Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2458

Rialachán (AE) 2025/2458 ó Pharlaimint na hEorpaagus ón gComhairle an 26 Samhain 2025 maidir le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/41/2025/INIT

IO L, 2025/2458, 12.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2458/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2458/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2458

12.12.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/2458 Ó PHARLAIMINT NA hEORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Samhain 2025

maidir le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ról lárnach ag staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht i bpróisis ceaptha beartais agus chinnteoireachta agus, dá bhrí sin, tá gá leis chun beartais an Aontais a dhearadh, a chur chun feidhme agus chun meastóireacht a dhéanamh orthu, go háirithe beartais lena dtugtar aghaidh ar an athrú déimeagrafach agus ar an aistriú glas agus an aistriú digiteach, beartais a bhaineann leis an gcreat chun éifeachtúlacht fuinnimh, comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn, agus na beartais a bhaineann le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, chomh maith leis na beartais is gá chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe a bhaint amach sa mhéid go dtagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(2)

Tá staidreamh sóisialta Eorpach, lena n-áirítear staidreamh maidir leis an daonra agus le tithíocht, á tháirgeadh faoi láthair ar bhonn roinnt gníomhartha reachtacha. Leis an Rialachán seo, ba cheart leanúint den staidreamh sóisialta Eorpach a chomhtháthú agus a chuíchóiriú gan uaim, ar cuireadh tús leis an méid sin le Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(3)

Is ainmneoir tábhachtach é staidreamh daonra do réimse leathan táscairí beartais agus úsáidtear é mar thagairt ar fud an Staidrimh Eorpaigh, go háirithe chun frámaí samplála a sholáthar chun suirbhéanna ionadaíocha a dhéanamh ar dhaoine agus ar theaghlaigh faoi Rialachán (AE) 2019/1700.

(4)

Tugann Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais sainordú go rialta don Choiste um Beartas Eacnamaíoch chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach agus ar cháilíocht an airgeadais phoiblí ar bhonn réamh-mheastacháin daonra arna dtáirgeadh ag Eurostat. Úsáidtear na réamh-mheastacháin daonra sin freisin chun anailís a dhéanamh ar bheartais i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Ba cheart an staidreamh uile is gá a bheith ar fáil don Choimisiún (Eurostat) chun réamh-mheastacháin daonra a tháirgeadh agus a fhoilsiú i gcomhréir le riachtanais faisnéise an Aontais.

(5)

De bhun Airteagal 175, an dara mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá an Coimisiún le tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus do Choiste na Réigiún gach 3 bliana ar an dul chun cinn atá déanta i leith comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach. Éilítear sonraí réigiúnacha agus áitiúla, lena n-áirítear sonraí le haghaidh cineálacha éagsúla críche, mar shampla, réigiúin teorann, cathracha agus a limistéir uirbeacha fheidhmiúla, réigiúin chathracha, réigiúin tuaithe agus réigiúin sléibhe agus oileáin, chun na tuarascálacha sin a ullmhú agus chun faireachán rialta a dhéanamh ar fhorbairtí déimeagrafacha agus ar dhúshláin dhéimeagrafacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo i gcríocha an Aontais.

(6)

De bhun Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), sainíodh tromlach cáilithe de chomhaltaí na Comhairle, inter alia, ar bhonn dhaonra na mBallstát. Chun na críche sin, de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá oibleagáid ar na Ballstáit faoi láthair sonraí maidir lena ndaonra iomlán ar an leibhéal náisiúnta a sholáthar don Choimisiún (Eurostat). Ba cheart do na Ballstáit leanúint den fhaisnéis sin a sholáthar don Choimisiún (Eurostat) de bhun an Rialacháin seo.

(7)

In 2017, ghlac an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (CCSE) ‘Meabhrán Bhúdaipeist maidir le Gluaiseachtaí Daonra agus Saincheisteanna Imeasctha - Staidreamh Imirce’ (‘Meabhrán Bhúdaipeist’). inar sonraíodh an gá le staidreamh bliantúil maidir le méid an daonra agus le saintréithe áirithe sóisialta, eacnamaíocha agus déimeagrafacha an daonra. Chun go n-urramófar prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe agus chun cearta na saoránach arna gcumhdach in Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus in Airteagail 10 agus 19 CFAE a urramú, tá staidreamh iontaofa inchomparáide de dhíth ar an Aontas. Le Rialachán (AE) 2019/1700 soláthraítear creat um bailiú sonraí ó shamplaí, lena gcumasaítear sonraí maidir le comhionannas agus neamh-idirdhealú a bhailiú a mhéid is féidir ar bhonn samplaí, agus anailís a dhéanamh ar roinnt gnéithe den chomhionannas agus den idirdhealú trí tháscairí socheacnamaíocha agus faisnéis ar eispéireas idirdhealaithe a tháirgeadh. Ina theannta sin, déanann an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha (FRA) agus an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) staidéir shonracha agus suirbhéanna tiomnaithe lenar féidir infhaighteacht an staidrimh comhionannais a leathnú tuilleadh ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, cuireann an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) sonraí agus faisnéis faoi dhálaí maireachtála agus oibre a bhailítear trí bhíthin suirbhéanna ar fáil. Ba cheart comhar agus comhordú idir na Ballstáit, Eurostat, FRA, EIGE agus Eurofound faoi na creata dlíthiúla ábhartha amach anseo a fheabhsú chun freastal ar éilimh úsáideoirí atá ag méadú maidir le sonraí iontaofa cuimsitheacha maidir le comhionannas agus éagsúlacht san Aontas.

(8)

Iarradh freisin i Meabhrán Bhúdaipeist go gcuirfí feabhas ar staidreamh maidir leis an imirce agus go bhforbrófaí agus go gcuirfí chun feidhme sainmhínithe coiteanna a bhaineann leis an daonra agus leis an imirce, agus an gá atá le coincheapa agus sainmhínithe atá fónta ó thaobh staidrimh de, atá ábhartha agus infheidhme a bhunú i bhfianaise na gcineálacha imirce atá ag teacht chun cinn á gcur san áireamh. Le teagmhais a tharla le déanaí agus atá ar siúl faoi láthair, mar shampla, tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus géarchéimeanna daonnúla, amhail iarmhairtí chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, leagtar béim ar a thábhachtaí atá staidreamh tráthúil mionsonraithe maidir leis an imirce agus cosaint idirnáisiúnta, atá ríthábhachtach chun forléargas a thabhairt ar shreafaí imirce chuig an Aontas, laistigh den Aontas agus ón Aontas.

(9)

Chun na spriocanna a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, éilítear staidreamh feabhsaithe a bhaineann le húsáid fuinnimh agus éifeachtúlacht tithíochta, sonraí geografacha mionsonraithe maidir le dáileadh an daonra agus staidéir níos cuimsithí ar an ngaol idir an daonra agus tithíocht chun beartais éifeachtacha a fhorbairt agus a mheas. Le paindéim COVID-19 léiríodh an gá atá le staidreamh iontaofa, minic agus tráthúil ar bhásanna san Aontas. Tá sásra leordhóthanach de dhíth ar an Aontas chun na sonraí sin a bhailiú go héigeantach laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach (CSE) a dhéantar leis an minicíocht, an tráthúlacht agus leibhéal an mhionsonraithe is gá.

(10)

Tá bailiú éigeantach sonraí laistigh de CSE ar bhonn an Rialacháin seo beartaithe chun faireachán rialta agus tráthúil ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a éascú, chun príomhspriocanna an Phlean Gníomhaíochta ghaolmhair a bhaint amach agus chun spriocanna na Ráthaíochta Eorpaí do Leanaí a bunaíodh le Moladh ón gComhairle (AE) 2021/1004 (5) ar an leibhéal náisiúnta agus, an tráth céanna, tá sonraí á sholáthar aige chun an measúnú ar thionchar dáileacháin an athraithe aeráide agus na mbeartas ábhartha a éascú.

(11)

Ar mholadh ó Choimisiún Staidrimh na Náisiún Aontaithe, glacann Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Náisiún Aontaithe rúin gach 10 mbliana maidir leis an Daonra Domhanda agus Áireamh Tithíochta agus iarrann sí ar bhallstáit na Náisiún Aontaithe daonáireamh agus áireamh tithíochta a thionól i gcomhréir le moltaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus chun cloí le sláine, iontaofacht, cruinneas agus luach thorthaí an daonáirimh agus an áirimh tithíochta. Ba cheart na moltaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha sin a chur san áireamh i staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht.

(12)

Is cuspóir lárnach de chuid an Aontais é oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú agus an t-ualach riaracháin a laghdú. An teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Márta 2023, dar teideal Long-term competitiveness of the EU: looking beyond 2030 [Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: ag féachaint níos faide chun cinn ná 2030], arb é is aidhm di ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú agus a shimpliú 25 % le haghaidh cuideachtaí agus riarachán, ach gan an bonn a bhaint ó na cuspóirí beartais gaolmhara. Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) bunaíodh creat dlíthiúil i gcomhair fhorbairt, tháirgeadh agus scaipeadh an staidrimh Eorpaigh, ar bhonn prionsabail chomhchoiteanna staidrimh. Leagtar amach sa Rialachán sin na critéir cháilíochta agus tagraítear don ghá go ndéanfaí an t-ualach freagartha ar fhreagróirí suirbhéanna a íoslaghdú agus don ghá cur leis an gcuspóir níos ginearálta maidir le hualaí riaracháin a laghdú. Le creat dlíthiúil nua le haghaidh staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht, ba cheart na critéir cháilíochta a leagtar amach sa Rialachán sin a chur chun feidhme agus forbairt a dhéanamh orthu, agus an t-ualach riaracháin a laghdú trí úsáid éifeachtach agus éifeachtúil na bhfoinsí sonraí atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí riaracháin, a chuimsiú.

(13)

Ós rud é gurb iad taifid riaracháin na foinsí sonraí is costéifeachtúla agus is éifeachtúla ó thaobh riaracháin de a chuimsíonn prionsabal na haonuaire, ba cheart é a bheith indéanta iad a úsáid le haghaidh na dtacar sonraí uile a sholáthraítear don Choimisiún fad a dheimhníonn na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, trí úsáid a bhaint as modhanna meastacháin gur leor cumhdach agus cáilíocht na bhfoinsí sonraí sin agus go dtugtar tuairisc chríochnúil orthu sna tuarascálacha cáilíochta agus sna meiteashonraí a ghabhann le tarchur na sonraí.

(14)

Sa mheastóireacht ar an staidreamh a foilsíodh maidir le daonáirimh agus áirimh tithíochta san Aontas, maidir le sreafaí imirce idirnáisiúnta, líon imirceach agus fáil saoránachta agus maidir le déimeagrafaíocht, léiríodh ann go bhfuil feabhas suntasach ar an iomlán tagtha ar an staidreamh i gcomparáid le staid 2005 de bharr an chreata dhlíthíuil reatha lena gcuimsítear Rialacháin (CE) Uimh. 862/2007 (7) agus (CE) Uimh. 763/2008 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013, sula raibh an creat dlíthiúil reatha i bhfeidhm. D’fhéadfadh easpa comhleanúnachais agus inchomparáideachta a bheith i gceist leis an gcreat sin, áfach, rud ba cheart aghaidh a thabhairt air.

(15)

Leis an athrú aeráide, an claochlú digiteach, an staid dhéimeagrafach atá ag teacht chun cinn agus treochtaí imirce le déanaí cruthaíodh éilimh ar staidreamh Eorpach atá níos tráthúla, níos minice agus níos mionsonraithe maidir leis an daonra, forbairtí socheacnamaíocha, teagmhais bheatha agus tithíocht, lena n-áirítear sonraí faoi thopaicí nó faoi ghrúpaí atá éirithe níos ábhartha ar bhonn polaitiúil agus sochaíoch le 10 mbliana anuas. Ina theannta sin, níl an creat dlíthíuil reatha solúbtha go leor chun oiriúnú do riachtanais bheartais atá ag teacht chun cinn agus chun úsáid foinsí nua ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a éascú. Ina theannta sin, mar thoradh ar struchtúr an chreata dhlíthiúil reatha i bhfoirm 3 Rialachán ar leith, arna nglacadh ag amanna éagsúla, tá neamhréireachtaí bunúsacha sa staidreamh. Ar deireadh, ós rud é go scoirfidh Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 d’fheidhm a bheith aige an 31 Lúnasa 2028, tá gá le creat dlíthiúil nua maidir leis an staidreamh déimeagrafach a bhailítear de bhun an Rialacháin sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an creat nua a bheith níos comhleanúnaí agus níos solúbtha agus ba cheart na forálacha ábhartha de Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a leasú leis agus ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 763/2008 agus (AE) Uimh. 1260/2013 a aisghairm leis.

(16)

Cumhdaítear le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 staidreamh maidir le tír saoránachta agus áit bhreithe an daonra cónaitheach (líon imirceach), maidir le hathrú cónaithe idir tíortha (sreafaí imirce idirnáisiúnta) agus maidir le fáil saoránachta ag an daonra cónaitheach. Baineann an staidreamh eile faoin Rialachán sin le nósanna imeachta riaracháin agus breithiúnacha a bhaineann le reachtaíocht um inimirce agus le cosaint idirnáisiúnta. Tá dlúthnasc idir an staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán sin agus an staidreamh maidir leis an daonra cónaitheach agus na hathruithe déimeagrafacha dá bhforáiltear le Rialacháin (CE) Uimh. 763/2008 agus (AE) Uimh. 1260/2013, agus ba cheart é a bheith comhsheasmhach leis an méid sin. Chun comhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart an staidreamh sin a chomhtháthú, dá bhrí sin, in aon bhunús dlí amháin agus ba cheart Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a scriosadh.

(17)

Mar gheall ar chineál roinnt saintréithe daonra agus tithíochta atá ag athrú go tapa, go háirithe maidir le feiniméin dhéimeagrafacha, shocheacnamaíocha agus imirce, agus mar gheall ar an ngá comhfhreagrach díriú go pras ar bheartais agus iad a chur in oiriúint, is gá staidreamh a bheith ar fáil ar bhonn tráthúil go luath i ndiaidh na tréimhse tagartha ábhartha le haghaidh na staidreamh sin. Ba cheart, dá bhrí sin, tréimhsiúlacht agus tráthúlacht an staidrimh a chur chun cinn go suntasach, i gcás inar féidir trí úsáid a bhaint as sonraí riaracháin agus taifid riaracháin. Chuige sin, is gá go gcuireann na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha ar fáil dá n-institiúidí staidrimh náisiúnta.

(18)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), bunaítear modheolaíocht ghreillebhunaithe chun tíopeolaíochtaí críche a shainiú, bunaithe ar dháileadh an daonra de réir cealla greille 1 km2. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1799 ón gCoimisiún (10), lenar bunaíodh gníomhaíocht staidrimh díreach sealadach chun topaicí roghnaithe a ghabhann le daonáirimh agus áirimh tithíochta 2021 a scaipeadh, déantar foráil i leith aschuir thábhachtacha dhaonáirimh ar ghreille 1 km2 uile-Eorpach. Le creat dlíthiúil nua, ba cheart scaipeadh leantach staidrimh geothagartha daonra bunaithe ar ghreillí, agus a leathnú chuig staidreamh tithíochta, a áirithiú.

(19)

Beartaítear gurb ionann na haonaid chríochacha agus greillí staidrimh dá dtagraítear sa Rialachán seo agus na haonaid chríochacha agus greillí staidrimh dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003.

(20)

Chun críche geochódú suíomh, tá téama na nAonad Staidrimh a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) le húsáid.

(21)

Ba cheart an creat dlíthiúil reatha le haghaidh staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht a thabhairt cothrom le dáta lena áirithiú go ndéantar na próisis staidrimh atá scartha faoi láthair a chomhtháthú go leordhóthanach i gcreat comhchoiteann lenar féidir le CSE freagairt go héifeachtach ar riachtanais faisnéise nua an Aontais agus nuálaíocht staidrimh a spreagadh. Is gá an t-aschur staidrimh ábhartha a fheabhsú chun a bheith ábhartha fós i bhfianaise athruithe agus dúshláin dhéimeagrafacha, imirce, shóisialta agus eacnamaíocha, lena dtacaítear le ceapadh beartas agus cinnteoireacht.

(22)

Ba cheart an staidreamh feabhsaithe rialta (bliantúil agus fobhliantúil) maidir leis an daonra agus le tithíocht a chomhlánú le faisnéis ó dhaonáirimh chomhordaithe agus ó áirimh chomhordaithe tithíochta san Aontas a dhéantar gach 10 mbliana i gcomhréir le Prionsabail agus Moltaí na Náisiún Aontaithe maidir le Daonáirimh agus Áirimh Tithíochta. Tugtar deis uathúil le daonáirimh agus áirimh tithíochta staidreamh oifigiúil a chur os comhair an tsaoil, ó thaobh oibríochtaí agus torthaí de.

(23)

Ba cheart daonáirimh agus áirimh tithíochta an Aontais a éirí níos costéifeachtúla trí leas iomlán a bhaint as an tsraith fhlúirseach sonraí riaracháin atá ar fáil ar fud na mBallstát nó trí theaglaim de mhodheolaíochtaí nuálacha agus d’fhoinsí nuálacha, lena n-áirítear foinsí nua a eascraíonn as soláthar seirbhísí digiteacha. Ba cheart na háirimh sin a úsáid freisin chun an bhonnlíne dhéimeagrafach a athbhunú. Ba cheart úsáid na bhfoinsí nua sin a bheith faoi réir na gcoimircí dlíthiúla, teicniúla agus nós imeachta a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

(24)

Ba cheart rochtain a bheith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún (Eurostat) ar an réimse is leithne is féidir d’fhoinsí sonraí chun staidreamh Eorpach ardchaighdeáin maidir leis an daonra agus le tithíocht a tháirgeadh ar bhonn costéifeachtúil. I ndáil leis sin, tá sé ríthábhachtach go bhfuil na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile a áirítear ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 (údaráis staidrimh náisiúnta) in ann rochtain a bheith acu ar na sonraí riaracháin atá faoi úinéireacht na riarachán poiblí ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil ar bhealach tráthúil, agus go gceadófar dóibh na sonraí sin a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 17a den Rialachán sin. Mar shampla, féadfar staidreamh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a bhunú ar shonraí riaracháin a bhaineann le heisiúint deimhnithe fuinnimh foirgneamh faoi Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba cheart rochtain thráthúil agus rialta a bheith ag na húdaráis staidrimh náisiúnta ar na bunachair sonraí náisiúnta maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh de bhun Threoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Ní mór do na húdaráis staidrimh náisiúnta a bheith páirteach freisin i gcinntí i ndáil le dearadh agus athfhorbairt foinsí sonraí riaracháin ábhartha chun a áirithiú gur féidir iad a úsáid tuilleadh chun staidreamh oifigiúil a thiomsú.

(25)

Le blianta beaga anuas, forbraíodh bunachair sonraí chuimsitheacha agus córais idir-inoibritheachta ar leibhéal an Aontais a bhaineann le cónaí, teagmhais bheatha, saoránacht agus gluaiseachtaí imirceacha agus trasteorann an daonra, amhail na cinn a bunaíodh le Rialacháin (AE) Uimh. 910/2014 (14), (AE) 2018/1724 (15), (AE) 2019/817 (16) agus (AE) 2019/818 (17) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Soláthraítear faisnéis luachmhar iontu is féidir a úsáid le haghaidh tiomsú agus dearbhú cáilíochta an staidrimh Eorpaigh maidir leis an daonra agus le tithíocht a thiomsú agus a dhearbhú.

(26)

Tá sé bunriachtanach an Coimisiún (Eurostat) a chumasú chun sonraí a úsáid chun críoch staidrimh, agus chun na gcríoch sin amháin, faoi réir rialacha maidir le cosaint sonraí agus príobháideacht sonraí a chur i bhfeidhm go docht, de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Ba cheart é sin a bheith i bhfeidhm, go háirithe, maidir leis na sonraí staidrimh a stóráiltear sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (LSTS) a bunaíodh le hAirteagal 39(1) de Rialachán (AE) 2019/817,le hAirteagal 39(1) de Rialachán (AE) 2019/818 agus leis na Rialacháin lena mbunaítear na córais a bhfuil a sonraí staidrimh stóráilte in LSTS. Go sonrach, ós rud é go bhfuil LSTS chun sonraí staidrimh traschórais agus tuairisciú anailíseach a sholáthar chun críoch beartais, oibriúcháin agus cáilíochta sonraí, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) comhoibriú le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), a mhéid is féidir, d’fhonn an staidreamh Eorpach is gá a sholáthar.

(27)

Tagraíonn sonraí a choinnítear go príobháideach don mhéid ollmhór sonraí atá á gcoinneáil ag eintiteas príobháideach a fuarthas mar thoradh ar a ngníomhaíocht, sonraí a d’fhéadfadh údaráis staidrimh náisiúnta agus an Coimisiún (Eurostat) a úsáid chun staidreamh oifigiúil a tháirgeadh. Leis na sonraí sin, is féidir feabhas a chur ar chumhdach, ar thráthúlacht agus ar acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna an staidrimh Eorpaigh maidir leis an daonra agus le tithíocht agus is féidir nuálaíocht staidrimh a chumasú leo. Tá an ionchasacht ag na sonraí sin staidreamh déimeagrafaíochta agus imirce atá ann cheana a chomhlánú, nuálaíocht staidrimh a sholáthar agus fiú fónamh chun luath-mheastacháin a tháirgeadh ar choinníoll go ndéantar cearta agus saoirsí na sealbhóirí sonraí a chosaint. Tá rochtain ag na húdaráis staidrimh náisiúnta agus ag an gCoimisiún (Eurostat) ar na sonraí sin agus tá siad in ann úsáid a bhaint as sonraí den sórt sin agus tá siad in ann dul i gcomhar leis na sealbhóirí sonraí príobháideacha de bhun Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

(28)

Chun inchomparáideacht an Staidrimh Eorpaigh maidir leis an daonra agus le tithíocht ar leibhéal an Aontais a áirithiú, tá sé bunriachtanach go n-úsáidfear sainmhínithe comhchoiteanna daonra agus go gcuirfear chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe iad. Chun an bonn daonra comhchuibhithe aonair a chur chun feidhme go comhsheasmhach, go láidir agus go costéifeachtach agus torthaí tráthúla á n-áirithiú ag an am céanna, ba cheart a bheith in ann teicnící samhaltaithe agus modhanna staidrimh atá eolaíocht-bhunaithe a chur i bhfeidhm, amhail comharthaí beatha, i gcás inarb iomchuí.

(29)

D’fhonn an cháilíocht chumhdaigh is airde a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit modhanna meastacháin a úsáid chun meastachán cruinn a bhaint amach ar an daonra iomlán ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann modhanna meastacháin a úsáid le haghaidh miondealuithe níos mionsonraithe, lena n-áirítear miondealuithe geografacha. Is gné dhílis de roinnt modhanna meastacháin é easpa substaintiúil eolais ar shaintréithe aonair, mar atá aois agus gnéas, mar shampla agus meastachán á dhéanamh ar staidreamh bunaithe ar shonraí nach bhfuil ar fáil ó fhoinsí riaracháin nó ó fhoinsí eile. I gcás ina mbíonn leibhéal neamhleor mionsonraí miondealaithe mar thoradh ar mhodhanna an mheastacháin sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann catagóir coigeartaithe thiomnaithe a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar an daonra i ngach tacar sonraí ábhartha. Le húsáid na gcatagóirí coigeartaithe sin, lena léirítear sonraí ‘anaithnide’, soláthraítear an tsolúbthacht is gá le haghaidh cásanna inar úsáideadh gach foinse sonraí atá ar fáil agus nach féidir tuilleadh mionsonraí a fháil ina leith. I gcás ina bhfuil catagóir coigeartaithe thiomnaithe á húsáid acu, ba cheart do na Ballstáit a modheolaíocht a mhíniú agus cúiseanna a thabhairt le catagóir coigeartaithe a úsáid sna tuarascálacha cáilíochta ábhartha.

(30)

Ba cheart do na Ballstáit a gcuid sonraí agus meiteashonraí a sholáthar i bhfoirm leictreonach i bhformáid theicniúil iomchuí a sholáthróidh an Coimisiún (Eurostat). Ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta, mar shampla an tionscnamh le haghaidh Sonraí Staidrimh agus Malartú Meiteashonraí (SDMX), agus caighdeáin staidrimh nó theicniúla arna bhforbairt laistigh den Aontas, amhail caighdeáin maidir le meiteashonraí agus bailíochtú nó prionsabail an Chreata Eorpaigh Idir-inoibrithe, a úsáid a mhéid is ábhartha le haghaidh staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht. D’fhormhuinigh CCSE caighdeáin CSE le haghaidh meiteashonraí agus tuarascálacha cáilíochta a leagtar amach in Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Tá na caighdeáin sin chun rannchuidiú le comhchuibhiú an dearbhaithe cáilíochta agus an tuairiscithe cáilíochta faoin Rialachán seo agus ba cheart iad a thabhairt isteach dá bhrí sin.

(31)

Ba cheart don staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht na critéir cháilíochta a chomhlíonadh maidir le hábharthacht, cruinneas, tráthúlacht agus poncúlacht, inrochtaineacht agus soiléire, inchomparáideacht agus comhleanúnachas a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Ba cheart cáilíocht na staidreamh sin a fheabhsú a mhéid a thagann éabhlóid ar riachtanais an Aontais, agus ba cheart sásraí a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ionchasacha i gcás nach ráthaítear cáilíocht na sonraí. Ba cheart torthaí iomchuí ón measúnú cáilíochta a dhéanann an Coimisiún (Eurostat) a bheith ar fáil go poiblí d’úsáideoirí staidrimh trí rochtain saor in aisce agus éasca ar an staidreamh sin a áirithiú trí bhunachair sonraí an Choimisiúin (Eurostat) ar a shuíomh gréasáin agus ina chuid foilseachán.

(32)

Leis an staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an easpa leanúnach sonraí maidir le grúpaí daonra a bhfuil sé deacair teacht orthu cuir i gcás daoine a bhfuil cónaí orthu in institiúidí, daoine faoi mhíchumas, daoine gan dídean, daoine de bhunadh imirceach agus daoine gan stát. Chun an léargas is fearr is féidir a fháil ar an tsochaí agus chun neamhionannais shóisialta agus eacnamaíocha a chosc, ba cheart do na Ballstáit iarrachtaí cuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcumhdófar go cruinn grúpaí daonra a bhfuil sé deacair teacht orthu. Ba cheart na staidéir phíolótacha agus na staidéir indéantachta a sheoltar de bhun an Rialacháin seo a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar sin.

(33)

Chun beartais leormhaithe, tráthúla agus éifeachtacha a bheith ann, is gá sonraí iontaofa agus inchomparáide a fháil, atá dí-chomhiomlánaithe de réir inscne, aoise agus, i gcás inarb ábhartha, náisiúntachta, stádais shocheacnamaíoch, limistéar geografach, agus saintréithe eile i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh a leagtar síos in Airteagal 338 CFAE agus Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh agus an Creat um Dhearbhú Cáilíochta de chuid CSE. Tá na sonraí sin tábhachtach chun tuiscint níos fearr a fháil ar threochtaí daonra agus tithíochta, chun idirdhealú trasnach a chomhrac agus chun beartais, cuspóirí agus gníomhaíochtaí polaitiúla an Aontais a chur chun feidhme agus a mheasúnú, mar shampla Straitéis Cúraim na hEorpa a leagtar síos sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 maidir le straitéis cúram na hEorpa, an Straitéis Eorpach maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas a leagtar síos sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 maidir le Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030 agus an tArdán Eorpach chun an Easpa Dídine a Chomhrac a seoladh le Dearbhú Liospóin an 21 Meitheamh 2021 maidir leis an Ardán Eorpach chun an Easpa Dídine a Chomhrac, a bhfuil gach ceann acu ag brath go mór ar shonraí faoi líonta tí agus teaghlaigh. Ba cheart dí-chomhiomlánú de réir míchumais a spreagadh trí fhoinsí sonraí riaracháin atá ann cheana agus foinsí nua sonraí riaracháin a úsáid mar luamháin. Tá bailiú agus úsáid na sonraí sin le déanamh agus lánurraim á tabhairt do chaighdeáin an Aontais agus do chaighdeáin náisiúnta maidir le príobháideachas agus cearta bunúsacha eile, go háirithe nuair is sonraí a bhaineann le mionaoisigh atá i gceist. Ba cheart dí-chomhiomlánú de réir inscne léiriú a thabhairt ar na sonraí atá ar fáil sna Ballstáit. Is féidir le daoine an tríú inscne a chlárú go dlíthiúil i roinnt Ballstát faoi láthair, agus is minic gur inscne neodrach a bhíonn i gceist. Ní dhéantar difear leis an Rialachán seo do na rialacha náisiúnta ábhartha lena dtugtar éifeacht don aitheantas sin.

(34)

Cuimsítear i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 rialacha maidir le soláthar sonraí ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) agus maidir le húsáid na sonraí sin, lena n-áirítear maidir le tarchur agus cosaint sonraí rúnda. Leis na bearta arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán sin, ba cheart a áirithiú go ndéanfar sonraí rúnda a sholáthar agus a úsáid chun críoch staidrimh agus chun na gcríoch sin amháin de bhun Airteagail 21 agus 22 den Rialachán sin.

(35)

Tá an Coimisiún (Eurostat) le rúndacht staidrimh na sonraí arna soláthar ag na Ballstáit de bhun Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a urramú. Maidir le staidreamh daonra a bhailítear faoin Rialachán seo, ba cheart cur chuige comhchuibhithe a fhorbairt maidir le hardchaighdeán na gcomhiomlán ar an leibhéal Eorpach a áirithiú agus nochtadh sonraí rúnda in aschuir staidrimh a sheachaint, agus, a mhéid is féidir, sochtadh sonraí a sheachaint.

(36)

Maidir le feiniméin a bhaineann le saorghluaiseacht daoine san Aontas, rochtain daoine ar sheirbhísí trasteorann a bhaineann le teagmhais bheatha agus feidhmiú ceart daoine chun maoin tithíochta a cheannach agus a bheith acu, ar maoin í a úsáidtear mar phríomhchóiríocht, mar chóiríocht saoire agus mar chóiríocht thánaisteach ar fud an Aontais, ní bhítear ábalta iad a ghabháil go beacht i gcónaí le foinsí sonraí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta. Tá neamhshiméadrachtaí ann freisin sna sreafaí imirce déthaobhacha agus deacrachtaí grúpaí daonra a thomhas, mar shampla, i measc daonraí imirceacha, daoine gan dídean nó daoine gan stát. Dá bhrí sin, chun críoch staidreamh daonra agus imirce a thiomsú agus cáilíocht na sonraí sin a áirithiú, ba cheart comhroinnt sonraí a threisiú agus a mheas mar fhoinse sonraí eile fós. Le comhroinnt threisithe sonraí den sórt sin, ba cheart raon sonraí ábhartha a chumhdach, lena n-áirítear sonraí ar léir nach féidir aonaid staidrimh, go díreach nó go hindíreach, a shainaithint leo,. Leis an gcomhroinnt sin, ba cheart a bheith in ann sonraí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir ceanglais rúndachta staidrimh a chumhdach. Ba cheart do na Ballstáit, ar mhaithe leo féin agus le leas na mBallstát eile, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhroinnte sonraí, lena n-áirítear i dtreoirthionscadail ina ndéantar measúnú ar réitigh shlána nuálacha. Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) bonneagar slán a bhunú chun an chomhroinnt sonraí sin a éascú agus na coimircí riachtanacha uile á n-áirithiú le haghaidh cosaint sonraí.

(37)

Níor cheart sonraí rúnda a chomhroinnt ach amháin ar bhonn iarratais lena dtugtar údar maith leis an ngá na sonraí sin a chomhroinnt de bhun Chaibidil V de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

(38)

San fhadtéarma, leis na hiarrachtaí comhoibríocha sa Chóras Staidrimh Eorpach chun ábhair imní faoi cháilíocht staidrimh trasteorann a mhaolú, amhail comhaireamh dúbailte chónaitheoirí an Aontais atá ag baint leas as an tsaoirse gluaiseachta, ba cheart go mbainfí tairbhe as aitheantóirí aonair digiteacha, mar shampla, a bunaíodh ar leibhéal an Aontais le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

(39)

Ní dochar an Rialachán seo do Rialacháin (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), Rialachán (AE) 2018/1725 ná do Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20). Faoi chuimsiú a raoin feidhme faoi seach, beidh feidhm ag na gníomhartha reachtacha deiridh sin i leith próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo, agus é á chur san áireamh an fíoras gur sonraí rúnda staidrimh iad sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun críoch staidrimh ar mhaithe le leas an phobail, faoi réir phrionsabal na rúndachta staidrimh. Dá bhrí sin, níl na sonraí sin le húsáid ach amháin chun críoch staidrimh agus níl siad le húsáid riamh le haghaidh bearta nó cinntí a bhaineann le haon duine nádúrtha ar leith. Ba cheart sonraí anaithnide nó sonraí bréagainmnithe a úsáid más féidir chun sonraí pearsanta a phróiseáil, a chomhroinnt agus a chartlannú chun críoch staidrimh faoin Rialachán seo chun na coimircí a ghlactar faoi Airteagal 89 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/1725 a ráthú. I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta de bhun Rialachán (AE) 2016/679 nó (AE) 2018/1725, ba cheart prionsabail na dlíthiúlachta, na cothroime, na trédhearcachta agus an chruinnis, an teorannaithe de réir cuspóra, an íoslaghdaithe sonraí, an teorannaithe stórála agus na sláine agus na rúndachta a chur i bhfeidhm go hiomlán. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail staidrimh a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus a fhorbraítear tuilleadh i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh.

(40)

Ba cheart staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht a fhorbairt chun aird a thabhairt ar riachtanais sonraí atá ag teacht chun cinn de bharr tosaíochtaí beartais atá ag athrú, chomh maith le hathruithe ar an staid dhéimeagrafach, imirce, shóisialta nó eacnamaíoch san Aontas. Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) tabhairt faoi staidéir phíolótacha agus staidéir indéantachta ina ndéantar measúnú ar indéantacht na n-oiriúnuithe lena mbaineann, de réir mar is iomchuí, agus ba cheart dó gnéithe mar shampla costais agus ualaí riaracháin ar na Ballstáit agus infhaighteacht foinsí iomchuí sonraí a chur san áireamh. Agus na staidéir sin á n-ullmhú aige, ba cheart don Choimisiún ionadaíochas na staidéar ar leibhéal an Aontais a áirithiú, agus éagsúlachtaí thar na Ballstáit á léiriú an tráth céanna. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na staidéar sin i gcomhar leis na Ballstáit.

(41)

Chun treochtaí déimeagrafacha, eacnamaíocha agus sóisialta, forbairtí teicneolaíocha agus an gá atá le beartais dhea-spriocdhírithe a cheapadh ar bhealach tráthúil a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun liosta na dtopaicí mionsonraithe a chumhdaítear le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht a leasú agus chun an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit chun críche bailiú breise sonraí staidrimh a shonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (21). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(42)

Léirítear tábhacht an staidrimh Eorpaigh mar chuid ríthábhachtach den chinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise sa chreat clársceidealaithe agus maoiniúcháin a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh (Clár an Mhargaidh Aonair). Ba cheart do na Ballstáit a bheith ábalta iarratas ar thacaíocht airgeadais ó Chlár an Mhargaidh Aonair agus ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) a dhéanamh i gcomhréir le cuspóirí na n-ionstraimí sin agus leis na rialacha a bhaineann leis na hionstraimí sin, chun a gcórais staidrimh náisiúnta a oiriúnú, feabhas a chur ar an modheolaíocht agus ar cháilíocht sonraí maidir le staidreamh, agus pleanáil agus gach bailiú breise sonraí faoin Rialachán seo a chur chun feidhme.

(43)

De bhun Rialacháin (AE, Euratom) 2024/2509 (24) agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 (25) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (26), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (27) agus (AE) 2017/1939 (28) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Thairis sin, tá sé de chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Le Rialachán (AE) 2017/1939, tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’), cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29). De bhun Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas ní mór dó comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha.

(44)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme i ndáil le sonraíocht na gceanglas sonraí agus meiteashonraí, formáidí teicniúla agus nósanna imeachta maidir le soláthar sonraí agus meiteashonraí, ábhar agus struchtúr tuarascálacha cáilíochta, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30).

(45)

I gcás ina mbeadh gá, de bharr chur chun feidhme an Rialacháin seo, nó na ngníomhartha tarmligthe agus na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun, le mórathruithe ar chóras staidrimh náisiúnta Ballstáit, ba cheart an Coimisiún a bheith ábalta, i gcásanna cuí-réasúnaithe agus ar feadh tréimhse theoranta, maoluithe a dheonú do na Ballstáit lena mbaineann.

(46)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht a tháirgeadh go córasach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr cúiseanna comhsheasmhachta agus inchomparáideachta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(47)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 16 Márta 2023 (31).

(48)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo creat coiteann dlíthiúil chun staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘saoránacht’ an nasc dlí faoi leith idir duine agus Stát, a rinneadh de bharr gur ann a rugadh é nó í, nó a rinneadh de bharr eadóirseachta, cé acu an eadóirseacht trí dhearbhú, de rogha, trí phósadh nó trí uchtú a bhí ann nó eadóirseacht trí mhodh ar bith eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(2)

ciallaíonn ‘gnátháit chónaithe’ an áit ina gcaitheann duine an tréimhse laethúil scíthe go hiondúil, gan beann ar asláithreachtaí sealadacha chun críoch áineasa, saoire, cuairteanna ar chairde agus gaolta, gnó, cóireáil leighis nó oilithreacht reiligiúnach, ar choinníoll go gcomhlíonann an duine sin an méid seo a leanas:

(a)

go raibh cónaí ar an duine sin san áit sin an chuid is mó den am le linn an 12 mhí roimh an dáta tagartha agus an dáta sin san áireamh; nó

(b)

gur tháinig an duine sin go dtí an áit sin le linn an 12 mhí roimh an dáta tagartha agus an dáta sin san áireamh agus tá sé ar intinn ag an duine sin nó tá coinne ag an duine sin fanacht ann an chuid is mó den am go ceann 12 mhí ar a laghad ón dáta teachta;

(3)

ciallaíonn ‘comharthaí beatha’ faisnéis lena léirítear láithreacht iarbhír agus gnátháit chónaithe duine ar an gcríoch ábhartha, ar faisnéis í is féidir a fháil ó aon fhoinse iomchuí nó teaglaim díobh, lena n-áirítear rianta digiteacha a bhaineann leis an duine lena mbaineann;

(4)

ciallaíonn ‘imirce idirnáisiúnta’ an teagmhas lena mbunaíonn duine a ghnátháit chónaithe nó a gnátháit chónaithe i gcríoch Ballstáit nó i dtríú tír, i gcás ina raibh gnáthchónaí air nó uirthi roimhe seo i mBallstát eile nó i dtríú tír;

(5)

ciallaíonn ‘inimirceach’ duine a chuaigh ar imirce idirnáisiúnta le linn na tréimhse tagartha chun gnátháit chónaithe nua an duine sin a bhunú i gcríoch an Bhallstáit tuairiscithe;

(6)

ciallaíonn ‘eisimirceach’ duine a chuaigh ar imirce idirnáisiúnta le linn na tréimhse tagartha chun gnátháit chónaithe nua an duine sin a bhunú lasmuigh de chríoch an Bhallstáit thuairiscithe, i gcás ina raibh gnáthchónaí air nó uirthi roimhe seo i gcríoch an Bhallstáit thuairiscithe;

(7)

ciallaíonn ‘imirce inmheánach’ an teagmhas lena n-athraíonn duine a ghnátháit chónaithe nó a gnátháit chónaithe laistigh de chríoch an Bhallstáit thuairiscithe;

(8)

ciallaíonn ‘grúpaí daonra a bhfuil sé deacair teacht orthu’ grúpaí daoine a bhfuil bac iarbhír nó braite ann i leith a gcuimsithe iomláin ionadaíoch nó sainaitheanta maidir le bailiú sonraí staidrimh, de bharr easpa cumhdaigh grúpaí den sórt sin nó de bharr easpa saintréithe sonracha chun iad a shainaithint;

(9)

ciallaíonn ‘áit chónaithe’ déanmhas sealadach nó buan, foscadh nó áit lóistín ina gcónaíonn duine amháin nó níos mó, beag beann ar a bhfuil sé deartha nó ceaptha mar áit chónaithe don duine;

(10)

ciallaíonn ‘áitreabh ar leithligh’ áitribh atá timpeallaithe le ballaí agus clúdaithe le díon nó síleáil ar bhealach inar féidir le duine amháin nó níos mó cónaí ann go neamhspleách ar dhaoine eile;

(11)

ciallaíonn ‘áitreabh neamhspleách’ áitreabh a bhfuil rochtain dhíreach air ó shráid, staighre, pasáiste, dorchla nó talamh;

(12)

‘ciallaíonn‘teaghais thraidisiúnta’ áitreabh ar leithligh ó thaobh struchtúir de agus áitreabh neamhspleách i suíomhanna seasta, atá deartha mar áit chónaithe bhuan don duine agus, ar an dáta tagartha, a úsáidtear mar ghnátháit chónaithe, mar áit chónaithe thánaisteach nó shéasúrach, nó nach gcónaítear ann;

(13)

ciallaíonn ‘foirgneamh a bheartaítear chun cónaí ann’ déanmhas buan ina gcuimsítear teaghais thraidisiúnta amháin nó níos mó nó a bheartaítear a úsáid mar thithíocht institiúideach nó chomhchoiteann;

(14)

ciallaíonn ‘líon tí’ grúpa de bheirt nó níos mó a roinneann áit chónaithe, nó duine amháin nach cuid d’aon líon tí eile é nó í;

(15)

ciallaíonn ‘institiúid’ áit chónaithe chomhchoiteann chun cónaí fadtéarmach agus seirbhísí is gá le haghaidh a tsaoil laethúil a sholáthar do ghrúpa daoine;

(16)

ciallaíonn ‘teaghlach’ grúpa de bheirt nó níos mó a chónaíonn an chuid is mó den am sa líon tí céanna agus atá gaolta trí thuismitheoireacht nó trí phósadh, páirtnéireacht chláraithe nó pósadh chomhthoiliúil;

(17)

ciallaíonn ‘taifid riaracháin’ sonraí arna nginiúint ag foinse nach foinse staidrimh í, ar clár í de ghnáth atá i seilbh comhlachta phoiblí, agus arb é is príomhaidhm dó staidreamh a sholáthar;

(18)

ciallaíonn ‘réimse’ tacar sonraí amháin nó níos mó lena gcumhdaítear topaicí áirithe;

(19)

ciallaíonn ‘topaic’ inneachar na faisnéise atá le bailiú faoi na haonaid staidrimh, agus cumhdaítear le gach topaic topaic mhionsonraithe amháin nó níos mó;

(20)

ciallaíonn ‘topaic mhionsonraithe’ inneachar mionsonraithe na faisnéise atá le bailiú faoi na haonaid staidrimh a bhaineann le topaic, agus cumhdaítear le gach topaic mhionsonraithe athróg amháin nó níos mó;

(21)

ciallaíonn ‘tacar sonraí’ athróg amháin nó níos mó, eagraithe i bhfoirm struchtúrtha;

(22)

ciallaíonn ‘daonáireamh agus áireamh tithíochta’ na tacair sonraí agus meiteashonraí mionsonraithe deichbhliantúla a bheidh le soláthar faoin Rialachán seo;

(23)

ciallaíonn ‘aonad staidrimh’ ball amháin d’uilephobal eintiteas, eadhon daoine, réada nó teagmhais, a mbailítear sonraí agus a dtiomsaítear staidreamh ina leith;

(24)

ciallaíonn ‘athróg’ saintréith aonaid staidrimh ar féidir le níos mó ná tacar luachanna amháin a bheith ag gabháil leis;

(25)

ciallaíonn ‘miondealú’ tacar luachanna réamhshainithe, scoite, uileghabhálach agus comheisiatach ar féidir iad a shannadh d’athróg arb iad aonaid staidrimh a sainghné;

(26)

ciallaíonn ‘leibhéal náisiúnta’ leibhéal a bhaineann le críoch Ballstáit;

(27)

ciallaíonn ‘leibhéal réigiúnach’ nó ‘NUTS 3’ leibhéal 3 NUTS mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003;

(28)

ciallaíonn ‘leibhéal áitiúil’nó ‘ARÁ’ leibhéal aonaid riaracháin áitiúil mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003;

(29)

ciallaíonn ‘leibhéal greille’ greille staidrimh a choinnítear ar bun agus a fhoilsítear de bhun Airteagal 4a de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003;

(30)

ciallaíonn ‘fráma’ aon liosta, ábhar nó feiste a theorannaíonn agus a shainaithníonn gnéithe den spriocphobal agus a d’fhéadfadh, ag brath ar a úsáid, rochtain ar na gnéithe a cheadú, nó saintréithe breise na ngnéithe a sholáthar;

(31)

ciallaíonn ‘dáta tagartha’ an tráth dá dtagraíonn an staidreamh;

(32)

ciallaíonn ‘tréimhse thagartha’ an t-eatramh ama dá dtagraíonn an staidreamh maidir le teagmhais;

(33)

ciallaíonn ‘am tagartha’ dáta tagartha nó tréimhse thagartha, ag brath ar cé acu an mbaineann an staidreamh le teagmhais nó le haonaid staidrimh eile;

(34)

ciallaíonn ‘meiteashonraí’ faisnéis a bhfuil gá léi chun staidreamh a úsáid agus a léiriú agus a chuireann síos ar thacair sonraí ar bhealach struchtúrtha;

(35)

ciallaíonn ‘tacair sonraí réamhsheiceáilte’ tacair sonraí arna bhfíorú ag na Ballstáit, ar bhonn rialacha coiteanna maidir le bailíochtú.

Airteagal 3

Bonn daonra

1.   Chun críche an Rialacháin seo, is é atá sa bhonn daonra na daoine uile a bhfuil a ngnátháit chónaithe laistigh den Aontas in aonad críochach sonraithe de chuid Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal greille, ar an dáta tagartha.

2.   Cuimseofar sa bhonn daonra gach duine gnáthchónaitheach, gan beann ar a saoránacht nó cé acu atá siad gan stát nó a bhí siad gan stát roimhe sin.

3.   Fágfar amach as an mbonn daonra daoine a bhfuil a ngnátháit chónaithe lasmuigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, gan beann ar áit bhreithe ná ar shaoránacht, agus gan beann ar aon nasc teaghlaigh, sóisialta, eacnamaíoch nó maoine atá ag an duine leis an mBallstát sin.

4.   I gcás nach bhfuil aon ghnátháit chónaithe ag duine, measfar gurb í gnátháit chónaithe an duine sin an áit a bhfuil an duine sin ar an dáta tagartha.

5.   Cuirfidh na Ballstáit an sainmhíniú ar ghnátháit chónaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo i bhfeidhm maidir leis na tacair sonraí uile a sholáthraítear don Choimisiún (Eurostat) faoin Rialachán seo agus ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal greille, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

6.   Agus an sainmhíniú ar ghnátháit chónaithe á chur i bhfeidhm, úsáidfidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:

(a)

ceann amháin nó níos mó de na foinsí sonraí a liostaítear in Airteagal 8(1);

(b)

modhanna meastacháin, atá faoi réir Airteagal 11(2), chun cur i bhfeidhm cruinn an bhoinn daonra a áirithiú, i gcomhréir le míreanna 1 go 4 den Airteagal sin, amhail comharthaí beatha chomh maith le modhanna meastacháin staidrimh eile atá eolaíocht-bhunaithe, dea-dhoiciméadaithe agus ar fáil go poiblí, agus moltaí agus dea-chleachtais idirnáisiúnta á gcur san áireamh, chun ceartúchán a dhéanamh le haghaidh láithreacht iarbhír san áit ghnátháit chónaithe mheasta den chuid is mó den am sa 12 mhí dar críoch an dáta tagartha, agus chun meastachán a dhéanamh ar an líon daoine a bhfuil sé ar intinn acu fanacht, nó a bhfuiltear ag dréim go bhfanfaidh siad, den chuid is mó den am sa 12 mhí ón dáta teachta.

7.   Chun críoch vótála trí thromlach cáilithe sa Chomhairle, soláthróidh an Coimisiún don Chomhairle sonraí maidir le daonra iomlán na mBallstát ag deireadh gach bliana tagartha, mar a d’fhoilsigh an Coimisiún (Eurostat) an 30 Meán Fómhair tar éis na bliana tagartha. Soláthróidh an Coimisiún na sonraí sin ar bhonn na faisnéise arna tarchur ag na Ballstáit sa tacar sonraí a shonraítear san Iarscríbhinn agus ar bhonn aon tacar sonraí athbhreithnithe arna tharchur ag na Ballstáit de bhun Airteagal 7(3), an chéad fhomhír, pointe (a), agus i gcomhréir le hAirteagal 7(3), an dara fomhír agus an tríú fomhír, i gcás ina dtarchuirfidh na Ballstáit na tacair sonraí sin roimh an 1 Meán Fómhair den bhliain féilire tar éis na bliana tagartha.

Airteagal 4

Aonaid staidrimh

Tiomsófar staidreamh faoin Rialachán seo maidir leis na haonaid staidrimh seo a leanas:

(a)

daoine;

(b)

teagmhais bheatha;

(c)

teaghlaigh;

(d)

líonta tí;

(e)

foirgnimh a bheartaítear chun cónaí iontu;

(f)

áiteanna cónaithe, lena n-áirítear institiúidí;

(g)

teaghaisí traidisiúnta.

Airteagal 5

Ceanglais staidrimh

1.   Cumhdófar sa staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht na réimsí seo a leanas:

(a)

déimeagrafaíocht;

(b)

tithíocht;

(c)

teaghlaigh agus líonta tí.

2.   Déanfar an staidreamh sna réimsí a liostaítear i mír 1 a eagrú ina thacair sonraí i gcomhréir le liosta na dtopaicí agus na dtopaicí mionsonraithe agus a dtréimhsiúlachta comhfhreagraí, a n-amanna tagartha, a spriocdhátaí tarchuir agus a leibhéal críochach, a leagtar amach san Iarscríbhinn. I gcás inar duine an t-aonad staidrimh, déanfar na tacair sonraí a dhí-chomhiomlánú de réir, ar a laghad, inscne agus aoise, ach amháin mar a fhoráiltear i bhfonóta 1 den Iarscríbhinn.

Maidir leis an topaic mhionsonraithe ‘saintréithe foirgneamh a bhaineann le fuinneamh’, beidh na sonraí atá le tarchur maidir le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh teoranta do na sonraí atá ar fáil sa bhunachar sonraí náisiúnta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a bunaíodh de bhun Airteagal 22 de Threoir (AE) 2024/1275, sa Bhallstát ábhartha.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun liosta topaicí mionsonraithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a leasú. I gcás ina dtugtar isteach topaic mhionsonraithe nua le gníomh tarmligthe, féadfar a áireamh sa ghníomh tarmligthe sin freisin an tréimhsiúlacht ábhartha, am tagartha ábhartha, spriocdháta tarchuir ábhartha agus leibhéal críochach ábhartha. Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin 18 mí ar a laghad roimh thús an ama tagartha ábhartha.

4.   I gcás ina bhfeidhmíonn an Coimisiún a chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal sin, áiritheoidh sé an méid seo a leanas:

(a)

tá údar cuí leis na gníomhartha tarmligthe agus ní chuireann siad ualach suntasach breise ná costas suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí;

(b)

déantar staidéir féidearthachta nó staidéir phíolótacha mar a thagraítear dóibh in Airteagal 13 agus cuirtear torthaí na staidéar sin san áireamh sula nglacfar aon ghníomh tarmligthe.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na tacair sonraí agus na meiteashonraí atá le tarchur chuig an gCoimisiún (Eurostat). Leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme sin an méid seo a leanas:

(a)

liosta athróg, a sonraíochtaí teicniúla agus a miondealuithe, ar choinníoll nach bhfuil na miondealuithe críochacha níos mionsonraithe ná na leibhéil chríochacha a leagtar amach san Iarscríbhinn;

(b)

sonraíochtaí mionsonraithe na n-aonad staidrimh agus na meiteashonraí;

(c)

aicmithe staidrimh atá le húsáid;

(d)

na formáidí teicniúla le haghaidh tacar sonraí agus tarchur meiteashonraí agus sonraíochtaí breise, i gcás ina bhfuil gá agus údar cuí leo;

(e)

na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh catagóirí coigeartaithe tiomnaithe dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

6.   Sula nglacann an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun mhír 5 den Airteagal seo, déanfaidh sé measúnú ar an staidreamh a bhaineann le daoine agus le líonta tí a bailíodh cheana de bhun Rialachán (AE) 2019/1700. Nuair a ghlacann an Coimisiún gníomh cur chun feidhme, tabharfaidh sé cúiseanna lena dtugtar údar le cuimsiú aon athróg agus aon mhiondealuithe a bailíodh cheana de bhun an Rialacháin sin. Ní cheanglófar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin sonraí nach féidir, de bharr a gcineáil, iad a bhailiú ach go díreach ó dhaoine aonair.

7.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 5 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2)

Glacfar iad ar a laghad 18 mí roimh thús an ama tagartha ábhartha, ach amháin maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na chéad amanna tagartha mar a leagtar amach in Airteagal 6(5), a nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme ina leith 12 mhí ar a laghad roimh thús an ama tagartha ábhartha agus;

(b)

an daonáireamh agus an t-áireamh tithíochta ar ina leith a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme 24 mhí ar a laghad roimh thús na bliana a thitfidh an dáta tagartha.

Áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh na gníomhartha cur chun feidhme sin ualach suntasach breise ná costas suntasach breise ar na Ballstáit nó ar na freagróirí.

8.   Déanfar staidéir féidearthachta nó staidéir phíolótacha dá dtagraítear in Airteagal 13 agus déanfar measúnú cuí ar thorthaí na staidéar sin agus cuirfear san áireamh iad sula ndéanfar aon mhodhnú ar na miondealuithe dá dtagraítear i mír 5, pointe (a), den Airteagal seo.

9.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an bhfaisnéis a leagan amach atá le soláthar ag na Ballstáit ar feadh uastréimhse 3 bliana tagartha ar choinníoll go meastar gur gá faisnéis bhreise a bhailiú faoi raon feidhme an Rialacháin seo chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais bhreise maidir le sonraí staidrimh, ar riachtanais iad nach féidir a chomhlíonadh ar bhealach ar bith eile. Go háirithe, ní bheidh oibleagáid ann suirbhé nua staidrimh a dhéanamh mar thoradh ar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír seo.

Leagfar amach an méid seo a leanas sna gníomhartha tarmligthe sin:

(a)

na topaicí mionsonraithe atá le cumhdach de bhun na míre seo a bhaineann leis na réimsí agus topaicí a shonraítear san Iarscríbhinn, agus na cúiseanna atá leis na riachtanais bhreise sin maidir le sonraí staidrimh;

(b)

maidir leis na topaicí mionsonraithe dá dtagraítear i bpointe (a), an tréimhsiúlacht, amanna tagartha, spriocdhátaí tarchuir agus leibhéil chríochacha.

Ní bheidh feidhm ag na gníomhartha tarmligthe sin maidir le hamanna tagartha roimh 2030 agus déanfar foráil leo maidir le híostréimhse 2 bhliain idir na hamanna tagartha do gach bailiú breise sonraí. Ní thabharfar isteach leis na gníomhartha tarmligthe sin ceanglais staidrimh le hamanna tagartha a thagann laistigh de na blianta tagartha dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

Déanfar staidéir féidearthachta nó staidéir phíolótacha dá dtagraítear in Airteagal 13 agus cuirfear torthaí na staidéar sin san áireamh sula nglacfar aon ghníomh tarmligthe de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.

10.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 9 agus na meiteashonraí ábhartha a shonrú. Leagfar amach sna gníomhartha cur chun feidhme sin an méid seo a leanas:

(a)

liosta athróg, a sonraíochtaí teicniúla agus a miondealuithe, ar choinníoll nach bhfuil na miondealuithe críochacha níos mionsonraithe ná na leibhéil chríochacha a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe comhfhreagrach dá dtagraítear i mír 9, an dara fomhír, pointe (b), den Airteagal seo;

(b)

sonraíochtaí mionsonraithe na n-aonad staidrimh agus na meiteashonraí;

(c)

aicmithe staidrimh atá le húsáid;

(d)

na formáidí teicniúla le haghaidh tacar sonraí agus tarchur meiteashonraí agus sonraíochtaí breise i gcás ina bhfuil gá agus údar cuí leo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin in Airteagal 17(2) faoi 18 mí roimh thosach an ama tagartha ábhartha.

Déanfar staidéir féidearthachta nó staidéir phíolótacha dá dtagraítear in Airteagal 13 agus cuirfear torthaí na staidéar sin san áireamh sula nglacfar aon ghníomh cur chun feidhme.

11.   Déanfar na staidéir dá dtagraítear i mír 4, pointe (b), i mír 8, i mír 9, an ceathrú fomhír, agus i mír 10, an tríú fomhír, den Airteagal seo a mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 14.

Airteagal 6

Tréimhsiúlacht agus amanna tagartha

1.   Déanfaidh na Ballstáit an staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht a tháirgeadh gach ráithe, gach bliain agus ar bhonn ilbhliantúil, agus i ndaonáireamh agus áireamh tithíochta deichbhliantúil.

2.   Is iad na blianta dar críoch ‘1’ a bheidh sna blianta tagartha don daonáireamh agus áireamh tithíochta deichbhliantúil.

3.   Is iad na blianta dar críoch ‘1’, ‘5’ agus ‘8’ a bheidh sna blianta tagartha do staidreamh ilbhliantúil.

4.   Is mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a bheidh tréimhsiúlacht agus am tagartha gach topaice mionsonraithe.

5.   Is é an 31 Nollaig 2027 an chéad dáta tagartha a mbeidh staidreamh bliantúil ar an topaic ‘stoic daonra’ le soláthar ina leith. Is é an 31 Nollaig 2031 an chéad dáta tagartha a mbeidh staidreamh deichbhliantúil le soláthar ina leith. Tarchuirfidh Ballstát na sonraí maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, den chéad uair, 24 mhí ar a dhéanaí ón dáta a bheidh an bunachar sonraí náisiúnta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh ar fáil sa Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE) 2024/1275. Is in 2028 a sholáthrófar an chéad am tagartha a mbeidh aon staidreamh eile ina leith faoin Rialachán seo.

Airteagal 7

Tacair sonraí agus meiteashonraí atá le tarchur chuig an gCoimisiún

1.   Tarchuirfidh na Ballstáit tacair sonraí réamhsheiceáilte agus meiteashonraí réamhsheiceáilte chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir leis an Iarscríbhinn, agus úsáid á bhaint as formáid theicniúil atá le sonrú ag an gCoimisiún (Eurostat). Úsáidfear seirbhísí an phointe iontrála aonair chun na tacair sonraí agus meiteashonraí a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat).

2.   Nuair a fhoilseoidh na Ballstáit tacair sonraí a cheanglaítear leis an Rialachán seo ar an leibhéal náisiúnta níos luaithe ná na spriocdhátaí tarchuir a bhunaítear san Iarscríbhinn nó sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 5(9), soláthróidh na Ballstáit na tacair sonraí don Choimisiún (Eurostat) gan moill mhíchuí, agus in aon chás laistigh de 30 lá féilire ó dháta an fhoilsithe náisiúnta nó faoi na spriocdhátaí tarchuir a bhunaítear san Iarscríbhinn nó sna gníomhartha tarmligthe sin, cibé acu a is luaithe.

3.   Tarchuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas chuig an gCoimisiún (Eurostat):

(a)

tacair sonraí agus meiteashonraí athbhreithnithe má dhéantar athbhreithniú i ndiaidh na tacair sonraí is gá faoin Rialachán seo a sholáthar i dtosach;

(b)

tacair sonraí agus meiteashonraí athbhreithnithe le haghaidh amshraitheanna ábhartha má dhéantar athbhreithniú ar thacair sonraí a soláthraíodh don Choimisiún (Eurostat) roimh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Tarchuirfear na Ballstáit na tacair sonraí agus meiteashonraí athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo chuig an gCoimisiún laistigh de 14 lá féilire ón athbhreithniú a dhéanamh, mar aon le tuairisciú cáilíochta i gcomhréir le hAirteagal 11.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon chinneadh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar thacair sonraí nó meiteashonraí dá dtagraítear sa mhír seo.

Airteagal 8

Foinsí sonraí agus modhanna

1.   Úsáidfidh na Ballstáit agus an Coimisiún (Eurostat) ceann amháin de na foinsí sonraí seo a leanas nó níos mó, ar choinníoll go mbeifear in ann leis na foinsí sonraí sin staidreamh a tháirgeadh a chomhlíonann na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 11:

(a)

foinsí sonraí riaracháin;

(b)

suirbhéanna staidrimh nó bailiúcháin eile de shonraí staidrimh;

(c)

foinsí eile lena n-áirítear sonraí a choinnítear ar bhonn príobháideach;

(d)

úsáid sonraí a fhaightear ó chomhroinnt sonraí i measc institiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile a áirítear sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, lena n-áirítear sonraí de chuid na mBallstát eile, agus idir na hinstitiúidí agus údaráis sin agus an Coimisiún (Eurostat), laistigh de Chóras Staidrimh Eorpach (CSE).

2.   I gcás ina mbaineann iarraidh arna cur isteach ag institiúid staidrimh náisiúnta nó ag an gCoimisiún (Eurostat) chuig sealbhóir sonraí príobháideach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 le sonraí pearsanta ó fhoinsí sonraí dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo, beidh an iarraidh sin teoranta do chatagóirí sonraí pearsanta a chumhdaítear leis na réimsí agus topaicí a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo nó leis na réimsí agus topaicí is gá do na modhanna meastacháin staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 3(6), pointe (b).

3.   Beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit forbairt leanúnach a dhéanamh ar fhoinsí agus modhanna nuálacha agus bainfidh siad úsáid astu chun feabhas a chur ar an staidreamh arna thiomsú faoin Rialachán seo, ar choinníoll go mbeifear in ann staidreamh a tháirgeadh a chomhlíonann na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 11.

4.   Beidh an staidreamh arna thiomsú faoin Rialachán seo bunaithe ar mhodhanna a bheidh fónta ó thaobh staidrimh de agus a bheidh dea-dhoiciméadaithe, agus moltaí idirnáisiúnta agus dea-chleachtas á gcur san áireamh amhail comharthaí beatha agus modhanna eile meastacháin staidrimh eolaíocht-bhunaithe a úsáidfear chun staidreamh maidir leis an daonra gnáthchónaitheach sna Ballstáit a thiomsú.

Airteagal 9

Sonraí riaracháin a rochtain agus a úsáid go tráthúil

1.   De bhun Airteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ceadóidh na comhlachtaí náisiúnta poiblí agus leathphoiblí atá i gceannas ar fhoinsí sonraí riaracháin atá ábhartha chun críocha an Rialacháin seo úsáid a bhaint as na sonraí ar bhealach tráthúil agus sách minic chun go gcumasófar staidreamh a tháirgeadh agus a tharchur laistigh de na spriocdhátaí agus i gcomhréir leis na ceanglais shonracha cháilíochta a leagtar amach sa Rialachán seo. Bunóidh institiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile a áirítear ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus na comhlachtaí náisiúnta poiblí agus leathphoiblí atá i gceannas ar na taifid riaracháin na sásraí comhair is gá chun rochtain thráthúil agus saor in aisce ar na taifid sin a áirithiú.

2.   Chun staidrimh ar an topaic mhionsonraithe maidir le saintréithe foirgnimh atá bainteach le fuinneamh a tháirgeadh, beidh rochtain thráthúil agus rialta ag institiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile a áirítear ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ar na bunachair sonraí náisiúnta maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1275 agus ceadófar dóibh úsáid a bhaint as sonraí riaracháin ó na bunachair sonraí sin.

3.   Chun miondealuithe daonra de réir inscne a tháirgeadh, úsáidfidh institiúidi staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile a áirítear ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 an fhaisnéis atá ar fáil i bhfoinsí sonraí riaracháin náisiúnta.

4.   Chun críocha an Rialacháin seo, ceadófar don Choimisiún (Eurostat), arna iarraidh sin, rochtain a fháil ar shonraí ábhartha agus meiteashonraí ábhartha, agus úsáid thráthúil a bhaint astu, ó bhunachair sonraí agus córais idir-inoibritheachta arna gcoimeád ag comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, lena n-áirítear na bunachair sonraí agus córais idir-inoibritheachta arna mbunú de bhun Rialacháin (AE) Uimh. 910/2014 agus (AE) 2018/1724, agus sonraí staidrimh arna stóráil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (LSTS). Go sonrach, ceadófar don Choimisiún (Eurostat) rochtain a fháil ar shonraí ó LSTS a thagann ó na córais mhórscála TF idir-inoibritheacha arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht Eorpach chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF i réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais (eu-LISA), i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 agus leis na Rialacháin lena mbunaítear na córais a stóráiltear a gcuid sonraí staidrimh in LSTS. Chuige sin, comhoibreoidh an Coimisiún (Eurostat) tuilleadh leis na comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais d’fhonn na sonraí staidrimh agus meiteashonraí saincheaptha is gá a shonrú, i gcás inar féidir faoi dhlí an Aontais, maidir le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht, leis na socruithe oibriúcháin i dtaca lena soláthar agus leis na cosaintí riachtanacha fisiceacha agus loighciúla a ghabhann leo.

Airteagal 10

Liostaí na dtíortha agus na gcríoch

1.   I gcás ina gcuimsítear faisnéis de réir tíre nó críche i dtacar sonraí, úsáidfidh na Ballstáit miondealuithe sonracha chun críocha an Rialacháin seo.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar nó lena nuashonrófar liostaí na dtíortha agus na gcríoch atá feidhm acu maidir le miondealuithe staidrimh arna dtiomsú faoin Rialachán seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2) den Rialachán seo.

3.   Beidh feidhm ag gníomhartha cur chun feidhme lena leasaítear níos mó ná 25 % de na catagóirí miondealaithe tíortha nó críoch 18 mí ar a luaithe ó theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme sin.

Airteagal 11

Ceanglais cháilíochta agus tuairisciú cáilíochta

1.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cáilíocht na dtacar sonraí agus meiteashonraí a tharchuirtear a áirithiú trí mheasúnú agus faireachán a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(a)

cáilíocht na bhfoinsí sonraí a úsáidtear;

(b)

uileghabhálacht agus cruinneas an daonra a chumhdaítear i gcomhréir le hAirteagal 3(6), go háirithe maidir leis na grúpaí daonra a bhfuil sé deacair teacht orthu.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtugann na sonraí a fhaightear trí úsáid a bhaint as na foinsí agus modhanna a leagtar amach in Airteagal 8 meastachán cruinn ar an daonra i gcomhréir le hAirteagal 3.

Deimhneoidh na Ballstáit agus tabharfaidh siad tuairisc chríochnúil ar cháilíocht chumhdaigh na sonraí ar bhonn Airteagal 3(6) sna meiteashonraí agus tuarascálacha cáilíochta a ghabhann leo de bhun mhír 6 den Airteagal seo.

Úsáidfidh na Ballstáit na modhanna meastacháin a dhéantar don daonra iomlán ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 3(6), pointe (b) agus a thuairiscítear sna tuarascálacha cáilíochta chun na tacair sonraí uile a choigeartú le haghaidh na dtopaicí mionsonraithe: ‘saintréithe bunúsacha an duine’, ‘saintréithe socheacnamaíocha an duine’ agus ‘staid lín tí an duine’, arna n-ullmhú ar bhonn na bhfoinsí dá dtagraítear in Airteagal 3(6), pointe (a).

Féadfaidh na Ballstáit na modhanna meastacháin sin a úsáid le haghaidh miondealuithe mionsonraithe breise. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit catagóir coigeartaithe thiomnaithe a úsáid.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

4.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí agus éifeachtacha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

frámaí a bhunú atá oiriúnach chun críocha an Rialacháin seo agus a bhféadfaí a úsáid chun críocha Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/1700;

(b)

rioscaí féideartha maidir le tearcáireamh nó áireamh dúbailte a sheachaint a bhaineann le saorghluaiseacht daoine san Aontas agus, a mhéid is féidir, leis an rochtain atá ag daoine ar sheirbhísí trasteorann atá nasctha le teagmhais bheatha agus le cearta daoine chun maoin tithíochta trasteorann a cheannach, a bheith acu agus a úsáid ar fud an Aontais, trí aitheantóirí aonair digiteacha, inter alia, a úsáid;

(c)

rioscaí féideartha maidir le tearcáireamh nó áireamh dúbailte a sheachaint agus inchomparáideacht níos fearr a áirithiú maidir le sreafaí imirce.

5.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na meiteashonraí ar na sonraíochtaí agus na sonraí a tharchuirtear d’fhonn, inter alia, iad a fhoilsiú ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (Eurostat).

6.   Tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat), den chéad uair faoin 31 Nollaig 2030, agus dá éis sin faoin 31 Nollaig gach bliain dar críoch ‘0’, ‘3’ nó ‘7’, tuarascáil cháilíochta ina mbeidh tuairisc ar cháilíocht an staidrimh arna sholáthar agus ar na próisis staidrimh le haghaidh na dtacar sonraí arna soláthar le linn na tréimhse ábhartha. Áireofar sna tuarascálacha cáilíochta sin faisnéis faoi na foinsí sonraí agus modhanna a úsáidtear, cur i bhfeidhm na gcoincheap agus sainmhínithe agus na héifeachtaí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith acu ar cháilíocht na bhfoinsí sonraí roghnaithe, na hathbhreithnithe ar shonraí agus na cúiseanna agus tionchair a bhaineann leo, agus na modhanna rialaithe nochta staidrimh. Sonrófar sna tuarascálacha cáilíochta freisin an chaoi ar chuir na Ballstáit na bearta dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm agus an chaoi ar comhlíonadh na critéir cháilíochta dá dtagraítear i mír 3.

7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar amach na socruithe praiticiúla le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta, agus ábhar na dtuarascálacha sin, dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo. Ní chuirfear leis na gníomhartha cur chun feidhme sin ualach suntasach breise ná costais shuntasacha breise ar na Ballstáit. Glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

8.   Féadfaidh aon oiriúnú mór dá bhforáiltear leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a bheith faoi réir tacaíocht airgeadais agus theicniúil de bhun Airteagal 14 nó faoi réir maolú de bhun Airteagal 18.

9.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas a luaithe is féidir faoi aon fhaisnéis ábhartha nó aon athrú i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo a mbeadh tionchar aige ar cháilíocht na sonraí arna soláthar, agus i gcás ina mbeadh drochthionchar aige ar cháilíocht an staidrimh sin, déanfaidh siad gníomhaíocht chun an fhadhb a réiteach gan moill mhíchuí.

10.   Ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ón gCoimisiún (Eurostat), soláthróidh na Ballstáit, gan aon mhoill mhíchuí, na soiléirithe breise is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise staidrimh, amhail torthaí measúnúcháin na bhfoinsí sonraí agus doiciméadacht na modhanna.

Airteagal 12

Comhroinnt sonraí

1.   Is é an cuspóir a bheidh le comhroinnt sonraí i measc institiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile a áirítear ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus an Coimisiún (Eurostat), staidreamh Eorpach a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a fhorbairt agus a tháirgeadh agus cáilíocht an staidrimh Eorpaigh sin a fheabhsú go heisiach.

2.   Chun comhroinnt shlán sonraí laistigh de CSE a áirithiú, leis na coimircí uile is gá maidir le cosaint fhisiceach, theicniúil agus loighciúil sonraí, bunóidh an Coimisiún (Eurostat) bonneagar slán chun comhroinnt sonraí dá dtagraítear i mír 1 a éascú. Féadfaidh institiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile a áirítear ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 an bonneagar slán comhroinnte sonraí sin a úsáid chun na críche a leagtar amach i mír 1. Measfar gur rialaitheoirí comhpháirteacha iad an Coimisiún (Eurostat) agus na hinstitiúidí agus údaráis sin a úsáideann an bonneagar slán comhroinnte sonraí sin chun sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le mír 3 chun sonraí pearsanta a phróiseáil sa bhonneagar slán comhroinnte sonraí. I gcás ina n-úsáidfidh na hinstitúidí agus údaráis sin bonneagar comhroinnte sonraí eile, áiritheoidh siad go soláthraítear slándáil sa bhonneagar sin atá coibhéiseach ar a laghad leis an tslándáil a sholáthraítear leis an mbonneagar slán comhroinnte sonraí arna bhunú ag an gCoimisiún (Eurostat).

3.   Féadfar sonraí rúnda de réir bhrí Airteagal 3, pointe (7), de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a chomhroinnt nó sonraí pearsanta de bhun Rialachán (AE) 2016/679 nó (AE) 2018/1725 a chomhroinnt ar bhonn deonach ar choinníoll gur fior an méid seo a leanas maidir leis an gcomhroinnt sin:

(a)

go bhfuil sé bunaithe ar iarratas lena dtugtar údar maith leis an ngá na sonraí a chomhroinnt i ngach cás ar leith, go háirithe maidir leis na saincheisteanna cáilíochta atá le haghaidh a thabhairt orthu go sonrach;

(b)

go bhfuil sé bunaithe ar theicneolaíochtaí cosanta príobháideachais atá deartha go sonrach chun prionsabail Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 a chur chun feidhme, go háirithe maidir le teorannú de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí, teorannú stórála, sláine agus rúndacht;

(c)

go ndéantar é i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

4.   Chun na críche a leagtar amach i mír 1, comhroinnfidh údaráis staidrimh náisiúnta sonraí neamhrúnda i measc institiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis eile a áirítear ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, lena n-áirítear institiúidí agus staidrimh náisiúnta agus údaráis de chuid Ballstát eile, agus idir na hinstitiúidí agus údaráis sin agus an Coimisiún (Eurostat).

5.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) agus na Ballstáit, trí bhíthin treoirstaidéir, tástáil agus measúnú ar bhonneagar agus oiriúnacht na dteicneolaíochtaí cosanta príobháideachais atá ábhartha maidir le comhroinnt sonraí.

6.   I gcás ina sainaithneofar sna treoirstaidéir a dhéanfar de bhun mhír 5 den Airteagal seo réitigh éifeachtacha agus shlána maidir le comhroinnt sonraí chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla maidir le comhroinnt sonraí agus bearta maidir le rúndacht agus slándáil faisnéise. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

Airteagal 13

Staidéir phíolótacha agus staidéir indéantachta

1.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcás inar gá agus inarb iomchuí chun críocha an Rialacháin seo, treoirstaidéir agus staidéir indéantachta a sheoladh ina bhféachfar leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

measúnú a dhéanamh ar an bhfáil atá ar fhoinsí sonraí agus ar a gcáilíocht, lena n-áirítear sonraí a choinnítear ar bhonn poiblí agus ar bhonn príobháideach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta;

(b)

forbairt, agus measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé topaicí nua mionsonraithe, aonaid nua staidrimh, agus athróga nua agus miondealuithe na n-athróg a chur chun feidhme, chomh maith le forbairt agus measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé ábhair eile a chumhdaítear leis na gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo;

(c)

measúnú a dhéanamh ar infhaighteacht foinsí sonraí maidir le míchumas daoine agus tástáil a dhéanamh ar staidrimh dhí-chomhiomlánaithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis na cleachtais náisiúnta maidir le cosaint sonraí agus rialú nochta;

(d)

modheolaíochtaí nua agus teicnící staidrimh nua a fhorbairt chun cáilíocht a threisiú agus chun feabhas a chur ar fhaisnéis faoi ghrúpaí daonra a bhfuil sé deacair teacht orthu;

(e)

neamhshiméadrachtaí i sonraí sreafaí imirce a laghdú agus inchomparáideacht níos fearr a áirithiú i dtaca le sreafaí imirce;

(f)

tearcáireamh féideartha daoine nó áireamh dúbailte féideartha daoine a laghdú;

(g)

tástáil agus measúnú a dhéanamh ar bhonneagar agus oiriúnacht na dteicneolaíochtaí cosanta príobháideachais atá ábhartha maidir le comhroinnt shlán sonraí laistigh de CSE i gcomhréir le hAirteagal 12(5).

2.   Féadfaidh na Ballstáit a bheith rannpháirteach sna staidéir phílótachta agus staidéir indéantachta dá dtagraítear i mír 1 ach áiritheoidh siad, i gcomhar leis an gCoimisiún (Eurostat), go mbeidh na staidéir sin ionadaíoch ar leibhéal an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastóireacht ar thorthaí na staidéir phíolótachta agus staidéir indéantachta i gcomhar leis na Ballstáit. Ullmhóidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhar leis na Ballstáit, tuarascálacha ar thorthaí na staidéar sin.

Airteagal 14

Maoiniú

1.   Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, cuirfear ranníocaíocht airgeadais de chuid an Aontais ar fáil ó Chlár an Mhargaidh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/690, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, do na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile a áirítear ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a)

na hoiriúnaithe is gá ar an mbonneagar agus ar an oiliúint sa chóras staidrimh náisiúnta chun foinsí sonraí nua nó feabhsaithe, modheolaíochtaí nua nó feabhsaithe, comhroinnt sonraí nua nó feabhsaithe, aonaid staidrimh nua nó feabhsaithe, topaicí nua nó feabhsaithe, topaicí mionsonraithe nua nó feabhsaithe, agus athróga nua nó feabhsaithe agus miondealuithe na n-athróg a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(b)

bailiú sonraí breise staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 5(9) a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(c)

rannpháirtíocht na mBallstát i staidéir phíolótacha agus staidéir indéantachta ionadaíocha dá dtagraítear in Airteagal 13.

Féadfar ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil freisin ó bhuiséad ginearálta an Aontais.

2.   Bunófar méid na ranníocaíochta airgeadais ón Aontas dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 i gcomhréir le rialacha Chlár an Mhargaidh Aonair mar chuid den nós imeachta buiséadach bliantúil, faoi réir infhaighteacht an chistithe.

Féadfaidh údaráis staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile a áirítear ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 seo iarratas a dhéanamh freisin ar thacaíocht ó chláir airgeadais infheidhme eile de chuid an Aontais i gcomhréir le rialacha na gclár sin. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil chun cáilíocht an staidrimh a fheabhsú agus chun modheolaíochtaí a fhorbairt de réir cheanglais an Rialacháin seo mar thaca le rialacha na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil agus leis an gcuspóir atá aici táirgeadh, soláthar agus faireachán cáilíochta sonraí agus staidrimh a chothú.

3.   Ní rachaidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1 thar 90 % de na costais incháilithe.

Airteagal 15

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sna gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialacháin seo trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), don Chúirt Iniúchóirí agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 5(3) agus (9) don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana ón 1 Eanáir 2026. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3) agus (9) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 5(3) nó (9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 17

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 18

Maoluithe

1.   I gcás ina gceanglaítear le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, nó leis na gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun, go ndéanfar mór-oiriúnuithe ar chóras staidrimh náisiúnta Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún maoluithe a dheonú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, do na Ballstáit lena mbaineann ar feadh 3 bliana ar a mhéad i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 4 agus 5.

2.   I gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach ann ag deireadh na tréimhse dár deonaíodh é go bhfuil údar maith fós le maolú dá dtagraítear i mír, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, maolú a dheonú ina dhiaidh sin ar feadh uastréimhse 3 bliana i gcomhréir le míreanna 4 agus 5.

3.   Agus na maoluithe de bhun mhír 1 nó 2 den Airteagal seo á ndeonú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh inchomparáideacht staidreamh na mBallstát agus an gá atá le ríomh tráthúil na gcomhiomlán staidrimh ionadaíoch iontaofa is gá ar an leibhéal Eorpach. Agus maoluithe den sórt sin á ndeonú aige, áiritheoidh an Coimisiún freisin go leanfar gan bhriseadh leis na ceanglais maidir le staidreamh, meiteashonraí agus cáilíocht a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a cumhdaíodh, roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, le Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 nó le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 862/2007.

4.   Na Ballstáit a iarrann maolú faoi mhír 1, cuirfidh siad iarraidh chuí-réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí ón dáta a thiocfaidh an gníomh lena mbaineann i bhfeidhm, nó, i gcás iarraidh ar shíneadh de bhun mhír 2, laistigh de 6 mhí roimh dheireadh na tréimhse dár deonaíodh an maolú atá ann cheana.

5.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in 17(2).

Airteagal 19

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 862/2007

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le nósanna imeachta tearmainn agus riaracháin agus breithiúnacha a bhaineann le reachtaíocht inimirce agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú’

;

(2)

in Airteagal 1, scriostar pointí (a) agus (b);

(3)

leasaítear Airteagal 2(1) mar a leanas:

(a)

scriostar pointí (a), (b) agus (c);

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

ciallaíonn “saoránacht” saoránacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2025/2458 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1)

(*1)  Rialachán (AE) 2025/2548 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2025 maidir le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 (IO L, 2025/2458, 12.12.2005, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2458/oj).’ "

;

(c)

scriostar pointí (f) agus (g).

(4)

scriostar Airteagal 3;

(5)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 9c

Sonraí riaracháin a rochtain agus a úsáid go tráthúil

1.   De bhun Airteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ceadóidh na comhlachtaí náisiúnta poiblí agus leathphoiblí atá i gceannas ar fhoinsí sonraí riaracháin atá ábhartha chun críocha an Rialacháin seo úsáid a bhaint as sonraí ar bhealach tráthúil agus sách minic, chun go gcumasófar staidreamh a tháirgeadh agus a tharchur laistigh de na spriocdhátaí agus i gcomhréir leis na ceanglais shonracha cháilíochta a leagtar amach sa Rialachán seo. Bunóidh na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile a áirítear ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus na húdaráis náisiúnta poiblí agus leathphoiblí atá i gceannas ar na taifid riaracháin na sásraí comhair is gá chun rochtain ar na taifid sin ar bhealach tráthúil agus rochtain saor in aisce ar na taifid sin a áirithiú.

2.   Chun críche an Rialacháin seo, ceadófar don Choimisiún (Eurostat), arna iarraidh sin, rochtain a fháil ar shonraí ábhartha agus meiteashonraí ábhartha, agus úsáid thráthúil a bhaint astu, ó bhunachair sonraí agus córais idir-inoibritheachta arna gcoimeád ag comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, lena n-áirítear na bunachair sonraí agus córais idir-inoibritheachta sin arna mbunú de bhun Rialacháin (AE) Uimh. 910/2014 (*2) agus (AE) 2018/1724 (*3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus sonraí staidrimh arna stóráil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (LSTS). Go sonrach, ceadófar don Choimisiún (Eurostat) rochtain a fháil ar shonraí LSTS a thagann ó na córais mhórscála TF idir-inoibritheacha arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht Eorpach chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF i réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais (eu-LISA), i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2019/817 (*4) agus (AE) 2019/818 (*5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus leis na Rialacháin lena mbunaítear na córais a stóráiltear a gcuid sonraí staidrimh in LSTS. Chuige sin, comhoibreoidh an Coimisiún (Eurostat) tuilleadh leis na comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais d’fhonn na sonraí staidrimh agus meiteashonraí saincheaptha is gá a shonrú, i gcás inar féidir faoi dhlí an Aontais, le haghaidh staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht, leis na socruithe oibriúcháin maidir lena soláthar agus leis na cosaintí riachtanacha fisiceacha agus loighciúla a ghabhann leo.

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj)."

(*3)  Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1724/oj)."

(*4)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/817/oj)."

(*5)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726, Rialachán (AE) 2018/1862 agus Rialachán (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/818/oj).’;"

(6)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 10a

Liostaí na dtíortha agus na gcríoch

Déanfar liosta na dtíortha agus na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2025/2458 a chur i bhfeidhm chun staidreamh a thiomsú faoin Rialachán seo chun inchomparáideacht sonraí a bhaineann go sonrach le tír agus le críocha ar fud an Staidrimh Eorpaigh a áirithiú. Cuirfidh na Ballstáit na liostaí sin i bhfeidhm den chéad uair chun staidreamh is gá faoin Rialachán seo a thiomsú ag tosú le tarchur sonraí don bhliain tagartha 2028.’

Airteagal 20

Aisghairm

Aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 763/2008 agus (AE) Uimh. 1260/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2028 gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach sna gníomhartha dlíthiúla sin maidir le tréimhsí tagartha a thitfidh, go hiomlán nó go páirteach, roimh an dáta sin.

Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 26 Samhain 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO C 228, 29.6.2023, lch. 148.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (IO C, C/2025/3787, 17.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3787/oj) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 29 Meán Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2025.

(3)  Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (IO L 261 I, 14.10.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1700/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach (IO L 330, 10.12.2013, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1260/oj).

(5)  Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2021/1004/oj).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/223/oj).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú (IO L 199, 31.7.2007, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/862/oj).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le daonáirimh agus maidir le háirimh thithíochta (IO L 218, 13.8.2008, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/763/oj).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann aonad críochach le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1059/oj).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1799 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2018 maidir le gníomhaíocht staidrimh dhíreach shealadach a bhunú chun topaicí roghnaithe dhaonáireamh agus áireamh tithíochta 2021 a scaipeadh agus iad geochódaithe go greille 1 km2 (IO L 296, 22.11.2018, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1799/oj).

(11)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spáis sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/2/oj).

(12)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/31/oj).

(13)  Treoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L, 2024/1275, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1275/oj).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj).

(15)  Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1724/oj).

(16)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/817/oj).

(17)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/818/oj).

(18)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(19)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(20)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).

(21)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.

(22)  Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/690/oj).

(23)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/240/oj).

(24)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).

(25)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(26)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le cosaint ar leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1995/2988/oj).

(27)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/2185/oj).

(28)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj).

(29)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1371/oj).

(30)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(31)   IO C 123, 5.4.2023, lch. 9.


IARSCRÍBHINN

Réimsí, topaicí agus topaicí mionsonraithe le tréimhsiúlacht, am tagartha, spriocdhátaí tarchuir agus leibhéal críochach a bhaineann le gach topaic mionsonraithe

Réimse

Topaic

Topaic mhionsonraithe

Tréimhsiúlacht

Am tagartha (dáta nó tréimhse)

Spriocdháta don tarchur

Leibhéal críochach

Déimeagrafaíocht

Stoic daonra

Saintréithe bunúsacha an duine

A

31.12.BB

T+ 60 lá

Náisiúnta (1)

T+6 mhí

Náisiúnta (2) +  (3)

T+10 mhí (4)

NUTS 3

T+12 mhí (5)

Greille (2)

IB

31.12.BB

T+18 mhí (5)

NUTS 3

IB

31.12.BB

T+24 mhí

ARÁ

D

31.12.BB

T+18 mhí (5)

NUTS 3

D

31.12.BB

T+24 mhí

ARÁ

Saintréithe socheacnamaíocha an duine

IB

31.12.BB

T+18 mhí (5)

NUTS 3 + Greille (6)

IB

31.12.BB

T+24 mhí

ARÁ

D

31.12.BB

T+24 mhí

NUTS 3 + ARÁ

 

Torthúlacht

Beobhreitheanna

R

T+60 lá

Náisiúnta (1)

B

Bliain

T+10 mhí (4)

NUTS 3 + ARÁ

Foirceannadh toirchis go dleathach (6)

B

Bliain

T+12 mhí

Náisiúnta

Básmhaireacht

Básanna

R

Mí, Seachtain (6)

T+60 lá

Náisiúnta (2)

B

Bliain

T+10 mhí (4)

NUTS 3 + ARÁ

Básanna naíonán

B

Bliain

T+9 mhí (4)

Náisiúnta

Básanna déanacha féatais (6)

B

Bliain

T+12 mhí

Náisiúnta

Páirtnéireachtaí

Póstaí agus páirtnéireachtaí cláraithe

B

Bliain

T+12 mhí

Náisiúnta

Saintréithe daoine a théann isteach i bpósadh nó i bpáirtnéireacht chláraithe

B

Bliain

T+12 mhí

Náisiúnta

Colscarthaí agus páirtnéireachtaí cláraithe foirceanta

B

Bliain

T+12 mhí

Náisiúnta

 

Imirce

Inimircigh

R

T+120 lá

Náisiúnta (1)

B

Bliain

T+6 mhí

Náisiúnta (2)

T+12 mhí

NUTS 3

Eisimircigh

B

Bliain

T+6 mhí

Náisiúnta (2)

T+12 mhí

NUTS 3

Imirce inmheánach

B

Bliain

T+12 mhí

NUTS 3

Fáil agus cailliúint saoránacht Ballstáit agus an Aontais

Daoine a fuair saoránacht

B

Bliain

T+9 mhí

Náisiúnta

Daoine a chaill/a ghéill saoránacht

B

Bliain

T+9 mhí (4)

Náisiúnta

Tithíocht

Áiteanna cónaithe

Saintréithe na n-áiteanna cónaithe

D

31.12.BB

T+24 mhí

NUTS 3 + ARÁ

Teaghaisí traidisiúnta

Saintréithe bunúsacha foirgnimh

IB

31.12.BB

T+24 mhí

NUTS 3 + ARÁ + Greille

D

31.12.BB

T+24 mhí

NUTS 3 + ARÁ

Saintréithe foirgnimh a bhaineann le fuinneamh (7)

B (ó 2035 ar aghaidh)

31.12.BB

T+12 mhí

NUTS 3

IB

31.12.BB

T+18 mhí (5)

NUTS 3 + Greille

D

31.12.BB

T+24 mhí

NUTS 3 + ARÁ

 

Teaghaisí traidisiúnta áitithe

Saintréithe teaghaisí traidisiúnta áitithe

D

31.12.BB

T+24 mhí

NUTS 3

Úsáid teaghaisí traidisiúnta áitithe

D

31.12.BB

T+24 mhí

NUTS 3

Teaghlaigh agus líonta tí

Teaghlaigh

Saintréithe teaghlaigh

D

31.12.BB

T+24 mhí

NUTS 3 + ARÁ

Líonta tí

Saintréithe lín tí

B

31.12.BB

T+24 mhí

Náisiúnta

IB

31.12.BB

T+24 mhí

NUTS 3 + ARÁ

Staid teaghlaigh an duine

B

31.12.BB

T+24 mhí

NUTS 3

D

31.12.BB

T+24 mhí

NUTS 3 + ARÁ

Eochair don cholún dar teideal ‘Tréimhsiúlacht’

Gach ráithe

R

Gach bliain

B

Go hilbhliantúil (blianta dar críoch ‘1’, ‘5’, ‘8’)

IB

Gach 10 mbliana (blianta dar críoch‘1’)

D


(1)  An chéad mheastachán ar an bhfigiúr iomlán ar an leibhéal náisiúnta.

(2)  An chéad mheastachán, miondealuithe teoranta d’aois agus d’inscne.

(3)  Is é an daonra iomlán ar an leibhéal náisiúnta sa tacar sonraí seo an figiúr arna sholáthar ag an gCoimisiún don Chomhairle de bhun Airteagal 3(7).

(4)  T+12 mhí go dtí 2035.

(5)  T+24 mhí go dtí 2035.

(6)  Is ar bhonn deonach a sholáthrófar na sonraí sin.

(7)  De bhun Airteagal 6(5), tarchuirfidh Ballstát na sonraí maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, den chéad uair, 24 mhí ar a dhéanaí ón dáta a bhfuil an bunachar sonraí náisiúnta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a bunaíodh de bhun Airteagal 22 de Threoir (AE) 2024/1275 ar fáil sa Bhallstát sin. De bhun Airteagal 5(2), an dara fomhír, den Rialachán seo, beidh na sonraí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh teoranta do na sonraí atá ar fáil sa bhunachar sonraí náisiúnta sin.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2458/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top