Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2269

Rialachán (AE) 2025/2269 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2025 lena gceartaítear Rialachán (AE) 2022/1616 maidir le lipéadú plaisteach athchúrsáilte, forbairt teicneolaíochtaí athchúrsála agus údaruithe aistrithe

C/2025/7530

IO L, 2025/2269, 13.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2269/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2269/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2269

13.11.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/2269 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Samhain 2025

lena gceartaítear Rialachán (AE) 2022/1616 maidir le lipéadú plaisteach athchúrsáilte, forbairt teicneolaíochtaí athchúrsála agus údaruithe aistrithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil1 le bia agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), an dara fomhír, pointí (h), (i), (k) agus (n), de, De bharr an mhéid seo a leanas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2022/1616 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha maidir le hábhair phlaisteacha athchúrsáilte agus earraí plaisteacha athchúrsáilte atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia. Le linn chur chun feidhme an Rialacháin sin, sainaithníodh roinnt earráidí.

(2)

In Airteagal 4, mír 1, de Rialachán (AE) 2022/1616 tagraítear do cheanglais nach mór d’ábhair phlaisteacha athchúrsáilte agus earraí plaisteacha athchúrsáilte a chomhlíonadh le linn a monaraithe. Ós rud é go leagtar síos ceanglas den sórt sin i mír 8 freisin, ní mór tagairt a dhéanamh dó i mír 1 freisin

(3)

In Airteagal 5, mír 3, de Rialachán (AE) 2022/1616, ba cheart a shoiléiriú go mbaineann an mhír sin le lipéadú coimeádán lena n-iompraítear plaisteach athchúrsáilte ar mhaithe le faisnéis a sholáthar maidir leis an bplaisteach athchúrsáilte sin agus ní faisnéis maidir le comhdhéanamh na gcoimeádán iad féin.

(4)

Le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2022/1616 leagtar síos oibleagáidí ar fhorbróirí teicneolaíochtaí athchúrsála núíosacha fógra a thabhairt fúthu don Choimisiún agus d’údaráis inniúla an Bhallstáit a bhfuil an forbróir lonnaithe ar a chríoch. Mar sin féin, le hAirteagal 10, mír 4, ceanglaítear go ndéanfaidh an t-athchúrsálaí, tráth a thabharfar an fógra, tuarascáil mhionsonraithe maidir le sábháilteacht an phlaistigh mhonaraithe a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin freisin. Ós rud é go ndéantar foráil in Airteagal 10 maidir le hoibleagáidí an fhorbróra seachas oibleagáidí an athchúrsálaí, agus gur cúram de chuid an fhorbróra é foilsiú na tuarascála mionsonraithe, sa chéad abairt d’Airteagal 10, mír 4, ba cheart tagairt a dhéanamh don fhorbróir.

(5)

In Airteagal 10, mír 8, de Rialachán (AE) 2022/1616 tagraítear go hearráideach do na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 7, agus do na ceanglais a thagann ó mhír 8, seachas do na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 6, agus do na ceanglais a thagann ó mhír 7.

(6)

In Airteagal 11, mír 6, de Rialachán (AE) 2022/1616, tagraítear do mhíreanna 3 agus 4 de, seachas do mhíreanna 4 agus 5.

(7)

In Airteagal 12, mír 3, de Rialachán (AE) 2022/1616 tagraítear go mícheart do ‘dhoiciméadacht tacaíochta’ seachas don ‘fhaisnéis fhorlíontach’, arb é is ábhar don Airteagal sin.

(8)

Le hAirteagal 14, mír 4, agus le hAirteagal 18, mír 1, de Rialachán (AE) 2022/1616 foráiltear go ndéanfaidh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim a fhoilsiú. Ar an gcaoi chéanna, in Airteagal 23, i mír 3, déantar tagairt don tuairim ón Údarás arna foilsiú i gcomhréir le hAirteagal 18, mír 1. Ós rud é go bhféadfadh sé nach bhfoilseofaí tuairim go dtí i bhfad tar éis ghlacadh na tuairime sin, agus i bhfianaise na foclaíochta a úsáidtear in Airteagal 10, mír 1, de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, na frásaí lena mbaineann in Airteagail 14 agus 18 maidir le foilsiú tuairimí, níor cheart na frásaí sin tagairt a dhéanamh do thuairimí a fhoilsiú ach do na tuairimí sin a thabhairt. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart foclaíocht úr a chur ar Airteagal 23, mhír 3, dá réir.

(9)

Le hAirteagal 14, mír 5, de Rialachán (AE) 2022/1616 ceadaítear don Údarás tréimhse a mheasúnaithe a fhadú. Tagraíonn sé go mícheart don tréimhse dá bhforáiltear i mír 3, áfach, cé go leagtar amach an tréimhse sin i mír 4.

(10)

De réir Airteagal 14, mír 6, de Rialachán (AE) 2022/1616, féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar fhorbróirí na nuatheicneolaíochtaí an fhaisnéis atá ar fáil dó a fhorlíonadh le faisnéis arna tiomsú i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 12. Tá an tagairt d’Airteagal 10 ina hiomláine san fhoráil sin mícheart toisc nach bhfuil faisnéis áirithe a thiomsófar i gcomhréir le hAirteagal 10 beartaithe ach d’údaráis inniúla na mBallstát agus níl sí ábhartha d’obair an Údaráis. Is í an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 3, 4 agus 5 agus iontu sin amháin a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir lena ghníomhaíochtaí. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 14, mhír 6, a cheartú dá réir.

(11)

Le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2022/1616, mír 7, foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a chinneadh na teorainneacha ama dá dtagraítear i míreanna 3, 4 agus 5 a choigeartú chun teicneolaíocht núíosach shonrach a mheasúnú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás agus le forbróirí na teicneolaíochta sin. Ba cheart an téacs a cheartú chun tagairt a dhéanamh do mhíreanna 4, 5 agus 6, toisc go bhfuil tagairt do theorainn ama i mír 6 agus nach bhfuil aon tagairt di sin i mír 3.

(12)

Le hAirteagal 14, mír 8, an dara fomhír de Rialachán (AE) 2022/1616 foráiltear go bhfuil an tÚdarás le déileáil i modh rúin leis an bhfaisnéis fhorlíontach a iarrann sé maidir le gnéithe a bhaineann go sonrach le próisis athchúrsála aonair agus le suiteálacha arna n-úsáid ag athchúrsálaí. Mar sin féin, faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(1)(b) agus (e), agus in Airteagal 12, mír 3, ní dhéileálfar léi mar fhaisnéis rúnda. In Airteagal 12(1)(a) agus (c) araon tagraítear d’fhaisnéis atá beartaithe a bheith ar fáil go poiblí, is é sin, faoi seach, achoimre ghearr ar an teicneolaíocht núíosach agus léaráid bhloc ina léirítear seicheamh monaraíochta na suiteála athchúrsála. In Airteagal 12(1)(b) agus (d) tagraítear d’fhaisnéis chomhchosúil, ach ar leibhéal i bhfad níos mionsonraithe, is é sin, faoi seach, achoimre fhada ar an tsuiteáil athchúrsála a chuirtear i bhfeidhm agus léaráid phíobánachta agus ionstraimíochta den phróiseas dí-éilliúcháin, léaráid atá i bhfad níos mionsonraithe ná an léaráid bhloc. Dá nochtfaí an fhaisnéis mhionsonraithe sin go poiblí, d’fhéadfaí an bonn a bhaint de leasanna tráchtála an athchúrsálaí agus an fhorbróra gan faisnéis a sholáthar a bheadh fóinteach chun tuiscint an phobail ar an teicneolaíocht núíosach a éascú. Dá bhrí sin, an fhaisnéis atá in Airteagal 12(1)(b) agus (d) d’fhéadfadh sé go ndéileálfaí léi i modh rúin, agus d’fhéadfadh sé nach ndéileálfaí leis an bhfaisnéis in 12(1)(a) agus (c) amhlaidh. Thairis sin, Airteagal 12(1)(e) dá dtagraítear in Airteagal 14, mír 8, ní ann dó. Dá bhrí sin, is iomchuí tagairt d’Airteagal 12(1)(a) agus (c) a chur in ionad an tagairt atá ann faoi láthair d’Airteagal 12(1)(b) agus (e).

(13)

Le hAirteagal 22, mír 4, de Rialachán (AE) 2022/1616, ceanglaítear i gcás ina n-aistrítear údarú próisis athchúrsála chuig tríú páirtí, go rachaidh an tríú páirtí sin i dteagmháil leis an gCoimisiún trí bhíthin litir chláraithe, agus go dtabharfaidh sealbhóir an údaraithe fógra don Choimisiún. Fágtar ar lár, áfach, an modh trína gcaithfidh sealbhóir an údaraithe fógra a thabhairt. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is iomchuí an chéad abairt den mhír sin a cheartú agus an modh trína dtabharfar an fógra a chur léi.

(14)

In Iarscríbhinn III, cuid A, a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1616, áirítear trí fhonóta arna marcáil le réiltín amháin, dhá réiltín agus trí réiltín, faoi seach. Tá feidhm ag an bhfonóta arna marcáil le trí réiltín maidir le réimsí 3.1.3 agus 3.2.1, dhá réimse a bhaineann le srianta. I gceanntásc an dá réimse sin, áfach, úsáidtear dhá réiltín. Dá bhrí sin, is iomchuí an tagairt sa dá cheanntásc maidir leis na réimsí sin a cheartú.

(15)

Baineann na hearráidí sin i Rialachán (AE) 2022/1616 le gach leagan teanga.

(16)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2022/1616 a cheartú dá réir.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartaítear Rialachán (AE) 2022/1616 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Ní chuirfear ábhair phlaisteacha athchúrsáilte ná earraí plaisteacha athchúrsáilte ar an margadh ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i mír 2 go mír 8 le linn a monaraithe.’

;

(2)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 3:

‘Maidir le plaisteach athchúrsáilte a sheachadtar chuig tiontairí, beidh lipéad air a ghreamófar de gach coimeádán ar a mbeidh an tsiombail a shainítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, agus an méid seo a leanas ina dhiaidh sin:’.

(3)

ceartaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Tráth a thabharfar an fógra, foilseoidh an forbróir tuarascáil tosaigh mhionsonraithe ar a shuíomh gréasáin freisin, ag baint úsáide as an URL a chuirtear ar fáil i gcomhréir le mír 2, maidir le sábháilteacht an phlaistigh mhonaraithe bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear i mír 3.’;

(b)

i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Laistigh de 5 mhí ón bhfógra a fháil, fíoróidh údarás inniúil ar tugadh fógra dó i gcomhréir le mír 2 an bhfuil na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 6 á gcomhlíonadh, agus fíoróidh sé na ceanglais a thagann ó mhír 7 go rialta ina dhiaidh sin.’;

(4)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Déanfar an fhaisnéis fhorlíontach dá dtagraítear i mír 4 lena n-áirítear aon doiciméadacht tacaíochta, agus an bhileog achoimre faireacháin ar chomhlíonadh dá dtagraítear i mír 5 a sholáthar don fhorbróir agus do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.’

;

(5)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití i mír 3:

‘Chun críche mhír 1, pointe (b), san fhaisnéis fhorlíontach beidh na heilimintí seo a leanas, ar a laghad:’;

(6)

ceartaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 4:

‘Laistigh de bhliain amháin tar éis dó an iarraidh ar mheasúnú ar an teicneolaíocht núíosach a fháil, tabharfaidh an tÚdarás tuairim maidir le toradh a mheasúnaithe.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   I gcás ina measfaidh an tÚdarás gur gá dó saineolaithe nua a thabhairt isteach chun measúnú a dhéanamh ar theicneolaíocht nua, féadfaidh sé an tréimhse dá bhforáiltear i mír 4 a fhadú suas le bliain amháin.’

;

(c)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘I gcás inar gá chun a mheasúnú a chur i gcrích, féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar fhorbróirí na nuatheicneolaíochta atá á measúnú an fhaisnéis atá ar fáil dó a fhorlíonadh le faisnéis arna tiomsú i gcomhréir le hAirteagail 10(3), (4), agus (5) agus Airteagal 12, chomh maith le faisnéis nó mínithe eile a mheasann sé is gá chun na críche sin, agus laistigh de theorainneacha ama a shonróidh sé, ar faisnéis í nach rachaidh thar bhliain amháin san iomlán.’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.   Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh na teorainneacha ama dá dtagraítear i míreanna 4, 5 agus 6 a choigeartú chun teicneolaíocht núíosach shonrach a mheasúnú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás agus le forbróirí na teicneolaíochta sin.’

;

(e)

i mír 8, an dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh:

‘Ní dhéileálfar le faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(1)(a) agus (c), agus in Airteagal 12(3) mar fhaisnéis rúnda.’;

(7)

in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:

‘Tabharfaidh an tÚdarás tuairim laistigh de theorainn ama 6 mhí ón uair a bhfaighfear iarratas bailí i dtaobh an bhfuil an próiseas athchúrsála in ann an teicneolaíocht athchúrsála oiriúnach a úsáideann sé a chur i bhfeidhm chun go gcomhlíonfaidh ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a mhonaraítear leis Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 agus go mbeidh siad sábháilte ó thaobh na micribhitheolaíochta de.’;

(8)

in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 4:

‘I gcás ina mbainfidh an modhnú le húdarú próisis athchúrsála a aistriú chuig tríú páirtí, tabharfaidh sealbhóir reatha an údaraithe fógra don Choimisiún le litir chláraithe roimh an aistriú, agus ainm, seoladh agus faisnéis teagmhála an tríú páirtí sin á lua aige.’;

(9)

in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 3:

‘Ar bhonn na tuairime ón Údarás arna tabhairt i gcomhréir le hAirteagal 18(1), féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh an t-údarú a leasú nó a chúlghairm.’;

(10)

in Iarscríbhinn III, cuid A, roinn 3, réimse 3.1.3 agus 3.2.1, sa dara colún, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na gceannteideal:

‘Srianta ar úsáid (***)’;

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Samhain 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 338, 13.11.2004, lch. 4, http://data.europa.eu/eli/reg/2004/1935/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2022/1616 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le hábhair phlaisteacha athchúrsáilte agus earraí plaisteacha athchúrsáilte atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bianna, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 282/2008 (IO L 243, 20.9.2022, lch. 3, http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1616/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2269/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top