Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2257

Rialachán (AE) 2025/2257 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2025 maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach (2025–2029)

ST/11611/2025/INIT

IO L, 2025/2257, 6.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2257/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2257/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2257

6.11.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/2257 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Meán Fómhair 2025

maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach (2025–2029)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Iúil 2007, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 894/2007 maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach a thabhairt i gcrích (1) (‘an Comhaontú’). Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 29 Lúnasa 2011.

(2)

Chuaigh an prótacal roimhe seo maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe in éag an 18 Nollaig 2024.

(3)

An 10 Meán Fómhair 2024, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe (‘São Tomé agus Príncipe’) le haghaidh prótacal nua maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe. Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil agus, mar thoradh uirthi, cuireadh inisealacha leis an bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach (2025-2029) (‘an Prótacal’) an 9 Aibreán 2025.

(4)

I gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle (AE) 2025/2139 (2), síníodh an Prótacal an 6 Deireadh Fómhair 2025, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(5)

Na deiseanna iascaireachta dá bhforáiltear sa Phrótacal, ba cheart iad a leithdháileadh ar na Ballstáit ar feadh na tréimhse iomláine a chuirfear an Prótacal i bhfeidhm.

(6)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo a luaithe is féidir i bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta São Tomé agus Príncipe agus an ghá atá ann fad aon chur isteach ar ghníomhaíochtaí den sórt sin a laghdú a oiread is féidir.

(7)

Is ar bhonn sealadach a bheidh feidhm ag an bPrótacal ó dháta a shínithe chun go bhféadfaidh soithí de chuid an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na deiseanna iascaireachta a bhunaítear faoin bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach (2025-2029), déanfar iad a leithdháileadh ar na Ballstáit mar seo a leanas:

(a)

26 bhád saighne tuinníní

An Spáinn:

15 shoitheach

An Fhrainc:

11 soitheach;

(b)

9 mbád spiléireachta dromchla

An Spáinn:

7 soitheach

An Phortaingéil:

2 shoitheach.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 6 Deireadh Fómhair 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BØDSKOV


(1)   IO L 205, 7.8.2007, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/894/oj.

(2)  Cinneadh ón gComhairle (AE) 2025/2139 an 30 Meán Fómhair 2025 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus le cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le Cur Chun Feidhme (2025-2029) an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach (2025–2029) (IO L, 2025/2139, 22.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2139/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2257/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top