Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026C03440

Dearbhú Comhpháirteach maidir leis ‘An Eoraip ar son Cultúir – Cultúr ar son na hEorpa’

ST/9202/2026/INIT

IO C, C/2026/3440, 25.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3440/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3440/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3440

25.6.2026

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LEIS ‘AN EORAIP AR SON CULTÚIR – CULTÚR AR SON NA hEORPA’

(C/2026/3440)

I.   RÉAMHRÁ

1.

An 12 Samhain 2025, chuir an Coimisiún dréacht-Dearbhú Comhpháirteach maidir leis ‘An Eoraip ar son Cultúir — Cultúr ar son na hEorpa’ (‘Dearbhú Comhpháirteach’) (1) faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa. Is é is aidhm don Dearbhú sin féachaint chuige go mbeidh tiomantas polaitiúil neartaithe an don chultúr, faoi chuimsiú róil agus inniúlachtaí gach institiúide faoi seach.

2.

An 1 Aibreán, d’údaraigh Coiste na mBuanionadaithe don Uachtaránacht tús a chur leis an bplé idirinstitiúideach le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún ar bhonn an téacs mar a leagtar amach in 7663/26 REV 1 é, tar éis don Choiste um Ghnóthaí Cultúrtha scrúdú a dhéanamh air an 21 Eanáir 2026 agus an 17 Feabhra 2026.

3.

Tionóladh ceithre chruinniú idirinstitiúideacha d’fhonn téacs an Dearbhaithe a phlé, trí cinn ar an leibhéal teicniúil (an 22 Aibreán, an 4 Bealtaine, an 6 Bealtaine 2026) agus ceann eile ar an leibhéal polaitiúil (an 18 Bealtaine 2026 in Strasbourg) inar thángthas ar chomhaontú polaitiúil sealadach le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún. Leagtar amach san Iarscríbhinn an comhréiteach ar thángthas air.

4.

Is ceart do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún an Dearbhú Comhpháirteach a shíniú anois.

II.   CONCLÚID

Iarrtar ar Choiste na mBuanionadaithe an méid seo a leanas a dhéanamh:

an comhaontú a dhearbhú; agus

a mholadh don Chomhairle an méid seo a leanas a dhéanamh:

an téacs i ndáil le ‘Dearbhú Comhpháirteach maidir leis “An Eoraip ar son Cultúir — Cultúr ar son na hEorpa”’, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn é, a fhormheas; agus

a údarú don Uachtaránacht an Dearbhú a shíniú thar a ceann.


(1)  15410/25 ADD 2


IARSCRÍBHINN

Dréacht-Dhearbhú Comhpháirteach

‘An Eoraip ar son Cultúir – Cultúr ar son na hEorpa’

De bharr an mhéid seo a leanas:

a)

Is mór-roinn í an Eoraip ina bhfuil ealaín, cultúr agus cruthaitheacht as cuimse agus ag a bhfuil oidhreacht shaibhir chultúrtha agus stair shaibhir. Tá éagsúlacht chultúrtha agus beogacht na hEorpa, a fhaigheann spreagadh ó shármhaitheas a healaíontóirí agus a gairmithe cultúir agus cruthaitheachta, ríthábhachtach do luachanna agus féiniúlacht an Aontais, cothaítear leo muintearas Eorpach agus féiniúlacht chomhroinnte Eorpach, agus neartaítear an daonlathas leo.

b)

Is earnálacha eacnamaíocha dinimiciúla iad earnálacha agus tionscail an chultúir agus na cruthaitheachta. Bíonn gach cineál léirithe agus gach cineál taispeántais a bhaineann leis na healaíona, leis an gcultúr agus leis an oidhreacht chultúrtha i gceist, le cois an chlosamhairc agus na meán. Is acmhainní straitéiseacha iad le haghaidh iomaíochas agus chomhtháthú na hEorpa, lena ngintear fás eacnamaíoch agus éifeachtaí iarmharta dearfacha ar fud earnálacha agus críoch, lena gcruthaítear poist cháilithe, agus lena dtiomáintear buntáiste cruthaitheach agus nuálach an Aontais.

c)

Tá an cultúr agus an oidhreacht chultúrtha mar bhonn taca leis na croíluachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe – meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine (Airteagal 2 CAE) – agus is léiriú iad ar an mana ‘Aontaithe san éagsúlacht’. Is é cuspóir uileghabhálach an Aontais i réimse an chultúir saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga a urramú agus a chur chun cinn; a áirithiú go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a choimirciú agus a fheabhsú; agus comhar idir na Ballstáit a spreagadh (Airteagal 3 CAE, Airteagal 167 CFAE), agus ar an gcaoi sin tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát i réimse an chultúir.

d)

Trí bhíthin an chultúir agus na hoidhreachta cultúrtha, bíonn deis ann saol tarraingteach spéisiúil don todhchaí a shamhlú, agus tá siad thar a bheith tábhachtach do shaol na nEorpach. Cuireann siad ardán ar fáil don idirphlé poiblí, déantar pobail a aontú leo agus beatha daoine a shaibhriú, tugtar comhtháthú isteach inár sochaithe leo agus is gné thábhachtach iad do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Is féidir leis an Aontas lántairbhe a bhaint as a shócmhainní cultúrtha chun athléimneacht a chothú, an tsíocháin agus an daonlathas a chur chun cinn, agus chun réitigh nuálacha a spreagadh lena rannchuidítear leis an bhforbairt inbhuanaithe.

e)

Is acmhainn straitéiseach é an cultúr don Aontas trínar féidir aghaidh a thabhairt ar réaltachtaí práinneacha an lae inniu, amhail teannais gheopholaitiúla agus gheo-eacnamaíocha, téamh domhanda agus díghrádú an chomhshaoil, neamh-chomhionannais shóisialta agus eacnamaíocha, athruithe gasta teicneolaíochta, athruithe déimeagrafacha, agus géarchéim mheabhairshláinte. An tráth céanna, tá dúshláin dá gcuid féin roimh earnálacha agus tionscail an chultúir agus na cruthaitheachta, tionscal an chlosamhairc ina measc, rud a fhágann go bhfuil gá le tacaíocht spriocdhírithe agus gníomhaíocht dheimhneach.

f)

Sa dearbhú seo cuirtear friotal ar fhís straitéiseach fhadtéarmach lena bhféachfar leis an gcultúr a chur i gcroílár fhéiniúlacht na hEorpa, agus cuirtear freisin leis an méid a baineadh amach le Pleananna Oibre an Aontais don Chultúr. Leagtar béim ar a thábhachtaí atá an cultúr do dhaoine aonair, do phobail agus don Aontas, agus neartaítear cearta agus prionsabail chultúrtha. Aithnítear go gcuirtear féiniúlachtaí, luachanna agus bríonna in iúl le gníomhaíochtaí, earraí agus seirbhísí cultúrtha. Athdhearbhaítear freisin gur cheart don Aontas gnéithe cultúrtha a chur san áireamh ina chuid gníomhaíochtaí go léir, go háirithe chun éagsúlacht a chuid cultúr a urramú agus a chur chun cinn.

g)

Agus aitheantas á thabhairt do ról tacaíochta an Aontais i réimse an chultúir, dearbhaítear leis an dearbhú seo gealltanais pholaitiúla chomhroinnte agus freagrachtaí polaitiúla comhroinnte Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus an Choimisiúin Eorpaigh – laistigh dá n-inniúlachtaí éagsúla agus i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais – bunaithe ar na príomhthreoracha a leagtar amach i gCompás Cultúir 2025 an Choimisiúin don Aontas Eorpach.

Dearbhú Comhpháirteach maidir leis ‘An Eoraip ar son Cultúir – Cultúr ar son na hEorpa’

Tá sé d’aidhm againn an cultúr a chur chun cinn agus a shuí mar acmhainn le haghaidh aontacht, dhaonlathas, éagsúlacht, bharr feabhais agus iomaíochas na hEorpa, agus go dtairbheodh an cultúr de na nithe sin freisin. Agus, dá bhrí sin, táimid tiomanta an méid seo a leanas a dhéanamh:

Treisiú le ról an Aontais Eorpaigh mar lárionad cumhachta cultúrtha domhanda agus mar mhol bríomhar cruthaitheachta, áit ar féidir le gach neach a bheith cruthaitheach gan srian, agus fáil acu ar an gcúltur agus a bheith rannpháirteach ann gan srian; ról a sheasann le cearta cultúrtha, agus a thugann cumhacht do shaoránaigh agus do ghairmithe cruthaitheacha.

A áirithiú go leanfaidh an cultúr de bheith ina phríomhspreagadh lena neartaítear creatlach shocheacnamaíoch agus chríochach na hEorpa agus aitheantas á thabhairt do luach intreach, sochaíoch, sibhialta agus eacnamaíoch an chultúir, agus dá acmhainneacht chlaochlaitheach.

Bearta a chur chun cinn chun daoine a chumhachtú, dul chun cinn a dhéanamh, nuálaíocht a dhéanamh agus dul san iomaíocht ar fud an domhain.

Luach intreach an chultúir agus ról an chultúir mar leas poiblí a aithint, rud a chuireann le hathléimneacht agus fás inbhuanaithe an Aontais.

I gcomhréir leis na gealltanais sin agus leis na ceithre phríomhthreoir den Chompás Cultúir don Aontas Eorpach, dearbhaímid go bhfuilimid tugtha go hiomlán do na prionsabail seo a leanas le haghaidh beartais chultúrtha san Eoraip.

1.

Bunsraitheanna an chultúir is ea saoirse an léirithe ealaíonta agus an tsaoirse chun cultúr a chruthú, agus tá ról fíor-riachtanach acu maidir le sochaithe daonlathacha a chothú agus luachanna Eorpacha a chaomhnú.

Táimid tiomanta na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Saoirse an léirithe ealaíonta agus urraim do luachanna an Aontais a chosaint mar bhunchloch an daonlathais agus mar chearta bunúsacha laistigh den Aontas Eorpach.

Ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha a chosaint ar chinsireacht, ar imeaglú agus ar chur isteach míchuí.

Neamhspleáchas na n-institiúidí cultúrtha a chosaint.

2.

Is bunluachanna iad an éagsúlacht chultúrtha agus teanga ar a bhfuil an tAontas fothaithe. Táimid tiomanta na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Saibhreas éagsúlachta cultúrtha agus teanga an Aontais Eorpaigh agus a cheannasacht chultúrtha a cheiliúradh agus a chaomhnú, agus tacú leo.

Éagsúlacht shaibhir na saothar cultúrtha agus an ábhair chultúrtha a chruthaítear san Eoraip a chur chun cinn, go háirithe ar líne, a n-infheictheacht agus a n-infhionntacht a chothú, i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus lánurraim á tabhairt don éagsúlacht teanga.

3.

Is colún bunúsach de shochaithe daonlathacha cuimsitheacha í an rochtain ar an gcultúr. Táimid tiomanta na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Rochtain chuimsitheach ar an gcultúr agus ar an oidhreacht chultúrtha a fheabhsú, rannpháirtíocht sa chultúr agus san oidhreacht chultúrtha a fheabhsú, agus feabhas a chur ar an sult agus ar an tairbhe a bhaintear astu, go háirithe na glúnta óga.

Aird ar leith a thabhairt ar chearta cultúrtha, ina measc rochtain a bheith ag daoine leochaileacha ar an gcultúr, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, daoine imeallaithe nó daoine faoi mhíbhuntáiste, agus daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe, iargúlta nó i gceantair atá i ndíth seirbhísí – lena n-áirítear limistéir atá i mbaol a mbánaithe nó a bhfuil dúshláin shocheacnamaíocha rompu.

Barr maise agus feabhas a chur ar an mbonneagar cultúrtha ar fud na hEorpa, agus aird á tabhairt ar aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí socheacnamaíocha agus críochacha, agus rannpháirtíocht sa chultúr a chothú ar an leibhéal áitiúil.

4.

Tá an ceart ag gach duine chun dálaí oibre cothroma, córa, sláintiúla agus sábháilte, lena n-áirítear ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha atá i gcroílár ár n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta. Tá luach saothair cothrom agus dálaí leordhóthanacha oibre bunriachtanach don tsaoirse ealaíne agus don éagsúlacht chultúrtha. Táimid tiomanta na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Luach saothair cothrom, cosaint shóisialta leordhóthanach, rochtain ar fhorbairt scileanna agus soghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha uile a chur chun cinn, agus urraim á tabhairt do ról agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, chomh maith le tacú lena gcearta cómhargála, agus a sláinte agus a sábháilteacht cheirde a chothú, lena n-áirítear a meabhairshláinte.

Comhionannas inscne a chur chun cinn i réimse an chultúir agus na hoidhreachta cultúrtha, agus cearta ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha faoi mhíchumas a chosaint.

5.

daoine óga ríthábhachtach chun todhchaí na hEorpa agus a tírdhreach cultúrtha éagsúil a mhúnlú. Táimid tiomanta na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Ionadaíocht agus rannpháirtíocht daoine óga i múnlú beartas cultúrtha a chur chun cinn chun go n-éistfí leo i bpróisis chinnteoireachta a bhaineann leo.

Tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí óga agus d’ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn, daoine imeallaithe nó daoine faoi mhíbhuntáiste ina measc, agus aitheantas á thabhairt don mhéid a chuireann siad le cultúr agus oidhreacht na hEorpa.

Comhar agus malartú idirghlúine a spreagadh idir na healaíontóirí lena chinntiú go mbeidh scileanna, eolas agus traidisiúin á dtabhairt ar aghaidh ó ghlúin go glúin.

6.

Tá an tsineirge idir an cultúr, na healaíona agus an t-oideachas ríthábhachtach i dtaca le forbairt agus rathúnas na sochaithe a bheidh ann amach anseo. Táimid tiomanta na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Oideachas sna healaíona a chothú don uile dhuine san fhoghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, mar chuid den fhoghlaim ar feadh an tsaoil, rud a chuirfidh le héagsúlacht agus le hathléimneacht an Aontais.

Tacú le cur chuige STEAM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Ealaíona agus Matamaitic) agus le sineirgí idirdhisciplíneacha agus trasdisciplíneacha idir an cultúr, na healaíona, an eolaíocht agus an teicneolaíocht.

7.

Tá sé cruthaithe go mbíonn tionchair dhearfacha ag an rannpháirtíocht chultúrtha ar shláinte agus ar fholláine daoine aonair agus pobal. Táimid tiomanta na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Éifeachtaí dearfacha an chultúir agus na rannpháirtíochta cultúrtha ar an tsláinte agus ar an bhfolláine a chur chun cinn trínár mbeartais.

Dea-chleachtais agus cineálacha cur chuige nuálacha a chomhroinnt ar fud na n-earnálacha.

8.

Le húsáid, forbairt agus rialachas eiticiúil, inbhuanaithe agus freagrach chórais na hIntleachta Saorga (IS), ba cheart cruthaitheacht an duine a chothú trí chur chuige cothrom duine-lárnach agus cearta-bhunaithe. Ba cheart di an méid seo a leanas a dhéanamh: cearta cultúrtha, inrochtaineacht, cuimsitheacht agus éagsúlacht chultúrtha a urramú; infhionntacht agus infheictheacht ábhair Eorpaigh, náisiúnta agus áitiúil a chur chun cinn agus rannchuidiú leo; iomaíochas a chothú; cur i gcoinne deighiltí digiteacha; agus cuimsiú digiteach a chothú. Táimid tiomanta na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Cruthaitheacht an duine agus ceannasacht dhigiteach chultúrtha agus teanga na hEorpa a chur chun cinn, agus aghaidh a thabhairt ar rioscaí eiticiúla a bhaineann le claontachtaí agus homaiginiú cultúrtha.

Cearta maoine intleachtúla a chosaint, trí aghaidh a thabhairt ar thionchair IS ar chruthaitheoirí agus ar luach saothair cóir dóibh, agus san am céanna glacadh go fonnmhar leis an nuálaíocht.

Trédhearcacht a chothú maidir le hábhar arna ghiniúint ag an intleacht shaorga, ionas gur fusa idirdhealú a dhéanamh idir ábhar arna ghiniúint ag an duine agus ábhar arna ghiniúint ag an intleacht shaorga.

Faireachán a dhéanamh ar thionchar IS ar phoist agus an tionchar sin a mhaolú, chomh maith le tacú le hearnálacha agus tionscail an chultúir agus na cruthaitheachta chun oiriúnú don athrú teicneolaíoch agus scileanna digiteacha a fháil.

Úsáid IS a chothú mar uirlis chun tacú le gairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha, agus a chur ar chumas earnálacha agus thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis na teicneolaíochtaí sin, agus go dtreiseofar ar an gcaoi sin le hacmhainneacht nuálaíochta na hEorpa agus lena iomaíochas teicneolaíochta ar an leibhéal domhanda.

9.

Nascann an oidhreacht chultúrtha an seansaol leis leis an saol atá romhainn amach anseo. Is siombail é den aontacht san éagsúlacht agus is bunchloch í dár bhféiniúlacht, dár ndaonlathas agus dár n-athléimneacht. Táimid tiomanta na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Oidhreacht shaibhir nádúrtha agus chultúrtha na hEorpa a choimirciú, a chosaint agus a chur chun cinn – idir inláimhsithe agus doláimhsithe – agus leas á bhaint san am céanna as teicneolaíochtaí digiteacha chun caomhnú agus nuálaíocht na hoidhreachta sin, agus an rochtain uirthi, a chothú.

Feabhas a chur ar fheasacht, ar thaighde agus ar fhothú acmhainneachta, agus ar úsáid agus idir-inoibritheacht bunachar sonraí agus teicneolaíochtaí digiteacha chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt na gáinneála ar earraí cultúrtha agus coireanna gaolmhara eile, agus an tráth céanna comhar á chothú i measc na ngairmithe ábhartha, amhail gairmithe oidhreachta, gairmithe fhorfheidhmiú an dlí nó custaim, lena n-áirítear sa chomhthéacs idirnáisiúnta.

Malartú idirghlúine a chothú chun tarchur na hoidhreachta cultúrtha agus an eolais ó na glúnta níos sine go dtí na glúnta óga a áirithiú.

10.

Leis an gcultúr agus leis an oidhreacht chultúrtha, cothaítear forbairt réigiúnach agus chríochach, athléimneacht, comhtháthú sóisialta agus cóineasú idir réigiúin na hEorpa. Ní mór iad a chosaint freisin le linn géarchéimeanna, lena n-áirítear ar rioscaí amhail éifeachtaí an athraithe aeráide. Táimid tiomanta na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Leas a bhaint as acmhainneacht an chultúir agus na hoidhreachta cultúrtha, i sineirge le limistéir eile, chun tarraingteacht na gcríoch uile a threisiú agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chríochacha, lena n-áirítear cur i gcoinne meath déimeagrafach, go háirithe i limistéir fhorimeallacha, thuaithe, iargúlta agus i limistéir atá i ndíth seirbhísí, agus sna réigiúin is forimeallaí san Aontas.

Turasóireacht chultúrtha inbhuanaithe a chur chun cinn, agus urraim á tabhairt don oidhreacht chultúrtha, do thírdhreacha agus do chleachtais phobail, agus rannchuidiú leis an bhforbairt réigiúnach agus áitiúil.

Féachaint ar bhealaí éagsúla chun an cultúr agus an oidhreacht chultúrtha a chomhtháthú sa chomhar maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, pleanáil slándála agus pleanáil ullmhachta i gcomhair géarchéimeanna, bainistiú géarchéime agus riosca, atógáil iar-ghéarchéime, téarnamh agus próisis cothaithe síochána.

11.

Tá an cultúr, lena n-áirítear an oidhreacht chultúrtha, ríthábhachtach san aistriú i dtreo na hinbhuanaitheachta comhshaoil toisc go múnlaíonn sé luachanna, iompraíochtaí agus cleachtais atá mar bhonn agus mar thaca le forbairt atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de. Táimid tiomanta na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Béim a leagan ar a thábhachtaí atá an cultúr sa fhreagairt bheartais ar dhúshláin éiceolaíocha, trí ailtireacht, dearadh, cosaint oidhreachta, bainistiú tírdhreacha a chur chun cinn lena saothraítear cáilíocht, nuálaíocht, cuimsiú agus barr feabhais, agus trí ghlacadh uirlisí agus scileanna praiticiúla glasaithe a spreagadh agus trí ghníomhairí cultúrtha agus oidhreachta a chumasú chun insintí a stiúradh agus a athrú i gcomhchruthú le pobail.

12.

Is éard atá i gceist le huaillmhianta an dearbhaithe seo a shaothrú agus lántairbhe a bhaint as tionchair thrasnacha an chultúir an cultúr a chur chun cinn i mbeartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais, aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus ar infheistíocht a dhéanamh in earnálacha agus tionscail an chultúir agus na cruthaitheachta, agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn. Táimid tiomanta na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Tacú le hinbhuanaitheacht earnálacha agus thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta agus an oidhreacht chultúrtha a chosaint, lena n-áirítear trí chineálacha éagsúla cistiúcháin a spreagadh agus trí mhodhanna nuálacha agus malartacha cistiúcháin a mheas ar gach leibhéal rialachais.

Féachaint chuige go ndéanfar an cultúr a phríomhshruthú go héifeachtach i straitéisí, beartais agus gníomhaíochtaí ábhartha an Aontais, agus na huirlisí cistiúcháin comhfhreagracha a áirithiú ó chéim luath an deartha go dtí an cur chun feidhme.

Feabhas a chur ar chúrsaíocht trasteorann na saothar cultúrtha Eorpach, agus ar chúrsaíocht na héagsúlachta is dual dóibh.

Dlúth-idirphlé rialta a choinneáil ar bun leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

An dearbhú sin a chur chun cinn — laistigh de róil agus cumhachtaí na sínitheoirí faoi seach — i gcaidreamh an Aontais le tíortha comhpháirtíochta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, agus comhar a chothú laistigh d’fhóraim iltaobhacha.

Tionscnaimh a chur chun cinn arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar infhaighteacht sonraí fónta inchomparáide maidir leis an gcultúr chun tacú le beartais chultúrtha atá bunaithe ar fhianaise a fhorbairt.

Athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn sna réimsí a chumhdaítear sa dearbhú seo.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3440/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top