Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2606

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2606 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2025 lena leagtar amach an fhormáid le haghaidh tuarascálacha na mBallstát maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2025/8792

IO L, 2025/2606, 19.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2606/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2606/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2606

19.12.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2606 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Nollaig 2025

lena leagtar amach an fhormáid le haghaidh tuarascálacha na mBallstát maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le cur chun cinn feithiclí iompair de bhóthar atá glan chun tacú le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí (1), go háirithe Airteagal 10 (6) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um bonneagar breoslaí malartacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 10(2) de Threoir 2009/33/CE maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan a chur chun cinn, ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascálacha a chur isteach maidir le cur chun feidhme na Treorach sin. Ba cheart faisnéis a sholáthar sna tuarascálacha sin maidir leis an méid seo a leanas: i) líon agus catagóirí na bhfeithiclí a chumhdaítear leis na conarthaí soláthair phoiblí a thagann faoi raon feidhme na Treorach; ii) na bearta a rinneadh chun an Treoir a chur chun feidhme; agus iii) gníomhaíochtaí cur chun feidhme amach anseo. Ba cheart dóibh aon fhaisnéis eile a mheasann an Ballstát a bheith ábhartha a sholáthar freisin. Ba cheart an chéad tuarascáil den chineál sin a chur isteach faoin 18 Aibreán 2026 agus ba cheart faisnéis a bhaineann leis an gcéad tréimhse thagartha, ón 2 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Nollaig 2025, a chumhdach inti.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 10(6) de Threoir 2009/33/CE, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach an fhormáid le haghaidh na dtuarascálacha sin atá le tíolacadh ag na Ballstáit.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Threoir 2009/33/CE, ba cheart don Choimisiún cuidiú leis na Ballstáit a n-oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh trí na sonraí ábhartha a bhaint as fógraí conartha a fhoilsítear i mbunachar sonraí Tenders Electronic Daily, agus an fhaisnéis ábhartha faoi na conarthaí soláthair phoiblí a chomhthiomsú agus a fhoilsiú faoi raon feidhme na Treorach.

(4)

Ó mhí Feabhra 2024 ar aghaidh, cuireadh córas nua chun conarthaí soláthair phoiblí a ionchódú trí ríomhfhoirmeacha in ionad an chórais fógraí a bhí ann roimhe sin faoi bhunachar sonraí Tenders Electronic Daily. Leis an gcóras nua, cumasaítear ionchódú tiomnaithe agus asbhaint uathoibríoch sonraí atá ábhartha do chur chun feidhme Threoir 2009/33/CE. Bhain an Coimisiún an fhaisnéis uile ó na fógraí ábhartha ó bhunachar sonraí Tenders Electronic Daily faoin gcóras fógraí a bhí ann roimhe. Roinn an Coimisiún an fhaisnéis sin leis na Ballstáit tríd an gCoiste um bonneagar breoslaí malartacha.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um bonneagar breoslaí malartacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunaítear leis an Rialachán seo an teimpléad le haghaidh na tuarascálacha maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/33/CE, atá le tíolacadh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 10(2) den Treoir sin.

Tá an teimpléad leagtha amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 120, 15.5.2009, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/33/oj.


IARSCRÍBHINN

TEIMPLÉAD CHUN CUR CHUN FEIDHME THREOIR 2009/33/CE A THUAIRISCIÚ

1.   Leagan amach institiúideach agus trasuí

Ní mór forléargas a thabhairt sa roinn seo ar dhualgas agus ar inniúlachtaí na gcomhlachtaí poiblí éagsúla a mhéid a bhaineann le trasuí agus cur chun feidhme Threoir 2009/33/CE, agus míniú a thabhairt inti ar an gcaoi ar comhroinneadh an dícheall laistigh den Bhallstát.

1.1.   An tÚdarás atá freagrach as an Treoir a thrasuí agus a chur chun feidhme

Ní mór na príomhúdaráis phoiblí atá freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Treoir chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta (e.g, an aireacht iompair, an aireacht gnóthaí eacnamaíochta) a liostú sa roinn seo. Má dhéantar inniúlachtaí a chomhroinneadh idir na leibhéil náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, is féidir é sin a mhíniú anseo.

1.2.   Na spriocanna íosta soláthair agus comhroinnt díchill laistigh den Bhallstát

An chaoi a gcuirtear na spriocanna íosta soláthair a leagtar síos in Airteagal 5 agus Iarscríbhinn 1 de Threoir 2009/33/CE i bhfeidhm laistigh den Bhallstát, ní mór an méid sin a chur i láthair sa roinn seo. Go háirithe, ní mór do na Ballstáit a léiriú ar cuireadh na spriocanna íosta soláthair i bhfeidhm trí bhíthin: i) an leibhéal uaillmhéine céanna a úsáid do na húdaráis chonarthacha uile agus na heintitis chonarthacha atá laistigh de raon feidhme na Treorach; nó ii) leibhéil éagsúla uaillmhéine a leagan síos do na húdaráis éagsúla conarthacha agus eintitis chonarthacha. Sa chás deireanach sin, ba cheart míniú gairid ar an gcaoi ar leagadh síos na spriocanna éagsúla a thabhairt.

1.3.   Díolúintí náisiúnta

Léireofar sa roinn seo ar bhain an Ballstát úsáid as díolúintí náisiúnta le haghaidh aon chatagóir feithiclí a liostaítear in Airteagal 2 de Threoir 2009/33/CE.

2.   Sonraí cáilíochta ón mbunachar sonraí Tenders Electronic Daily (TED) agus ríomhfhoirmeacha

Ní mór na sonraí maidir le líon agus catagóirí na bhfeithiclí a chumhdaítear leis na conartha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) d’Airteagal 3(1) de Threoir 2009/33/CE – arna thiomsú agus arna fhoilsiú ag an gCoimisiún trí na sonraí ábhartha a asbhaint as fógraí faoi dhámhachtain conartha atá foilsithe ar TED – a chur i láthair sa roinn seo má theastaíonn uathu úsáid a bhaint as aon chuid de na sonraí sin don tuarascáil seo. Féadfaidh na Ballstáit a bhraitheann go heisiach ar chórais náisiúnta faireacháin agus tuairiscithe, gan sonraí ón mbunachar TED a chomhtháthú, an roinn seo a fhágáil folamh.

Don chéad tréimhse thagartha, déanann an Coimisiún sonraí a asbhaint agus a fhoilsiú ar leithligh le haghaidh na bhfógraí atá ionchódaithe in TED go 31 Nollaig 2023 inar baineadh úsáid as an bhformáid tuairiscithe a bhí ann roimhe seo, agus le haghaidh iad siúd a ionchódaítear ón 1 Eanáir 2024 ina mbaintear úsáid as na ríomhfhoirmeacha atá ann faoi láthair. Ní mór na sonraí sin a chuimsiú ar leithligh i dTáblaí 1a agus 1b, faoi seach; I dTábla 1b (fógraí a ionchódaíodh idir an 1 Eanáir 2024 agus an 31 Nollaig 2025), féadfaidh na Ballstáit na sonraí a ionchódú a d’asbhain an Coimisiún nó sonraí a úsáid a asbhaineann siad go díreach as an mbunachar sonraí. Mar sin féin, ba cheart do na sonraí a cuimsíodh sa tábla sin teacht ón mbunachar TED agus ríomhfhoirmeacha, agus ní ó chórais náisiúnta faireacháin agus tuairiscithe ar leithligh. Ní mór líon foriomlán ar feadh na tréimhse iomláine a bheith i dTábla 1, rud a fhaightear trí na figiúirí atá sna cealla comhfhreagracha i dTábla 1a agus 1b a chur le chéile.

Le haghaidh tréimhsí tagartha ina dhiaidh sin, ní mór Tábla 1 amháin a úsáid. Déanfaidh an Coimisiún sonraí a thiomsú don tréimhse iomlán san fhormáid chéanna (ríomhfhoirmeacha) agus ní mór na sonraí sin a bheith curtha san áireamh go díreach i dTábla 1.

Sa tríú colún de na Táblaí 1, 1a, agus 1b, ní mór do na Ballstáit a léiriú cén sciar de na fógraí a cuimsíodh sa tábla lena mbaineann a chuireann an fhaisnéis uile ar fáil is gá le haghaidh na gceanglas faireacháin agus tuairiscithe i dTreoir 2009/33, mar atá an cineál feithiclí, a gcatagóir agus an amhlaidh an feithiclí glana iad seo i gcomhréir le hAirteagal 4 (4) den Treoir, ar choinníoll go bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil (1).

Tábla 1

Sonraí comhiomlánaithe ón mbunachar TED agus ó na ríomhfhoirmeacha, lena gcumhdaítear an tréimhse thagartha iomlán

Cineál feithicle

Líon na bhfógraí

Sciar na bhfógraí a sholáthraíonn an fhaisnéis uile (má tá an t-eolas sin ar fáil)

An líon foriomlán feithiclí

Líon na bhfeithiclí glana

Sciar na bhfeithiclí glana

(Le haghaidh busanna amháin) Líon na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha

(Le haghaidh busanna amháin) Sciar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha

Feithiclí saothair éadroim

 

 

 

 

 

neamhbhainteach

neamhbhainteach

Trucailí

 

 

 

 

 

neamhbhainteach

neamhbhainteach

Busanna

 

 

 

 

 

 

 

Faisnéis bhreise

Féadfaidh na Ballstáit an bosca téacs seo a úsáid chun aon trácht nó aon fhaisnéis eile a mheasann siad a bheith ábhartha leis na sonraí a d’asbhain agus a d’fhoilsigh an Coimisiún.


Tábla 1

Sonraí a asbhaineadh as an mbunachar sonraí TED (tréimhse ón 2 Lúnasa go 31 Nollaig 2023)

Cineál feithicle

Líon na bhfógraí

Sciar na bhfógraí a sholáthraíonn an fhaisnéis uile (má tá an t-eolas sin ar fáil)

An líon foriomlán feithiclí

Líon na bhfeithiclí glana

Sciar na bhfeithiclí glana

(Le haghaidh busanna amháin) Líon na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha

(Le haghaidh busanna amháin) Sciar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha

Feithiclí saothair éadroim

 

 

 

 

 

neamhbhainteach

neamhbhainteach

Trucailí

 

 

 

 

 

neamhbhainteach

neambhainteach

Busanna

 

 

 

 

 

 

 

Faisnéis bhreise

Féadfaidh na Ballstáit an bosca téacs seo a úsáid chun aon trácht nó aon fhaisnéis eile a mheasann siad a bheith ábhartha leis na sonraí a d’asbhain agus a d’fhoilsigh an Coimisiún.


Tábla 1b

Sonraí a asbhaineadh as ríomhfhoirmeacha (tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go 31 Nollaig 2025)

Cineál feithicle

Líon na bhfógraí

Sciar na bhfógraí a sholáthraíonn an fhaisnéis uile (má tá an t-eolas sin ar fáil)

An líon foriomlán feithiclí

Líon na bhfeithiclí glana

Sciar na bhfeithiclí glana

(Le haghaidh busanna amháin) Líon na bhfeithiclí astaíochta nialasacha

(Le haghaidh busanna amháin) Sciar na bhfeithiclí astaíochta nialasacha

Feithiclí saothair éadroim

 

 

 

 

 

neamhbhainteach

neambhainteach

Trucailí

 

 

 

 

 

neambhainteach

neambhainteach

Busanna

 

 

 

 

 

 

 

Faisnéis bhreise

Féadfaidh na Ballstáit an bosca téacs seo a úsáid chun aon trácht nó aon fhaisnéis eile a mheasann siad a bheith ábhartha leis na sonraí a d’asbhain agus a d’fhoilsigh an Coimisiún.

3.   Sonraí cáilíochta ó fhoinsí náisiúnta

Ní mór do na Ballstáit a chuir scéimeanna náisiúnta faireacháin agus tuairiscithe ar bun nach mbraitheann go díreach ar an mbunachar sonraí TED an roinn seo a úsáid chun an fhaisnéis cáilíochta a tháirgtear trí scéimeanna den sórt sin a sholáthar. Is féidir an fhaisnéis sin a chur in ionad na faisnéise a asbhaineadh as an mbunachar TED agus na ríomhfhoirmeacha dá bhforáiltear i Roinn 2 nó is féidir léi í a chomhlánú.

Féadfar an roinn seo a úsáid chun aon sonraí breise cáilíochta a sholáthar a bhailíonn an Ballstát d’fhonn na bearnaí a shainaithnítear sna sonraí a asbhaineadh as an mbunachar sonraí TED agus a chuirtear i láthair i Roinn 2 a líonadh. Má bhaineann na Ballstáit úsáid as na sonraí a asbhaintear as an mbunachar sonraí TED agus /nó as na ríomhfhoirmeacha, agus as sonraí a bhailítear trí na foinsí náisiúnta araon, ba cheart na sonraí iomlána a chomhiomlánú agus a chur i láthair i dTábla 2, lena n-áirítear sonraí atá curtha i láthair cheana féin i Roinn 2 agus Tábla 1, agus sonraí breise a bhailíonn an Ballstát. Ba cheart freisin míniú a bheith i dTábla 2 ar an gcaidreamh idir na sonraí a sholáthraítear i Roinn 2 agus sa roinn seo.

De bhreis ar líon na bhfeithiclí agus líon agus sciar na bhfeithiclí glana agus busanna astaíochtaí nialasacha, féadfaidh na Ballstáit faisnéis a sholáthar maidir le méid foriomlán an tsoláthair atá i gceist. D’fhéadfaidís é sin a dhéanamh trí líon na gconarthaí atá i gceist a chuimsiú sa dara colún, a luach airgeadúil iomlán, nó aon bheart eile a ligfí do mheastachán a dhéanamh ar an líon foriomlán atá i gceist.

Na Ballstáit nár chuir scéim thiomnaithe faireacháin agus tuairiscithe ar bun agus nach bhfuil aon fhoinse bhreise acu i dtaobh sonraí cáilíochta a bhfuil sé i gceist acu ia chomhroinnt, féadfaidh siad an roinn seo a fhágáil folamh.

Tábla 2

An faireachán náisiúnta – sonraí comhiomlánaithe lena gcumhdaítear an tréimhse thagartha iomlán

Cineál feithicle

Líon na gconarthaí, an luach airgeadúil, nó aon tomhas ar mhéid an tsoláthair (má tá an t-eolas ar fáil)

An líon foriomlán feithiclí

Líon na bhfeithiclí glana (2)

Sciar na bhfeithiclí glana

(Le haghaidh busanna amháin) Líon na bhfeithiclí astaíochta nialasacha

(Le haghaidh busanna amháin) Céatadán na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha

Feithiclí saothair éadroim

 

 

 

 

neamhbhainteach

neambhainteach

Trucailí

 

 

 

 

neambhainteach

neambhainteach

Busanna

 

 

 

 

 

 

Tuairisc ar an gcur chuige bailithe sonraí

Ní mór do na Ballstáit an bosca téacs seo a úsáid chun forléargas gairid a sholáthar ar an scéim faireacháin agus tuairiscithe a chuir siad ar bun, lena n-áirítear go háirithe a raon feidhme, a cumhdach ama, aon difríocht a d’fhéadfadh a bheith ann le raon feidhme Threoir 2009/33/CE, agus iomláine an tuairiscithe i dtéarmaí sciar na bhfógraí a sholáthraíonn an fhaisnéis uile maidir le líon agus cineál na bhfeithiclí a soláthraíodh.

Má chuireann na sonraí a sholáthraítear sa tábla seo leis na sonraí a soláthraíodh i Roinn 2 agus má chomhtháthaíonn siad iad (e,g trí bhearnaí a shainaithnítear a líonadh), ní mór míniú a thabhairt ar an idirghaol idir an dá thacar sonraí anseo.

Faisnéis bhreise

Féadfaidh na Ballstáit an bosca téacs seo a úsáid chun aon trácht nó aon fhaisnéis eile a mheasann siad a bheith ábhartha leis na sonraí a d’asbhain agus a d’fhoilsigh an Coimisiún.

4.   Faisnéis cáilíochta maidir le cur chun feidhme na Treorach

Ní mór faisnéis a sholáthar sa roinn seo maidir leis na bearta a glacadh chun Treoir 2009/33EC a chur chun feidhme, maidir le gníomhaíochtaí cur chun feidhme a ghlacfar amach anseo, chomh maith le haon fhaisnéis eile a mheasann an Ballstát a bheith ábhartha. I gcás inarb ábhartha, féadfaidh na Ballstáit faisnéis réigiúnach nó áitiúil a chuimsiú sa roinn seo, go háirithe na Ballstáit úd ina ndéantar na hinniúlachtaí i dtaobh chur chun feidhme na Treorach a chomhroinnt ar fud na leibhéal éagsúla riaracháin.

4.1.   Faisnéis bhreise maidir le sonraí cáilíochta

Féadfaidh na Ballstáit an roinn seo a úsáid chun aon fhaisnéis bhreise a sholáthar a mheasann siad a bheith ábhartha chun na sonraí cáilíochta a chuirtear i láthair i Roinn 2 agus Roinn 3 a chomhtháthú agus a chomhlánú. Go háirithe, féadfaidh na Ballstáit aon fhaisnéis bhreise a sholáthar a bhaineann le haon fhógra, conradh nó nós imeachta soláthair nár cuireadh na sonraí cáilíochta ar fáil ina leith sna ranna roimhe seo.

4.2.   Bearta a glacadh d’fhonn an Treoir a chur chun feidhme le linn na tréimhse tagartha reatha

Féadfaidh na Ballstáit an roinn seo a úsáid chun aon bheart a ghlac siad chun an Treoir a chur chun feidhme sa bhreis ar na spriocanna íosta soláthair a thrasuí a chur i láthair. D’fhéadfaí a áireamh air sin e.g. gníomhaíochtaí comhordaithe, foilsiú treoraíochta, cúrsaí oiliúna, scéimeanna tacaíochta airgeadais, nó bearta eile a glacadh ar mhaithe lena háirithiú gur baineadh na spriocanna íosta soláthair amach le linn na tréimhse thagartha a chumhdaítear leis an tuarascáil seo.

4.3.   Bacannaí a shainaithnítear

Féadfaidh na Ballstáit an roinn seo a úsáid chun aon bhacainn a chur i láthair a bhí rompu agus iad ag iarraidh an Treoir a chur chun feidhme agus na spriocanna a bhaint amach. Féadfaidh siad freisin aon bheart a chur i láthair a glacadh d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin sa roinn seo.

4.4.   Gníomhaíochtaí cur chun feidhme a dhéanfar amach anseo

Féadfaidh na Ballstáit an roinn seo a úsáid chun: i) faisnéis a sholáthar maidir leis an bhforbairt a bhfuil coinne léi i dtaobh sciar na bhfeithiclí glana sa tréimhse thagartha a leanas, ó thaobh uainiú de chomh maith leis an dáileadh geografach laistigh den Bhallstát; agus ii) aon bheart nó gníomhaíocht a chur i láthair a bheartaigh siad chun a áirithiú go mbainfidh siad na spriocanna íosta soláthair amach le linn na tréimhse tagartha sin.

4.5.   Faisnéis bhreise

Féadfaidh na Ballstáit an roinn seo a úsáid chun aon fhaisnéis eile a sholáthar a mheasann siad a bheith ábhartha.


(1)  Is féidir gur soláthraíodh an fhaisnéis sin sna fógraí trína léiriú an feithiclí glana iad na feithiclí arna soláthar, nó trí fhaisnéis leordhóthanach a chur ar fáil maidir leis na feithiclí lena mbaineann chun measúnú a dhéanamh air sin.

(2)  Is é seo líon foriomlán na bhfeithiclí glana (lena n-áirítear feithiclí astaíochtaí nialasacha).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2606/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top