Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2264

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2264 ón gCoimisiún an 1 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/2594 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla agus rialaithe is infheidhme sa limistéar a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún um chomhar iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh, agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 32/2012 ón gCoimisiún

C/2025/5928

IO L, 2025/2264, 10.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2264/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2264/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2264

10.11.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/2264 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Meán Fómhair 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/2594 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla agus rialaithe is infheidhme sa limistéar a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún um chomhar iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh, agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 32/2012 ón gCoimisiún

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/2594 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2024 lena leagtar síos bearta caomhnaithe, bainistithe agus rialaithe is infheidhme sa limistéar a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún maidir le comhoibriú iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CEE) Uimh. 1899/85 agus (CEE) Uimh. 1638/87 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 54(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is Páirtí Conarthach é an tAontas sa Choinbhinsiún maidir le Comhoibriú Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh (‘NEAFC’), arna fhormheas le Cinneadh 81/608/CEE ón gComhairle (2).

(2)

Le Rialachán (AE) 2024/2594, cuireadh chun feidhme i ndlí an Aontais na bearta caomhnaithe, bainistithe agus rialaithe arna nglacadh go dtí 2023.

(3)

Ag an gcruinniú bliantúil a bhí ag NEAFC i mí na Samhna 2024, ghlac sé moltaí maidir le caomhnú, bainistiú agus rialú stoc péirsí domhainmhara peiligeacha éadoimhne agus péirsí domhainmhara peiligeacha doimhne i Muir Irminger agus na huiscí máguaird, péirsí domhainmhara peiligeacha i bhfolimistéir 1 agus 2 den Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES), agus athruithe maidir leis na nósanna imeachta chun fógra a thabhairt do shoithí iascaireachta agus d’oifigigh a bhfuil rochtain acu ar shonraí iascaigh chun faireachán, rialú agus faireachas a dhéanamh. Ba cheart na Moltaí sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(4)

Rialachán (AE) 2024/2594 lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Tá Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 32/2012 (4) ón gCoimisiún imithe i léig anois agus ba cheart é a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2024/2594 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Seolfaidh na Ballstáit go leictreonach chuig an gCoimisiún faisnéis faoi gach soitheach iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain aige agus atá cláraithe san Aontas agus a bheartaíonn siad a údarú le gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sa Limistéar Rialála, lena n-áirítear aon soitheach a dhéanann athbhreoslú nó athsholáthar chuig soithí iascaireachta nó a bhfuil sé beartaithe aige sin a dhéanamh. Seolfar an fhaisnéis sin faoin 15 Nollaig gach bliain i gcomhair na bliana dár gcionn nó in aon chás sula ndéanfaidh sé gníomhaíochtaí iascaireachta sa Limistéar Rialála.’

;

(2)

in Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Faoin 1 Nollaig gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit fógra do EFCA ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

ainmneacha agus mionsonraí chigirí calafoirt NEAFC atá údaraithe le cigireachtaí a dhéanamh faoi raon feidhme Chaibidil V de Scéim NEAFC i gcomhréir le formáid Iarscríbhinn XIV;

(b)

ainmneacha agus sonraí na n-oifigeach a údaraíonn tabhairt i dtír, trasloingsiú agus úsáid seirbhísí eile calafoirt; agus

(c)

ainmneacha agus sonraí aon oifigeigh eile a mbeidh rochtain le tabhairt dó ar shuíomhanna gréasáin NEAFC agus ar iarratais ar fhaireachán, rialú agus faireachas.’

;

(3)

Déantar Iarscríbhinní IV agus V a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 32/2012.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/2594, 8.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2594/oj.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 13 Iúil 1981 maidir leis an gCoinbhinsiún maidir le Comhoibriú Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh a thabhairt i gcrích (81/608/CEE) (IO L 227, 12.8.1981, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1981/608/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leagtar síos scéim rialúcháin agus forfheidhmiúcháin a mbeidh feidhm aici sa limistéar atá cumhdaithe leis an gCoinbhinsiún um chomhar iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2791/1999 ón gComhairle (IO L 348, 31.12.2010, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1236/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 32/2012 ón gCoimisiún an 14 Samhain 2011 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos scéim rialúcháin agus forfheidhmiúcháin a mbeidh feidhm aici sa limistéar atá cumhdaithe leis an gCoinbhinsiún maidir le comhoibriú iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh (IO L 13, 17.1.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2012/32/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasuithe ar Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/2594

A.   

Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(1)

cuirtear seo an méid a leanas in ionad phointe 3.1:

‘3.1.

Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna soc-fhoircinn seo a leanas sa Limistéar Rialála:

Mogallmhéid soc-fhoircinn

Limistéir gheografacha

Coinníollacha

100 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Níl ann

100 mm ar a laghad

Folimistéir 1 agus 2 de ICES

Iascaireacht spriocdhírithe péirsí mara peiligeacha (Sebastes mentella)

35 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht spriocdhírithe faoitíní gorma

32 mm ar a laghad

Folimistéir 1 agus 2 de ICES

Iascaireacht spriocdhírithe séaclaí Artacha (Pandalus borealis)

Feisteofar greille shórtála a mbeidh spás 22 mm ar a mhéad idir a barraí

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht spriocdhírithe ronnach, caibeallán (1) agus airgintíní

(2)

cuirtear seo an méid a leanas in ionad phointe 4:

‘4.   Bearta maidir le hinbhuanaitheacht na bpéirsí mara a áirithiú i Muir Irminger agus sna huiscí taobh léi

4.1.

Toirmeascfar gach gníomhaíocht iascaireachta sa limistéar a theorannaíonn na comhordanáidí seo a leanas arna dtomhas de réir chóras WGS84:

Domhanleithead

Domhanfhad

63°00′T

30°00′I

61°30′T

27°35′I

60°45′T

28°45′I

62°00′T

31°35′I

63°00′T

30°00′I

4.2.

Maidir le péirsí domhainmhara peiligeacha éadoimhne agus péirsí domhainmhara peiligeacha doimhne (Sebastes mentella) ó Mhuir Irminger agus ó na huiscí máguaird (folimistéir 5, 12 agus 14 de ICES, agus folimistéir 1 agus 2 de NAFO), beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta iascaireacht a dhéanamh orthu nó iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír i gcalafoirt an Aontais. Beidh feidhm ag an toirmeasc sin maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais i gcalafoirt tríú tír freisin.

4.3.

Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais páirt a ghlacadh in oibríochtaí trasloingsithe lena mbaineann na stoic dá dtagraítear i mír 4.2.

4.4.

Beidh toirmeasc ar shoithí an Aontais athbhreoslú nó seirbhísí tacaíochta a sholáthar do shoithí iascaireachta a bhfuil gabhálacha de na stoic dá dtagraítear i mír 4.2 acu.

4.5.

Soithí iascaireachta atá tar éis iascach spriocdhdírithe a dhéanamh ar na stoic dá dtagraítear i mír (4)2 tar éis an 5 Márta 2025, ní údarófar iad le teacht i dtír, trasloingsiú, ná úsáid a bhaint as aon seirbhís calafoirt eile i gcalafoirt an Aontais.

4.6.

Soithí iascaireachta atá tar éis iascach spriocdhírithe a dhéanamh ar na stoic dá dtagraítear i mír (4)2 tar éis an 5 Márta 2025, ní údarófar iad le haon ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanamh in uiscí an Aontais.

4.7.

Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais páirt a ghlacadh in oibríochtaí trasloingsithe lena mbaineann soithí atá tar éis iascach spriocdhírithe a dhéanamh ar na stoic dá dtagraítear i mír (4)2 tar éis an 5 Márta 2025.

4.8.

Beidh toirmeasc ar shoithí an Aontais athbhreoslú nó seirbhísí tacaíochta a sholáthar d’aon soitheach iascaireachta atá tar éis iascach spriocdhírithe a dhéanamh ar na stoic dá dtagraítear i mír (4)2 tar éis an 5 Márta 2025.

4.9.

Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear i míreanna 4.1 go 4.8 go dtí an 31 Nollaig 2027.’;

(3)

cuirtear seo an méid a leanas in ionad phointe 6:

‘6.   Bearta maidir le hiascach na bpéirsí mara in uiscí idirnáisiúnta fholimistéir 1 agus 2 de ICES

6.1.

Áiritheoidh na Ballstáit bhrataí go mbaileoidh breathnóirí eolaíocha faisnéis eolaíoch ar bord soithí a bhfuil a mbrat ar foluain acu. Ar a laghad, beidh san fhaisnéis a bhaileofar sonraí ionadaíocha ar a bhfuil sa ghabháil maidir le gnéas, aois agus fad, de réir doimhneachta. Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis sin in iúl do ICES.

6.2.

Úsáideann máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais na fachtóirí coinbhéartachta seo a leanas chun cóimhéas beomheáchain táirgí péirsí mara a bhunú:

(i)

2,03 le haghaidh an táirge, glanta agus dícheannta (gearradh Seapánach),

(ii)

1,50 le haghaidh an táirge, glanta agus dícheannta, agus

(iii)

1,08 le haghaidh an táirge, glanta agus ceann air.’:

B.   

leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(1)

cuirtear seo an méid a leanas in ionad phointe 1:

‘1.   Teachtaireacht an fhógra

Eilimint sonraí

Éigeantach/Roghnach

Nótaí

Ainm an tsoithigh

M

Ainm an tsoithigh

Comhartha aitheantais raidió

M

Comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió an tsoithigh

Stát Brataí

M

An stát ina bhfuil an soitheach cláraithe

Uimhir IMO an tsoithigh

M (3)

Uimhir IMO/UVI an tsoithigh

Uimhir thagartha inmheánach

O (1)

Uimhir soithigh uathúil an Pháirtí Chonarthaigh mar chód tíre 3-alfa Stáit brataí agus uimhir ina dhiaidh sin

Uimhir chlárúcháin sheachtrach

M

Uimhir thaobh an tsoithigh

Ainm an Chalafoirt

O

Calafort clárúcháin

Úinéir an tsoithigh

M (2)

Freagrach as an soitheach a úsáid

Cairtfhostóir an tsoithigh

M (2)

Freagrach as an soitheach a úsáid

An cineál soithigh

M (5)

Cód cineáil soithigh FAO

Trealamh soithigh

O

Aicmiú staidrimh FAO ar threalamh iascaireachta

Toilleadh an tsoithigh in GT

M

Toilleadh soithigh i gcomhréir le Coinbhinsiún Londan ICTM-69

Fad iomlán an tsoithigh

M

Fad iomlán i méadair

Cumhacht an tsoithigh

M

Cumhacht innill i gciliveatanna

Údarú teoranta

O

Mionsonra ceadúnais; údarú faoi réir srianta sonracha ar oibriú sa Limistéar Rialála, ‘Tá’ nó ‘Níl’

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfo-nótaí:

‘(1)

Uimhir CFR.

(2)

Cibé ceann is cuí.

(3)

Éigeantach maidir le soithí atá faoi réir Rún IMO A.1078 (28).

(4)

Cibé ceann is iomchuí.

(5)

I gcás soithí a bhíonn ag atbhreoslú soithí iascaireachta nó ag athsholáthar dóibh, úsáidfear ‘FX.’.

(1)  Measfar soitheach a bheith ag iascaireacht caibeallán má tá caibealláin ar bord aige a sháraíonn 50 % de réir meáchain de mhéid iomlán na gcaibeallán agus na speiceas eile ar bord.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2264/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top