar lena linn atá na CPLanna sin le sciar dá mbrabúis bhliantúla a úsáid le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin le sealbhóirí ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar a mbrabúis amach anseo agus an sciar uasta de na brabúis sin atá le húsáid le haghaidh na n-íocaíochtaí sin (IO L 67, 3.3.2023, lch. 5).

31cbb.

32023 R 0451: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/451 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena sonraítear na tosca a bheidh le cur san áireamh ag an údarás inniúil agus ag an gcoláiste maoirseachta agus measúnú á dhéanamh ar phlean téarnaimh na gcontrapháirtithe lárnacha (IO L 67, 3.3.2023, lch. 7).

31cbc.

32023 R 0840: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/840 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an mhodheolaíocht chun an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a bheidh le húsáid i gcomhréir le hAirteagal 9(14) den Rialachán sin a ríomh agus a chothabháil (IO L 107, 21.4.2023, lch. 29).’

Airteagal 2

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 4 (Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32021 R 0023: Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1).’

Airteagal 3

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1 (Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), i bpointe 10d (Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) agus i bpointe 10g (Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32021 R 0023: Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1).’

Airteagal 4

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán (AE) 2021/23 agus Rialacháin Tharmligthe (AE) 2023/450, (AE) 2023/451 agus (AE) 2023/840 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. …/… ó Chomhchoiste LEE an … (7) [lena n-ionchorpraítear {Rialachán (AE) 2019/2099} i gComhaontú LEE], nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. …/… ó Chomhchoiste LEE an … (8) [lena n-ionchorpraítear {Treoir (AE) 2019/2121} i gComhaontú LEE] cibé acu is déanaí.

Airteagal 6

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, a ghabhann le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i/in/sa …, …

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rúnaithe

Chomhchoiste LEE


(1)   IO L 22, 22.1.2021, lch. 1.

(2)   IO L 49, 12.2.2021, lch. 6.

(3)   IO L, 2024/695, 14.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/695/oj.

(4)   IO L 67, 3.3.2023, lch. 5.

(5)   IO L 67, 3.3.2023, lch. 7.

(6)   IO L 107, 21.4.2023, lch. 29.

(*1)  [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.].

(7)  IO L …

(8)  IO L …


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/231/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top