Šis dokuments ir izvilkums no tīmekļa vietnes EUR-Lex.
Dokuments 32025R2327
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/2327 of 12 November 2025 amending for the 353rd time Council Regulation (EC) No 881/2002 imposing certain specific restrictive measures directed against certain persons and entities associated with the ISIL (Da'esh) and Al-Qaida organisations
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2327 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2025 lena leasaítear den 353ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2327 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2025 lena leasaítear den 353ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida
C/2025/7788
IO L, 2025/2327, 13.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2327/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Spēkā
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2327 |
13.11.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2327 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Samhain 2025
lena leasaítear den 353ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis a chumhdaítear leis an reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin. |
|
(2) |
An 6 Samhain 2025, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2799 (2025) lenar chinn sí deireadh a chur le dhá iontráil ó liosta na ndaoine, na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n-eintiteas a bhfuil feidhm ag na bearta sriantacha maidir leo. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
An tArd-Stiúrthóir
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
(1) IO L 139, 29.5.2002, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/881/oj.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, scriostar na hiontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal ‘Daoine nádúrtha’:
|
(1) |
‘Ahmad Hussain Al-Sharaa (sa bhunchló: احمد حسین الشرع) (ainm bréige láidir: (a) Abu Mohamed al-Jawlani (sa bhunchló: أبو محمد الجولاني), (b) Abu Muhammad al-Jawlani, (c) Abu Mohammed al-Julani, (d) Abu Mohammed al-Golani, (e) Abu Muhammad al-Golani, (f) Abu Muhammad Aljawlani, (g) Muhammad al-Jawlani (liostaithe tráth mar sin), (h) Amjad Muzaffar Hussein Ali al-Naimi (a rugadh in 1980 i bPoblacht Arabach na Siria, Ainm na máthar: Fatma Ali Majour. Seoladh: Mosul, Souq al-Nabi Yunis); ainm bréige lag: (a) شيخ الفاتح، الفاتح, (traslitrithe: (a) Shaykh al-Fatih, (b) Al Fatih; (aistriúchán: An Concaire) (Nom de guerre), (b) Abu Ashraf). Dáta breithe: (a) 29.10.1982; (b) 1980. Áit bhreithe: an tSiria. Náisiúntacht: Siriach. Seoladh: (a) Mosul, Souq al-Nabi Yunis; (b) Gníomhach sa tSiria ó mhí Eanáir 2025 ar aghaidh. Pasuimhir: D00000256 (Pas Siriach a eisíodh an 1.2.2025. Faisnéis eile: (a) Ainm na máthar: (a) Fatma Ali Majour, (b) Wedad; (b) Ainm an athar: Hussein. (c) Ó bhí mí Eanáir 2012 ann, is é Ceannaire Fhronta Al-Nusrah do Phobal na Leiveainte, ar grúpa é atá lonnaithe sa tSiria; (d) Tá baint aige le Aiman Muhammed Rabi al-Zawahiri; (e) Á lorg ag Fórsaí Slándála na hIaráice; (f) Tuairisc: Snua dorcha. Airde: 1,70 m. Grianghraf ar fáil lena chur san Fhógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2), pointe (i): 24.7.2013.’; |
|
(2) |
‘Anas Hasan Khattab (ainm bréige (a) Samir Ahmed al-Khayat; (b) Hani; (c) Abu Hamzah; (d) Abu-Ahmad Hadud). Teideal: Amir. Dáta breithe: 7.4.1986. Áit bhreithe: an Damaisc, an tSiria. Náisiúntacht: Siriach. Faisnéis Eile: Ina éimir riaracháin ar Fhronta Al-Nusrah do Phobal na Leiveainte. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 23.9.2014.’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2327/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)