Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2454

Rialachán (AE) 2025/2454 ón gComhairle an 1 Nollaig 2025 lena socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme i Muir Bhailt le haghaidh 2026 agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2025/202 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile

ST/14583/2025/INIT

IO L, 2025/2454, 2.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2454/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/01/2026

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2454/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2454

2.12.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/2454 ÓN gCOMHAIRLE

an 1 Nollaig 2025

lena socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme i Muir Bhailt le haghaidh 2026 agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2025/202 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an Chomhairle le bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt, lena n-áirítear coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta. Faoi Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá deiseanna iascaireachta le socrú i gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh (CBI) a leagtar amach in Airteagal 2(2) den Rialachán sin. Faoi Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá deiseanna iascaireachta le cionroinnt idir na Ballstáit ar bhealach lena n-áirithítear cobhsaíocht choibhneasta ghníomhaíochtaí iascaireachta gach Ballstáit le haghaidh gach stoic nó iascaigh.

(2)

Ba cheart na gabhálacha iomlána incheadaithe (GIInna) a leagan síos, dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil, agus gnéithe bitheolaíocha agus socheacnamaíocha á gcur san áireamh, agus cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta á háirithiú freisin, agus i bhfianaise na dtuairimí a cuireadh in iúl le linn an chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara.

(3)

Bunaítear le Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) plean ilbhliantúil do na stoic trosc (Gadus morhua), scadán (Clupea harengus) agus salán (Sprattus sprattus) i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin. I gcomhréir le hAirteagal 3(1) den Rialachán sin, is é is aidhm don phlean sin rannchuidiú le cuspóirí CBI a bhaint amach. Is é is aidhm don phlean freisin a áirithiú go ndéanfaidh saothrú acmhainní bitheolaíocha na mara pobail na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil ar ar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) a tháirgeadh. Tá sé d’aidhm ag an bplean freisin rannchuidiú lena áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go mbainisteofar iad ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na cuspóirí arb éard atá iontu tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus go gcuirfidh sé le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Áirítear ar na cuspóirí sin, mar a shonraítear a thuilleadh in Airteagal 2(5), pointí (c) agus (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, coinníollacha a sholáthar le haghaidh tionscal iascaireachta, gabhála agus próiseála agus gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht ar talamh atá inmharthana agus iomaíoch. Thairis sin, tá sé d’aidhm acu caighdeán cóir maireachtála a áirithiú dóibh siúd a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, go háirithe agus iascach cósta agus gnéithe socheacnamaíocha á gcur san áireamh.

(4)

An 28 Bealtaine 2025, d’fhoilsigh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) a comhairle bhliantúil stoic maidir le stoic Mhuir Bhailt le haghaidh 2026. Ní dhearna ICES ach an chomhairle a thug sí roimhe sin a atheisiú le haghaidh 2025 i gcás throisc Mhuir Bhailt Thoir. De réir ICES, bíonn stoic á meascadh go pointe áirithe ar a laghad i gcás fhormhór mór an iascaigh i Muir Bhailt. Baineann an meascadh sin le stoic a bhainistítear le GII, agus le stoic eile nach mbainistítear le GII araon. I measc speicis pheiligeacha agus speicis ghrinnill a tharlaíonn an méid is tábhachtaí den mheascadh.

(5)

Molann ICES gabhálacha nialasacha i leith scadáin Mhuir Bhailt Thiar, throisc Mhuir Bhailt Thoir agus Thiar, agus bhradáin Atlantaigh (Salmo salar) i bhforanna 22 go 31 (‘bradáin sa phríomh-imchuach’). Déantar troisc a fhoghabháil i ngach iascach, déantar scadáin Mhuir Bhailt Thiar a fhoghabháil in iascach spriocdhírithe salán, agus déantar bradáin sa phríomh-imchuach a fhoghabháil in iascach éagsúil. ICES le haghaidh 2026. Dá bhrí sin, dá leagfaí na GIInna síos le haghaidh na stoc sin ar na leibhéil a mhol ICES, thiocfadh feiniméan an ‘tachtspeicis’ chun cinn de thoradh na hoibleagáide na gabhálacha uile a thabhairt i dtír, lena n-áirítear foghabhálacha na stoc sin in iascach measctha. Is éard is ‘tachtspeiceas’ ann speiceas lena mbaineann easpa cuóta a d’fhéadfadh tabhairt ar shoitheach iascaireachta amháin nó níos mó scor den iascaireacht fiú más rud é go bhfuil cuótaí fós ag an soitheach nó ag na soithí sin le haghaidh speicis eile. Bheadh tionchar ar leith ag tachtadh iascaigh ar shoithí a dhéanann iascaireacht ar leathóga agus ar speicis pheiligeacha, rud a d’fhéadfadh iallach a chur orthu scor d’oibríochtaí iascaireachta in 2026 agus a d’fhágfadh go ndúnfaí an t-iascach sin roimh am. Ar bhonn sonraí ó Fhaireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe, meastar gurb é EUR 25 300 000 milliún, EUR 55 700 000 agus EUR 43 400 000 faoi seach luach céad-díola an iascaigh leathóg (Pleuronectes platessa), salán agus scadán ábhartha a cheadaítear a ghabháil laistigh de theorainneacha na GIInna agus a mheastar a ghabhfar sa limistéar iascaireachta ábhartha ar leith. Bheadh ar go leor iascach, go háirithe iascach cósta ar mionscála le haghaidh speicis nach mbainistítear le GII, scor d’oibríochtaí iascaireachta in 2026. Chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an t-iascach a choinneáil ar bun, i bhfianaise na n-impleachtaí tromchúiseacha socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann mura ndéanfar amhlaidh, agus an gá atá le stádas maith bitheolaíoch a bhaint amach le haghaidh na stoc sin, agus aird á tabhairt ar an deacracht a bhaineann le hiascaireacht a dhéanamh ar na stoic uile in iascach measctha ag an uastáirgeacht inbhuanaithe, is iomchuí na GIInna a choinneáil ar bun go heisiach le haghaidh foghabhálacha dosheachanta scadáin Mhuir Bhailt Thiar, throisc throisc Mhuir Bhailt Thoir agus Thiar agus bradáin sa phríomh-imchuach.

(6)

A mhéid a bhaineann le stoc throisc Mhuir Bhailt Thoir, tá gabhálacha nialasacha á moladh ag ICES i leith an stoic sin ó bhí 2019 ann. Ós rud é go bhfuil an stoc fós sa staid chriticiúil chéanna, le haghaidh 2026 d’atheisigh ICES an chomhairle a thug sí roimhe sin le haghaidh 2025, comhairle ina raibh ICES muiníneach as treochtaí bithmhaise an stoic agus go raibh an bhithmhais i bhfad faoi bhun an phointe tagartha um chaomhnú (Blim), ar faoina bhun a d’fhéadfadh acmhainneacht atáirgthe laghdaithe a bheith ann. I gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2016/1139 agus le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, is iomchuí, dá bhrí sin, an t-iascach spriocdhírithe a chur ar fionraí agus bearta ceartaitheacha atá nasctha go feidhmiúil a ghlacadh. I gcomhréir le hAirteagal 2(1) agus le hAirteagal 2(5), pointí (c) agus (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh foghabhálacha dosheachanta a shocrú ar leibhéal íseal chun na hiarmhairtí socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach a sheachaint, ar iarmhairtí iad a bheadh ann mar thoradh ar na deiseanna iascaireachta a shocrú ag nialas.

(7)

A mhéid a bhaineann le stoc throisc Mhuir Bhailt Thiar, tar éis leibhéal íseal gabhálacha a mholadh ar feadh roinnt blianta, molann ICES gabhálacha nialasacha le haghaidh 2026 toisc go meastar go bhfuil bithmhais an stoic faoi bhun Blim in 2025 agus nach n-athbhunóidh sí os cionn Blim in 2027. I gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2016/1139 agus le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, is iomchuí, dá bhrí sin, an t-iascach spriocdhírithe a chur ar fionraí agus bearta ceartaitheacha atá nasctha go feidhmiúil a ghlacadh. I gcomhréir le hAirteagal 2(1) agus le hAirteagal 2(5), pointí (c) agus (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh foghabhálacha dosheachanta a shocrú ar leibhéal íseal chun na hiarmhairtí socheacnamaíocha a bheadh ann mar thoradh ar na deiseanna iascaireachta a shocrú ag nialas a sheachaint.

(8)

A mhéid a bhaineann le bradáin sa phríomh-imchuach, choinnigh ICES ar bun a comhairle maidir le gabhálacha nialasacha, agus bhreithnigh sé an fhéidearthacht le haghaidh 2026 leanúint d’iascach spriocdhírithe shamhraidh chósta thráchtála agus áineasa sa limistéar atá lastuaidh de dhomhanleithead 59o 30′ T (foranna 29 Thuaidh go 31 ICES). Laghdaigh ICES a comhairle faoi ghabhálacha a thuilleadh i gcomparáid le 2025 freisin mar gheall ar éiginnteachtaí breise maidir le flúirse na mbradán sa phríomh-imchuach san abhainn bradán sa phríomh-imchuach is tábhachtaí. I gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, is iomchuí, dá bhrí sin, leibhéal na ndeiseanna iascaireachta agus an limistéar iascaireachta agus an tréimhse iascaireachta a shocrú i gcomhréir le comhairle ICES, agus bearta ceartaitheacha atá nasctha go feidhmiúil a choinneáil ar bun.

(9)

Chun leas iomlán na ndeiseanna iascaireachta cósta le haghaidh bradán i bhforoinn 32 ICES a áirithiú, is iomchuí an tsolúbthacht theoranta idirlimistéir le haghaidh bradán idir foranna 22 go 31 ICES agus foroinn 32 ICES a cheadú.

(10)

Chun laghdú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfaí bradáin a mhíthuairisciú mar bhric gheala in iascach bradán, is iomchuí toirmeasc a chur ar iascaireacht a dhéanamh ar bhric gheala thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte agus foghabhálacha breac geal a theorannú go 3 % den chomhghabháil breac geal agus bradán.

(11)

Ba cheart bearta maidir le hiascach áineasa trosc agus bradán sa phríomh-imchuach, agus bearta chun na stoic breac geal agus bradán a chaomhnú, a bheith gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 19 agus 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(12)

A mhéid a bhaineann le scadáin i Murascaill na Boitnia, measann ICES gur lean an bhithmhais de bheith ag laghdú agus go bhfuil sí leath bealaigh idir Blim agus an pointe tagartha um chaomhnú (MSY Btrigger) anois, ar faoina bhun atá bearta ceartaitheacha iomchuí le déanamh chun a áirithiú go ndéanfar an stoc a athbhunú go tapa ar leibhéil atá os cionn na leibhéal atá in ann an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Luann ICES freisin éiginnteachtaí maidir leis an meastachán ar na haoisghrúpaí óga agus ar an meáchan ag aois ar leith. Thairis sin, tugann ICES dá aire go fóill nach dócha go dtiocfaidh méadú ar chion na n-iasc is sine sa daonra dá socrófaí na deiseanna iascaireachta ag luach phointe FMSY. Thairis sin, tugann ICES dá aire gur dócha go mbeidh an stoc i mbaol éagsúlacht ghéiniteach a chailliúint. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1139, is iomchuí, dá bhrí sin, na deiseanna iascaireachta a shocrú dá réir sin agus tréimhse choiscthe 3 mhí le linn an tséasúir sceite a bhunú mar bheart ceartaitheach atá nasctha go feidhmiúil.

(13)

A mhéid a bhaineann le scadáin Mhuir Bhailt Thiar, molann ICES gabhálacha nialasacha i leith an stoic sin don 8ú bliain as a chéile. Mar a tharla in 2024, rinne ICES athbhreithniú anuas ar na meastacháin ar bhithmhais le haghaidh na mblianta roimhe sin agus measann sé nach mbeidh sa bhithmhais ach 52 % de Blim fós in 2025, cé go bhfuil méadú leanúnach tagtha uirthi ó bhí 2021 ann. Thairis sin, tá an earcaíocht ar leibhéil níos ísle ná riamh go fóill agus meastar nach n-athbhunófar an bhithmhais os cionn Blim in 2027. I gcomhréir le hAirteagal 2(1) agus le hAirteagal 2(5), pointí (c) agus (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh foghabhálacha dosheachanta a shocrú ar leibhéal íseal chun na hiarmhairtí socheacnamaíocha a bheadh ann mar thoradh ar na deiseanna iascaireachta a shocrú ag nialas a sheachaint.

(14)

A mhéid a bhaineann le scadáin Mhuir Bhailt Láir, measann ICES go bhfuil an stoc faoi bhun Blim formhór an ama le 30 bliain anuas. Measann ICES, mar gheall ar mheáchan ag aois ar leith méadaithe agus earcaíocht láidir in 2022, go bhfuil an stoc os cionn Blim ó bhí 2024 ann, ach go bhfuil sé i bhfad faoi bhun MSY Btrigger go fóill. Measann ICES go bhféadfadh an earcaíocht in 2024 agus 2025 a bheith láidir, ach cuireann sé i dtábhacht go bhfuil na meastacháin sin éiginnte. Tá an earcaíocht in 2023 faoi bhun an mheáin. Thairis sin, meabhraíonn ICES go bhfuil míthuairisciú leanúnach ar speicis ag cur le héiginnteacht na comhairle. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1139, is iomchuí, dá bhrí sin, na deiseanna iascaireachta a shocrú dá réir sin agus tréimhse choiscthe 3 mhí le linn an tséasúir sceite a bhunú mar bheart ceartaitheach atá nasctha go feidhmiúil.

(15)

A mhéid a bhaineann le scadáin i Murascaill Ríge agus leathóga, measann ICES go bhfuil an bhithmhais os cionn MSY Btrigger agus go bhfuil an brú iascaireachta faoi bhun FMSY. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1139, is iomchuí, dá bhrí sin, na deiseanna iascaireachta a shocrú dá réir sin.

(16)

A mhéid a bhaineann le saláin, measann ICES, cé go bhfuil an bhithmhais os cionn MSY Btrigger go fóill, gur lean an bhithmhais de bheith ag laghdú mar gheall ar earcaíocht a bhí níos ísle ná riamh ó 2021 go 2023. Meastar go bhfuil an bhithmhais in 2025 ar an leibhéal is ísle ó bhí 1990 ann, agus go bhfuil sí gar do MSY Btrigger. Measann ICES go bhféadfadh an earcaíocht in 2024 a bheith thar a bheith ard, ach cuireann sé i dtábhacht go láidir go bhfuil an meastachán éiginnte agus go bhféadfaí gannmheastachán a dhéanamh ar an dóchúlacht go mbeadh an bhithmhais faoi bhun na bpointí tagartha um chaomhnú. Thairis sin, meabhraíonn ICES go bhfuil míthuairisciú leanúnach ar speicis ag cur le héiginnteacht na comhairle. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1139, is iomchuí, dá bhrí sin, na deiseanna iascaireachta a shocrú dá réir sin agus an tréimhse choiscthe 3 mhí atá ann cheana le linn an tséasúir sceite a choinneáil ar bun.

(17)

Déanfar faireachán ar úsáid na ndeiseanna iascaireachta a leagtar amach sa Rialachán seo agus déanfar iad a rialú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (3), go háirithe Airteagail 33 agus 34 de, maidir le gabhálacha agus iarracht iascaireachta a thaifeadadh, agus maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi shonraí i ndáil le hídiú deiseanna iascaireachta. Is gá, dá bhrí sin, sonrú a dhéanamh ar na cóid a úsáideann na Ballstáit agus sonraí á gcur chuig an gCoimisiún maidir le stoic éisc a thabhairt i dtír a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(18)

Déantar foráil le hAirteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle (4) maidir le solúbthacht ó bhliain go bliain i dtaca le cuótaí le haghaidh stoic atá faoi réir GIInna réamhchúraim agus anailíseacha araon. Faoi Airteagal 2 den Rialachán sin, nuair a bheidh GIInna á socrú aici, tá an Chomhairle le cinneadh a dhéanamh maidir leis na stoic nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 maidir leo, go háirithe ar bhonn a stádais bhitheolaíoch. Thairis sin, le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 rinneadh foráil maidir le solúbthacht bhreise ó bhliain go bliain le haghaidh na stoc uile atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. Chun solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de bhaint amach chuspóirí CBI, níor cheart feidhm charnach a bheith ag solúbthacht ó bhliain go bliain le haghaidh cuótaí faoi Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 agus Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Ba cheart solúbthacht ó bhliain-go bliain faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a eisiamh, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn stádas bitheolaíoch na stoc.

(19)

Tá bithmhais stoc throisc Mhuir Bhailt Thoir, stoc throisc Mhuir Bhailt Thiar agus stoc scadáin Mhuir Bhailt Thiar faoi bhun Blim. Níor cheart ach iascaigh foghabhála agus iascach eolaíocha a cheadú i gcás na stoc sin uile in 2026. Dá bhrí sin, agus i bhfianaise athléimneacht réasúnta íseal éiceachóras Mhuir Bhailt, tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit a bhfuil sciar cuóta de na GIInna lena mbaineann acu gan an tsolúbthacht ó bhliain go bliain faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chur i bhfeidhm maidir leis na stoic sin in 2026, ionas nach rachaidh gabhálacha in 2026 thar na GIInna lena mbaineann. Thairis sin, laisteas de dhomhanleithead 59o 30′ T, tá an bhithmhais atá ag beagnach gach stoc bradáin sa phríomh-imchuach sna haibhneacha faoi bhun an phointe tagartha teorann do tháirgeadh brainlíní (Rlim) agus ní cheadaítear ach iascach foghabhála agus eolaíocha in 2026. Dá bhrí sin, thug na Ballstáit ábhartha gealltanas comhchosúil maidir le solúbthacht ó bhliain go bliain i ndáil le gabhálacha bradán sa phríomh-imchuach in 2026.

(20)

Le Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle (5), socraítear an GII le haghaidh trosc Ioruach (Trisopterus esmarkii) i roinn 3a ICES (Skagerrak-Kattegat), in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES (an Mhuir Thuaidh). Chuaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i mbun comhairliúcháin dhéthaobhacha an 20 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an GII le haghaidh trosc Ioruach sna limistéir sin le haghaidh na tréimhse ón 1 Samhain 2025 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026. Tionóladh na comhairliúcháin sin faoi Airteagal 498(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (6). Ghlac an tAontas páirt sna comhairliúcháin sin ar bhonn sonraíochtaí maidir leis an seasamh ón Aontas a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 14 Deireadh Fómhair 2025, faoi Airteagal 2 de Chinneadh (AE) 2021/1875 ón gComhairle (7). Tháinig an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú maidir le GII bunaithe ar an gcomhairle ó ICES le haghaidh trosc Ioruach i bhfolimistéar 4 agus i roinn 3a de chuid ICES le haghaidh na tréimhse sin, comhairle a foilsíodh an 10 Deireadh Fómhair 2025. Rinneadh toradh an chomhairliúcháin a dhoiciméadú sa Taifead i Scríbhinn, a shínigh Cinn Toscaireachta an Aontais agus na Ríochta Aontaithe an 24 Deireadh Fómhair 2025. Ba cheart an GII le haghaidh na tréimhse ón 1 Samhain 2025 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026 a shocrú ar an leibhéal a leagtar amach sa Taifead sin i Scríbhinn.

(21)

Le Rialachán (AE) 2025/202, socraítear an GII le haghaidh tuinníní colgacha (Thunnus alalunga) sa Mheánmhuir le haghaidh 2025. An 29 Meán Fómhair 2025, chomhaontaigh an Tuirc 50 kg dá cuóta le haghaidh tuinníní colgacha sa Mheánmhuir le haghaidh 2025 a aistriú chuig an Aontas, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú na dTuinníní Atlantacha a mhéid a bhaineann le haistrithe. Ba cheart an t-aistriú sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(22)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2025/202 a leasú dá réir sin.

(23)

Chun briseadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint agus chun slí bheatha iascairí a chosaint, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le Muir Bhailt ón 1 Eanáir 2026. Ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag na forálacha lena leasaítear Rialachán (AE) 2025/202 a bhaineann le troisc Ioruacha in Skagerrak-Kattegat agus sa Mhuir Thuaidh ón 1 Samhain 2025 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026, toisc gurb é sin an séasúr iascaireachta le haghaidh trosc Ioruach. Ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag na forálacha Rialachán (AE) 2025/202 a bhaineann le tuinníní colgacha na Meánmhara ón 1 Eanáir 2025, chun an tréimhse thuairiscithe le haghaidh an GII a choinneáil ar bun, tréimhse a raibh feidhm aici ón 1 Eanáir 2025. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná do phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh, os rud é nár ídíodh na cuótaí faoi na GIInna sin go fóill nó gur méadaítear iad. Ar chúiseanna práinne, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc i Muir Bhailt le haghaidh 2026.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a oibríonn i Muir Bhailt.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hiascach áineasa i Muir Bhailt, i gcás ina dtagraítear go sainráite dóibh sna forálacha ábhartha.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘foroinn’ foroinn de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) de Mhuir Bhailt mar a shainítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8);

(2)

ciallaíonn ‘gabháil iomlán incheadaithe (GII)’:

(a)

in iascach atá faoi réir na díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15(4) go (7) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, an chainníocht éisc a fhéadfar a thabhairt i dtír maidir le gach stoc gach bliain;

(b)

i ngach iascach eile, an chainníocht éisc a fhéadfar a ghabháil as gach stoc gach bliain;

(3)

ciallaíonn ‘cuóta’ an cion den GII a chionroinntear ar an Aontas, ar Bhallstát nó ar thríú tír;

(4)

ciallaíonn ‘iascach áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha na mara chun críoch áineasa, turasóireachta nó spóirt;

(5)

ciallaíonn ‘measúnú anailíseach’ meastóireacht chainníochtúil ar threochtaí i gcás stoc ar leith, bunaithe ar shonraí maidir le bitheolaíocht agus saothrú an stoic sin, lena n-áirítear meastóireacht atá bunaithe ar athróga, ar sonraíodh le hathbhreithniú eolaíoch na sonraí sin go raibh siad de cháilíocht leordhóthanach chun comhairle eolaíoch a sholáthar;

(6)

ciallaíonn ‘GII anailíseach’ GII a bhfuil measúnú anailíseach ar fáil ina leith;

(7)

ciallaíonn ‘GII réamhchúraim’ GII nach bhfuil measúnú anailíseach ar fáil ina leith, agus a bhfuil measúnú bunaithe ar chur chuige an réamhchúraim ar fáil ina leith ina ionad sin nó nach bhfuil aon mheasúnú ar fáil ina leith.

CAIBIDIL II

DEISEANNA IASCAIREACHTA

Airteagal 4

GIInna, cionrannta agus bearta atá nasctha go feidhmiúil

Leagtar amach san Iarscríbhinn na GIInna, na cuótaí agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta atá nasctha go feidhmiúil leo.

Airteagal 5

Forálacha speisialta maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta

1.   Beidh cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta i measc na mBallstát a leagtar amach sa Rialachán seo gan dochar don mhéid a leanas:

(a)

malartuithe arna ndéanamh faoi Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

asbhaintí agus ath-chionrannta arna ndéanamh faoi Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(c)

gabhálacha breise arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 agus faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(d)

cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 agus a aistríodh faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(e)

asbhaintí arna ndéanamh faoi Airteagail 105, 106 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.   Déantar na stoic atá faoi réir GIInna réamhchúraim nó GIInna anailíseacha chun na GIInna agus na cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 847/96 a shainaithint san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le stoic atá faoi réir GII réamhchúraim, agus beidh feidhm ag Airteagail 3(2) agus (3) agus Airteagal 4 den Rialachán sin maidir le stoic atá faoi réir GII anailíseach.

4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n-úsáideann Ballstát an tsolúbthacht ó bhliain go bliain faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 6

Coinníollacha maidir le gabhálacha agus foghabhálacha a thabhairt i dtír

Sainaithnítear sna táblaí GII ábhartha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo stoic na speiceas nach spriocspeicis iad laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte dá dtagraítear in Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhfuil feidhm ag an maolú ar an oibleagáid gabhálacha a chomhaireamh in aghaidh na gcuótaí ábhartha maidir leo.

Airteagal 7

Dúnadh chun sceitheadh trosc a chosaint

1.   Beidh toirmeasc ar iascaireacht le haon chineál trealaimh iascaireachta i bhforanna 25 agus 26 ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos i mír 1 maidir leis na cásanna seo a leanas:

(a)

oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéantar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(b)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó traimlí, doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige nó gléasanna comhchosúla éighníomhacha i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla;

(c)

gan dochar do na tréimhsí coiscthe a leagtar amach in Airteagal 8(1)(a) agus in Airteagal 9(1), soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht i bhforoinn 25 ar stoic pheiligeacha lena gcaitheamh go díreach ag an duine, a bhfuil trealamh á úsáid aige arb ionann méid a mogaill agus 45 mm nó ar lú é ná sin, i limistéir inar lú ná 50 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus a ndéantar sórtáil ar na gabhálacha dá gcuid arna dtabhairt i dtír.

3.   Beidh toirmeasc ar iascaireacht le haon chineál trealaimh iascaireachta i bhforanna 22 agus 23 ón 15 Eanáir go dtí an 31 Márta, agus i bhforoinn 24 ón 15 Bealtaine go dtí an 15 Lúnasa.

4.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos i mír 3 maidir leis na cásanna seo a leanas:

(a)

oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéantar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241;

(b)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó traimlí, doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna comhchosúla éighníomhacha i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla;

(c)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht i bhforoinn 24 ar stoic pheiligeacha lena gcaitheamh go díreach ag an duine, a bhfuil trealamh á úsáid aige arb ionann méid a mogaill agus 45 mm nó ar lú é ná sin, i limistéir inar lú ná 40 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus a ndéantar sórtáil ar na gabhálacha dá gcuid arna dtabhairt i dtír;

(d)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhíonn ag iascaireacht le dreidirí ar mhoilisc dhébhlaoscacha i bhforoinn 22, i limistéir ar lú doimhneacht an uisce ná 20 méadar de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla.

5.   Áiritheoidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 2, pointí (b) nó (c), agus mír 4, pointí (b), (c) nó (d), go bhféadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta tráth ar bith.

Airteagal 8

Dúnadh chun sceitheadh scadán a chosaint i bhforanna 25, 26, 27, 28.2, 29, 30, 31 agus 32

1.   Cuirfear toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh ar speicis pheiligeacha trí úsáid a bhaint as trál peiligeach i limistéir chósta suas le ceithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte, i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag an údarás náisiúnta inniúil le linn na dtréimhsí seo a leanas agus maidir leis na foranna a leanas:

(a)

ón 16 Márta go dtí an 15 Meitheamh i bhforanna 25 agus 26;

(b)

ón 1 Aibreán go dtí an 30 Meitheamh i bhforanna 27 agus 28.2;

(c)

ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Iúil i bhforanna 29 go 32.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos i mír 1 maidir le hoibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

Airteagal 9

Dúnadh chun sceitheadh salán a chosaint i bhforanna 25, 26, 27, 28.2, 29 agus 32

1.   Ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Iúil beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais iascaireacht a dhéanamh i gcomhair stoic pheiligeacha le trealamh gníomhach i limistéir thar 12 mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte i bhforanna 25, 26, 27, 28.2, 29 agus siar ó 24o 00’ O i bhforoinn 32.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos i mír 1 maidir leis na cásanna seo a leanas:

(a)

oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéantar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241;

(b)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna comhchosúla éighníomhach.

Airteagal 10

Bearta maidir le hiascach áineasa trosc i bhforanna 22 go 32

1.   Beidh toirmeasc ar iascach áineasa trosc i bhforanna 22 go 32. Aon eiseamal trosc a ghabhtar de thaisme, cuirfear ar ais san fharraige láithreach bonn é.

2.   D’ainneoin mhír 1, féadfar foghabhálacha de thaisme trosc in iascach áineasa le haghaidh speicis eile i bhforanna 27 go 32 a choinneáil.

Airteagal 11

Bearta maidir le hiascach áineasa bradán i bhforanna 22 go 31

1.   Beidh toirmeasc ar iascach áineasa bradán i bhforanna 22-31. Aon eiseamal bradáin a ghabhtar de thaisme, cuirfear ar ais san fharraige láithreach bonn é.

2.   De mhaolú ar mhír 1, déanfar iascach áineasa bradán a cheadú faoi na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

ní fhéadfar aon bhradán eile seachas eiseamal amháin de bhradáin a bhfuil a n-eite shaille gearrtha a ghabháil agus a choinneáil in aghaidh an iascaire áineasa in aghaidh an lae;

(b)

tar éis dó an chéad bhradán a bhfuil a eite shaille gearrtha a ghabháil agus a choinneáil, scoirfidh an t-iascaire áineasa d’iascaireacht bradán ar feadh an chuid eile den lá;

(c)

déanfar gach eiseamal d’aon speiceas éisc a choinnítear a thabhairt i dtír ina eiseamal iomlán.

3.   De mhaolú ar mhír 1 freisin, ceadófar iascach áineasa bradán lastuaidh de dhomhanleithead 59o 30′ T ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa i limistéir laistigh de cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte.

4.   Ní dochar é an tAirteagal seo do bhearta náisiúnta níos déine arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 19 agus 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 12

Bearta maidir leis an stoic breac geal agus bradán i bhforanna 22 go 32 a chaomhnú

1.   Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais bric gheala a iascach thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte i bhforanna 22 go 32. Nuair a bheifear ag iascaireacht bradán thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte i bhforoinn 32, ní rachaidh foghabhálacha breac geal thar 3 % den ghabháil iomlán bradán agus breac geal a bheidh ar bord tráth ar bith nó a tugadh i dtír tar éis gach turais iascaireachta.

2.   Beidh toirmeasc ar iascaireacht le spiléir ar bhric gheala nó bradáin thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte i bhforanna 22 go 31.

3.   Ní dochar é an tAirteagal seo do bhearta náisiúnta níos déine arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 19 agus 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 13

Tarchur sonraí

Nuair a sheolfaidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le cainníochtaí stoc arna ngabháil nó arna dtabhairt i dtír chuig an gCoimisiún faoi Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 14

Leasú ar Rialachán (AE) 2025/202

Leasaítear Rialachán (AE) 2025/202 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 122:

‘Tábla 122

Speiceas:

An trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara

Limistéar:

3a; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a

Trisopterus esmarki

(NOP/2A3A4.)

Bliain

2025

 

2026

 

GII Anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Danmhairg

299,722

 (10)  (11)  (12)

299,722

 (13)  (11)  (12)

An Ghearmáin

0,057

 (10)  (11)  (12)

0,057

 (13)  (11)  (12)

An Ísiltír

0,221

 (10)  (11)  (12)

0,221

 (13)  (11)  (12)

An tAontas

300

 (10)  (11)  (12)

300

 (13)  (11)  (12)

An Ríocht Aontaithe

100

 (10)  (11)

100

 (13)  (11)

GII

400

 (10)

400

 (13)

;

(2)

in Iarscríbhinn ID, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 9:

‘Tábla 9

Speiceas:

Tuinnín colgach na Meánmhara

Limistéar:

An Mheánmhuir

Thunnus alalunga

(ALB/MED)

an Ghréig

385,31

 

GII Anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

an Spáinn

99,47

 

an Fhrainc

14,45

 

an Chróit

6,74

 

an Iodáil

1 128,26

 

an Chipir

416,07

 

Málta

39,68

 

An tAontas

2 089,98

 (17)

GII

2 500,00

 (14)  (15)  (16)

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2026.

De mhaolú ar an dara fomhír:

(a)

beidh feidhm ag Airteagal 14, pointe (1), ón 1 Samhain 2025 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026;

(b)

beidh feidhm ag Airteagal 14, pointe (2), ón 1 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Nollaig 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. DYBVAD BEK


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1139/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 ( IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le GIInna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/847/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle an 30 Eanáir 2025 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/257 a mhéid a bhaineann le deiseanna áirithe iascaireachta le haghaidh 2025 (IO L, 2025/202, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/202/oj).

(6)   IO L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj.

(7)  Cinneadh ón gComhairle (AE) 2021/1875 an 22 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna comhairliúcháin bhliantúla leis an Ríocht Aontaithe chun teacht ar chomhaontú maidir leis na gabhálacha iomlána incheadaithe (IO L 378, 26.10.2021, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1875/oj).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thoir Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/218/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1241/oj).

(10)  Ní fhéadfar é a iascach ach ón 1 Samhain 2024 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2025.

(11)  Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascach spriocdhírithe ar an trosc Ioruach faoin gcuóta seo.

(12)  Ni fhéadfar cuóta foghabhála a iascach ach in 3a, uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais Eorpaigh in 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a.

(13)  Ní fhéadfar é a iascach ach ón 1 Samhain 2025 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026.’

(14)  Chun colgáin óga a chosaint, beidh feidhm ag tréimhse choiscthe freisin maidir le soithí spiléir a bhíonn ag díriú ar thuinníní colgacha na Meánmhara ón 1 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an 30 Samhain. Ina theannta sin, ní dhéanfar tuinníní colgacha na Meánmhara, mar spriocspeiceas nó mar fhoghabháil, a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú ná a thabhairt i dtír le linn na dtréimhsí a leanas:

an Ghréig, an Chróit, an Iodáil agus an Chipir: an 1 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Samhain 2025 agus an 1 go dtí an 31 Márta 2025;

an Spáinn, an Fhrainc agus Málta: An 1 Eanáir go dtí an 31 Márta 2025.

(15)  Déanfaidh gach Ballstát an líon soithí iascaireachta dá gcuid atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar thuinníní colgacha na Meánmhara a theorannú don líon soithí iascaireachta a bhí údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar an speiceas sin in 2017. Féadfaidh na Ballstáit lamháltas 10 % a chur i bhfeidhm ar an teorainn acmhainne sin.

(16)  Coinníoll speisialta: ní mór foghabhálacha tuinníní colgacha a chomhaireamh in aghaidh an chuóta seo ach déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (ALB/MED-BC). Tá foghabhálacha marbha tuinníní colgacha agus iascach áineasa le comhaireamh in aghaidh an chuóta seo, ach déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (ALB/MED-SR).

(17)  Tar éis 50 kg a aistriú ón Tuirc.’.


IARSCRÍBHINN

NA GIInna, NA CUÓTAÍ AGUS NA BEARTA ATÁ NASCTHA GO FEIDHMIÚIL

Leagtar amach sna táblaí seo a leanas na GIInna agus na cuótaí (ina dtonaí beomheáchain, seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt) de réir stoic, agus na bearta atá nasctha go feidhmiúil leo.

Tagraítear do stoic éisc de réir ord aibítre ainmneacha eolaíocha an speicis.

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag an tábla comparáideach seo a leanas, ina gcuimsítear ainmneacha eolaíocha agus gnáthainmneacha:

Ainm eolaíoch

Cód Alfa-3

Gnáthainm

Clupea harengus

HER

An scadán

Gadus morhua

COD

An trosc

Pleuronectes platessa

PLE

An leathóg

Salmo salar

SAL

An bradán Atlantach

Sprattus sprattus

SPR

An salán

Tábla 1

Speiceas:

An scadán

Limistéar:

Foranna 30-31

Clupea harengus

(HER/30/31.)

An Fhionlainn

32 063

 (1)

GII Anailíseach

An tSualainn

7 045

 (1)

An tAontas

39 108

 (1)

GII

39 108

 (1)

Tábla 2

Speiceas:

An scadán

Limistéar:

Foranna 22-24

Clupea harengus

(HER/3BC+24)

An Danmhairg

110

 (2)

GII Anailíseach

Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Ghearmáin

435

 (2)

An Fhionlainn

0

 (2)

An Pholainn

103

 (2)

An tSualainn

140

 (2)

An tAontas

788

 (2)

GII

788

 (2)

Tábla 3

Speiceas:

An scadán

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 25-27, 28.2, 29 agus 32

Clupea harengus

(HER/3D-R30)

An Danmhairg

2 122

 

GII Anailíseach

An Ghearmáin

563

 

An Eastóin

10 837

 

An Fhionlainn

21 154

 

An Laitvia

2 674

 

An Liotuáin

2 816

 

An Pholainn

24 033

 

An tSualainn

32 264

 

An tAontas

96 463

 

GII

Ní bhaineann le hábhar

 

Tábla 4

Speiceas:

An scadán

Limistéar:

Foroinn 28.1

Clupea harengus

(HER/03D.RG)

An Eastóin

15 870

 

GII Anailíseach

Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo.

An Laitvia

18 497

 

An tAontas

34 367

 

GII

34 367

 

Tábla 5

Speiceas:

An trosc

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 25-32

Gadus morhua

(COD/3DX32.)

An Danmhairg

99

 (3)

GII réamhchúraim

Níl feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Ghearmáin

39

 (3)

An Eastóin

10

 (3)

An Fhionlainn

8

 (3)

An Laitvia

37

 (3)

An Liotuáin

24

 (3)

An Pholainn

113

 (3)

An tSualainn

100

 (3)

An tAontas

430

 (3)

GII

Ní bhaineann le hábhar

 

Tábla 6

Speiceas:

An trosc

Limistéar:

Foranna 22-24

Gadus morhua

(COD/3BC+24)

An Danmhairg

116

 (4)

GII réamhchúraim

Níl feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Ghearmáin

57

 (4)

An Eastóin

3

 (4)

An Fhionlainn

2

 (4)

An Laitvia

10

 (4)

An Liotuáin

6

 (4)

An Pholainn

31

 (4)

An tSualainn

41

 (4)

An tAontas

266

 (4)

GII

266

 (4)

Tábla 7

Speiceas:

An leathóg

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 22-32

Pleuronectes platessa

(PLE/3BCD-C)

An Danmhairg

7 861

 

GII Anailíseach

Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo.

An Ghearmáin

873

 

An Pholainn

1 646

 

An tSualainn

593

 

An tAontas

10 973

 

GII

10 973

 

Tábla 8

Speiceas:

An bradán Atlantach

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 22-31

Salmo salar

(SAL/3BCD-F)

An Danmhairg

5 292

 (5)  (6)

GII Anailíseach

Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Ghearmáin

589

 (5)  (6)

An Eastóin

538

 (5)  (6)  (7)

An Fhionlainn

6 599

 (5)  (6)

An Laitvia

3 366

 (5)  (6)

An Liotuáin

396

 (5)  (6)

An Pholainn

1 605

 (5)  (6)

An tSualainn

7 152

 (5)  (6)

An tAontas

25 537

 (5)  (6)

GII

Ní bhaineann le hábhar

 

Tábla 9

Speiceas:

An bradán Atlantach

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforoinn 32

Salmo salar

(SAL/3D32.)

An Eastóin

1 049

 (8)

GII réamhchúraim

An Fhionlainn

9 183

 (8)

An tAontas

10 232

 (8)

GII

Ní bhaineann le hábhar

 

Tábla 10

Speiceas:

An salán

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 22-32

Sprattus sprattus

(SPR/3BCD-C)

An Danmhairg

19 923

 

GII Anailíseach

Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo.

An Ghearmáin

12 622

 

An Eastóin

23 135

 

An Fhionlainn

10 429

 

An Laitvia

27 942

 

An Liotuáin

10 108

 

An Pholainn

59 300

 

An tSualainn

38 516

 

An tAontas

201 975

 

GII

Ní bhaineann le hábhar

 


(1)  Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach ón 1 Eanáir go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026.

(2)  Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascach spriocdhírithe faoin gcuóta seo.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar scadáin ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir iomlán leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ceadaítear iascaireacht a dhéanamh ar an gcuóta sin i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin, doruithe láimhe, eangacha sáinne nó trealamh díreoige. Áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta sin go bhféadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta am ar bith.

(3)  Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascach spriocdhírithe faoin gcuóta seo.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a spriocdhíriú ar throisc ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir iomlán leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

(4)  Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascach spriocdhírithe faoin gcuóta seo.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a spriocdhíriú ar throisc ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir iomlán leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

(5)  Arna shloinneadh de réir líon na n-iasc aonair.

(6)  Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascach spriocdhírithe faoin gcuóta seo.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar bhradáin ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir iomlán leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ceadaítear iascaireacht a dhéanamh ar an gcuóta sin i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais lastuaidh de dhomhanleithead 59o 30′ T i limistéir laistigh de cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa.

(7)  Coinníoll speisialta: ní fhéadfar níos mó ná 450 eiseamal den chuóta sin a iascach in uiscí an Aontais i bhforoinn 32 (SAL/*3D32).

(8)  Arna shloinneadh de réir líon na n-iasc aonair.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2454/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top