Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2603

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2603 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2025 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 a mhéid a bhaineann le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás ubh-albaimine

C/2025/8926

IO L, 2025/2603, 19.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2603/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/03/2026; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32026R0524

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2603/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2603

19.12.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2603 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Nollaig 2025

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 a mhéid a bhaineann le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás ubh-albaimine

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 183(b) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 5(6)(a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún (3) rialacha mionsonraithe maidir le córas na ndleachtanna allmhairiúcháin breise a chur chun feidhme, agus le praghsanna ionadaíocha a shocrú, in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás ubh-albaimine.

(2)

Na sonraí is bonn do na praghsanna ionadaíocha a shocraítear maidir le táirgí earnáil na feola éanlaithe clóis agus earnáil na n-uibheacha agus maidir le hubh-albaimin, is léir de bharr faireachán rialta ar na sonraí sin gur cheart na praghsanna ionadaíocha maidir le hallmhairithe de tháirgí áirithe a leasú chun an éagsúlacht praghsanna de réir áit tionscnaimh a chur san áireamh.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 a leasú.

(4)

Toisc gur gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag an mbeart seo a thúisce is féidir ach a mbeidh na sonraí nuashonraithe ar fáil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2025.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Elisabeth WERNER

Ard-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.

(2)   IO L 150, 20.5.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/510/oj.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 1995 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le córas na ndleachtanna allmhairiúcháin breise a chur chun feidhme, agus maidir le praghsanna ionadaíocha a shocrú, in earnálacha na feola éanlaithe clóis agus na n-uibheacha agus maidir le hubh-albaimin, agus lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 163/67/CEE (IO L 145, 29.6.1995, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1995/1484/oj).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN I

Cód AC

Tuairisc ar na hearraí

Praghas ionadaíoch

(EUR/100 kg)

An ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3

(EUR/100 kg)

Tionscnamh (1)

0207 14 60

Cosa agus gearrthacha díobh ó éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, iad reoite

BR


(1)  Ainmníocht arna socrú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1470 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hainmníocht na dtíortha agus na gcríoch le haghaidh an staidrimh Eorpaigh maidir le trádáil idirnáisiúnta in earraí agus maidir leis an mionscagadh geografach i ndáil le staidreamh gnó eile (IO L 334, 13.10.2020, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1470/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2603/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top