Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2265

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2265 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2025 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas

C/2025/7565

IO L, 2025/2265, 6.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2265/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2265/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2265

6.11.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2265 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Samhain 2025

lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus 232(1), pointe (b) agus 232(3), pointe (b) de.

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach gá cead a thabhairt coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó críocha a theacht isteach san Aontas ach amháin má liostaítear na tríú tíortha nó na críocha lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha, ó chríocha, nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(4)

Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas.

(5)

Tá fógra tugtha ag Ceanada don Choimisiún faoi naoi ráig nua den fhliú éanúil ardphataigineach (HPAI) in éanlaith chlóis i gcúigí Alberta, British Columbia, Manitoba, Quebec, agus Saskatchewan, ráigeanna a deimhníodh idir an 13 Deireadh Fómhair 2025 agus an 26 Deireadh Fómhair 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(6)

Thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi cheithre ráig nua de HPAI in éanlaith chlóis atá ann i gcontaetha Cumbria, North Yorkshire, agus Suffolk, Sasana, agus i gcontae Denbighshire, an Bhreatain Bheag, ráigeanna a deimhníodh an 25 Deireadh Fómhair 2025 agus an 26 Deireadh Fómhair 2025, faoi seach, le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(7)

Thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi 17 ráig nua de HPAI in éanlaith chlóis i stáit Georgia (1), Idaho (1), Indiana (6), Minnesota (4), agus Pennsylvania (5), ráigeanna a deimhníodh idir an 14 Deireadh Fómhair 2025 agus an 24 Deireadh Fómhair 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(8)

Tar éis na ráigeanna sin de HPAI a tharla le déanaí, bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe criosanna srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht HPAI a rialú agus chun teorainn a chur le leathadh an ghalair sin.

(9)

Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Ceanada, ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha féin agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc tar éis na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach sin a tharla le déanaí.

(10)

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe, ba cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim san Aontas ó na limistéir lena mbaineann na ráigeanna sna tríú tíortha sin a chur ar fionraí chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, agus na dátaí a deimhníodh na ráigeanna á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann leis na tríú tíortha sin sna táblaí a leagtar amach i Roinn B de Chuid 1 agus i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla a leagtar amach i Roinn B, Cuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

(11)

Ina theannta sin, tá faisnéis nuashonraithe soláthartha don Choimisiúin ag Ceanada agus ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha faoi seach a mhéid a bhaineann le ráigeanna a bhí ann roimhe seo de HPAI ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a chur ar fionraí san Aontas, mar a leagtar amach sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

(12)

An 7 Deireadh Fómhair 2025, chuir Ceanada faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid sláinte ainmhithe agus na bearta atá déanta aige i ndáil le dhá ráig de HPAI atá ann in éanlaith chlóis i gcúige Alberta, ráigeanna a deimhníodh an 9 Meán Fómhair 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(13)

An 23 Deireadh Fómhair 2025, chuir na Stáit Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid sláinte ainmhithe agus na bearta atá déanta acu i ndáil le seacht ráig de HPAI in éanlaith chlóis i stáit North Dakota agus South Dakota, ráigeanna a deimhníodh idir an 28 Lúnasa 2025 agus an 13 Meán Fómhair 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(14)

Tá Ceanada agus na Stáit Aontaithe tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas go bhfuil beartas díothaithe curtha chun feidhme acu, tar éis na ráigeanna sin de HPAI a bhí ann roimhe seo, chun leathadh an ghalair sin a rialú agus chun teorainn a chur leis, agus go bhfuil na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe sna bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe.

(15)

Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada agus na Stáit Aontaithe faoina bhráid agus measann sé go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha acu nach bagairt do shláinte ainmhithe ná do shláinte phoiblí laistigh den Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim san Aontas ó na criosanna atá buailte a chur ar fionraí, mar a leagtar amach sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus, dá bhrí sin, maidir le teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin san Aontas ó na criosanna buailte de na tríú tíortha sin óna raibh a dteacht isteach san Aontas curtha ar fionraí, gur cheart é a athúdarú. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada agus na Stáit Aontaithe sna táblaí sin sna hIarscríbhinní sin a leasú dá réir.

(16)

Agus na ráigeanna nua de HPAI i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe á gcur san áireamh agus chun cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil le Ceanada agus leis na Stáit Aontaithe a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, de tháirgí geirmeacha áirithe agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus a láimhseáil tar éis a dteacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.268 agus CA-2.269:

CA

Ceanada

CA-2.268

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

9.9.2025

30.10.2025

CA-2.269

N, P1

 

9.9.2025

27.10.2025’

(ii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna CA-2.280 go CA-2.291 tar éis an ró le haghaidh chrios CA-2.279:

CA

Ceanada

CA-2.280

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

13.10.2025

 

CA-2.281

N, P1

 

13.10.2025

 

CA-2.282

N, P1

 

13.10.2025

 

CA-2.283

N, P1

 

13.10.2025

 

CA-2.284

N, P1

 

15.10.2025

 

CA-2.285

N, P1

 

15.10.2025

 

CA-2.286

N, P1

 

16.10.2025

 

CA-2.287

N, P1

 

16.10.2025

 

CA-2.288

N, P1

 

20.10.2025

 

CA-2.289

N, P1

 

23.10.2025

 

CA-2.290

N, P1

 

25.10.2025

 

CA-2.291

N, P1

 

26.10.2025’

 

(iii)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna le haghaidh chriosanna GB-2.396 go dtí GB-2.399 tar éis na rónna le haghaidh chrios GB-2.395:

GB

an Ríocht Aontaithe

GB-2.396

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

25.10.2025

 

GB-2.397

N, P1

 

25.10.2025

 

GB-2.398

N, P1

 

25.10.2025

 

GB-2.399

N, P1

 

26.10.2025’

 

(iv)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.1042 agus US-2.1043:

US

na Stáit Aontaithe

US-2.1042

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

An 28 Lúnasa 2025

15.10.2025

US-2.1043

N, P1

 

2.9.2025

10.10.2025’

(v)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.1045 agus US-2.1046:

US

na Stáit Aontaithe

US-2.1045

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

9.9.2025

15.10.2025

US-2.1046

N, P1

 

10.9.2025

25.10.2025’

(vi)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios US-2.1048:

US

na Stáit Aontaithe

US-2.1048

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

4.9.2025

17.10.2025’

(vii)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.1051 agus US-2.1052:

US

na Stáit Aontaithe

US-2.1051

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

11.9.2025

25.10.2025

US-2.1052

N, P1

 

13.9.2025

25.10.2025’

(viii)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.1083 go US-2.1099 tar éis an ró le haghaidh chrios US-2.1082:

US

na Stáit Aontaithe

US-2.1083

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

14.10.2025

 

US-2.1084

N, P1

 

14.10.2025

 

US-2.1085

N, P1

 

16.10.2025

 

US-2.1086

N, P1

 

16.10.2025

 

US-2.1087

N, P1

 

16.10.2025

 

US-2.1088

N, P1

 

21.10.2025

 

US-2.1089

N, P1

 

16.10.2025

 

US-2.1090

N, P1

 

20.10.2025

 

US-2.1091

N, P1

 

20.10.2025

 

US-2.1092

N, P1

 

20.10.2025

 

US-2.1093

N, P1

 

20.10.2025

 

US-2.1094

N, P1

 

22.10.2025

 

US-2.1095

N, P1

 

22.10.2025

 

US-2.1096

N, P1

 

22.10.2025

 

US-2.1097

N, P1

 

23.10.2025

 

US-2.1098

N, P1

 

24.10.2025

 

US-2.1099

N, P1

 

24.10.2025’

 

(b)

Leasaítear Cuid 2 mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar chriosanna CA-2.280 go CA-2.291 tar éis an ró le haghaidh chrios CA-2.279:

‘Ceanada

CA-2.280

British Columbia– Latitude 49.08, Longitude -122.43

Fraser Valley Regionalization Zone 4. The municipalities involved are: Abbotsford, Aberdeen, Gifford, Glen Valley

CA-2.281

British Columbia– Latitude 49.07, Longitude -122.29

Fraser Valley Regionalization Zone 5. The municipality involved is: Abbotsford

CA-2.282

British Columbia– Latitude 49.08, Longitude -122.08

Fraser Valley Regionalization Zone 6. The municipalities involved are: Arnold, Lindell, Lindell Beach, Kilgard, Barrowtown, Atchelitz, Chilliwack, South Sumas, Baker Trails, and Cultus Lake

CA-2.283

British Columbia– Latitude 49.25, Longitude -122.43

Fraser Valley Regionalization Zone 10. The municipalities involved are: Mission, Hatzic, Silverhill, Steelhead, Stave Falls, Ruskin, Whonnock, Websters Corners, and Silver Valley.

CA-2.284

Quebec Latitude 47.56, Longitude -70.26

The municipalities involved are:

3 km PZ: Charlevoix-Est and Saint-Irénée

10 km SZ: Charlevoix-Est, La Malbaie, La Vieille-Maison-Jaune, Les boulements, Notre-Dame-des-Monts, Saint-Aimé-des-Lacs, Saint-Hilarion, and Saint-Irénée

CA-2.285

Manitoba – Latitude 49.59, Longitude -96.82

The municipalities involved are:

3 km PZ: CHanover, Kleefeld, and New Bothwell

10 km SZ: Blumenort, De Salaberry, Hanover, Kleefeld, Landmark, Linden, Mitchell, New Bothwell, Niverville, Randolph, Ritchot, Steinbach, Taché, and Tourond.

CA-2.286

Saskatchewan Latitude 52.26, Longitude -105.46

The municipalities involved are:

3 km PZ: Bayne and Bruno

10 km SZ: Bayne, Bremen, Bruno, Carmel, Dana, Humboldt and Muskiki Springs

CA-2.287

Alberta – Latitude 51.19, Longitude -114.25

The municipalities involved are:

3 km PZ: Calgary and Rocky View

10 km SZ: Calgary, Cochrane, and Rocky View

CA-2.288

Manitoba – Latitude 49.56, Longitude -96.66

The municipalities involved are:

3 km PZ: Blumenort, Hanover and Steinbach

10 km SZ: Blumenort, Giroux, Hanover, La Broquerie, Landmark, Mitchell, New Bothwell, Randolph, Ste. Anne, and Steinbach

CA-2.289

Saskatchewan Latitude 52.7, Longitude -106.74

The municipalities involved are:

3 km PZ: Blaine Lake, Laird, Petrofka and Waldheim

10 km SZ: Blaine Lake, Laird, Petrofka and Waldheim

CA-2.290

Manitoba – Latitude 49.59, Longitude -96.7

The municipalities involved are:

3 km PZ: Blumenort, Elma, Hanover, and Steinbach

10 km SZ: Blumenort, Elma, Giroux, Hanover, La Broquerie, Landmark, Mitchell, Ste. Anne, and Steinbach

CA-2.291

Saskatchewan Latitude 52.44, Longitude -105.63

The municipalities involved are:

3 km PZ: Cudworth and Hoodoo

10 km SZ: Bayne, Bremen, Cudworth, Fish Creek, and Hoodoo’

(ii)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach an tuairisc seo a leanas le haghaidh chriosanna GB-2.396 go dtí GB-2.399 tar éis na tuairisce le haghaidh chrios GB-2.395:

‘an Ríocht Aontaithe

GB-2.396

near Cynwyd, Denbighshire, Wales, GB

the area contained with a circle of a radius of 10 km, centred on WGS84 dec, coordinates Lat: N52.95 Long: D.21– W3.44

GB-2.397

near Bedale, Thirsk and Malton, Yorkshire, England, GB

the area contained with a circle of a radius of 10 km, centred on WGS84 dec, coordinates Lat: N54.33 Long: W1.61

GB-2.398

near Penrith, Westmorland and Furness, Cumbria, England, GB

the area contained with a circle of a radius of 10 km, centred on WGS84 dec, coordinates Lat: N54.66 Long: W2.78

GB-2.399

near Lakenheath, West Suffolk, Suffolk, England, GB

the area contained with a circle of a radius of 10 km, centred on WGS84 dec, coordinates Lat: N52.44 Long: E0.52’

(iii)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar chriosanna US-2.1083 go US-2.1099 tar éis na tuairisce ar chrios US-2.1082:

‘na Stáit Aontaithe

US-2.1083

State of Indiana

LaGrange 02

LaGrange County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 85.5442386°W 41.6788362°N)

US-2.1084

State of Indiana

Elkhart 07

Elkhart County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 85.7231942°W 41.7254155°N)

US-2.1085

State of Indiana

LaGrange 03

LaGrange County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 85.5366597°W 41.6735754°N)

US-2.1086

State of Indiana

LaGrange 04

LaGrange County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 85.5460216°W 41.6753365°N)

US-2.1087

State of Indiana

Elkhart 08

Elkhart County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 85.7260986°W 41.7224959°N)

US-2.1088

State of Indiana

LaGrange 05

LaGrange County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 85.5507391°W 41.6688771°N)

US-2.1089

State of Minnesota

Otter Tail 14

Otter Tail County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 95.3657614°W 46.2920714°N)

US-2.1090

State of Minnesota

Swift 10

Swift County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 95.2457485°W 45.2568268°N)

US-2.1091

State of Pennsylvania

Lancaster 43

Lancaster County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 76.0704505°W 40.2174005°N)

US-2.1092

State of Pennsylvania

Lancaster 44

Lancaster County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 76.0652372°W 40.2354692°N)

US-2.1093

State of Idaho

Payette 01

Payette County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 116.7693359°W 43.8995410°N)

US-2.1094

State of Minnesota

Otter Tail 15

Otter Tail County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 95.6672050°W 46.7548956°N)

US-2.1095

State of Minnesota

Meeker 20

Meeker County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 94.3821034°W 45.2901552°N)

US-2.1096

State of Pennsylvania

Lancaster 45

Lancaster County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 76.0598758°W 40.2209382°N)

US-2.1097

State of Pennsylvania

Lancaster 46

Lancaster County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 76.0611511°W 40.2108587°N)

US-2.1098

State of Pennsylvania

Lancaster 47

Lancaster County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 76.0645965°W 40.2081594°N)

US-2.1099

State of Georgia

Gordon 01

Gordon County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.8084714°W 34.5932581°N)’

(2)

in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(a)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.268 agus CA-2.269:

CA

Ceanada

CA-2.268

POU, RAT

N, P1

 

9.9.2025

30.10.2025

GBM

D.21– P1

 

9.9.2025

30.10.2025

CA-2.269

POU, RAT

N, P1

 

9.9.2025

27.10.2025

GBM

D.21– P1

 

9.9.2025

27.10.2025’

(b)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna CA-2.280 go CA-2.291 tar éis an ró le haghaidh chrios CA-2.279:

CA

Ceanada

CA-2.280

POU, RAT

N, P1

 

13.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

13.10.2025

 

CA-2.281

POU, RAT

N, P1

 

13.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

13.10.2025

 

CA-2.282

POU, RAT

N, P1

 

13.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

13.10.2025

 

CA-2.283

POU, RAT

N, P1

 

13.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

13.10.2025

 

CA-2.284

POU, RAT

N, P1

 

15.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

15.10.2025

 

CA-2.285

POU, RAT

N, P1

 

15.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

15.10.2025

 

CA-2.286

POU, RAT

N, P1

 

16.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

16.10.2025

 

CA-2.287

POU, RAT

N, P1

 

16.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

16.10.2025

 

CA-2.288

POU, RAT

N, P1

 

20.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

20.10.2025

 

CA-2.289

POU, RAT

N, P1

 

23.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

23.10.2025

 

CA-2.290

POU, RAT

N, P1

 

25.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

25.10.2025

 

CA-2.291

POU, RAT

N, P1

 

26.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

26.10.2025’

 

(c)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna GB-2.396 go GB-2.399 tar éis an ró le haghaidh chrios GB-2.395:

GB

an Ríocht Aontaithe

GB-2.396

POU, RAT

N, P1

 

25.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

25.10.2025

 

GB-2.397

POU, RAT

N, P1

 

25.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

25.10.2025

 

GB-2.398

POU, RAT

N, P1

 

25.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

25.10.2025

 

GB-2.399

POU, RAT

N, P1

 

26.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

26.10.2025’

 

(d)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.1042 agus US-2.1043:

US

na Stáit Aontaithe

US-2.1042

POU, RAT

N, P1

 

An 28 Lúnasa 2025

15.10.2025

GBM

D.21– P1

 

An 28 Lúnasa 2025

15.10.2025

US-2.1043

POU, RAT

N, P1

 

2.9.2025

10.10.2025

GBM

D.21– P1

 

2.9.2025

10.10.2025’

(e)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.1045 agus US-2.1046:

US

na Stáit Aontaithe

US-2.1045

POU, RAT

N, P1

 

9.9.2025

15.10.2025

GBM

D.21– P1

 

9.9.2025

15.10.2025

US-2.1046

POU, RAT

N, P1

 

10.9.2025

25.10.2025

GBM

D.21– P1

 

10.9.2025

25.10.2025’

(f)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios US-2.1048:

US

na Stáit Aontaithe

US-2.1048

POU, RAT

N, P1

 

4.9.2025

17.10.2025

GBM

D.21– P1

 

4.9.2025

17.10.2025’

(g)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.1051 agus US-2.1052:

US

na Stáit Aontaithe

US-2.1051

POU, RAT

N, P1

 

11.9.2025

25.10.2025

GBM

D.21– P1

 

11.9.2025

25.10.2025

US-2.1052

POU, RAT

N, P1

 

13.9.2025

25.10.2025

GBM

D.21– P1

 

13.9.2025

25.10.2025’

(h)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.1083 go US-2.1099 tar éis an ró le haghaidh chrios US-2.1082:

US

na Stáit Aontaithe

US-2.1083

POU, RAT

N, P1

 

14.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

14.10.2025

 

US-2.1084

POU, RAT

N, P1

 

14.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

14.10.2025

 

US-2.1085

POU, RAT

N, P1

 

16.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

16.10.2025

 

US-2.1086

POU, RAT

N, P1

 

16.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

16.10.2025

 

US-2.1087

POU, RAT

N, P1

 

16.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

16.10.2025

 

US-2.1088

POU, RAT

N, P1

 

21.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

21.10.2025

 

US-2.1089

POU, RAT

N, P1

 

16.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

16.10.2025

 

US-2.1090

POU, RAT

N, P1

 

20.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

20.10.2025

 

US-2.1091

POU, RAT

N, P1

 

20.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

20.10.2025

 

US-2.1092

POU, RAT

N, P1

 

20.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

20.10.2025

 

US-2.1093

POU, RAT

N, P1

 

20.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

20.10.2025

 

US-2.1094

POU, RAT

N, P1

 

22.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

22.10.2025

 

US-2.1095

POU, RAT

N, P1

 

22.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

22.10.2025

 

US-2.1096

POU, RAT

N, P1

 

22.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

22.10.2025

 

US-2.1097

POU, RAT

N, P1

 

23.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

23.10.2025

 

US-2.1098

POU, RAT

N, P1

 

24.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

24.10.2025

 

US-2.1099

POU, RAT

N, P1

 

24.10.2025

 

GBM

D.21– P1

 

24.10.2025’

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2265/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top