Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2462

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2462 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 a mhéid a bhaineann le sainmhínithe, deimhniú ar shraith táirgí TFC, leanúnachas dearbhaithe agus doiciméid úrscothacha

C/2025/8380

IO L, 2025/2462, 9.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2462/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2462/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2462

9.12.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2462 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Nollaig 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 a mhéid a bhaineann le sainmhínithe, deimhniú ar shraith táirgí TFC, leanúnachas dearbhaithe agus doiciméid úrscothacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (1), agus go háirithe Airteagal 49(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 ón gCoimisiún (2) sonraítear róil, rialacha agus oibleagáidí mar aon le struchtúr na Scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála bunaithe ar Chritéir Choiteanna (SEDC) i gcomhréir leis an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/881.

(2)

Leis an Modheolaíocht Mheastóireachta Choiteann a ghabhann leis na Critéir Choiteanna (CC), ar caighdeán idirnáisiúnta í le haghaidh meastóireacht ar shlándáil faisnéise, is féidir meastóireacht a dhéanamh ar shlándáil táirgí TFC chun críoch deimhniúcháin. Sa chomhthéacs sin, féadfar roinnt táirgí TFC a thógáil ar an mbonn feidhmiúil céanna chun feidhmiúlachtaí slándála comhchosúla a thairiscint ar ardáin nó fearais éagsúla, dá ngairtear sraith táirgí freisin. Mar sin féin, d’fhéadfadh an dearadh, na crua-earraí, na dochtearraí nó na bogearraí a bheith éagsúil ó tháirge TFC amháin go táirge TFC eile. Is faoin gcomhlacht deimhniúcháin atá sé cinneadh a dhéanamh ar bhonn cás ar chás an féidir deimhniú ar shraith táirgí a dhéanamh. D’fhéadfaí na coinníollacha maidir le deimhniú ar shraith táirgí a léiriú a thuilleadh i dtreoirlínte tacaíochta SEDC.

(3)

Chun iontaofacht táirgí deimhnithe a choinneáil ar bun, tá sé fíor-riachtanach a shainiú cad is mórathrú agus mionathrú ann ar sprioc na meastóireachta nó ar a timpeallacht, lena n-áirítear timpeallachtaí oibríochtúla nó forbartha. Dá bhrí sin, is gá na coincheapa sin a shonrú i bhfianaise sonraíochtaí teicniúla atá ann cheana agus a úsáidtear go forleathan ó Ghrúpa na nOifigeach Sinsearach – Slándáil na gCóras Faisnéise (SOG-IS) agus rannpháirtithe na Socruithe maidir le Deimhnithe Critéar Coiteann a Aithint i réimse na Slándála TF (CCRA).

(4)

Is minic a bhíonn tionchar teoranta ag mionathruithe ar an ráiteas dearbhaithe táirge a sholáthraítear leis an deimhniú SEDC a eisítear. Dá bhrí sin, ba cheart mionathruithe a bhainistiú faoi nósanna imeachta cothabhála agus ní gá athmheastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiúlachtaí slándála an táirge. Áirítear le samplaí de mhionathruithe ar cheart aghaidh a thabhairt orthu trí chothabháil, ach gan bheith teoranta dóibh, athruithe eagarthóireachta, athruithe ar sprioc na timpeallachta meastóireachta nach modhnaíonn sprioc dheimhnithe na meastóireachta, agus athruithe ar sprioc dheimhnithe na meastóireachta nach ndéanann difear d’fhianaise dearbhaithe. Féadfar a mheas freisin gur mionathruithe iad athruithe ar an timpeallacht forbartha, ar choinníoll nach bhfuil aon tionchar leantach acu ar bhearta dearbhaithe atá ann cheana. D’fhéadfadh sé gur ghá meastóireacht pháirteach a dhéanamh ar na bearta ábhartha i gcásanna áirithe, áfach.

(5)

Is éard is mórathrú ann aon athrú ar sprioc dheimhnithe na meastóireachta nó ar a timpeallacht a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a imirt ar an dearbhú a chuirtear in iúl sa deimhniú SEDC, agus dá bhrí sin ba cheart athmheastóireacht a dhéanamh uirthi. Áirítear le samplaí de mhórathruithe, ach gan bheith teoranta dóibh, athruithe ar an tacar ceanglas dearbhaithe a mhaítear, seachas ceanglais dearbhaithe fhine CC ALC_FLR (Leigheas fabhtanna); athruithe ar rúndacht nó ar rialuithe sláine na timpeallachta forbartha i gcás ina bhféadfadh modhnuithe den sórt sin difear a dhéanamh d’fhorbairt nó do tháirgeadh slán sprioc na meastóireachta nó athruithe ar sprioc na meastóireachta chun leochaileacht insaothraithe a réiteach. Ina theannta sin, bailiúchán mionathruithe a imríonn tionchar mór ar an tslándáil le chéile, d’fhéadfaí é a cháiliú mar mhórathrú freisin. Cé nach bhféadfadh réiteach fabht difear a dhéanamh ach do ghné shonrach de sprioc na meastóireachta, tá sé tábhachtach a aithint freisin go bhféadfaí mórathrú a bheith i gceist leis mar gheall ar a dhothuarthacht agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an dearbhú má chuireann sé na dearbhuithe slándála a sholáthraítear leis an deimhniú i mbaol.

(6)

D’fhéadfadh sé gur ghá athmheasúnú a dhéanamh ar athruithe ar thimpeallacht bhagartha táirge TFC deimhnithe gan athrú. Ba cheart torthaí féideartha an phróisis athmheasúnaithe sin a shuí go soiléir, go háirithe a thionchar ar an deimhniú SEDC. Má chuirtear athmheasúnú i gcrích go rathúil, ba cheart don chomhlacht deimhniúcháin an deimhniú a dhearbhú nó deimhniú nua a eisiúint a bhfuil dáta éaga sínithe aige. Mura n-éiríonn le próiseas athmheasúnaithe, ba cheart don chomhlacht deimhniúcháin an deimhniú a tharraingt siar agus, b’fhéidir, deimhniú nua a eisiúint a bhfuil raon feidhme difriúil aige. Ba cheart feidhm mutatis mutandis a bheith ag na forálacha sin maidir le hathmheasúnú a dhéanamh ar phróifílí cosanta.

(7)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 liostaítear na doiciméid úrscothacha is infheidhme chun meastóireacht a dhéanamh ar tháirgí TFC agus próifílí cosanta. Ba cheart na doiciméid úrscothacha sin a nuashonrú chun na forbairtí is déanaí a léiriú, amhail na forbairtí sin a bhaineann le forbairtí teicneolaíochta, timpeallacht na gcibearbhagairtí, cleachtais tionscail, nó caighdeáin idirnáisiúnta. Is tráthúil nuashonrú den sórt sin i dtaca leis na doiciméid úrscothacha a bhaineann leis na híoscheanglais maidir le slándáil suímh, cur i bhfeidhm na hacmhainneachta ionsaithe maidir le cártaí cliste, cur i bhfeidhm na hacmhainneachta ionsaithe ar ghairis crua-earraí ag a bhfuil boscaí slándála, critéir choiteanna a chur i bhfeidhm ar chiorcaid iomlánaithe agus meastóireacht táirgí ilchodacha le haghaidh cártaí cliste agus gairis chomhchosúla. Ina theannta sin, ní áirítear doiciméid úrscothacha a bhaineann le meastóireacht agus deimhniú táirgí ilchodacha lena n-úsáidtear an leagan is déanaí de chaighdeáin na gCritéar Coiteann, athúsáid thorthaí meastóireachta na n-iniúchtaí suímh agus soiléirithe maidir le léirmhíniú próifílí cosanta a bhaineann le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, tacagraif agus modúil slándála crua-earraí. Chun meastóireacht aonfhoirmeach ar tháirgí TFC faoi SEDC a áirithiú, ba cheart Iarscríbhinn I a leasú chun na doiciméid úrscothacha nuashonraithe agus nua sin a chur san áireamh tar éis don Ghrúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála (ECCG) iad a fhormhuiniú.

(8)

Ina theannta sin, ba cheart an doiciméad úrscothach ‘ADV_SPM.1 interpretation for CC:2022 transition’ a chur leis an scéim chun a áirithiú gur féidir le próisis deimhniúcháin atá ag brath ar phróifílí cosanta sonracha leanúint d’úsáid a bhaint as samhaltú foirmiúil (ADV_SPM.1) go dtí go nuashonrófar na próifílí cosanta comhfhreagracha, mar shampla trí chumraíocht próifíle cosanta ildearbhaithe atá i gcomhréir le CC:2022 agus a thacaíonn le ADV_SPM a chur isteach. Chun dóthain ama a thabhairt don mhargadh aistriú i dtreo chaighdeáin nuashonraithe na gCritéar Coiteann, ní mór foráil a dhéanamh maidir le rialacha sonracha aistrithe le haghaidh na bpróifílí cosanta Security IC Platform PP with Augmentation Packages (v1.0), BSI-CC-PP-0084-2014, Java Card System – Closed Configuration (v3.1), BSI-CC-PP-0101-V2-2020, nó Java Card System – Open Configuration (v3.1), BSI-CC-PP-0099-V2-2020. Chun aon mhíshocracht sa mhargadh a sheachaint, is iomchuí a shuí go bhfuil an doiciméad úrscothach maidir le léirmhíniú ADV_SPM.1 le haghaidh aistriú CC:2022 infheidhme maidir le próisis deimhniúcháin a tionscnaíodh sular glacadh an Rialachán seo. Mar sin féin, ba cheart cur i bhfeidhm an doiciméid seo a bheith teoranta go docht don mhéid is gá, i bhfianaise an ama is gá chun nuashonrú na bpróifílí cosanta comhfhreagracha a thabhairt chun críche. Ar bhonn níos cruinne, i gcás próisis deimhniúcháin ina n-úsáidtear na próifílí cosanta Security IC Platform PP with Augmentation Packages (v1.0), BSI-CC-PP-0084-2014, nó Java Card System – Closed Configuration (v3.1), BSI-CC-PP-0101-V2-2020, ba cheart feidhm a bheith ag an doiciméad úrscothach maidir leis na próisis sin a tionscnaíodh roimh an 1 Deireadh Fómhair 2026. Maidir le próisis deimhniúcháin ina n-úsáidtear Java Card System – Open Configuration (v3.1), BSI-CC-PP-0099-V2-2020, níor cheart feidhm a bheith ag an doiciméad úrscothach ach amháin maidir leis na próisis sin a tionscnaíodh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ós rud é go bhfuil leagan nua den phróifíl cosanta Java Card System – Open Configuration ar fáil cheana féin.

(9)

D’fhéadfadh athrú ar na doiciméid úrscothacha le linn próiseas deimhniúcháin cur isteach ar mheastóireacht an táirge agus moill a chur ar eisiúint an deimhnithe. Dá bhrí sin, tá gá le rialacha iomchuí aistrithe le haghaidh doiciméid úrscothacha nua nó nuashonraithe, chun é a chur ar a gcumas do dhíoltóirí, ITSEFanna, comhlachtaí deimhniúcháin agus páirtithe leasmhara eile na coigeartuithe is gá a dhéanamh. Ba cheart doiciméid úrscothacha nuashonraithe agus nua is infheidhme a bheith bainteach le hiarratais ar dheimhniú, lena n-áirítear iarratais ar athmheasúnú agus athmheastóireacht, agus ba cheart próisis deimhniúcháin leanúnacha a bheith in ann leanúint d’úsáid a bhaint as leaganacha níos luaithe de na doiciméid úrscothacha.

(10)

Liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán cur chun feidhme (AE) 2024/482 faoi seach na próifílí cosanta atá deimhnithe ar leibhéal AVA_VAN 4 nó 5 agus na próifílí cosanta a mholtar. Tá roinnt tagairtí atá neamhiomlán nó imithe i léig mar gheall ar nuashonrú ar na próifílí cosanta. Ba cheart na tagairtí sin a chomhlánú agus, ina theannta sin, ba cheart tagairtí nua a chur san áireamh chun cumhdach níos cuimsithí ar chiorcaid iomlánaithe shlána, cártaí cliste agus gairis ghaolmhara, agus ríomhaireacht iontaofa a áirithiú.

(11)

Is gá leasuithe a dhéanamh ar Airteagal 19 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 chun a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag Iarscríbhinn IV, agus na hathruithe is gá déanta air, maidir leis an athbhreithniú ar dheimhnithe SEDC le haghaidh próifílí cosanta.

(12)

Ós rud é gur príomhghné í an sprioc slándála chun raon feidhme próisis deimhniúcháin a thuiscint, is gá do ENISA freisin an sprioc slándála a chomhfhreagraíonn do gach deimhniú SEDC a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.

(13)

Thairis sin, ba cheart do chomhlachtaí deimhniúcháin leagan Béarla den sprioc slándála agus den tuarascáil deimhniúcháin a sholáthar do ENISA chun é a chur ar a chumas don ghníomhaireacht an fhaisnéis sin a chur ar fáil i mBéarla ar an suíomh gréasáin comhfhreagrach, de bhun Airteagal 42(2) de Rialachán cur chun feidhme (AE) 2024/482. Chuige sin, ba cheart d’iarratasóirí ar dheimhniú leagan Béarla den sprioc slándála a sholáthar do chomhlachtaí deimhniúcháin, nuair a iarrtar sin orthu.

(14)

Ní gá an tagairt d’ainm an chomhlachta deimhniúcháin a bheith le feiceáil i sainaithint uathúil an deimhnithe toisc gur leor uimhir aitheantais an chomhlachta deimhniúcháin chun an comhlacht sin a shainaithint ar bhealach uathúil. Ní gá mí na heisiúna a bheith le feiceáil ach oiread ós rud é go ndéantar na deimhnithe a chomhaireamh ar bhonn bliantúil. Dá bhrí sin, ba cheart an ceanglas sin a scriosadh chun críoch simplithe. Ós rud é go gcomhfhreagraíonn bliain eisiúna an deimhnithe d’eisiúint an chéad deimhnithe, ba cheart an dáta céanna sin a bheith sa tsainaithint uathúil ar dheimhnithe arna n-eisiúint tar éis athbhreithniú, chun inrianaitheacht a áirithiú.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 a leasú dá réir sin.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) 2019/881,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear isteach na pointí (16), (17) agus (18) seo a leanas:

‘(16)

ciallaíonn “sraith táirgí” sraith táirgí TFC ó iarratasóir, bunaithe ar an mbonn feidhmiúil céanna chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais slándála chéanna, ag a bhfuil dearadh, crua-earraí, dochtearraí nó bogearraí a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó tháirge TFC amháin go táirge TFC eile;

(17)

ciallaíonn “mionathrú” aon athrú ar sprioc dheimhnithe na meastóireachta nó ar a timpeallacht nach n-imríonn tionchar díobhálach ar an dearbhú a chuirtear in iúl sa deimhniú SEDC;

(18)

ciallaíonn “mórathrú” aon athrú ar sprioc dheimhnithe na meastóireachta nó ar a timpeallacht a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a imirt ar an dearbhú a chuirtear in iúl sa deimhniú SEDC.’;

(2)

in Airteagal 5, cuirtear isteach an mhír 3 seo a leanas:

‘3.   Féadfaidh comhlacht deimhniúcháin deimhniú ar shraith táirgí a cheadú.’

;

(3)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, pointe (a):

‘(a)

an fhaisnéis iomlán cheart uile is gá a sholáthar don chomhlacht deimhniúcháin agus do ITSEF, agus faisnéis bhreise is gá a sholáthar arna hiarraidh sin, lena n-áirítear leagan Béarla den sprioc slándála;’;

(4)

in Airteagal 11, mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

sainaithint uathúil an deimhnithe, arb é atá ann:

(1)

ainm na scéime;

(2)

uimhir aitheantais, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3143, an chomhlachta deimhniúcháin a d’eisigh an deimhniú;

(3)

bliain eisiúna an chéad deimhnithe;

(4)

an uimhir aitheantais a shann an comhlacht deimhniúcháin a d’eisigh an deimhniú.’;

(5)

in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Arna iarraidh sin do shealbhóir an deimhnithe nó ar chúiseanna eile a bhfuil bonn cirt leo, féadfaidh an comhlacht deimhniúcháin cinneadh a dhéanamh deimhniú SEDC le haghaidh próifíl chosanta a athbhreithniú. Déanfar an t-athbhreithniú i gcomhréir le hIarscríbhinn IV. Is é an comhlacht deimhniúcháin a chinnfidh fairsinge an athbhreithnithe. I gcás inar gá le haghaidh an athbhreithnithe, iarrfaidh an comhlacht deimhniúcháin ar ITSEF athmheastóireacht a dhéanamh ar an bpróifíl chosanta dheimhnithe.’

;

(6)

Leasaítear Airteagal 42 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear isteach an pointe (i) seo a leanas:

‘(i)

an sprioc slándála a chomhfhreagraíonn do gach deimhniú SEDC;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil i mBéarla ar a laghad. Chun na críche sin, soláthróidh comhlachtaí deimhniúcháin na leaganacha teanga bunaidh de na tuarascálacha deimhniúcháin agus de na spriocanna slándála do ENISA, agus ina theannta sin soláthróidh siad an leagan Béarla de na doiciméid sin gan moill mhíchuí.’

;

(7)

in Airteagal 48, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Mura sonraítear a mhalairt in Iarscríbhinn I nó II, beidh feidhm ag doiciméid úrscothacha maidir le próisis deimhniúcháin. lena n-áirítear athmheasúnú agus athmheastóireacht, arna dtionscnamh ó dháta cur i bhfeidhm an ghnímh leasaithigh lenar ionchorpraíodh na doiciméid úrscothacha in Iarscríbhinn I nó II.’

;

(8)

Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I;

(9)

Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II;

(10)

Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn III;

(11)

Leasaítear Iarscríbhinn IV i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo;

(12)

Leasaítear Iarscríbhinn V i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo;

(13)

Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn IX.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 151, 7.6.2019, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/881/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le glacadh na scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála bunaithe ar Chritéir Choiteanna (SEDC) (IO L, 2024/482, 7.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/482/oj).


IARSCRÍBHINN I

‘IARSCRÍBHINN I

Doiciméid úrscothacha lena dtacaítear le fearainn theicniúla agus doiciméid úrscothacha eile

1.   

Doiciméid úrscothacha lena dtacaítear le fearainn theicniúla ar leibhéal AVA_VAN 4 nó 5:

(a)

na doiciméid seo a leanas a bhaineann leis an meastóireacht chomhchuibhithe ar an bhfearann teicniúil ‘cártaí cliste agus gairis chomhchosúla’:

(1)

“Minimum ITSEF requirements for security evaluations of smart cards and similar devices”, version 1.1;

(2)

“Minimum Site Security Requirements”, version 2;

(3)

“Reusing evaluation results of site audits (STAR)”, version 1;

(4)

“Application of Common Criteria to integrated circuits”, version 2;

(5)

“Security Architecture requirements (ADV_ARC) for smart cards and similar devices”, version 1.1;

(6)

“Certification of ‘open’ smart card products”, version 1.1;

(7)

“Composite product evaluation for smart cards and similar devices for CC3.1”, version 2;

(8)

“Composite product evaluation and certification for CC:2022”, version 1;

(9)

“Application of Attack Potential to Smartcards and Similar Devices”, version 2;

(10)

“Security Evaluation and Certification of Qualified Electronic Signature/Seal Creation Devices”, version 1;

(11)

“ADV_SPM.1 interpretation for CC:2022 transition”, version 1.1, is infheidhme maidir le próisis deimhniúcháin ina n-úsáidtear próifílí cosanta mar a leanas:

(a)

próifílí cosanta Security IC Platform PP with Augmentation Packages (v1.0), BSI-CC-PP-0084-2014, nó Java Card System – Closed Configuration (v3.1), BSI-CC-PP-0101-V2-2020, a tionscnaíodh roimh an 1 Deireadh Fómhair 2026;

(b)

próifíl chosanta Java Card System – Open Configuration (v3.1), BSI-CC-PP-0099-V2-2020, a tionscnaíodh roimh an 29 Nollaig 2025.

(b)

na doiciméid seo a leanas a bhaineann leis an meastóireacht chomhchuibhithe ar an bhfearann teicniúil ‘gairis crua-earraí ag a bhfuil boscaí slándála’:

(1)

“Minimum ITSEF requirements for security evaluations of hardware devices with security boxes”, version 1.1;

(2)

“Minimum Site Security Requirements”, version 2;

(3)

“Reusing evaluation results of site audits (STAR)”, version 1;

(4)

“Application of Attack Potential to hardware devices with security boxes”, version 2;

(5)

“Hardware assessment in EN 419221-5 (HSM PP)”, version 1;

(6)

“JIL Tachograph MS PP Clarification”, version 1.

2.   

Doiciméid úrscothacha a bhaineann le creidiúnú comhchuibhithe comhlachtaí um measúnú comhréireachta:

(a)

“Accreditation of ITSEFs for the EUCC”, version 1.1 le haghaidh creidiúnuithe arna n-eisiúint roimh an 8 Iúil 2025;

(b)

“Accreditation of ITSEFs for the EUCC”, version 1.6c, le haghaidh creidiúnuithe nua arna n-eisiúint nó cinn arna n-athbhreithniú tar éis an 8 Iúil 2025;

(c)

“Accreditation of CBs for the EUCC”, version 1.6b.

’.

IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN II

Próifílí cosanta deimhnithe ar leibhéal AVA_VAN 4 nó 5

1.   

I gcás na ngléasanna cruthaithe sínithe cáilithe cianda agus na ngléasanna cruthaithe séala cáilithe cianda:

(a)

EN 419241-2:2019 – Trustworthy Systems Supporting Server Signing – Part 2: Protection Profile for QSCD for Server Signing (v0.16), ANSSI-CC-PP-2018/02-M01;

(b)

EN 419221-5:2018 – Protection profiles for Trust Service Provider Cryptographic modules – Part 5: Cryptographic Module for Trust Services (v0.15), ANSSI-CC-PP-2016/05-M01

2.   

Próifílí cosanta a glacadh mar dhoiciméid úrscothacha:

[BÁN].


IARSCRÍBHINN III

‘IARSCRÍBHINN III

Próifílí cosanta molta

Próifílí cosanta a úsáidtear i ndeimhniú táirgí TFC, lena n-áirítear táirgí sna fearainn theicniúla:

1.

Cártaí cliste agus gairis chomhchosúla

(a)

pas:

(1)

PP Machine Readable Travel Document with “ICAO Application” Basic Access Control (v1.10), BSI-CC-PP-0055-2009;

(2)

PP Machine Readable Travel Document using Standard Inspection Procedure with PACE (PACE_PP) (v1), BSI-CC-PP-0068-V2-2011-MA-01;

(3)

PP Machine Readable Travel Document with “ICAO Application” Extended Access Control with PACE (v1.3), BSI-CC-PP-0056-V2-2012-MA-02;

(b)

Gairis um Shlánchruthú Síniúcháin:

(1)

EN 419211-2:2013 – Protection profiles for secure signature creation device – Part 2: Device with key generation (v1.03), BSI-CC-PP-0059-2009-MA-02;

(2)

EN 419211-3:2013 – Protection profiles for secure signature creation device – Part 3: Device with key import (v1.0.2), BSI-CC-PP-0075-2012-MA-01;

(3)

EN 419211-4:2013 – Protection profiles for secure signature creation device – Part 4: Extension for device with key generation and trusted channel to certificate generation application (v1.0.1), BSI-CC-PP-0071-2012-MA-01;

(4)

EN 419211-5:2013 – Protection profiles for secure signature creation device – Part 5: Extension for device with key generation and trusted channel to signature creation application (v1.0.1), BSI-CC-PP-0072-2012-MA-01;

(5)

EN 419211-6:2014 – Protection profiles for secure signature creation device – Part 6: Extension for device with key import and trusted channel to signature creation application (v1.0.4), BSI-CC-PP-0076-2013-MA-01;

(c)

tacagraf: Digital Tachograph – Tachograph Card (TC PP) (v1.0), BSI-CC-PP-0091-2017;

(d)

IC slán, ardán Cárta Java agus eUICC:

(1)

Universal SIM Java Card Platform Protection Profile Basic and SCWS Configurations (v2.0.2), ANSSI-CC-PP-2010/04 (Basic), ANSSI-CC-PP-2010/05 (Basic and SCWS);

(2)

Security IC Platform PP with Augmentation Packages (v1.0), BSI-CC-PP-0084-2014;

(3)

Embedded UICC (eUICC) for Machine-to-Machine Devices (v1.1), BSI-CC-PP-0089-2015;

(4)

Cryptographic Service Provider – CSP (v0.9.8), BSI-CC-PP-0104-2019;

(5)

Cryptographic Service Provider – Time Stamp Service and Audit (PPC-CSP-TS-Au) Version 0.9.5, BSI-CC-PP-0107-2019;

(6)

Configuration Cryptographic Service Provider – Time Stamp Service, Audit and Clustering (PPC-CSP-TS-Au-Cl) Version 0.9.4, BSI-CC-PP-0108-2019;

(7)

Java Card System – Closed Configuration (v3.1), BSI-CC-PP-0101-V2-2020;

(8)

Secure Element Protection Profile – GPC_SPE_174 (v1.0), CCN-CC-PP-5-2021;

(9)

Secure Sub-System in System-on-Chip (3S in SoC) Protection Profile (v1.8), BSI-CC-PP-0117-V2-2023;

(10)

Java Card System – Open Configuration (v3.2), BSI-CC-PP-0099-V3-2024;

(11)

Embedded UICC for Consumer Devices Protection Profile (v2.1), BSI-CC-PP-0100-V2-2025;

(e)

Modúl Ardáin Iontaofa: Protection Profile PC Client Specific Trusted Platform Module Specification Family 2.0; Level 0; Revision 1.59 (v1.3), ANSSI-CC-PP-2021/02.

2.

Gairis Crua-earraí ag a bhfuil Boscaí Slándála

(a)

pointí idirghníomhaíochta (íocaíochta) agus teirminéil íocaíochta (POI):

(1)

Point of Interaction “POI-CHIP-ONLY” (v4.0), ANSSI-CC-PP-2015/01;

(2)

Point of Interaction “POI-CHIP-ONLY and Open Protocol Package” (v4.0), ANSSI-CC-PP-2015/02;

(3)

Point of Interaction “POI-COMPREHENSIVE” (v4.0), ANSSI-CC-PP-2015/03;

(4)

Point of Interaction “POI-COMPREHENSIVE and Open Protocol Package” (v4.0), ANSSI-CC-PP-2015/04;

(5)

Point of Interaction “POI-PED-ONLY” (v4.0), ANSSI-CC-PP-2015/05;

(6)

Point of Interaction “POI-PED-ONLY and Open Protocol Package” (v4.0), ANSSI-CC-PP-2015/06;

(b)

Modúl Slándála Crua-earraí:

(1)

Cryptographic Module for CSP Signing Operations with Backup – PP CMCSOB 14167-2 (v0.35), ANSSI-CC-PP-2015/08;

(2)

Cryptographic Module for CSP Key Generation Services – PP CMCKG 14167-3 (v0.20), ANSSI-CC-PP-2015/09;

(3)

Cryptographic Module for CSP Signing Operations without Backup – PP CMCSO 14167-4 (v0.32), ANSSI-CC-PP-2015/10;

(c)

tacagraf:

(1)

Digital Tachograph – Motion Sensor (MS PP) (v1.0), BSI-CC-PP-0093-2017;

(2)

Digital Tachograph – Vehicle Unit (VU PP) (v1.15), BSI-CC-PP-0094-V2-2021;

(3)

Digital Tachograph – External GNSS Facility (EGF PP) (v1.10), BSI-CC-PP-0092-V2-2021.

3.

Eile: Trusted Execution Environment Protection Profile – GPD_SPE_021 (v1.3), ANSSI-CC-PP-2014/01-M02.


IARSCRÍBHINN IV

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 mar a leanas:

1.

i bpointe IV.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:

‘4.

Déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin athbhreithniú ar an tuarascáil theicniúil mheastóireachta nuashonraithe agus bunóidh sé tuarascáil athmheasúnaithe. Déanfar stádas an chéad deimhnithe a mhodhnú ansin i gcomhréir le hAirteagal 13 nó Airteagal 19. Má éiríonn leis an bpróiseas athmheasúnaithe, beidh feidhm ag Airteagal 13, mír 2, pointe (a) nó (c) i gcás deimhniú táirge agus beidh feidhm ag Airteagal 19, mír 2, pointe (a) nó (c) i gcás deimhniú próifíle cosanta. Mura n-éiríonn leis an bpróiseas athmheasúnaithe, beidh feidhm ag Airteagal 13, mír 2, pointe (b) nó (d) i gcás deimhniú táirge agus beidh feidhm ag Airteagal 19, mír 2, pointe (b) nó (d) i gcás deimhniú próifíle cosanta.’;

2.

leasaítear pointe IV.3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Theideal IV.3:

‘IV.3   Athruithe ar tháirge TFC deimhnithe – Cothabháil agus athmheastóireacht’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 4 agus 5:

‘4.

Tar éis an scrúdaithe, cinneann an comhlacht deimhniúcháin scála an athraithe mar mhionathrú nó mar mhórathrú i gceangal lena thionchar ar an dearbhú a chuirtear in iúl sa deimhniú SEDC.

5.

I gcás ina ndeimhneoidh an comhlacht deimhniúcháin gur mionathruithe iad na hathruithe, ní eiseofar deimhniú nua don táirge TFC modhnaithe i gcomhréir le hAirteagal 13, mír 2, pointe (a) nó le hAirteagal 19, mír 2, pointe (a) agus bunófar tuarascáil chothabhála ar an tuarascáil deimhniúcháin tosaigh.’;

(c)

cuirtear isteach an pointe 5a seo a leanas:

‘5.a

I gcás aon athrú ar na bearta dearbhaithe sa timpeallacht forbartha, lena n-áirítear ceanglais dearbhaithe ó fhine CC ALC_FLR (Leigheas fabhtanna) a chur isteach, féadfaidh an comhlacht deimhniúcháin a iarraidh ar ITSEF meastóireacht fothacair a dhéanamh ar na bearta dearbhaithe dá ndéantar difear. Eiseoidh ITSEF tuarascáil theicniúil mheastóireachta pháirteach, ar ar a bonn a dheimhneoidh an comhlacht deimhniúcháin gur mionathruithe nó mórathruithe iad na hathruithe. I gcás ina ndeimhneoidh an comhlacht deimhniúcháin gur mionathruithe iad na hathruithe, beidh feidhm ag Iarscríbhinn IV.3, pointe 5. I gcás ina ndeimhneoidh an comhlacht deimhniúcháin gur mórathruithe iad na hathruithe, beidh feidhm ag Iarscríbhinn IV.3, pointe 7.’


IARSCRÍBHINN V

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe V.1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482:

‘V.1   Tuarascáil deimhniúcháin

1.

Ar bhonn na dtuarascálacha teicniúla meastóireachta arna soláthar ag ITSEF, bunóidh an comhlacht deimhniúcháin tuarascáil deimhniúcháin a bheidh le foilsiú in éineacht leis an deimhniú SEDC comhfhreagrach agus an sprioc slándála.

2.

Is í an tuarascáil deimhniúcháin an fhoinse faisnéise mionsonraithe agus praiticiúla faoin táirge TFC agus faoi chur in úsáid slán an táirge TFC. Áireofar ann, dá bhrí sin, an fhaisnéis inroinnte uile atá ar fáil go poiblí, ar faisnéis í atá ábhartha d’úsáideoirí agus do pháirtithe leasmhara. Féadfar tagairt a dhéanamh d’fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá inroinnte leis an tuarascáil deimhniúcháin.

3.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil deimhniúcháin:

(a)

achoimre feidhmiúcháin;

(b)

sainaithint an táirge TFC;

(c)

faisnéis teagmhála a bhaineann leis an meastóireacht ar an táirge TFC;

(d)

beartais slándála;

(e)

toimhdí agus soiléiriú maidir leis an raon feidhme;

(f)

faisnéis ailtireachta;

(g)

faisnéis fhorlíontach maidir le cibearshlándáil, más infheidhme;

(h)

achoimre ar an meastóireacht ar an táirge TFC agus an chumraíocht a ndearnadh meastóireacht uirthi;

(i)

torthaí na meastóireachta agus faisnéis maidir leis an deimhniú;

(j)

barúlacha agus moltaí, más infheidhme;

(k)

iarscríbhinní, más infheidhme;

(l)

tagairt do sprioc slándála an táirge TFC a cuireadh isteach chun deimhnithe;

(m)

tráth a mbeidh siad le fáil, an marc nó an lipéad a bhaineann leis an scéim;

(n)

gluais, más infheidhme;

(o)

leabharliosta.

4.

Achoimre ghairid ar an tuarascáil deimhniúcháin ina hiomláine a bheidh san achoimre feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 3, pointe (a). Soláthrófar léi forbhreathnú soiléir agus achomair ar thorthaí na meastóireachta agus áireofar inti an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

ainm an táirge TFC a ndearnadh meastóireacht air;

(b)

ainm an ITSEF a rinne an mheastóireacht;

(c)

dáta críochnaithe na meastóireachta;

(d)

dáta eisiúna an deimhnithe;

(e)

i gcás inarb infheidhme, dáta eisiúna an chéad deimhnithe;

(f)

tréimhse bhailíochta;

(g)

sainaithint uathúil an deimhnithe mar a thuairiscítear in Airteagal 11;

(h)

tuairisc ghairid ar thorthaí na tuarascála deimhniúcháin, lena n-áirítear:

(i)

leagan agus, más infheidhme, scaoileadh na gCritéar Coiteann a cuireadh i bhfeidhm maidir leis an meastóireacht;

(ii)

pacáiste dearbhaithe na gCritéar Coiteann nó liosta comhpháirteanna dearbhaithe slándála, an leibhéal AVA_VAN a cuireadh i bhfeidhm le linn na meastóireachta agus an leibhéal dearbhaithe comhfhreagrach mar a leagtar amach in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2019/881 dá dtagraítear leis an deimhniú SEDC;

(iii)

i gcás inarb infheidhme, na Próifílí Cosanta a mhaíonn an táirge TFC go bhfuil sé á gcomhlíonadh;

(iv)

tagairt do bheartas slándála an táirge TFC a ndearnadh meastóireacht air;

(v)

séanadh, más infheidhme.

5.

Leis an tsainaithint dá dtagraítear i mír 3, pointe (b), sainaithneofar go soiléir an táirge TFC a ndearnadh meastóireacht air, lena n-áirítear an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

sainaithint uathúil an táirge TFC a ndearnadh meastóireacht air;

(b)

áireamh chomhpháirteanna an táirge TFC atá ina gcuid den mheastóireacht in éineacht le huimhir leagain gach comhpháirte;

(c)

tagairt do cheanglais bhreise maidir le timpeallacht oibriúcháin an táirge TFC dheimhnithe.

6.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis teagmhála dá dtagraítear i mír 3, pointe (c):

(a)

ainm an fhorbróra;

(b)

ainm agus faisnéis teagmhála shealbhóir an deimhnithe SEDC;

(c)

ainm an chomhlachta deimhniúcháin a d’eisigh an deimhniú;

(d)

údarás náisiúnta freagrach um dheimhniú cibearshlándála;

(e)

ainm an ITSEF a rinne an mheastóireacht agus, i gcás inarb infheidhme, liosta na bhfochonraitheoirí.

7.

Sa bheartas slándála dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), beidh an tuairisc ar bheartas slándála an táirge TFC mar bhailiúchán seirbhísí slándála agus ar na beartais nó na rialacha a fhorfheidhmeoidh an táirge TFC a ndearnadh meastóireacht air nó a chomhlíonfaidh an táirge TFC sin. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ann freisin:

(a)

tuairisc ar na nósanna imeachta um bainistíocht leochaileachta agus nochtadh leochaileachta de chuid shealbhóir an deimhnithe, nach mór a chomhlánú le faisnéis is féidir a chur ar fáil go poiblí agus leis an bhfaisnéis sin amháin;

(b)

beartas leanúnachais dearbhaithe shealbhóir an deimhnithe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an tuairisc ar bhainistiú saolré nó ar phróisis táirgthe shealbhóir an deimhnithe i gcomhréir le Roinn IV.1 d’Iarscríbhinn IV;

(c)

i gcás inarb infheidhme, nós imeachta um bainistiú paiste a bheith ann agus toradh an mheasúnaithe ar an nós imeachta sin i gcomhréir le Roinn IV.4 d’Iarscríbhinn IV.

8.

Sna toimhdí agus sa soiléiriú maidir leis an raon feidhme, dá dtagraítear i mír 3, pointe (e), beidh faisnéis maidir leis na himthosca agus na cuspóirí a bhaineann leis an úsáid atá beartaithe don táirge dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (c) agus áireofar an méid seo a leanas iontu:

(a)

toimhdí maidir le húsáid agus cur in úsáid an táirge TFC i bhfoirm íoscheanglas, amhail ceanglais maidir le suiteáil agus cumraíocht chuí agus ceanglais maidir le crua-earraí a bheith á gcomhlíonadh;

(b)

toimhdí maidir leis an timpeallacht le haghaidh oibriú comhlíontach an táirge TFC;

(c)

tuairisc ar aon bhagairt ar an táirge TFC nach gcuirtear ina gcoinne le feidhmeanna slándála an táirge a ndearnadh meastóireacht orthu de réir na húsáide atá beartaithe, má mheastar iad a bheith ábhartha d’úsáideoir féideartha táirge TFC.

Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír chomh soiléir agus chomh sothuigthe agus is féidir chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí féideartha an táirge TFC dheimhnithe cinntí eolasacha a dhéanamh faoi na rioscaí a bhaineann le húsáid an táirge.

9.

San fhaisnéis ailtireachta dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), beidh tuairisc ardleibhéil ar an táirge TFC agus ar a phríomh-chomhpháirteanna, bunaithe ar na táirgí insoláthartha a shainmhínítear i bhfine dearbhaithe na gCritéar Coiteann: Forbairt – Dearadh TOE (ADV_TDS).

10.

San fhaisnéis chibearshlándála fhorlíontach dá dtagraítear i mír 3, pointe (g), beidh an nasc chuig suíomh gréasáin shealbhóir an deimhnithe SEDC dá dtagraítear in Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2019/881.

11.

Sa mheastóireacht ar tháirgí TFC agus sa chumraíocht dá dtagraítear i mír 3, pointe (h), tabharfar tuairisc ar iarracht tástála an fhorbróra agus an mheastóra araon, agus leagfar amach an cur chuige tástála, an chumraíocht agus an doimhneacht. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad iontu:

(a)

sainaithint na gcomhpháirteanna dearbhaithe a úsáideadh ó na caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 3;

(b)

an leagan de na doiciméid úrscothacha agus na critéir mheastóireachta slándála bhreise a úsáideadh sa mheastóireacht;

(c)

socruithe agus cumraíocht an TOE a úsáidtear le haghaidh na tástála agus na hanailíse leochaileachta;

(d)

aon phróifíl cosanta a úsáideadh, lena n-áirítear an fhaisnéis seo a leanas: ainm, leagan, dáta agus deimhniú na próifíle cosanta.

12.

Áireofar i dtorthaí na meastóireachta agus san fhaisnéis maidir leis an deimhniú dá dtagraítear i mír 3, pointe (i), faisnéis faoin leibhéal dearbhaithe a baineadh amach dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo agus in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2019/881.

13.

Úsáidtear na barúlacha agus na moltaí dá dtagraítear i mír 3, pointe (j), chun faisnéis bhreise a thabhairt faoi thorthaí na meastóireachta. Sna barúlacha agus sna moltaí sin, d’fhéadfaí easnaimh sa táirge TFC a aimsítear le linn na meastóireachta a thabhairt nó d’fhéadfaí gnéithe atá an-úsáideach a lua.

14.

Úsáidtear na hIarscríbhinní dá dtagraítear i mír 3, pointe (k), chun achoimre a thabhairt ar aon fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do lucht léite na tuarascála ach nach bhfuil oiriúnach go loighciúil laistigh de ranna forordaithe na tuarascála, lena n-áirítear i gcásanna ina dtugtar tuairisc iomlán ar an mbeartas slándála.

15.

Leis an sprioc slándála dá dtagraítear i mír 3, pointe (l), déanfar tagairt don sprioc slándála a ndearnadh meastóireacht uirthi. Soláthrófar an sprioc slándála a ndearnadh meastóireacht uirthi in éineacht leis an tuarascáil deimhniúcháin chun í a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 50(1) de Rialachán (AE) 2019/881. I gcás inar gá an sprioc slándála a ndearnadh meastóireacht uirthi a shláintiú sula bhfoilseofar í, déanfar é i gcomhréir le pointe V.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.

16.

Déanfar na marcanna nó na lipéid a bhaineann leis an scéim SEDC dá dtagraítear i mír 3, pointe (m), a chur isteach sa tuarascáil deimhniúcháin i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 11.

17.

Úsáidtear an Ghluais dá dtagraítear i mír 3, pointe (n), chun inléiteacht na tuarascála a mhéadú trí shainmhínithe ar acrainmneacha nó ar théarmaí a sholáthar nach bhfuil a mbríonna ríshoiléir.

18.

Áireofar sa leabharliosta dá dtagraítear i mír 3, pointe (o), tagairtí do na doiciméid uile a úsáideadh chun an tuarascáil deimhniúcháin a thiomsú. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis sin:

(a)

na critéir maidir le meastóireacht slándála, na doiciméid úrscothacha agus na sonraíochtaí ábhartha breise a úsáideadh;

(b)

an tuarascáil theicniúil mheastóireachta;

(c)

an tuarascáil theicniúil meastóireachta maidir le meastóireacht ilchodach, i gcás inarb infheidhme;

(d)

doiciméadacht tagartha theicniúil;

(e)

treoraíocht slándála le haghaidh an fhorbróra;

(f)

liosta cumraíochta an fhorbróra.

Chun in-atáirgtheacht na meastóireachta a áirithiú, ní mór an doiciméadacht uile dá dtagraítear a shainaithint go huathúil leis an dáta scaoilte ceart agus leis an uimhir leagain cheart.’.


IARSCRÍBHINN VI

‘IARSCRÍBHINN IX

Marc agus lipéad

1.   

Foirm an mhairc agus an lipéid:

Image 1

2.   

Má laghdaítear nó má mhéadaítear an marc agus an lipéad, urramófar na comhréireanna a thugtar i bpointe 1.

3.   

Nuair a bhíonn siad i láthair go fisiceach, beidh an marc agus an lipéad 5 mm ar airde ar a laghad.

’.

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2462/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top