This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R2246
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/2246 of 7 November 2025 amending Implementing Regulation (EU) 2022/932 as regards minimum control frequencies
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2246 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932 a mhéid a bhaineann le híosmhinicíochtaí na rialuithe
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2246 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932 a mhéid a bhaineann le híosmhinicíochtaí na rialuithe
C/2025/7428
IO L, 2025/2246, 10.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2246/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2246 |
10.11.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2246 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Samhain 2025
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932 a mhéid a bhaineann le híosmhinicíochtaí na rialuithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 19(3), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Faoi chuimsiú an phlean rialaithe maidir le héilleáin le haghaidh bia a chuirtear ar mhargadh an Aontais, ceanglaítear ar na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932 ón gCoimisiún (2) a chomhlíonadh, a mhéid a bhaineann le híosmhinicíocht na rialuithe le haghaidh tráchtearraí éagsúla. |
|
(2) |
Cinntear íosmhinicíochtaí na rialuithe a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932 ar bhonn riosca. Is léir ón taithí a fuarthas ó cuireadh i bhfeidhm é nach bhfuil íosmhinicíochtaí rialuithe iomchuí i gcás táirgí áirithe. |
|
(3) |
Go háirithe, léiríonn sonraí a bhailigh na Ballstáit go bhfuil riosca íseal ann nach gcomhlíonfar Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún (3) i gcás feoil neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe, ó ainmhithe den chineál caorach agus ó ainmnithe den chineál gabhair, ó mhuc-ainmhithe agus ó éanlaith chlóis. Dá bhrí sin, ba cheart íosmhinicíocht rialaithe na bhfeolta sin, lena n-áirítear scairteach inite, a leagtar amach i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932, a ísliú. |
|
(4) |
Léiríonn sonraí a bhailigh na Ballstáit freisin go bhfuil riosca íseal ann nach gcomhlíonfar Rialachán (AE) 2023/915 i gcás uibheacha. I gcás miotail in uibheacha, tá uasleibhéal iarmhar bunaithe i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Dá bhrí sin, ba cheart íosmhinicíocht na rialuithe le haghaidh uibheacha úra ó chearca agus uibheacha eile a leagtar amach i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932 a ísliú agus, i gcás an cheanglais maidir le híosmhinicíocht samplála 10 % a leagtar síos i bpointe 1(b) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932, le haghaidh rialuithe ar mhiotail éagsúla, níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin maidir leis an gcatagóir ‘uibheacha úra ó chearca agus uibheacha eile’. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932 a leasú dá réir sin. |
|
(6) |
Ós rud é go mbaineann na rialacha a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932 leis an mbliain féilire ábhartha, is maidir leis an bplean le haghaidh na bliana 2026 ba cheart feidhm a bheith den chéad uair ag na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2026. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2022 maidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh a mhéid a bhaineann le héilleáin i mbia, maidir le hábhar sonrach breise i bpleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta agus maidir le socruithe sonracha breise chun iad a ullmhú (IO L 162, 17.6.2022, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/932/oj).
(3) Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 103, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/915/oj).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/396/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear mar a leanas Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932:
|
(1) |
i bpointe 1(a), leasaítear an tábla mar a leanas:
|
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(b):
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2246/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)