Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2588

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2588 ón gComhairle an 15 Nollaig 2025 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/15582/2025/INIT

IO L, 2025/2588, 15.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2588/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2588/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2588

15.12.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2588 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Nollaig 2025

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(2)

Sna conclúidí uaithi an 19 Nollaig 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an géarcháineadh a rinne sí ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ar sárú follasach é ar Chairt na Náisiún Aontaithe, agus d’athdhearbhaigh sí go dtacaíonn sí i gcónaí le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl gur gá leanúint de na hiarrachtaí chun cumas feartha cogaidh na Rúise a shrianadh a thuilleadh. Chuir sí in iúl freisin go bhfuil an tAontas faoi réir i gcónaí chun tuilleadh brú a chur ar an Rúis, lena n-áirítear trí smachtbhannaí breise a ghlacadh.

(3)

I bhfianaise an fhogha leanúnaigh atá á thabhairt ag Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin, go háirithe an feachtas míleata brúidiúil a bhí ann le déanaí lena ndírítear d’aon ghnó ar bhonneagar sibhialtach, lena n-áirítear saoráidí fuinnimh, uisce agus sláinte, arb é is cúis le fulaingt thromchúiseach an phobail shibhialta agus a fhéachann leis an mbonn a bhaint d’athléimneacht na hÚcráine, measann an Chomhairle gur gá bearta sriantacha breise a ghlacadh.

(4)

Measann an Chomhairle go háirithe gur cheart 5 dhuine agus 4 eintiteas atá freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L 78, 17.3.2014, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/269/oj.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘1981.

Murtaza Ali LAKHANI

Feidhm: Duine gnó

Dáta breithe: Mí an Mhárta 1962

Áit bhreithe: an Phacastáin

Náisiúntacht: Pacastánach; Ceanadach

Inscne: fireann

Is duine gnó é Murtaza Lakhani a bhfuil leasanna aige in earnáil na hola. Trína chuideachtaí, tá seoladh lastas agus onnmhairiú ola na Rúise á gcumasú aige, go háirithe ola de chuid na cuideachta ola Rosneft, atá faoi úinéireacht Stát na Rúise. Go háirithe, rialaíonn Murtaza Lakhani soithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam ar de thionscnamh na Rúise iad nó atá á n-onnmhairiú ón Rúis, agus bíonn cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca ar siúl acu. Áirítear ar na cleachtais sin gan árachas dliteanais leordhóthanach a chothabháil, oibríochtaí neamhshábháilte a dhéanamh, bearta a dhéanamh d’aon ghnó chun brath long a sheachaint, mar shampla Córais Aitheantais Uathoibríocha a mhúchadh, nó gan oibriú faoi bheartas trédhearcach rialachais chorparáidigh. Ina theannta sin, cuireann an earnáil fuinnimh, go háirithe an earnáil ola, cuid mhór ioncaim ar fáil do Rialtas na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Murtaza Lakhani rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise í, arb é an rialtas é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine. Rialaíonn sé soithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus bainistíonn sé na soithí sin agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, á ndéanamh acu ag an am céanna.

15.12.2025

1982.

Valery KILDIYAROV

Feidhm: Bainisteoir in Alghaf Marine DMCC; Stiúrthóir airgeadais Litasco Middle East DMCC

Inscne: fireann

Is bainisteoir é Valery Kildiyarov in Alghaf Marine DMCC, agus is é an stiúrthóir airgeadais in Litasco Middle East DMCC é. Soláthraíonn an dá chuideachta méideanna suntasacha amhola de chuid na Rúise. Cuireann an earnáil fuinnimh, go háirithe an earnáil ola, cuid mhór ioncaim ar fáil do Rialtas na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Valery Kildiyarov rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise í, arb é an rialtas é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine. Ina theannta sin, tá Valery Kildiyarov comhlachaithe le Litasco Middle East DMCC.

15.12.2025

1983.

Anar MADATLI

Feidhm: Scairshealbhóir in “2Rivers Group” agus stiúrthóir ar “2Rivers Group”

Tá Anar Madatli ina scairshealbhóir in 2Rivers Group agus ina stiúrthóir ar 2Rivers Group, cuideachta trádála ola atá bunaithe in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha ar a dtugtaí “Coral Energy” roimhe seo. Ó 2024 i leith, tá scaireanna na cuideachta i seilbh triúr bainisteoirí de chuid na cuideachta sin — Talat Safarov, Ahmed Kerimov agus Anar Madatli. Cumasaíonn 2Rivers Group seoltaí lastas agus onnmhairithe ola ón Rúis, go háirithe ón gcuideachta ola Rosneft atá faoi úinéireacht stát na Rúise , trí thionscnamh iarbhír na hola a cheilt. Go háirithe, is é 2Rivers Group a rialaíonn cuid mhór de na soithí i “scáthchabhlach” na Rúise, mar a ghairtear de. Leanann 2Rivers Group den líonra céanna a oibriú agus a d’oibrigh Coral Energy in ainneoin an athraithe ar a ainm agus a úinéireachta, lena n-áirítear eintitis chomhlachaithe mar shampla Nord Axis agus Bellatrix, mar a léirítear leis an nasc idir úinéir na cuideachta roimhe seo agus an bhainistíocht nua. Ina theannta sin, cuireann an earnáil fuinnimh, go háirithe an earnáil ola, cuid mhór ioncaim ar fáil do Rialtas na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Anar Madatli rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise í, arb é an rialtas é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine.

15.12.2025

1984.

Talat SAFAROV

Feidhm: Scairshealbhóir in “2Rivers Group” agus POF “2Rivers Group”

Náisiúntacht: Asarbaiseánach

Inscne: fireann

Seoladh: 301 JBC 4, Jumeriah Lake Towers Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha; 336 Smith Street #04-304, New Bridge Centre Singapore 050336; 409 Platinum Tower, Jumeirah Lake Towers, Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Daoine aonair comhlachaithe: Ahmed KERIMOV; Anar MADATLI

Eintitis chomhlachaithe: 2Rivers PTE LTD; 2Rivers DMCC

Rphost: talat.safarov@coralenergy.ch

Is scairshealbhóir in 2Rivers Group é Talat Safarov agus tá post bainistíochta (POF) aige ann, grúpa trádála ola atá bunaithe in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, ar a dtugtaí “Coral Energy” tráth, grúpa a éascaíonn seoladh agus onnmhairiú ola na Rúise, go háirithe ón gcuideachta ola Rosneft atá faoi úinéireacht stát na Rúise, trí thionscnamh iarbhír na hola a cheilt. Ó 2024 i leith, tá scaireanna na cuideachta i seilbh triúr bainisteoirí de chuid na cuideachta sin (Talat Safarov, Ahmed Kerimov agus Anar Madatli). Go háirithe, is é 2Rivers Group a rialaíonn cuid mhór de na soithí i “scáthchabhlach” na Rúise, mar a ghairtear de. Leanann 2Rivers Group den líonra céanna a oibriú agus a d’oibrigh Coral Energy in ainneoin an athraithe ar a ainm agus a úinéireachta, lena n-áirítear eintitis chomhlachaithe mar shampla Nord Axis agus Bellatrix, mar a léirítear leis an nasc idir úinéir na cuideachta roimhe seo agus an bhainistíocht nua. Ina theannta sin, cuireann an earnáil fuinnimh, go háirithe an earnáil ola, cuid mhór ioncaim ar fáil do Rialtas na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Talat Safarov ag cur bac suntasach ar fhorálacha Chinneadh 2014/512/CBES agus Rialachán (AE) Uimh. 833/2014. Trína phost mar scairshealbhóir in 2Rivers Group agus a phost mar bhainisteoir in 2Rivers Group (“Coral Energy” roimhe seo) tá sé rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise í, arb é an rialtas é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine.

15.12.2025

1985.

Etibar EYYUB

ar a dtugtar freisin Akin KOCAK

Áit bhreithe: an Asarbaiseáin

Náisiúntacht: an Asarbaiseáin

Inscne: fireann

Bhunaigh agus reáchtálann Etibar Eyyub líonra cuideachtaí a raibh Coral Energy san áireamh leis (ar ar tugadh 2Rivers Group ina dhiaidh sin). Tríd an líonra cuideachtaí sin, cumasaíonn sé lastais agus onnmhairiú ola ón Rúis, go háirithe ón gcuideachta ola Rosneft atá faoi úinéireacht stát na Rúise, trí thionscnamh iarbhír na hola a cheilt. Go háirithe, rialaíonn agus úsáideann an líonra 2Rivers cuid mhór de na soithí i “scáthchabhlach” na Rúise, mar a ghairtear de.

Dá bhrí sin, tá Etibar Eyyub ag cur bac suntasach ar fhorálacha Chinneadh 2014/512/CBES agus Rialachán (AE) Uimh. 833/2014. Tá sé rannpháirteach freisin in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise, arb é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

15.12.2025’

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘684.

Nova Shipmanagement LLC-FZ

Seoladh: 6th Floor, Meydan Grandstand, Al Meydan Road, Nad Al Sheba, Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Uimhir IMO: 0055652

Is cuideachta loingseoireachta atá lonnaithe in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha é Nova Shipmanagement LLC-FZ, a bhainistíonn tancaeir a iompraíonn amhola na Rúise, lena n-áirítear chun críoch onnmhairithe.

Tá tancaeir éagsúla atá á mbainistiú ag Nova Shipmanagement LLC-FZ ag feidhmiú mar chuid de “scáthchabhlach” na Rúise, mar a ghairtear de, agus tá baint acu, agus amhola na Rúise á hiompar acu, le cleachtais loingseoireachta ardriosca. Go háirithe, bainistíonn sé tancaeir a bhí á mbainistiú ag an grúpa Sovcomflot roimhe seo, mar shampla, na soithí Arrow (IMO: 9413561), Amulet (IMO: 9413547) agus Bobcat (IMO: 9422457.

Dá bhrí sin, tá Nova Shipmanagement LLC-FZ i bhfeighil ar shoithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus bainistíonn sé na soithí sin, agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca á ndéanamh acu mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta.

15.12.2025

685.

Citrine Marine SPC

Seoladh: C/O: Nova Shipmanagement LLC-FZ, 6th Floor, Meydan Grandstand, Al Meydan Road, Nad Al Sheba, Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Cineál cuideachta: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Uimhir IMO: 0138716

Is cuideachta loingseoireachta atá lonnaithe in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha é Citrine Marine SPC, a bhfuil tancaeir faoina húinéireacht a iompraíonn amhola na Rúise, lena n-áirítear chun críoch onnmhairithe.

Tá tancaeir éagsúla atá faoi úinéireacht Citrine Marine SPC á mbainistiú ag Nova Shipmanagement LLC-FZ; tá an seoladh céanna ag an mbeirt acu in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Tá na longa ag feidhmiú mar chuid de “scáthchabhlach” na Rúise, mar a ghairtear de, agus tá baint acu, agus amhola na Rúise á hiompar acu, le cleachtais loingseoireachta ardriosca. Go háirithe, bainistíonn Citrine Marine SPC tancaeir a bhí á mbainistiú ag an grúpa Sovcomflot roimhe seo, mar shampla na soithí Arrow (IMO: 9413561), Amulet (IMO: 9413547) agus Bobcat (IMO: 9422457.

Dá bhrí sin, tá soithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad faoi úinéireacht Citrine Marine SPC, agus bainistíonn sé na soithí sin agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, á ndéanamh acu ag an am céanna. Tá baint ag Citrine Marine SPC le Nova Shipmanagement LLC-FZ freisin.

15.12.2025

686.

Hung Phat Maritime Trading

ar a dtugtar freisin HPMT

Seoladh: Service Zone No. 04, Level 06, R2 Tower, The Everrich Building, No. 968 3/2 Street, Word 15, District 11, Cathair Ho Chi Minh, Vítneam

Áit chlárúcháin: Vítneam

Dáta clárúcháin: 24.2.2011

Uimhir IMO: 6198018

Is cuideachta í Hung Phat Maritime Trading a bhfuil tancaeir faoina húinéireacht nó a bhainistíonn tancaeir atá faoi réir bearta sriantacha arna bhforchur ag an Aontas agus arna bhforchur ag tíortha eile as a bheith mar chuid de “scáthchabhlach” na Rúise, mar a ghairtear de, a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca á gcleachtadh acu.

Dá bhrí sin, tá soithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam faoi úinéireacht Hung Phat Maritime Trading agus tá siad á mbainistiú ag Hung Phat Maritime Trading, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, á ndéanamh acu ag an am céanna. Thairis sin, tá Hung Phat Maritime Trading ag cur tacaíocht theicniúil ar fáil d’oibríochtaí na soithí sin.

15.12.2025

687.

SeverTransBunker Company Limited

Seoladh: Office 207A, Lit A, ul Yakornaya 13, Saint Petersburg, 195027, Cónaidhm na Rúise; Office 601, prospect Budyonnovskiy 2, Rostov-on-Don, 344002, Cónaidhm na Rúise

Uimhir IMO: 6197187

Is cuideachta loingseoireachta í SeverTransBunker Company Limited atá lonnaithe sa Rúis, a bhfuil tancaeir faoina húinéireacht agus a bhainistíonn tancaeir. Tá an chuideachta cláraithe mar úinéir tairbhiúil soithí iomadúla a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus bainistíonn sí na soithí sin agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, á ndéanamh acu ag an am céanna.

15.12.2025’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2588/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top