This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R2521
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/2521 of 15 December 2025 amending Implementing Regulation (EU) 2019/2072 as regards requirements to prevent the entry into, and spread within, the Union territory, of Aromia bungii (Faldermann)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2521 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a mhéid a bhaineann le riachtanais chun teacht isteach agus leathadh Aromia bungii (Faldermann) laistigh de chríoch an Aontais a chosc
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2521 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a mhéid a bhaineann le riachtanais chun teacht isteach agus leathadh Aromia bungii (Faldermann) laistigh de chríoch an Aontais a chosc
C/2025/8457
IO L, 2025/2521, 16.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2521/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2521 |
16.12.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2521 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Nollaig 2025
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a mhéid a bhaineann le riachtanais chun teacht isteach agus leathadh Aromia bungii (Faldermann) laistigh de chríoch an Aontais a chosc
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 41(3), Airteagal 72(1) agus Airteagal 79(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1503 ón gCoimisiún (2), bunaíodh bearta chun cosc a chur ar Aromia bungii (Faldermann) (‘an lotnaid shonraithe’) a thabhairt isteach san Aontas agus a leathadh laistigh de agus cuireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2520 ón gCoimisiún (3) ina ionad. Cuimsíodh leis freisin ceanglais maidir le plandaí agus táirgí plandaí áirithe a thabhairt isteach san Aontas agus a ngluaiseacht laistigh de. |
|
(2) |
Tar éis aisghairm Threoir 2000/29/CE ón gComhairle (4), le Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (5), inter alia, ceanglais maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach san Aontas agus a ngluaiseacht laistigh de. |
|
(3) |
Go sonrach, bunaítear le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, de thionscnamh tríú tíortha, agus na ceanglais speisialta chomhfhreagracha maidir lena dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais. Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán sin liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, de thionscnamh chríoch an Aontais agus na ceanglais speisialta chomhfhreagracha le haghaidh a ngluaiseachta laistigh de chríoch an Aontais. Leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán sin liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile atá faoi réir deimhnithe fíteashláintíochta agus na nithe nach bhfuil deimhnithe den sórt sin ag teastáil ina leith chun iad a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais. Liostaítear in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán sin na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil pas plandaí ag teastáil ina leith le haghaidh a ngluaiseachta laistigh de chríoch an Aontais. |
|
(4) |
Is léir go raibh cur i bhfeidhm fhormhór bhearta Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1503 maidir leis na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus a ngluaiseacht laistigh di éifeachtach chun riosca na lotnaidí sin a laghdú go leibhéal inghlactha. |
|
(5) |
Is iomchuí, ar mhaithe le comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil, na plandaí sonraithe a liostáil in Iarscríbhinní VII, VIII, XI agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus na bearta sin a chuimsiú, i bhfoirm nuashonraithe nuair is gá, mar cheanglais a bhaineann le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile atá in ann an lotnaid shonraithe a óstáil a thabhairt isteach san Aontas agus a ngluaiseacht laistigh de. |
|
(6) |
Bunaithe ar thorthaí na lotnaide sonraithe san Aontas le linn chur i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1503, ba cheart liosta phlandaí óstacha na lotnaide sin a leathnú chun gach speiceas Prunus a chumhdach agus Prunus laurocerasus a áireamh. |
|
(7) |
Ceanglaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1503, sula n-aistrítear na plandaí sonraithe laistigh den Aontas, go bhfástar na plandaí i láithreán ina ndéantar, inter alia, sampláil scriosach spriocdhírithe ar gach luchtóg de phlandaí sonraithe. Ní mór an tsampláil scriosach spriocdhírithe sin a dhéanamh ar leibhéil shonracha a leagtar amach sa ghníomh dlí sin. |
|
(8) |
Is léir ón taithí a fuarthas le linn chur i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1503, go bhfuil na leibhéil samplála scriosaí ar na plandaí sonraithe díréireach ard, toisc go ndíothaítear líon mór plandaí nach bhfuil gá leis, gan leibhéal muiníne na samplála a mhéadú dá réir sin. |
|
(9) |
Ar an gcúis sin, in áit leibhéal na samplála sin a leagan síos, is leor a cheangal go mbeidh an scéim samplála lena mbaineann a úsáidtear le haghaidh cigireachta in ann leibhéal láithreachta plandaí inmhíolaithe 1 % ar a laghad a shainaithint le leibhéal muiníne 99 %. |
|
(10) |
Ba cheart na cóid AC a liostaítear in Iarscríbhinn VII agus in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a leasú chun an leasú is déanaí ar Rialachán (CEE) 2658/87 ón gComhairle (6) a léiriú. |
|
(11) |
Ba cheart cineálacha áirithe adhmaid a chur leis an liosta atá in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 freisin, toisc go bhfuil gá le pas plandaí le haghaidh a ngluaiseachta laistigh den Aontas, rud a dheimhníonn comhlíonadh na gceanglas speisialta faoi seach maidir le Aromia bungii (Faldermann) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(12) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a leasú dá réir. |
|
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072
Leasaítear Iarscríbhinní VII, VIII, XI agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1503 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2018 lena mbunaítear bearta chun cosc a chur ar thabhairt isteach san Aontas Aromia bungii (Faldermann) ar a leathadh laistigh de (IO L 254, 10.10.2018, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/1503/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2520 an 15 Nollaig 2025 ón gCoimisiún lena mbunaítear bearta chun bunú agus leathadh Aromia bungii (Faldermann) laistigh de chríoch an Aontais a chosc agus maidir le bearta chun an lotnaid sin a dhíothú agus a shrianadh laistigh de limistéir chríochaithe áirithe agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1503 (IO L, 2025/2520, 16.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2520/oj).
(4) Treoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánach a bheadh díobhálach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne a leata sa Chomhphobal (IO L 169, 10.7.2000, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/29/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta in aghaidh lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).
(6) Rialachán (CEE) ón gComhairle Uimh. 2658/87 an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj ).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní VII, VIII, XI agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 101:
|
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:
|
|
(3) |
In Iarscríbhinn XI, cuid A, i bpointe 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró ‘Prunus L. lena n-áirítear adhmad nach bhfuil a dhromchla nádúrtha cruinn coinnithe aige’:
|
|
(4) |
in Iarscríbhinn XIII, cuirtear isteach an pointe seo a leanas idir pointí 4.3 agus 5:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2521/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)