This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R2543
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/2543 of 11 December 2025 concerning the denial of the renewal of the authorisation of Patent Blue V as a feed additive for non-food producing animals and repealing Implementing Regulation (EU) No 643/2013
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2543 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2025 maidir leis an athnuachan ar Patent Blue V mar bhreiseán beathaithe a dhiúltú le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 643/2013
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2543 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2025 maidir leis an athnuachan ar Patent Blue V mar bhreiseán beathaithe a dhiúltú le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 643/2013
C/2025/8480
IO L, 2025/2543, 12.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2543/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2543 |
12.12.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2543 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Nollaig 2025
maidir leis an athnuachan ar Patent Blue V mar bhreiseán beathaithe a dhiúltú le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 643/2013
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú nó a dhiúltú. |
|
(2) |
Údaraíodh Patent Blue V bhreiseán beathaithe le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad ar feadh deich mbliana le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 643/2013 ón gCoimisiún (2). |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú Patent Blue V a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, inar iarradh go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘datháin, substaintí a chuireann dath ar ábhair bheatha nó a chuireann dath ar ábhair bheatha an athuair’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(4) |
Mar a fhoráiltear in Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, is faoin iarratasóir ar údarú breiseáin bheathaithe atá sé a léiriú go leordhóthanach go ndearnadh na coinníollacha maidir le húdarú a leagtar amach in Airteagal 5(2) agus (3) den Rialachán sin a chomhlíonadh, i gcomhréir leis na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin. A mhéid a bhaineann le hiarrataí ar údarú a athnuachan, le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún (3), ceanglaítear ar an iarratasóir go háirithe fianaise a chur i láthair lena suitear go bhfuil an breiseán fós sábháilte faoi na coinníollacha formheasta do spriocspeicis, do thomhaltóirí, d’oibreoirí agus don chomhshaol, i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha. |
|
(5) |
Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) sa tuairim uaidh an 13 Márta 2024 (4) nár sholáthair an t-iarratasóir fianaise go gcomhlíonann an breiseán atá ar an margadh na coinníollacha úsáide a údaraítear faoi láthair (critéir íonachta: íosmhéid 90 % de na datháin iomlána, arna ríomh mar shalainn sóidiam, salainn chailciam nó salainn photaisiam). Ní raibh an tÚdarás in ann teacht ar chonclúid an bhfuil Patent Blue V fós sábháilte don spriocspeiceas mar gheall ar neamhchomhlíontacht leis na sonraíochtaí údaraithe le haghaidh úsáid an bhreiseáin i mbeatha agus mar gheall ar an easpa sonraí chun measúnú a dhéanamh ar aineoigineacht fhéideartacht an bhreiseáin. |
|
(6) |
I litir dár dáta an 1 Iúil 2024, thug an Coimisiún deis don iarratasóir faisnéis bhreise a chur isteach chun aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna a ardaíodh i dtuairim EFSA. Thug an t-iarratasóir freagairt an 20 Meán Fómhair 2024, inar dúradh nach raibh sé i gceist aige aon fhaisnéis bhreise a chur ar fáil chun údarú Patent Blue V a athnuachan. |
|
(7) |
Eascraíonn sé as tuairim an Údaráis an 13 Márta 2024 nach bhfuil sé léirithe go leordhóthanach ag an iarratasóir go bhfuil Patent Blue V fós sábháilte nuair a úsáidtear é mar bhreiseán beathaithe d’ainmhithe nach bia-ainmhithe iad sa chatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘datháin, substaintí a chuireann dath ar ábhair bheatha nó a chuireann dath ar ábhair bheatha an athuair’. |
|
(8) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann Patent Blue V na coinníollacha, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá bhrí sin, ba cheart athnuachan an údaraithe ar an tsubstaint sin mar bhreiseáin beathaithe sa chatagóir ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘datháin, substaintí a chuireann dath ar ábhair bheatha nó a chuireann dath ar ábhair bheatha an athuair’ le húsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad a dhiúltú. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart an tsubstaint Patent Blue V agus beatha ina bhfuil sé a tharraingt siar ón margadh a luaithe is féidir, a mhéid a bhaineann lena úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad. Ba cheart tréimhse theoranta ama a cheadú, áfach, le haghaidh na stoic atá ann cheana de na táirgí sin a tharraingt siar ón margadh chun gur féidir le hoibreoirí an oibleagáid maidir le tarraingt siar a chomhlíonadh mar is ceart. |
|
(10) |
Mar thoradh ar an athnuachan ar Patent Blue V mar bhreiseán beathaithe a dhiúltú le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 643/2013 a aisghairm. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athnuachan an údaraithe a dhiúltú
Diúltaítear athnuachan an údaraithe ar Patent Blue V mar bhreiseáin beathaithe i mbeathú ainmhithe sa chatagóir ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘datháin, substaintí a chuireann dath ar ábhair bheatha nó a chuireann dath ar ábhair bheatha an athuair’ le húsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.
Airteagal 2
Aisghairm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 643/2013
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 643/2013.
Airteagal 3
Tarraingt siar ón margadh
1. Stoic reatha an bhreiseáin atá ann cheana dá dtagraítear in Airteagal 1, ar stoic iad atá beartaithe le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad, agus stoic de réamh-mheascáin ina bhfuil sé, tarraingeofar siar ón margadh iad faoin 1 Aibreán 2026.
2. Ábhair bheatha agus beatha cumaisc a táirgeadh leis an mbreiseán nó réamh-mheascáin dá dtagraítear i mír 1 roimh an 1 Aibreán 2026, agus atá beartaithe le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad, tarraingeofar siar ón margadh iad faoin 1 Iúil 2026.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 643/2013 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2013 maidir le húdarú Patent Blue V mar bhreiseán beathaithe d’ainmhithe nach bia ainmhithe iad agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 358/2005 (IO L 186, 5.7.2013, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/643/oj).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus leis an méid atá le cur i láthair sna hiarratais agus a mhéid a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar bhreiseáin bheathaithe agus na breiseáin sin a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/429/oj).
(4) EFSA Journal [Iris EFSA], 22(4), e8722. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8722.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2543/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)