Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2247

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2247 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2025 maidir le bearta chun cosc a chur ar bhunú agus leathadh Candidatus Liberibacter africanus, Candidatus Liberibacter americanus agus Candidatus Liberibacter asiaticus laistigh de chríoch an Aontais

C/2025/7471

IO L, 2025/2247, 11.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2247/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2247/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2247

11.11.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2247 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Samhain 2025

maidir le bearta chun cosc a chur ar bhunú agus leathadh Candidatus Liberibacter africanus, Candidatus Liberibacter americanus agus Candidatus Liberibacter asiaticus laistigh de chríoch an Aontais

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 28(1), pointí (d), (e), (f), (g), (h) agus (i), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2), i gCuid A d’Iarscríbhinn II, leagtar síos an liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais nach eol a bheith i gcríoch an Aontais, agus, i gCuid B den Iarscríbhinn sin, an liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais is eol a bheith ann i gcríoch an Aontais.

(2)

Liostaítear Candidatus Liberibacter africanus, Candidatus Liberibacter americanus agus Candidatus Liberibacter asiaticus (‘na lotnaidí sonraithe’) i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Bíonn tionchar diúltach suntasach ag na lotnaidí sin ar speicis plandaí citris sna tíortha ina bhfuil siad.

(3)

Is féidir na lotnaidí sonraithe a leathadh trí Diaphorina citri Kuwayama agus Trioza erytreae Del Guercio (‘na veicteoirí sonraithe’), a bhfuil an dá cheann acu liostaithe i gCuid A agus i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 faoi seach.

(4)

Liostaítear na lotnaidí sonraithe mar lotnaidí tosaíochta freisin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1702 ón gCoimisiún (3), ós rud é gurb iad sin na trí speiceas de Candidatus Liberibacter atá ina n-oibreáin chúisíocha don ghalar Huanglongbing maidir le citreas/glasú citris.

(5)

Chun luathbhrath agus díothú na lotnaidí sonraithe i gcríoch an Aontais a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit suirbhéanna bliantúla a dhéanamh le líon scrúduithe amhairc a bheadh ard go leor, agus le méid leordhóthanach samplála agus tástála, agus modhanna á n-úsáid i gcomhréir leis an bhfaisnéis eolaíoch agus theicniúil is déanaí.

(6)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031, ní mór do gach Ballstát plean teagmhais maidir le gach lotnaid tosaíochta a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta. Ar bhonn na taithí ó ráigeanna roimhe seo, is gá rialacha sonracha a ghlacadh lena gcuirtear Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/2031 chun feidhme chun plean teagmhais cuimsitheach a áirithiú i gcás ina mbraitear na lotnaidí sonraithe i gcríoch an Aontais.

(7)

I gcás ráig de na lotnaidí sonraithe agus chun iad a dhíothú agus a leathadh i gcríoch an Aontais a chosc, ba cheart do na Ballstáit limistéir chríochaithe a bhunú, ina mbeidh crios ionfhabhtaithe agus crios maolánach, agus ba cheart dóibh bearta díothaithe a chur i bhfeidhm iontu. Ba cheart méid na limistéar críochaithe sin a chinneadh ar bhonn acmhainn leata na veicteoirí sonraithe, nuair a dheimhnítear go hoifigiúil go bhfuil siad ann.

(8)

Mar sin féin, i gcásanna aonair ina n-aimsítear na lotnaidí sonraithe, níor cheart bunú limistéar críochaithe a cheangal, toisc gur féidir, i gcás den sórt sin, an riosca fíteashláintíochta a laghdú go tapa chuig leibhéal inghlactha trí bhearta sonracha a chur i bhfeidhm. Ar an gcúis chéanna, ba cheart a shonrú go bhféadfar an maolú sin a chur i bhfeidhm nuair atá fianaise ann nach bhfuil na lotnaidí sonraithe a braitheadh leata níos faide a thuilleadh agus nuair nach eol an bhfuil na veicteoirí sonraithe ann i limistéar atá 3 km ar leithead ar a laghad timpeall ar an áit i n-aimsítear an cás aonair thuasluaite, nó i gcás ina n-aimsítear cás i láithreán táirgthe a bhfuil leithlisiú fisiceach aige in aghaidh na veicteoirí sonraithe i limistéir nach féidir na veicteoirí sonraithe a bhunú amuigh faoin aer.

(9)

Thairis sin, fástar plandaí sonraithe áirithe i láithreáin táirgthe a bhfuil leithlisiú fisiceach acu in aghaidh na veicteoirí sonraithe. I gcás ina dtarlaíonn ráig de na lotnaidí sonraithe lasmuigh de na láithreáin táirgthe sin, tá dóchúlacht íseal ann go ndéanfaidh an ráig sin difear do na plandaí sonraithe a fhástar sa láithreán sin. Dá bhrí sin, ba cheart na húdaráis inniúla a dhíolmhú ón oibleagáid bearta díothaithe a chur i bhfeidhm maidir leis na plandaí sonraithe sin, fiú má tá siad lonnaithe laistigh den limistéar críochaithe.

(10)

Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm láithreach na bearta díothaithe agus chun cosc a chur le leathadh breise na lotnaidí sonraithe chuig an gcuid eile de chríoch an Aontais, ba cheart na suirbhéanna sna limistéir chríochaithe a dhéanamh go bliantúil ag an tráth is iomchuí den bhliain agus ba cheart é a dhéanamh le déine leordhóthanach.

(11)

Maidir leis na forálacha den Rialachán seo a bhaineann le suirbhéanna atá fónta ó thaobh staidrimh de agus atá bunaithe ar riosca a dhéanamh lasmuigh de limistéir chríochaithe, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin ón 1 Eanáir 2029, chun am leordhóthanach a thabhairt do na húdaráis inniúla na suirbhéanna sin a phleanáil, dearadh na suirbhéanna sin a ullmhú, na sonraí staidrimh is gá a bhailiú lena n-aghaidh, agus acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar mhaithe leis na suirbhéanna sin a dhéanamh.

(12)

Maidir leis na forálacha den Rialachán seo a bhaineann le scéim deartha agus samplála suirbhéanna atá fónta ó thaobh staidrimh de agus atá bunaithe ar riosca i limistéir chríochaithe, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin ón 1 Eanáir 2028, chun am leordhóthanach a thabhairt do na húdaráis inniúla chun an dearadh sin a phleanáil agus a ullmhú agus chun acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar maithe leis na suirbhéanna sin a dhéanamh. Ba cheart an idirthréimhse sin a bheith níos giorra ná an idirthréimhse le haghaidh na suirbhéanna lasmuigh de na limistéir chríochaithe, toisc go bhfágann láithreacht na lotnaidí sa limistéar críochaithe gur féidir na sonraí staidrimh is gá a bhailiú níos tapúla.

(13)

Ba cheart ceanglais speisialta a leagan amach a mhéid a bhaineann le gluaiseacht plandaí sonraithe agus torthaí na bplandaí sonraithe sin amach as na limistéir chríochaithe, agus ó na criosanna ionfhabhtaithe chuig na criosanna maolánacha i gcás ráig i gcríoch an Aontais, chun a áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla in ann aghaidh a thabhairt láithreach ar an riosca go leathfaidh na lotnaidí sonraithe.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar amach sa Rialachán seo bearta chun cosc a chur ar bhunú agus leathadh Candidatus Liberibacter africanus, Candidatus Liberibacter americanus agus Candidatus Liberibacter asiaticus laistigh de chríoch an Aontais, agus bearta chun iad a dhíothú nuair a fhaightear sa chríoch sin iad.

Airteagal 2

Sainmhíniú

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘lotnaidí sonraithe’Candidatus Liberibacter africanus, Candidatus Liberibacter americanus nó Candidatus Liberibacter asiaticus;

(2)

ciallaíonn ‘plandaí sonraithe’ plandaí Citrus L., Fortunella Swingle, Poncirus Raf., Aegle Corrêa, Aeglopsis Swingle, Afraegle Engl., Atalantia Corrêa, Balsamocitrus Stapf, Burkillanthus Swingle, Calodendrum Thunb., Choisya Kunth, Clausena Burm. f., Limonia L., Microcitrus Swingle, Murraya J. Koenig ex L., Pamburus Swingle, Severinia Ten., Swinglea Merr., Triphasia Lour., nó Vepris Comm., nó a hibridí, seachas torthaí gan sealgóga ná duilleoga;

(3)

ciallaíonn ‘veicteoirí sonraithe’Diaphorina citri Kuwayama nó Trioza erytreae Del Guercio;

(4)

ciallaíonn ‘cárta suirbhé lotnaidí’ an ‘cárta suirbhé lotnaidí ar Huanglongbing agus a veicteoirí’ (4) a d’fhoilsigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’);

(5)

ciallaíonn ‘treoirlínte ginearálta maidir le suirbhéanna atá fónta ó thaobh staidrimh de agus bunaithe ar riosca’‘Treoirlínte ginearálta maidir le suirbhéanna ar lotnaidí plandaí atá fónta ó thaobh staidrimh de agus bunaithe ar riosca’ (5) a d’fhoilsigh an tÚdarás.

Airteagal 3

Suirbhéanna i gcríoch an Aontais

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla suirbhéanna rioscabhunaithe bliantúla ar na plandaí sonraithe maidir le láithreacht na lotnaidí sonraithe agus na veicteoirí sonraithe, i limistéir chríoch an Aontais ina bhféadfaí na lotnaidí sonraithe agus na veicteoirí sonraithe iad féin a bhunú, agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa chárta suirbhé lotnaidí á cur san áireamh.

2.   Beidh scéim deartha agus samplála an tsuirbhé i gcomhréir leis na treoirlínte ginearálta do shuirbhéanna ar lotnaidí plandaí atá fónta ó thaobh staidrimh de agus atá bunaithe ar riosca, chun leibhéal íseal láithreachta na lotnaidí sonraithe a bhrath laistigh de na limistéir sin a ndearnadh an suirbhé orthu.

3.   Déanfar na suirbhéanna:

(a)

ar bhonn leibhéal an riosca fíteashláintíochta;

(b)

sna limistéir riosca, lena n-áirítear ar a laghad plandlanna, ionaid gharraíodóireachta agus láithreáin phoiblí, láithreáin táirgthe a bhfuil nó nach bhfuil leithlisiú fisiceach acu in aghaidh na veicteoirí sonraithe, agus limistéir eile inar dócha go mbeidh na lotnaidí sonraithe ann;

(c)

ag tráthanna iomchuí den bhliain, a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht na lotnaidí sonraithe agus na veicteoirí sonraithe a bhrath, agus bitheolaíocht na lotnaidí sonraithe, láithreacht agus bitheolaíocht na veicteoirí sonraithe agus láithreacht na bplandaí sonraithe á gcur san áireamh.

4.   Is éard a bheidh, de réir mar is iomchuí, sna suirbhéanna:

(a)

scrúduithe amhairc ar na plandaí sonraithe chun na lotnaidí sonraithe, siomptóim na lotnaidí sonraithe, nó comharthaí de na veicteoirí sonraithe a bhrath;

(b)

gaistí buí a chur agus modhanna gaschniogtha nó líontáin scaobtha a úsáid chun na veicteoirí sonraithe a bhrath;

(c)

sampláil agus tástáil mhóilíneach ar na plandaí sonraithe, i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha;

(d)

más ann do na veicteoirí sonraithe, sampláil a dhéanamh orthu agus tástáil mhóilíneach a dhéanamh orthu le haghaidh láithreacht na lotnaidí sonraithe i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha.

Airteagal 4

Pleananna teagmhais

1.   De bhreis ar Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2016/2031, soláthróidh gach Ballstát ina phlean teagmhasach na nósanna imeachta maidir le húinéirí réadmhaoine príobháidí a shainaithint nuair atá bearta ábhartha le cur i bhfeidhm i gcás ina mbraitear na lotnaidí sonraithe sa réadmhaoin sin agus, i gcás inarb ábhartha, na veicteoirí sonraithe freisin, mar aon le nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt faoin ordú díothaithe plandaí agus maidir le rochtain a fháil ar an réadmhaoin phríobháideach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit a bpleananna teagmhais a thabhairt cothrom le dáta, de réir mar is iomchuí, faoin 31 Nollaig gach bliain.

Airteagal 5

Limistéar críochaithe a bhunú

1.   I gcás ina ndeimhnítear go hoifigiúil láithreacht na lotnaidí sonraithe ar na plandaí sonraithe, bunóidh an Ballstát lena mbaineann limistéar críochaithe gan mhoill chun na lotnaidí sonraithe a dhíothú.

2.   Is é a bheidh sa limistéar críochnaithe na nithe seo a leanas:

(a)

crios ionfhabhtaithe a bhfuil ga 50 m ar a laghad aige timpeall ar na plandaí sonraithe a fhaightear a bheith ionfhabhtaithe leis na lotnaidí sonraithe; agus

(b)

crios maolánach atá 3 km ar a laghad ar leithead thar theorainn an chreasa ionfhabhtaithe.

I gcás inar ionad garraíodóireachta nó plandlann é an limistéar riosca, beidh an t-ionad garraíodóireachta ina iomláine nó an phlandlann ina hiomláine ina gcuid de theorannú an limistéir chríochaithe a mhéid a bhaineann leis an gcrios ionfhabhtaithe. Beidh feidhm aige sin sa bhreis ar an nga 50 m ar a laghad timpeall ar na plandaí sonraithe a fhaightear a bheith ionfhabhtaithe leis na lotnaidí sonraithe mar a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointe (a).

Airteagal 6

Maoluithe ar an oibleagáid maidir le limistéir chríochnaithe a bhunú

1.   De mhaolú ar Airteagal 5(1), féadfaidh na húdaráis inniúla rogha a dhéanamh gan limistéar críochaithe a bhunú má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá fianaise ann gur cás aonair é láithreacht na lotnaidí sonraithe agus níl coinne leis go mbunófar iad;

(b)

tá fianaise ann nár leath na lotnaidí shonraithe níos faide; agus

(c)

is eol nach bhfuil na veicteoirí sonraithe ann i limistéar atá 3 km ar a laghad ar leithead timpeall ar an áit inar aimsíodh an lotnaid nó aimsíodh an cás sin i láithreán táirgthe a bhfuil leithlisiú fisiceach aige agus ina bhfuil fianaise ann nach féidir leis na veicteoirí sonraithe a bhunú lasmuigh.

2.   I gcás ina gcuireann an t-údarás inniúil an maolú dá ndéantar foráil i mír 1 i bhfeidhm, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

na plandaí ionfhabhtaithe, na plandaí sonraithe siomptómacha, agus a bplandaí sonraithe cóngaracha a bhaint agus a scriosadh láithreach;

(b)

dlús a chur láithreach leis na scrúduithe amhairc le haghaidh láithreacht shiomptóim na lotnaidí sonraithe, agus leis an tástáil mhóilíneach ar na plandaí sonraithe, i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha;

(c)

bearta a dhéanamh laistigh de limistéar atá 500 m ar a laghad thart timpeall ar an bplanda ionfhabhtaithe chun díothú pras na lotnaidí sonraithe a áirithiú agus chun an fhéidearthacht go leathfadh siad a eisiamh;

(d)

ar feadh 3 bliana ar a laghad, diansuirbhéireacht rialta a dhéanamh ar leithead 500 m ar a laghad timpeall ar an láithreán inar aimsíodh na lotnaidí sonraithe, mura rud é, tar éis na plandaí ionfhabhtaithe, na plandaí sonraithe siomptómacha, agus a bplandaí sonraithe cóngaracha dá dtagraítear i bpointe (a) a bhaint, nach bhfuil aon phlanda sonraithe eile ann sa limistéar 500 m ar a laghad timpeall ar an láithreán inar aimsíodh na lotnaidí sonraithe;

(e)

a mhéid is féidir, tionscnamh an ionfhabhtaithe agus an chonair a bhaineann leis an ionfhabhtú a rianú siar;

(f)

feasacht an phobail a ardú maidir leis an mbagairt a bhaineann leis na lotnaidí sonraithe; agus

(g)

aon bheart eile a dhéanamh a d’fhéadfadh cuidiú leis na lotnaidí sonraithe a dhíothú.

3.   Beidh teorannú an limistéir chríochaithe bunaithe ar na prionsabail eolaíocha, bitheolaíocht na lotnaidí sonraithe, láithreacht na veicteoirí sonraithe, leibhéal an ionfhabhtaithe, dáileadh na bplandaí sonraithe sa limistéar lena mbaineann, an fhianaise maidir le bunú na lotnaidí sonraithe agus an cineál limistéir riosca atá ann.

4.   I gcás ina ndeimhnítear láithreacht na lotnaidí sonraithe laistigh den chrios maolánach, déanfar bearta díothaithe i gcomhréir le hAirteagal 9 agus déanfar teorannú an chreasa ionfhabhtaithe agus an chreasa mhaolánaigh a athbhreithniú agus a mhodhnú dá réir sin.

5.   I gcás ina ndeimhnítear go bhfuil na lotnaidí sonraithe ann sna veicteoirí sonraithe ach nach bhfuil siad sna plandaí sonraithe, déanfaidh na húdaráis inniúla suirbhéanna treisithe maidir le láithreacht na lotnaidí sonraithe ar na plandaí sonraithe laistigh den limistéar críochaithe arna bhunú de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/2031.

6.   Laistigh de na limistéir chríochaithe, déanfaidh na húdaráis inniúla feasacht an phobail a ardú maidir le bagairt na lotnaidí sonraithe agus maidir leis na bearta a glacadh chun a leathadh breise lasmuigh de na limistéir sin a chosc. Áiritheoidh siad go mbeidh na hoibreoirí gairmiúla agus an pobal i gcoitinne ar an eolas faoi theorannú na limistéar críochaithe.

Airteagal 7

Suirbhéanna i limistéir chríochaithe

1.   Sna limistéir chríochnaithe, déanfaidh na húdaráis inniúla suirbhéanna bliantúla diana, dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa chárta suirbhé lotnaidí á cur san áireamh.

2.   Beidh dearadh an tsuirbhé bunaithe ar na Treoirlínte Ginearálta maidir le suirbhéanna atá fónta ó thaobh staidrimh de agus atá bunaithe ar riosca. An dearadh suirbhé agus scéim samplála a úsáidtear le haghaidh suirbhéanna braite lena bhféadfar láithreacht 1 % i gcás na lotnaidí sonraithe a shainaithint le leibhéal muiníne 95 % ar a laghad.

3.   Déanfar na suirbhéanna sin i gcomhréir le hAirteagal 3(3) agus (4) chun láithreacht na lotnaidí sonraithe ar na plandaí sonraithe a bhrath, agus, i gcás inarb iomchuí, ar na veicteoirí sonraithe.

Airteagal 8

Deireadh a chur leis an gcríochú

Féadfar deireadh a chur leis an gcríochú nuair nár braitheadh na lotnaidí sonraithe sa limistéar críochaithe ar feadh 3 bliana as a chéile ar a laghad, bunaithe ar na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 7.

Airteagal 9

Bearta díothaithe

1.   Sa chrios ionfhabhtaithe dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (a), déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

cóireálacha fíteashláintíochta éifeachtacha a chur i bhfeidhm, chun na veicteoirí sonraithe a dhíothú sula mbaintear na plandaí sonraithe;

(b)

gach planda ionfhabhtaithe, agus a bplandaí sonraithe cóngaracha, a bhaint agus a scriosadh gan mhoill, chomh maith le plandaí sonraithe siomptómacha eile;

(c)

sampláil agus tástáil a dhéanamh ar na plandaí sonraithe nach bhfuil bainte de bhun phointe (b) trí scéim samplála a chur i bhfeidhm lenar féidir leibhéal láithreachta plandaí ionfhabhtaithe 1 % ar a laghad a shainaithint le muinín 99 %;

(d)

na plandaí sonraithe uile sa chrios ionfhabhtaithe a bhaint agus a scriosadh gan mhoill, má aimsítear cás eile laistigh den chrios ionfhabhtaithe sin de thoradh tástála de bhun phointe (c).

2.   I gcás ina bhfástar plandaí sonraithe i láithreán táirgthe a bhfuil leithlisiú fisiceach aige in aghaidh na veicteoirí sonraithe, ní bheidh feidhm ag na bearta ar a dtugtar tuairisc i mír 1 ach amháin nuair a aimsítear na lotnaidí sonraithe ar an láithreán táirgthe sin.

3.   Sa chrios maolánach dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (b), áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfear cóireálacha fíteashláintíochta éifeachtacha i bhfeidhm in aghaidh an veicteora shonraithe, nó bearta éifeachtacha eile, amhail rialú bitheolaíoch.

Airteagal 10

Bearta lena gcuirtear cosc ar leathadh na lotnaidí sonraithe i gcás ráig de na lotnaidí sonraithe i gcríoch an Aontais

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla, a mhéid is féidir, an tionscnamh agus an chonair a bhaineann leis an ráig a rianú siar, lena n-áirítear tionscnamh plandaí sonraithe a aistríodh sular bunaíodh limistéar críochaithe.

2.   Maidir le plandaí sonraithe a fásadh i láithreán táirgthe atá lonnaithe i limistéar críochaithe, ní aistreofar iad amach as an limistéar críochaithe sin, ná ó na criosanna ionfhabhtaithe faoi seach isteach sna criosanna maolánacha, ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

fásadh na plandaí sonraithe feadh a saolré i láithreán táirgthe a bhfuil leithlisiú fisiceach aige in aghaidh na veicteoirí sonraithe, atá cláraithe ag na húdaráis inniúla, agus a bhfuil cigireacht déanta ar an láithreán sin ag na húdaráis sin ag minicíocht iomchuí;

(b)

iompraítear na plandaí sonraithe tríd an limistéar críochaithe nó laistigh de ar bhealach lena gcuirtear cosc ar leathadh na lotnaidí sonraithe, mar shampla i gcoimeádáin dhúnta, lena n-áirithítear nach féidir ionfhabhtú leis na lotnaidí sonraithe nó leis na veicteoirí sonraithe tarlú;

(c)

chomh gar agus is féidir d’am na gluaiseachta, tá tástáil mhóilíneach déanta ar luchtóg na bplandaí sonraithe chun na lotnaidí sonraithe a aimsiú, agus úsáid á baint as scéim samplála lenar féidir leibhéal láithreachta plandaí ionfhabhtaithe 1 % ar a laghad a shainaithint le muinín 95 %.

3.   Maidir le plandaí sonraithe de thionscnamh lasmuigh de limistéar críochaithe, ní aistreofar amach as na criosanna ionfhabhtaithe ná trí na criosanna ionfhabhtaithe, ach amháin má tá bearta éifeachtacha déanta chun a n-ionfhabhtú leis na lotnaidí sonraithe agus a n-inmhíolú leis na veicteoirí sonraithe a chosc.

4.   Maidir le plandaí sonraithe i bhfoirm torthaí a fásadh i láithreán táirgthe atá lonnaithe i limistéar críochaithe, ní aistreofar iad amach as an limistéar críochaithe sin, ná ó na criosanna ionfhabhtaithe ábhartha isteach sna criosanna maolánacha, ach amháin má tá na torthaí sin saor ó shealgóga agus ó dhuilleoga.

5.   Maidir le plandaí sonraithe i bhfoirm torthaí de thionscnamh lasmuigh de limistéar críochaithe, ní dhéanfar iad a aistriú amach as na criosanna ionfhabhtaithe ná trí na limistéir sin, ach amháin má tá na torthaí sin saor ó shealgóga agus ó dhuilleoga.

Airteagal 11

Tuairisciú

Faoin 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát eile torthaí na suirbhéanna ar na limistéir chríochaithe a rinneadh de bhun Airteagal 7 le linn na bliana féilire roimhe sin, trí úsáid a bhaint as ceann de na teimpléid a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 3(2) ón 1 Eanáir 2029.

Beidh feidhm ag Airteagal 7(2) ón 1 Eanáir 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Samhain 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1702 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí liosta na lotnaidí tosaíochta a bhunú (IO L 260, 11.10.2019, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/1702/oj).

(4)  EFSA, 2019. Cárta suirbhé lotnaidí ar Huanglongbing agus a veicteoirí. doi:10.2903/sp.efsa.2019.EN-1574.

(5)  EFSA, 2020. Treoirlínte ginearálta maidir le suirbhéanna ar lotnaidí plandaí atá fónta ó thaobh staidrimh de agus bunaithe ar riosca. doi:10.2903/sp.efsa.2020.EN-1919.


IARSCRÍBHINN

Teimpléid chun torthaí na suirbhéanna arna ndéanamh de bhun Airteagal 7 a thuairisciú

CUID A

1.   Teimpléad chun torthaí na suirbhéanna bliantúla a thuairisciú

1.

Tuairisc ar an Limistéar Críochaithe (LC)

2.

Méid tosaigh an LC (ha)

3.

Méid an LC (ha) agus é tugtha cothrom le dáta

4.

Cur chuige (díothú nó imshrianadh)

5.

An crios

6.

Láithreáin suirbhéireachta

7.

Limistéir riosca a sainaithníodh

8.

Limistéir riosca a ndearnadh cigireacht orthu

9.

Ábhar plandaí / Tráchtearra

10.

Liosta de na speicis plandaí óstacha

11.

Uainiú

12.

Sonraí an tsuirbhé

13.

An líon samplaí a raibh siomptóim orthu a ndearnadh anailís orthu:

i:

Iomlán

ii:

Deimhneach

iii:

Diúltach

iv:

Neamhchinntithe

14.

An líon samplaí nach raibh siomptóim orthu a ndearnadh anailís orthu:

i:

Iomlán

ii:

Deimhneach

iii:

Diúltach

iv:

Neamhchinntithe

15.

Uimhir fógartha na ráigeanna ar tugadh fógra ina leith, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún  (1)

16.

Nótaí

A)

An líon scrúduithe amhairc

B)

An líon iomlán samplaí a tógadh

C)

Cineálacha gaistí (nó modh malartach eile (e.g. líontáin scaobtha))

D)

An líon gaistí (nó modh gabhála eile)

E)

An líon láithreán gaisteoireachta, nuair nach ionann é agus na sonraí a tuairiscíodh in (D)

F)

Cineálacha tástálacha (e.g. sainaithint mhicreascópach, ISP, ELISA, etc.)

G)

An líon iomlán tástálacha

H)

Bearta eile (e.g. madraí bolaíochta, ladrainn, héileacaptair, feachtais ardaithe feasachta etc.)

Ainm

An dáta bunaithe

Tuairisc

Uimhir

I)

An líon beart eile

Uimhir

Dáta

A

B

C

D

E

F

G

H

I

i

ii

iii

iv

i

ii

iii

iv

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

2.   Treoracha maidir leis an teimpléad a líonadh isteach

Má líontar isteach an teimpléad seo, níl an teimpléad i gCuid B den Iarscríbhinn seo le líonadh isteach.

Le haghaidh cholún 1: Tabhair ainm an limistéir gheografaigh, uimhir na ráige nó aon fhaisnéis lenar féidir an limistéar críochaithe (LC) seo a shainaithint mar aon le dáta a bhunaithe.

Le haghaidh cholún 2: Tabhair méid an LC roimh thús an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 3: Tabhair méid an LC i ndiaidh an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 4: Tabhair an cur chuige: Díothú nó Imshrianadh. Úsáid an oiread rónna agus is gá, de réir an lín LCanna in aghaidh na lotnaide agus na cineálacha cur chuige a bhfuil na limistéir sin faoina réir.

Le haghaidh cholún 5: Tabhair crios an LC ina ndearnadh an suirbhé, agus úsáid á baint as an oiread rónna agus is gá: Crios ionfhabhtaithe (CI) nó crios maolánach (CM), i rónna ar leith. Nuair is infheidhme, tabhair limistéar an CI ina ndearnadh an suirbhé (e.g. an 20 km deiridh cóngarach don CM, timpeall ar phlandlanna, etc.) i rónna éagsúla.

Le haghaidh cholún 6: Tabhair uimhir na láithreán suirbhéireachta agus an tuairisc orthu, trí cheann de na hiontrálacha seo a leanas a roghnú i gcomhair na tuairisce:

1.

Faoin aer (limistéar táirgeachta): 1.1. gort (arúil, féarach); 1.2. úllord/fíonghort; 1.3. plandlann; 1.4. foraois;

2.

Faoin aer (eile): 2.1. gairdín príobháideach; 2.2. láithreáin phoiblí; 2.3. limistéar caomhnaithe; 2.4. plandaí fiáine i limistéir nach limistéir chaomhnaithe iad; 2.5. eile, agus an cás faoi leith á shonrú (e.g. ionad garraíodóireachta, suíomhanna tráchtála a úsáideann ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid, bogaigh, uisciú agus córas draenála, etc.);

3.

Dálaí atá dúnta go fisiciúil: 3.1. teach gloine; 3.2. láithreán príobháideach, seachas teach gloine; 3.3. láithreán poiblí, seachas teach gloine; 3.4. eile, agus an cás faoi leith á shonrú (e.g. ionad garraíodóireachta, láithreáin tráchtála ina n-úsáidtear ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid).

Le haghaidh cholún 7: Tabhair cé na limistéir riosca a shainaithnítear ar bhonn bhitheolaíocht na lotnaide nó na lotnaidí, láithreacht plandaí óstacha, dálaí éicea-aeráide agus suíomhanna riosca.

Le haghaidh cholún 8: Tabhair na limistéir riosca a chumhdaítear sa suirbhé, as measc na limistéar a shainaithnítear i gcolún 7.

Le haghaidh cholún 9: Tabhair plandaí, torthaí, síolta, ithir, ábhar pacáistíochta, adhmad, innealra, feithiclí, uisce, eile, agus sonraigh an cás áirithe.

Le haghaidh cholún 10: Tabhair an liosta speiceas/géineas plandaí a ndearnadh suirbhé orthu, agus úsáid á baint as ró amháin in aghaidh an speicis/an ghéinis planda.

Le haghaidh cholún 11: Tabhair na míonna den bhliain ina ndearnadh an suirbhé.

Le haghaidh cholún 12: Tabhair sonraí an tsuirbhé, de réir na gceanglas dlíthiúil sonrach i leith gach lotnaide. Cuir isteach ‘Neamhbhainteach’ sa chás nach bhfuil an fhaisnéis i gcolún áirithe infheidhme.

Le haghaidh cholúin 13 agus 14: Tabhair na torthaí, más infheidhme, agus an fhaisnéis atá ar fáil á tabhairt sna colúin chomhfhreagracha. Is éard is ‘neamhchinntithe’ ann na samplaí a ndearnadh anailís orthu agus nach bhfuarthas aon toradh ina leith mar gheall ar thosca éagsúla (e.g. faoi bhun an leibhéil braite, sampla neamhphróiseáilte - neamh-shainaitheanta, sean).

 

Le haghaidh cholún 15: Tabhair fógraí ráigeanna na bliana ina ndearnadh an suirbhé le haghaidh torthaí sa CM. Ní gá an uimhir fógartha ráige a chur isteach i gcás inar chinn an t-údarás inniúil go bhfuil an toradh ar cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) nó Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2031. Sa chás sin, tabhair an chúis nár soláthraíodh an fhaisnéis sin i gcolún 16 (‘Nótaí’).

CUID B

1.   Teimpléad chun tuairisciú a dhéanamh ar thorthaí na suirbhéanna bliantúla a dhéantar ar bhonn staidrimh

1.

Tuairisc ar an Limistéar Críochaithe (LC)

2.

Méid tosaigh an LC (ha)

3.

Méid an LC (ha) agus é tugtha cothrom le dáta

4.

Cur chuige

5.

An crios

6.

Láithreáin suirbhéireachta

7.

Uainiú

A.

Sainiú an tsuirbhé (paraiméadair ionchuir le haghaidh RiBESS+)

B.

Iarracht samplála

C.

Torthaí an tsuirbhé

25.

Nótaí

8.

Spriocdhaonra

9.

Aonaid eipidéimeolaíocha

10.

Modhanna braite

11.

Éifeachtacht na samplála

12.

Íogaireacht an mhodha

13.

Tosca riosca (gníomhaíochtaí, suíomhanna agus limistéir)

14.

An líon aonad eipidéimeolaíoch a ndearnadh cigireacht orthu

15.

An líon scrúduithe amhairc

16.

An líon samplaí

17.

An líon gaistí

18.

An líon láithreán gaisteoireachta

19.

An líon tástálacha

20.

An líon beart eile

21.

Torthaí

22.

Uimhir fógartha na ráigeanna ar tugadh fógra ina leith, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715

23.

An Leibhéal Muiníne a baineadh amach

24.

Leitheadúlacht dearaidh

Ainm

An dáta bunaithe

Tuairisc

Uimhir

Speiceas óstach

Achar (ha nó aonad eile atá níos ábhartha)

Aonaid chigireachta

Tuairisc

Aonaid

Scrúduithe amhairc

Gaisteoireacht

Tástáil

Modhanna eile

Fachtóir riosca

Leibhéil riosca

An líon suíomhanna

Riosca coibhneasta

Cion an daonra óstaigh

Deimhneach

Diúltach

Neamhchinntithe

Uimhir

Dáta

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

2.   Treoracha maidir leis an teimpléad a líonadh isteach

Mínigh na toimhdí bunúsacha le haghaidh dhearadh an tsuirbhé i leith gach lotnaide. Déan achoimre orthu seo a leanas agus tabhair údar leo:

an spriocphobal, an t-aonad eipidéimeolaíoch agus na haonaid chigireachta;

an modh braite agus íogaireacht an mhodha;

an toisc riosca nó na tosca riosca, agus tabhair na leibhéil riosca agus na rioscaí coibhneasta comhfhreagracha agus cion an daonra plandaí óstacha.

Le haghaidh cholún 1: Tabhair ainm an limistéir gheografaigh, uimhir na ráige nó aon fhaisnéis lenar féidir an limistéar críochaithe (LC) seo a shainaithint mar aon le dáta a bhunaithe.

Le haghaidh cholún 2: Tabhair méid an LC roimh thús an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 3: Tabhair méid an LC i ndiaidh an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 4: Tabhair an cur chuige: Díothú nó Imshrianadh. Úsáid an oiread rónna agus is gá, de réir an lín LCanna in aghaidh na lotnaide agus na cineálacha cur chuige a bhfuil na limistéir sin faoina réir.

Le haghaidh cholún 5: Tabhair crios an LC ina ndearnadh an suirbhé, agus úsáid á baint as an oiread rónna agus is gá: Crios ionfhabhtaithe (CI) nó crios maolánach (CM), i rónna ar leith. I gcás inarb infheidhme, tabhair limistéar an CI ina ndearnadh an suirbhé (e.g. an 20 km deiridh cóngarach don CM, timpeall ar phlandlanna, etc.) i rónna éagsúla.

Le haghaidh cholún 6: Tabhair uimhir na láithreán suirbhéireachta agus an tuairisc orthu, trí cheann de na hiontrálacha seo a leanas a roghnú i gcomhair na tuairisce:

1.

Faoin aer (limistéar táirgeachta): 1.1. gort (arúil, féarach); 1.2. úllord/fíonghort; 1.3. plandlann; 1.4. foraois;

2.

Faoin aer (eile): 2.1. gairdíní príobháideacha; 2.2. láithreáin phoiblí; 2.3. limistéar caomhnaithe; 2.4. plandaí fiáine i limistéir nach limistéir chaomhnaithe iad; 2.5. eile, agus an cás faoi leith á shonrú (e.g. ionad garraíodóireachta, suíomhanna tráchtála a úsáideann ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid, bogaigh, uisciú agus córas draenála, etc.);

3.

Dálaí atá dúnta go fisiciúil: 3.1. teach gloine; 3.2. láithreán príobháideach, seachas teach gloine; 3.3. láithreán poiblí, seachas teach gloine; 3.4. eile, agus an cás faoi leith á shonrú (e.g. ionad garraíodóireachta, láithreáin tráchtála ina n-úsáidtear ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid).

Le haghaidh cholún 7: Tabhair na míonna den bhliain ina ndearnadh na suirbhéanna.

Le haghaidh cholún 8: Tabhair an spriocdhaonra roghnaithe agus liosta na speiceas/na ngéineas óstach agus an limistéar a cumhdaíodh á dtabhairt dá réir sin. Sainmhínítear an spriocdhaonra mar iomlán na n-aonad cigireachta. Is iondúil go sainítear a mhéid ina heicteáir i gcás limistéir thalmhaíochta, ach d’fhéadfadh sé gur lotaí, páirceanna, tithe gloine etc. a bheadh i gceist. Tabhair údar leis an rogha a rinneadh sna toimhdí bunúsacha. Tabhair na haonaid chigireachta a ndearnadh suirbhé orthu. Ciallaíonn ‘aonad cigireachta’ plandaí, codanna plandaí, tráchtearraí, ábhair agus veicteoirí lotnaidí a ndearnadh grinnscrúdú orthu chun na lotnaidí a shainaithint agus a bhrath.

Le haghaidh cholún 9: Tabhair na haonaid eipidéimeolaíocha a ndearnadh suirbhé orthu, agus tabhair tuairisc agus aonad tomhais na n-aonad sin. Ciallaíonn ‘aonad eipidéimeolaíoch’ limistéar aonchineálach ina mbeadh an eipidéimeolaíocht chéanna mar thoradh ar na hidirghníomhaíochtaí idir an lotnaid, na plandaí óstacha agus na tosca agus na dálaí aibitheacha agus bitheacha, dá mbeadh an lotnaid i láthair. Is fo-rannán den spriocdhaonra iad na haonaid eipidéimeolaíocha atá ar aon chineál ó thaobh na heipidéimeolaíochta de, le planda óstach amháin ar a laghad. I gcásanna áirithe, féadfar an daonra óstach iomlán i réigiún/limistéar/tír a shainiú mar aonad eipidéimeolaíoch. D’fhéadfadh sé gur réigiúin iad a bhaineann le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS), nó limistéir uirbeacha, foraoisí, gairdíní róis nó feirmeacha, nó heicteáir. Ní mór údar a thabhairt sna toimhdí bunúsacha le rogha na n-aonad eipidéimeolaíoch.

Le haghaidh cholún 10: Tabhair na modhanna a úsáideadh le linn an tsuirbhé, an líon gníomhaíochtaí i ngach cás san áireamh, de réir cheanglais dlí shonracha gach lotnaide. Cuir isteach ‘Neamhbhainteach’ sa chás nach bhfuil an fhaisnéis i gcolún áirithe ar fáil.

Le haghaidh cholún 11: Tabhair meastachán ar éifeachtacht na samplála. Ciallaíonn éifeachtacht na samplála an dóchúlacht go roghnófaí codanna planda ionfhabhtaithe ó phlanda ionfhabhtaithe. I gcás veicteoirí, is é atá inti éifeachtacht an mhodha chun veicteoir deimhneach a ghabháil nuair is ann dó i limistéar an tsuirbhé. I gcás ithreach, is é atá inti an éifeachtacht lena roghnaítear sampla ithreach ina bhfuil an lotnaid nuair a bhíonn an lotnaid i láthair i limistéar an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 12: Ciallaíonn ‘íogaireacht an mhodha’ an dóchúlacht go roghnófaí modh chun láithreacht lotnaide a bhrath i gceart. Sainmhínítear íogaireacht an mhodha mar an dóchúlacht gur toradh deimhneach a bheidh ar thástáil ar óstach atá deimhneach i ndáiríre. Is é atá inti éifeachtacht na samplála (i.e. an dóchúlacht go roghnófaí codanna plandaí ionfhabhtaithe ó phlanda ionfhabhtaithe) arna hiolrú faoin íogaireacht dhiagnóiseach (arna saintréithriú tríd an gcigireacht amhairc agus/nó an tástáil saotharlainne a úsáideadh sa phróiseas sainaitheantais).

Le haghaidh cholún 13: Soláthair na tosca riosca i rónna éagsúla, agus úsáid á baint as an oiread rónna agus is gá. I gcás gach toisce riosca, tabhair an leibhéal riosca agus riosca agus cion coibhneasta comhfhreagrach an phobail óstaigh.

Le haghaidh cholún B: Tabhair mionsonraí an tsuirbhé, de réir cheanglais dlí shonracha gach lotnaide. Cuir isteach ‘Neamhbhainteach’ sa chás nach bhfuil an fhaisnéis i gcolún áirithe infheidhme. Tá baint ag an bhfaisnéis atá le soláthar sna colúin sin leis an bhfaisnéis i gcolún 10 ‘Modhanna braite’.

Le haghaidh cholún 18: Tabhair an líon láithreán gaisteoireachta i gcás nach ionann an líon sin agus an líon gaistí (colún 17) (e.g. úsáidtear an gaiste céanna in áiteanna éagsúla).

Le haghaidh cholún 21: Tabhair an líon samplaí a raibh toradh deimhneach, diúltach nó neamhchinntithe acu. Is éard is ‘neamhchinntithe’ ann na samplaí a ndearnadh anailís orthu agus nach bhfuarthas aon toradh ina leith mar gheall ar thosca éagsúla (e.g. faoi bhun an leibhéil braite, sampla neamhphróiseáilte - neamh-shainaitheanta, sean).

Le haghaidh cholún 22: Tabhair na fógraí faoi ráigeanna ón mbliain ina ndearnadh an suirbhé. Ní gá an uimhir fógartha ráige a chur isteach i gcás inar chinn an t-údarás inniúil go bhfuil an toradh ar cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) nó Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2031. Sa chás sin, tabhair an chúis nár soláthraíodh an fhaisnéis sin i gcolún 25 (‘Nótaí’).

Le haghaidh cholún 23: Tabhair íogaireacht an tsuirbhé, mar a shainmhínítear sa Chaighdeán Idirnáisiúnta maidir le Bearta Fíteashláintíochta (CIBF) 31. Luach sin an leibhéil muiníne a bhaintear amach maidir le bheith saor ó lotnaidí, déantar é a ríomh bunaithe ar na scrúduithe (agus/nó samplaí) a dhéantar i bhfianaise íogaireacht an mhodha agus na leitheadúlachta dearaidh.

Le haghaidh cholún 24: Tabhair an leitheadúlacht dearaidh bunaithe ar mheastachán réamhshuirbhé ar leitheadúlacht iarbhír dhóchúil na lotnaide sa ghort. Socraítear an leitheadúlacht dearaidh mar sprioc i leith an tsuirbhé agus freagraíonn sí don chomhréiteach atá á dhéanamh ag na bainisteoirí riosca idir an riosca go mbeidh an lotnaid ann agus na hacmhainní atá ar fáil don suirbhé. De ghnáth, socraítear luach 1 % le haghaidh suirbhé braite.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla agus sonraíochtaí comhpháirteanna a chórais (Rialachán CBFRO) (IO L 261, 14.10.2019, lgh. 37–96, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1715/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2247/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top