Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2401

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2401 ón gComhairle an 24 Samhain 2025 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise arna ndíriú ar ISIL (Da’esh) agus ar Al-Qaeda agus ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo

ST/14861/2025/INIT

IO L, 2025/2401, 24.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2401/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2401/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2401

24.11.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2401 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2025

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise arna ndíriú ar ISIL (Da’esh) agus ar Al-Qaeda agus ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise arna ndíriú ar ISIL (Da’esh) agus ar Al-Qaeda agus ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/1686.

(2)

I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus ó Al-Qaeda agus ó eintitis agus comhlachtaí a bhfuil baint acu leo, ba cheart eintiteas amháin a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/1686 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Samhain 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. LØKKE RASMUSSEN


(1)   IO L 255, 21.9.2016, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1686/oj.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686, cuirtear an iontráil seo a leanas leis faoin gceannteideal ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3’:

‘8.

Allied Democratic Forces (Comhfhórsaí Daonlathacha).’.

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2401/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top