Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2576

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2576 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2025 maidir le húdarú ullmhóide de Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speiceas éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe: Chr. Hansen A/S) agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1762 a mhéid a bhaineann le téarmaí údaraithe ullmhóide de Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó a thógtar le haghaidh pórúcháin

C/2025/8767

IO L, 2025/2576, 19.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2576/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2576/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2576

19.12.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2576 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Nollaig 2025

maidir le húdarú ullmhóide de Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speiceas éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe: Chr. Hansen A/S) agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1762 a mhéid a bhaineann le téarmaí údaraithe ullmhóide de Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó a thógtar le haghaidh pórúcháin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) agus Airteagal 13(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1762 ón gCoimisiún (2) údaraíodh ullmhóid de Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840 ar feadh tréimhse 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó a thógtar le haghaidh pórúcháin.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le húdarú ullmhóide de Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(4)

Baineann an t-iarratas le húdarú ullmhóide de Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin, agus iarrtar ann go n-aicmeofaí an breiseán sin sa chatagóir ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun modhnú a dhéanamh ar théarmaí údarú na hullmhóide de Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840 mar a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1762 a mhéid a bhaineann lena húsáid le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú, a thógtar le bheith ina mbéaróga nó a thógtar le haghaidh pórúcháin. Bhain an t-iarratas sin le téarmaí an údaraithe atá ann cheana a mhodhnú trí fhoirmliú nua a thabhairt isteach ina bhfuil méadú 10 n-oiread tagtha ar thiúchan na n-oibreán gníomhach sa bhreiseán (ó 3,2 × 109 go 3,2 × 1010 aonad déanta coilíneachta (ADC)/g breiseán).

(6)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 20 Márta 2025 (3) go bhfuil an ullmhóid de Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840 sábháilte don spriocspeiceas, lena n-áirítear éanlaith chlóis le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh pórúcháin, agus do thomhaltóirí agus don chomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhfuil an ullmhóid de Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840, sa dá fhoirm den bhreiseán, neamhghreannach do na súile ach go meastar gur íogróirí craicinn agus riospráide iad, agus go meastar gur riosca é aon nochtadh tríd an gcraiceann agus tríd an gconair riospráide. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhféadfadh an ullmhóid de Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840 a bheith éifeachtúil le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis ag 1,6 × 109 ADC/kg de bheatha agus 5,4 × 108 ADC/L d’uisce óil. Níor mheas sé go raibh gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh.

(7)

Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas i measúnú roimhe seo i ndáil le hiarratas eile ar údarú an bhreiseáin chéanna, conclúidí agus moltaí a d’fhíoraigh an tÚdarás sa tuairim uaidh an 20 Márta 2020 (4), mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (5), ní raibh gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha.

(8)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid de Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

(9)

Thairis sin, maidir le húdarú ullmhóide de Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840, measann an Coimisiún go gcomhlíonann sé na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 nuair a mhodhnaítear téarmaí an údaraithe sin a mhéid a bhaineann lena húsáid le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin, trí fhoirmliú nua a thabhairt isteach a bhfuil méadú 10 n-oiread tagtha ar thiúchan na n-oibreán gníomhach sa bhreiseán (ó 3,2 × 109 go 3,2 × 1010 aonad déanta coilíneachta (ADC)/g breiseán). Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1762 a leasú dá réir sin.

(10)

Ós rud é nach gá na modhnuithe ar na coinníollacha údaraithe maidir leis an ullmhóid de Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840 a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, ar ullmhóid í le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú, nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as modhnú an údaraithe a chomhlíonadh.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

An ullmhóid a shonraítear in Iarscríbhinn I, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1762

Cuirfear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1762.

Airteagal 3

Bearta idirthréimhseacha

1.   An breiseán beathaitheBacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840, mar a údaraítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1762 é, agus réamh-mheascáin a bhfuil an breiseán sin iontu atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 8 Iúil 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 8 Eanáir 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.

2.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha ina bhfuil an breiseán bheathaithe dá dtagraítear i mír 1 atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó a thógtar le haghaidh pórúcháin, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 8 Eanáir 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 8 Eanáir 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1762 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 maidir le húdarú ullmhóide de Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó a thógtar le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe Chr. Hansen A/S) (IO L 397, 26.11.2020, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1762/oj).

(3)   EFSA Journal [Iris EFSA]. 2025;23:e9361. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9361.

(4)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(4):6094. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020.6094.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).


IARSCRÍBHINN I

Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

Ainm shealbhóir an údaraithe

Ainm an bhreiseáin

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údarúcháin

ADC/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

ADC/l d’uisce

óil

Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige.

4b1894

Chr. Hansen A/S

Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid de Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840 ina bhfuil íoschion 3,2 × 109 ADC/g de bhreiseán (1,6 × 109 ADC B. subtilis DSM 32324/g; 1,0 × 109 ADC B. subtilis DSM 32325/g agus 0,6 × 109 ADC B. amyloliquefaciens DSM 25840/g) (cóimheas 1,6:1,0:0,6)

Foirmeacha soladacha

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Spóir inmharthana Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840.

Modh anailíse  (1)

Sainaithint: Modhanna seicheamhaithe ADN nó Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (LGBR) (CEN/TS 17697)

Áireamh sa bhreiseán bia, sna réamh-mheascáin, sa bheatha chumaisc agus in uisce óil: Modh an leata ar phláta ar agar soighe trioptóin (EN 15784)

Gach speiceas éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh pórúcháin

-

1,6 × 109

-

5,4 × 108

-

1.

Féadfar an breiseán a úsáid trí uisce óil.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála, an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa agus an chobhsaíocht in uisce óil a shonrú.

3.

Féadfar an breiseán a úsáid go comhuaineach leis na coicideastait seo a leanas, i gcomhréir lena gcoinníollacha údaraithe féin mar bhreiseáin bheathaithe: déchlasairil, díchoicíonáit, halafúigíonón, moinéinsin, salanaimícin, naraisin, meascán de niocarbaisin agus naraisin, agus lasalaicid.

4.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta don análú agus don chraiceann.

an 8 Eanáir 2036


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.


IARSCRÍBHINN II

Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

Ainm shealbhóir an údaraithe

Ainm an bhreiseáin

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údarúcháin

ADC/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

ADC/l d’uisce

óil

Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige.

4b1894

Chr. Hansen A/S

Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid de Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840 ina bhfuil íoschion 3,2 × 109 ADC/g de bhreiseán (1,6 × 109 ADC B. subtilis DSM 32324/g; 1,0 × 109 ADC B. subtilis DSM 32325/g agus 0,6 × 109 ADC B. amyloliquefaciens DSM 25840/g) (cóimheas 1,6:1,0:0,6)

Foirmeacha soladacha

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Spóir inmharthana de chealla Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840.

Modh anailíse  (1)

Sainaithint: Modhanna seicheamhaithe ADN nó Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (LGBR) (CEN/TS 17697)

Áireamh sa bhreiseán bia, sna réamh-mheascáin, sa bheatha chumaisc agus in uisce óil: Modh an leata ar phláta ar agar soighe trioptóin (EN 15784).

Gach speiceas éanlaithe clóis lena ramhrú, a thógtar le bheith ina mbéaróga nó a thógtar le haghaidh pórúcháin

-

1,6 × 109

-

5,4 × 108

-

1.

Féadfar an breiseán a úsáid trí uisce óil.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála, an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa agus an chobhsaíocht in uisce óil a shonrú.

3.

Féadfar an breiseán a úsáid go comhuaineach leis na coicideastait seo a leanas, i gcomhréir lena gcoinníollacha údaraithe féin mar bhreiseáin bheathaithe: déchlasairil, díchoicíonáit, halafúigíonón, moinéinsin, salanaimícin, naraisin, meascán de niocarbaisin agus naraisin, agus lasalaicid.

4.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú a oiread is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don análú, spéaclaí sábháilteachta agus lámhainní.

16.12.2030


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2576/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top