Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2435

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2435 ón gComhairle an 1 Nollaig 2025 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2017/1770 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

ST/13912/2025/INIT

IO L, 2025/2435, 2.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2435/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2435/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2435

2.12.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2435 ÓN gCOMHAIRLE

an 1 Nollaig 2025

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2017/1770 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) agus (4) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Meán Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/1770.

(2)

An 13 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2021/2201 (2) chun éifeacht a thabhairt do Chinneadh (CBES) 2021/2208 ón gComhairle (3), lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2017/1775 (4) agus lenar bunaíodh creat nua lena ndéantar foráil do bhearta sriantacha breise a fhorchur ar dhaoine aonair agus ar eintitis atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhailí i mbaol, nó a bhí comhpháirteach iontu nó a bhí páirteach iontu, go díreach nó go hindíreach, sna gníomhaíochtaí nó beartais sin, nó a chuireann bac ar chur i gcrích rathúil aistriú polaitiúil Mhailí nó a bhaineann an bonn de chur i gcrích rathúil an aistrithe pholaitiúil sin.

(3)

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart na cúiseanna sna hiontrálacha a bhaineann leis na daoine a áirítear ar an liostaí sin a leasú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1770 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in sa Bhruiséil, an 1 Nollaig 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L 251, 29.9.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1770/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2021/2201 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1770 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 446, 14.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2201/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/2208 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 446, 14.12.2021, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2208/oj).

(4)  Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 251, 29.9.2017, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/1775/oj).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN Ia

Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2b:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

1.

DIAW, Malick

Áit bhreithe: Ségou

Dáta breithe: 2.12.1979

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: B0722922 bailí go dtí an 13.8.2018

Inscne: fireann

Post: Uachtarán an National Transition Council (orgán reachtach aistriú polaitiúil Mhailí), Leifteanant-Ghinearál

Tá Malick Diaw ina bhall lárnach de chiorcal inmheánach an Choirnéil Assimi Goïta. Agus é ina cheann foirne ar an tríú réigiún míleata, is é sin Kati, bhí sé ar dhuine de ghríosóirí agus de cheannairí an coup a rinneadh an 18 Lúnasa 2020, in éineacht leis an Maor-Choirnéal Ismaël Wagué, an Coirnéal Assimi Goïta, an Coirnéal Sadio Camara agus an Coirnéal Modibo Koné.

Tá Malick Diaw freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí nó beartais a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i mbaol.

Is príomhghníomhaí i gcomhthéacs aistriú polaitiúil Mhailí é Malick Diaw freisin agus é ina Uachtarán ar an National Transition Council (CNT) ó mhí na Nollag 2020. An 16 Deireadh Fómhair 2024, thug Comhairle Airí Mhailí ardú céime do Malick Diaw go Leifteanant-Ghinearál “3 réalta”.

Níor éirigh le CNT na “misin” atá cumhdaithe sa Chairt Idirthréimhseach dar dáta an 1 Deireadh Fómhair 2020 (“Cairt Idirthréimhseach”) agus ba cheart a chríochnú laistigh de 18 mí a chur i gcrích in am trátha, mar is léir ón moill a bhí ar CNT an dréachtbhille toghcháin a fhormhuiniú.

Chuidigh an mhoill sin le moill a chur ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, moill ar aistriú polaitiúil Mhailí a thabhairt chun críche go rathúil. Ina theannta sin, leis an mbille nua toghcháin, a ghlac CNT ar deireadh an 17 Meitheamh 2022 agus a foilsíodh in Iris Oifigiúil Phoblacht Mhailí an 24 Meitheamh 2022, ceadaítear don Uachtarán Idirthréimhseach, don Leas-Uachtarán Idirthréimhseach agus do chomhaltaí an Rialtais Idirthréimhsigh a bheith ina n-iarrthóirí sna toghcháin uachtaránachta agus reachtacha, rud atá ag teacht salach ar an gCairt Idirthréimhseach.

Bhí Malick Diaw i gceannas ar an seisiún inar formheasadh an t-athbhreithniú ar an gCairt Idirthréimhseach an 3 Iúil 2025 lena dtugtar sainordú inathnuaite 5 bliana do Assimi Goïta gan toghcháin. Leis an athbhreithniú ar an gCairt Idirthréimhseach, déantar post Assimi Goïta agus cumhachtaí an junta a chomhdhlúthú toisc nach bhfuil oibleagáid láithreach inti toghcháin a reáchtáil.

Ghlac Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Malick Diaw) i mí na Samhna 2021 de bharr na moille a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, ar thabhairt chun críche aistriú polaitiúil Mhailí. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil ar bun.

Dá bhrí sin, tá Malick Diaw ag cur bac ar chur i gcrích rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus ag baint an bhoinn den chur i gcrích sin.

4.2.2022

2.

WAGUÉ, Ismaël

Áit bhreithe: Bamako

Dáta breithe: 2.3.1975

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: pas taidhleoireachta AA0193660 bailí go dtí an 15.2.2023

Inscne: fireann

Post: An tAire Athmhuintearais, Leifteanant-Ghinearál

Tá an Maor-Choirnéal Ismaël Wagué ina chomhalta lárnach de chiorcal inmheánach an Choirnéil Assimi Goïta, agus bhí sé ar dhuine de ghríosóirí an coup an 18 Lúnasa 2020, in éineacht leis an gCoirnéal Goïta, an Coirnéal Sadio Camara, an Coirnéal Modibo Koné agus an Coirnéal Malick Diaw.

An 19 Lúnasa 2020, d’fhógair sé go raibh an t-arm tagtha i gcumhacht, agus bhí sé ansin ina urlabhraí don Choiste Náisiúnta um Shlánú na nDaoine (Comité national pour le salut du peuple, CNSP). An 16 Deireadh Fómhair 2024, thug Comhairle Airí Mhailí ardú céime do Ismaël Wagué go Leifteanant-Ghinearál “3 réalta”.

Tá Ismaël Wagué freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i mbaol.

Agus é ina Aire Athmhuintearais sa Rialtas Idirthréimhseach ó mhí Dheireadh Fómhair 2020, bhí Ismaël Wagué i gceannas ar an gComhaontú um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí a chur i bhfeidhm.

Trína ráiteas i mí Dheireadh Fómhair 2021, agus trína easaontú gan staonadh le comhaltaí an Bhuanchreata Straitéisigh (Cadre Stratégique Permanent, CSP), chuidigh sé le bac a chur ar Choiste Faireacháin an Chomhaontaithe um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí (Comité de suivi de l’accord, CSA), rud a d’fhág gur cuireadh cruinnithe CSA ar fionraí ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go mí Mheán Fómhair 2022. Chuir an staid sin bac ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe sin, atá ar cheann de “misin” aistriú polaitiúil Mhailí dá bhforáiltear in Airteagal 2 den Chairt Idirthréimhseach.

An 25 Eanáir 2024, cháin an Rialtas Idirthréimhseach an Comhaontú um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí go géar agus dhearbhaigh sé go gcuirfí deireadh leis láithreach. Ón dáta sin i leith, tá méadú suntasach tagtha ar na srianta forlámhacha atá á bhforchur ag an Rialtas Idirthréimhseach.

Ghlac Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Ismaël Wagué) i mí na Samhna 2021 de bharr na moille a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, ar thabhairt chun críche aistriú polaitiúil Mhailí. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

Tá Ismaël Wagué freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i mbaol, agus tá sé ag cur bac ar aistriú polaitiúil Mhailí a thabhairt chun críche go rathúil, agus tá an bonn á bhaint aige den tabhairt chun críche sin.

4.2.2022

4.

MAÏGA, Ibrahim Ikassa

Áit bhreithe: Tondibi, réigiún Gao, Mailí

Dáta breithe: 5.2.1971

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: pas taidhleoireachta a d’eisigh Mailí

Inscne: fireann

Post: iar-Aire um an Athbhunú

Is comhalta de choiste straitéiseach M5-RFP é Ibrahim Ikassa Maïga (Mouvement du 5 juin – Rassemblement des forces patriotiques), a raibh ról lárnach aige i dtreascairt an Uachtaráin Keita.

Agus é ina Aire um an Athbhunú ó mhí an Mheithimh 2021 go mí na Samhna 2024, bhí Ibrahim Ikassa Maïga freagrach as na Comhairliúcháin Náisiúnta um an Athbhunú (Assises nationales de la Refondation, ANR), a d’fhógair an Príomh-Aire Choguel Maïga, a phleanáil.

Fiú tar éis do dhuine eile ról Ibrahim Ikassa Maïga a ghlacadh sa rialtas ina ionad, chuir sé é féin in iúl go polaitiúil agus i ndlúthpháirtíocht le rialtas Mhailí, rud a léiríonn go bhfuil dlúthnaisc fós aige leis an rialtas sin.

Agus é ag gníomhú ar bhealach a tháinig salach ar an amchlár le haghaidh athchóirithe agus na dtoghchán a comhaontaíodh le Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) roimhe seo i gcomhréir leis an gCairt Idirthréimhseach, d’fhógair an Rialtas Idirthréimhseach na ANRanna mar phróiseas réamh-athchóiriúcháin agus mar réamhchoinníoll d’eagrú na dtoghchán a bhí sceidealaithe don 27 Feabhra 2022.

Mar a d’fhógair Choguel Maïga, cuireadh na ANRanna siar roinnt uaireanta agus cuireadh moill ar na toghcháin. Rinne an t-iliomad páirtithe leasmhara na ANRanna, a tionóladh ar deireadh i mí na Nollag 2021, a bhaghcatáil. Ar bhonn mholtaí deiridh na ANRanna, thíolaic an Rialtas Idirthréimhseach amchlár nua lena bhforáiltear go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí na Nollag 2025, agus lena gceadaítear do na hÚdaráis Idirthréimhseacha fanacht i gcumhacht ar feadh tréimhse is faide ná 5 bliana. Mar thoradh ar amchlár athbhreithnithe a tíolacadh i mí an Mheithimh 2022, inar foráladh go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí an Mhárta 2024, d’fhógair an Rialtas Idirthréimhseach an 21 Meán Fómhair 2023 go gcuirfí na toghcháin siar arís.

An 25 Eanáir 2024, cháin an Rialtas Idirthréimhseach an Comhaontú um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí go géar agus dhearbhaigh sé go gcuirfí deireadh leis láithreach. Ón dáta sin i leith, tá méadú suntasach tagtha ar na srianta forlámhacha atá á bhforchur ag an Rialtas Idirthréimhseach.

Ghlac ECOWAS smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Ibrahim Ikassa Maïga) i mí na Samhna 2021, mar gheall ar an moill a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus ar chur i gcrích aistriú polaitiúil Mhailí.

Chuir ECOWAS i dtreis gur bhain na hÚdaráis Idirthréimhseacha úsáid as an ngá le hathchóirithe a chur chun feidhme mar chur i gcéill chun údar maith a thabhairt le síneadh a chur le haistriú polaitiúil Mhailí agus chun iad féin a choimeád i gcumhacht gan aon toghcháin dhaonlathacha. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

Mar iar-Aire, comhbhunaitheoir de Espoir Mali Koura agus comhbhunaitheoir de M5-RFP (Mouvement du 5 juin – Rassemblement des forces patriotiques), leanann Ibrahim Ikassa Maïga de thionchar a bheith aige ar, agus de bheith ag tacú go láidir le junta Mhailí. I bhfianaise na ráiteas poiblí uaidh, tá bac á chur ag Ibrahim Ikassa Maïga ar thabhairt chun críche rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus an bonn á bhaint aige den tabhairt chun críche sin, go háirithe trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil agus an chumhacht a thabhairt ar láimh d’údaráis thofa agus tríd an mbonn a bhaint de sin.

4.2.2022

6.

Ivan Aleksandrovitch MASLOV

Иван Александрович МАСЛОВ

Dáta breithe: 11.7.1982 nó 3.1.1980

Áit bhreithe: sráidbhaile Arkhangelsk / Chuguevka, dúiche Chuguev, críoch Primorsky

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Feidhm: iar-Cheann an Ghrúpa Wagner i Mailí

Seoladh: Anaithnid, cláraithe sa bhaile Shatki, sa réigiún Nizhni Novgorod de réir “All eyes on Wagner”

Ba é Ivan Aleksandrovitch Maslov ceann an Ghrúpa Wagner i Mailí, a bhfuil a láithreacht sa tír méadaithe ó dheireadh 2021 i leith. Tharraing an Grúpa Wagner siar ó Mhailí i mí an Mheithimh 2025 agus cuireadh Cór na hAfraice ina ionad, agus tuairiscítear go ndearna Cór na hAfraice an chuid is mó de phearsanra na Rúise de chuid Wagner a ath-imeascadh.

Chuir láithreacht Wagner i Mailí síocháin, slándáil agus cobhsaíocht na tíre i mbaol. Go háirithe, bhí saighdiúirí tuarastail Wagner páirteach i ngníomhartha foréigin agus i sáruithe iomadúla ar chearta an duine i Mailí, lena n-áirítear maruithe seachbhreithiúnacha, mar a rinneadh le linn an “Moura massacre” ag deireadh mhí an Mhárta 2022, mar shampla.

Agus é ina iarcheannaire áitiúil ar an ngrúpa Wagner, dá bhrí sin, tá Ivan Maslov freagrach as gníomhaíochtaí an Ghrúpa Wagner a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhailí i mbaol, go háirithe rannpháirtíocht an ghrúpa sin i ngníomhartha foréigin agus i sáruithe ar chearta an duine.

25.2.2023’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2435/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top