Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2194

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2194 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2025 lena leagtar síos teimpléad aonair atá le húsáid ag tionscnóirí tionscadail chun iarratas a dhéanamh ar aitheantas do thionscadail amhábhair chriticiúil mar Thionscadal Straitéiseach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2025/7057

IO L, 2025/2194, 29.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2194/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2194/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2194

29.10.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2194 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Deireadh Fómhair 2025

lena leagtar síos teimpléad aonair atá le húsáid ag tionscnóirí tionscadail chun iarratas a dhéanamh ar aitheantas do thionscadail amhábhair chriticiúil mar Thionscadal Straitéiseach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (1), agus go háirithe Airteagal 7(2) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 39(1) de Rialachán (AE) 2024/1252,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I Rialachán (AE) 2024/1252, agus go háirithe Airteagail 6 agus 7 de, leagtar amach critéir maidir le haitheantas do thionscadal amhábhair chriticiúil mar Thionscadal Straitéiseach agus maidir leis an iarratas ar an aitheantas sin.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2024/1252, tá teimpléad aonair le húsáid ag tionscnóirí tionscadail chun iarratas a dhéanamh ar aitheantas d’amhábhar criticiúil mar Thionscadal Straitéiseach.

(3)

Leis an teimpléad aonair, ba cheart a cheangal ar thionscnóirí tionscadail go soláthróidh siad don Choimisiún an fhaisnéis uile is gá chun measúnú a dhéanamh ar iarratas ar aitheantas do thionscadal amhábhair chriticiúil mar Thionscadal Straitéiseach ar bhonn na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2024/1252.

(4)

Chun an próiseas iarratais a chomhchuibhiú, feidhmíonn an teimpléad físiúil a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo mar léiriú físiúil ar an bhfaisnéis atá le soláthar ag na tionscnóirí tionscadail agus sonraítear ann an leibhéal mionsonraithe a bheidh an fhaisnéis sin. Tá an fhaisnéis le cur isteach i bhfoirm leictreonach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun iarratas a dhéanamh ar aitheantas do thionscadal amhábhair chriticiúil mar Thionscadal Straitéiseach dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/1252, úsáidfidh na tionscnóirí tionscadail an teimpléad aonair a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 18 Samhain 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/1252, 3.5.2024, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj.


IARSCRÍBHINN

An teimpléad aonair dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2024/1252,

An tionscadal is ábhar don iarratas seo, tugann sé aghaidh ar cheann amháin nó níos mó de na hamhábhair straitéiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1252:

☐ Tugann

☐ Ní thugann

ROINN 1: Faisnéis bhunúsach faoin tionscadal

Ainm an tionscadail

Cineál tionscadail agus tuairisc air

 

 

Céim fhorbartha an tionscadail agus tuairisc uirthi

 

Saolré an tionscadail (blianta)

Túsdáta táirgthe

Dáta measta lánacmhainneachta

 

 

 

Tír

Cathair

Domhanleithead (WGS84)

Domhanfhad (WGS84)

 

 

 

 

Leathanach gréasáin an tionscadail

 


Tabhair achoimre ghearr ar an tionscadal.

 


Aicmiú de réir Creat um Aicmiú na Náisiún Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 7(1) pointe (b) de Rialachán (AE) 2024/1252

Aicmiú iomlán Creat um Aicmiú na Náisiún Aontaithe

E-ais

F-ais

G-ais

 

 

 

 

ROINN 2: Faisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar a liostaítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1252

(1)   Rannchuidiú le slándáil soláthair an Aontais

(a)   Faisnéis faoi amhábhair straitéiseacha

Ainm na n-amhábhar straitéiseach

 


Tabhair tuairisc ar an mbealach a rannchuidíonn an tionscadal le slándáil sholáthar an Aontais i dtaobh amhábhar straitéiseach agus leis na tagarmharcanna dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1252.

 

I gcás tionscadail eastósctha amháin:

Ainm agus foirmle cheimiceach an amhábhair eastósctha

 

Táirgeadh bliantúil measta an amhábhair eastósctha (tonaí)

Cion amhábhair straitéisigh de réir meáchain (tonaí)

 

 


Tabhair tuairisc ar na modhanna a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar íonacht na tiúchana, ar an aicmiú acmhainne agus ar an leibhéal iontaoibhe sna meastacháin acmhainne.

 

I gcás tionscadail phróiseála agus athchúrsála amháin:

Ainm an amhábhair straitéisigh

 

Ionchur fotha ábhair bliantúil (tonaí)

Cion amhábhair straitéisigh i meáchan (tonaí)

 

 

Ainm agus foirmle cheimiceach an amhábhair straitéisigh a tháirgtear

 

Táirgeadh bliantúil (tonaí)

Cion amhábhair straitéisigh i meáchan (tonaí)

 

 


I gcás gach céime táirgthe, tabhair tuairisc ar na hionchuir ábhair agus ar na modhanna a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an gcion amhábhair straitéisigh.

 

I gcás tionscadail ionadaíochta amháin:

Ainm an ábhair nua

Ainm an amhábhair straitéisigh atá le hionadú

 

 

Méid an amhábhair straitéisigh a ionadaítear (tonaí)

Táirgeadh bliantúil an ábhair nua (tonaí)

 

 


Tuairisc ar acmhainn nuálaíochta an tionscadail.

 

(b)   Faisnéis faoin tionscnóir tionscadail agus faoin struchtúr úinéireachta

Ainm an tionscnóra tionscadail

 

Tír ina bhfuil ceanncheathrú an tionscnóra tionscadail

Seoladh an tionscnóra tionscadail

 

 

Suíomh gréasáin an tionscnóra tionscadail

 

Duine teagmhála le haghaidh an tionscadail

Ainm iomlán

Post

Seoladh ríomhphoist

 

 

 

Siombail stoic an tionscnóra tionscadail

Cód Céannachta Rannpháirtí Eorpach, más infheidhme

 

 

Scair úinéireachta choibhneasta an tionscnóra tionscadail

 


Tabhair tuairisc ar róil agus ar chearta an tionscnóra tionscadail a bhaineann leis an tionscadal

 


Tabhair an fhaisnéis seo a leanas faoin máthairchuideachta nó faoin gcuideachta sealbhaíochta, i gcás inar fochuideachta é an tionscnóir tionscadail.

Ainm

Tír ina bhfuil an ceanncheathrú

Seoladh ríomhphoist

Suíomh gréasáin

 

 

 

 


Tabhair an fhaisnéis seo a leanas faoi aon ghnóthas breise is ábhartha don tionscadal.

Ainm an ghnóthais

Tír ina bhfuil ceanncheathrú an ghnóthais

Seoladh ríomhphoist

Suíomh gréasáin

 

 

 

 


Tabhair an fhaisnéis seo a leanas faoi aon duine breise is ábhartha don tionscadal.

Ainm iomlán an duine

Post laistigh den ghnóthas

Saoránacht

Tír chónaithe

 

 

 

 


Tabhair faisnéis faoi rialú dlíthiúil an tionscnóra tionscadail agus faoi struchtúr úinéireachta an tionscadail. Tabhair tuairisc ar na róil agus ar chearta gach gnóthais nó duine.

 

(c)   Plean gnó

Soláthair plean gnó a éilítear i gcomhréir le hAirteagal 7(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2024/1252 mar dhoiciméad breise agus tabhair achoimre air lena n-áirítear an tairiscint luacha tionscadail, straitéis chuideachta, cur chuige i leith an tráchtálaithe, anailís mhargaidh lena n-áirítear spriocmhargaí, príomhchustaiméirí agus príomh-iomaitheoirí.

 


Caiteachas caipitiúil foriomlán tuartha

Caiteachas oibríochtúil foriomlán tuartha

 

 


Tabhair achoimre ar mhaoiniú an tionscadail lena n-áirítear an cineál riachtanas maoinithe agus caiteachas caipitiúil agus caiteachas oibríochtúil tuartha ag céimeanna difriúla den fhorbairt tionscadail sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma.

 


Tabhair achoimre ar na príomhrioscaí a bhaineann leis an bplean gnó (lena n-áirítear rioscaí margaidh, rioscaí creidmheasa agus rioscaí leachtachta).

 


Tabhair tuairisc ar na bearta maolaithe a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na príomhrioscaí.

 

(d)   Slándáil sholáthar agus thrádáil an Aontais

I gcás na dtionscadal uile:

Tabhair achoimre ar an straitéis chun ceannaitheoirí a fháil le haghaidh na n-amhábhar straitéiseach a tháirgfear, go háirithe san Aontas. Sonraigh an méid den amhábhar straitéiseach a tháirgfear atá beartaithe le haghaidh mhargadh an Aontais.

 


Tabhair faisnéis bhunúsach (ainm, úinéireacht agus suíomh na ceanncheathrún agus faisnéis faoin leibhéal gealltanas, faoi na méideanna atá i gceist agus faoin tréimhse a chumhdaítear) faoi aon chomhaontú ceannaitheora a tugadh chun críche nó atá beartaithe agus tabhair tuairisc ar an leas ginearálta atá ag ceannaitheoirí sa tionscadal.

 

I gcás tionscadail phróiseála, athchúrsála agus ionadaíochta:

Tabhair achoimre ar an straitéis chun amhábhair a fhoinsiú lena n-áirítear áit tionscnaimh na n-amhábhar a úsáidfear

 


Tabhair faisnéis bhunúsach faoi na soláthróirí amhábhar, lena n-áirítear úinéireacht agus suíomh na ceanncheathrún agus faisnéis faoin leibhéal gealltanas, faoi na méideanna atá i gceist agus faoin tréimhse a chumhdaítear.

 

I gcas tionscadail i dtríú tíortha nó i dtíortha agus críocha thar lear:

Sainaithin aon scrogall a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le coinníollacha trádála agus infheistíochta e.g. srianta onnmhairiúcháin.

 

(2)   Indéantacht theicniúil

(a)   Indéantacht agus rioscaí

Tabhair tuairisc ar indéantacht theicniúil an tionscadail.

 


Tabhair achoimre ar na rioscaí a bhaineann le rochtain a fháil ar an teicneolaíocht is gá (mar shampla, srianta trádála) agus ar na cearta maoine intleachtúla a bhaineann leis an teicneolaíocht a úsáidfear.

 


Tabhair achoimre ar stádas na tacaíochta bonneagair agus ar na riachtanais tacaíochta bonneagair a d’fhéadfadh a bheith ann (leictreachas agus rochtain ar uisce, bóithre, iarnróid agus rochtain ar chalafoirt).

 

(b)   Stádas oibríochtúil

Tabhair achoimre ar an bpleanáil oibríochtúil chun an tionscadal a fhorbairt (tráthchlár) agus ar na príomhchlocha míle lena n-áirítear tógáil agus cur i bhfeidhm.

 


Sainaithin na príomhrioscaí oibríochtúla a dhéanann difear don tionscadal agus tabhair tuairisc ar na bearta maolaithe riosca. Cuir san áireamh rioscaí a bhaineann le dearadh, ceadú, tógáil, oibriú agus díchoimisiúnú an tionscadail.

 


Tabhair tuairisc ar an leibhéal iontaoibhe atá ann i dtaobh aschuir ionchasacha an tionscadail a bhaint amach laistigh den timpeallacht oibríochtúil.

 

(c)   Forbhreathnú ceada

Tabhair achoimre ar stádas deonaithe ceada an tionscadail.

 


Liostaigh na ceadanna a fuarthas go dtí seo agus na ceadanna a ndearnadh iarratas orthu

Ainm ceada

Tuairisc ar an gcead

Stádas ceada (faighte nó iarratas déanta air)

Dáta fála nó dáta déanta iarratais

 

 

 

 


Liostaigh na ceadanna is gá chun tús a chur leis an oibriú agus nach ndearnadh iarratas orthu go fóill:

Ainm ceada

Tuairisc ar an gcead

Dáta beartaithe déanta iarratais

 

 

 

(3)   Inbhuanaitheacht

Tabhair tuairisc ar chomhlíonadh aon scéime deimhniúcháin idirnáisiúnta nó aon chaighdeáin ábhartha.

 

(a)   Gnéithe comhshaoil

Tabhair achoimre i gcás gach ceann de na catagóirí comhshaoil thíos maidir leis an gcaoi a ndéantar faireachán ar na tionchair ar an gcomhshaol agus maidir leis an gcaoi a ndéantar iad a chosc agus a íoslaghdú (nó a bhfuil sé beartaithe na bearta sin a dhéanamh) de réir mar is ábhartha  (1)  (2) .

Aer, lena n-áirítear truailliú aeir amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa

 

 

Uisce, lena n-áirítear grinneall na farraige agus an comhshaol muirí, agus truailliú uisce, úsáid uisce, cainníochtaí uisce (tuilte nó triomaigh) agus rochtain ar uisce

 

 

Ithir, lena n-áirítear truailliú ithreach, creimeadh ithreach, úsáid talún agus díghrádú talún;

 

 

Bithéagsúlacht, lena n-áirítear damáiste do ghnáthóga, don fhiadhúlra, don fhlóra agus d’éiceachórais, lena n-áirítear seirbhísí éiceachórais

 

 

Substaintí guaiseacha

 

 

Torann agus creathadh (e.g. mar thoradh ar threalamh agus innealra)

 

 

Sábháilteacht plandaí

 

 

Úsáid fuinnimh agus foinsí fuinnimh (e.g. fuinneamh in-athnuaite)

 

 

Dramhaíl agus iarmhair (e.g., dramhaíl eastóscach, saoráid dramhaíola, bainistíocht fuíll)

 

 

Eile

 


Tabhair le fios cé acu atá an tionscadal lonnaithe i limistéir a chosnaítear de bhun Threoir 92/43/CEE  (3) ón gComhairle nó Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (4) (Natura 2000) nó nach bhfuil.

Níl

Go sonrach, i gcás tionscadail phróiseála agus athchúrsála atá lonnaithe i limistéir a chosnaítear de bhun Threoir 92/43/CEE nó Threoir 2009/147/CE (Natura 2000):

Tabhair tuairisc ar na limistéir eile atá iomchuí ar bhonn teicniúil agus a ndearnadh measúnú orthu agus ar na fáthanna nach meastar gur suíomhanna iomchuí iad na suíomhanna malartacha sin le haghaidh an tionscadail i gcomhréir le hAirteagal 7(1), pointe (i) de Rialachán (AE) 2024/1252.

 

Go sonrach, i gcás tionscadail i dtríú tíortha nó i dtíortha agus críocha thar lear lena mbaineann eastóscadh:

Tabhair plean agus achoimre ar an bplean sin chun feabhas a chur ar bhail na láithreán dá ndéanfar difear ó thaobh an chomhshaoil de tar éis dheireadh an tsaothraithe, d’fhonn an bhail a bhí air ó thaobh an chomhshaoil de roimhe sin a athbhunú agus an indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch á cur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 7(1), pointe (h) den Rialachán (AE) 2024/1252.

 

(b)   Gnéithe sóisialta

Tabhair achoimre ar an gcaoi a gcoiscfear agus a n-íoslaghdófar drochthionchair shóisialta trí chleachtais atá freagrach ar bhonn sóisialta a úsáid lena n-áirítear meas ar chearta an duine, ar phobail dhúchasacha agus ar chearta oibrithe, go háirithe i gcás athlonnú neamhdheonach.

 


Tabhair plean agus achoimre ar an bplean sin ina mbeidh bearta chun glacadh an phobail a éascú lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, bearta chun éascú a dhéanamh ar rannpháirtíocht fhónta agus rannpháirteachas gníomhach na bpobal dá ndéantar difear, bealaí cumarsáide athfhillteacha a bhunú le pobail áitiúla, eagraíochtaí, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, agus údaráis ábhartha, agus feachtais múscailte feasachta agus faisnéise agus sásraí ionchasacha um maolú agus um chúiteamh a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 7(1), pointe (d) de Rialachán (AE) 2024/1252.

 


Tabhair meastachán ar acmhainneacht an tionscadail chun poist ardcháilíochta a chruthú agus ar riachtanais an tionscadail ó thaobh lucht saothair oilte de agus tabhair plean oibre chun tacú le huas-sciliú agus athsciliú agus chun ionadaíocht chuimsitheach an luchta saothair a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 7(1), pointe (g) de Rialachán (AE) 2024/1252.

 

I gcás tionscadail a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do phobail dhúchasacha:

Tabhair plean agus achoimre ar an bplean sin ina mbeidh bearta atá tiomnaithe do chomhairliúchán fónta leis na pobail dhúchasacha dá ndéantar difear, faoi chosc agus íoslaghdú na ndrochthionchar ar chearta pobal dúchasach agus, i gcás inarb iomchuí, faoi chúiteamh cóir do na daoine sin, mar aon le bearta chun aghaidh a thabhairt ar thorthaí an chomhairliúcháin i gcomhréir le hAirteagal 7(1), pointe (j), de Rialachán (AE) 2024/1252.

 

(c)   Gnéithe a bhaineann leis an rialachas

Tabhair achoimre ar an gcaoi a n-úsáidfear cleachtais thrédhearcacha ghnó lena ngabhann beartais leordhóthanacha comhlíontachta sa tionscadal chun drochthionchair ar fheidhmiú an riaracháin phoiblí a chosc agus a íoslaghdú, lena n-áirítear bearta in aghaidh na breabaireachta agus an éillithe.

 

(4)   Buntáistí trasteorann / buntáistí frithpháirteacha le haghaidh an Aontais agus tríú tíortha

I gcás tionscadail de chuid an Aontais:

Tabhair tuairisc air má tá gnóthais ó Bhallstáit éagsúla rannpháirteach sa tionscadal.

 


Tabhair tuairisc air má tá ceannaitheoirí ionchasacha lonnaithe i níos mó ná Ballstát amháin freisin.

 


Tabhair tuairisc ar na héifeachtaí ar infhaighteacht amhábhar straitéiseach le haghaidh úsáideoirí iartheachtacha i níos mó ná Ballstát amháin.

 


Tabhair tuairisc air má tá buntáistí trasteorann eile ann lasmuigh den Bhallstát lena mbaineann, lena n-áirítear le haghaidh earnálacha iartheachtacha;

 

I gcás tionscadail i dtríú tíortha ar geilleagair margaidh i mbéal forbartha nó geilleagair éiritheacha iad:

Tabhair tuairisc ar an gcaoi a neartódh an tionscadal níos mó ná céim amháin den slabhra luacha amhábhar sa tríú tír ábhartha nó ina réigiún i gcoitinne.

 


Tabhair tuairisc ar an gcaoi a gcothódh an tionscadal an infheistíocht phríobháideach sa slabhra luacha amhábhar intíre sa tríú tír ábhartha.

 


Tabhair tuairisc ar an gcaoi a rannchuideodh an tionscadal le sochair eacnamaíocha nó shóisialta níos leithne a chruthú, lena n-áirítear fostaíocht a chruthú.

 


Tabhair tuairisc air má tá aon bhuntáiste frithpháirteach eile ann don Aontas nó don tríú tír lena mbaineann trí bhreisluach a chur ar mhéadú sa tríú tír sin.

 

ROINN 3: Doiciméid tacaíochta, faisnéis bhreise agus fianú

Soláthair na doiciméid tacaíochta seo a leanas i ndáil leis na ráitis a rinneadh i Roinn 2, má tá siad ar fáil.

Doiciméid

Cineál tionscadail

Foroinn laistigh de Roinn 2

Doiciméadacht tríú páirtí maidir leis na modhanna a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar íonacht na tiúchana, ar an aicmiú acmhainne agus ar an leibhéal iontaoibhe sna meastacháin acmhainne.

I gcás tionscadail eastósctha amháin

(1)(a)

Doiciméadacht maidir leis na hionchuir ábhair agus ar na modhanna a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an gcion amhábhair straitéisigh le haghaidh gach céime táirgthe.

I gcás tionscadail phróiseála agus athchúrsála amháin

(1)(a)

Doiciméadacht ar acmhainn nuálaíochta an tionscadail.

I gcás tionscadail ionadaíochta amháin

(1)(a)

Léaráid faoi rialú dlíthiúil an tionscnóra tionscadail agus faoi struchtúr úinéireachta an tionscadail ina léirítear róil agus cearta gach gnóthais.

Tionscadail uile

(1)(b)

Plean gnó lena ndéantar meastóireacht ar inmharthanacht airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 7(1), pointe (f) de Rialachán (AE) 2024/1252.

Tionscadail uile

(1)(c)

Tuarascáil díchill chuí ó thríú páirtí atá neamhspleách ó thaobh an airgeadais de maidir leis na príomhrioscaí a bhaineann leis an bplean gnó (lena n-áirítear rioscaí margaidh, rioscaí creidmheasa agus rioscaí leachtachta).

Tionscadail uile

(1)(c)

Staidéir atá ar fáil maidir le haibíocht theicneolaíoch an tionscadail.

Tionscadail uile

(2)(a)

Aon doiciméadacht bhreise ábhartha maidir le stádas oibríochtúil an tionscadail.

Tionscadail uile

(2)(b)

Doiciméadacht maidir le comhlíonadh aon scéime deimhniúcháin idirnáisiúnta nó aon chaighdeáin ábhartha.

Tionscadail uile

(3)

Tabhair tuairisc ar na suíomhanna eile atá iomchuí ar bhonn teicniúil agus a ndearnadh measúnú orthu agus ar na fáthanna nach meastar gur suíomhanna iomchuí iad na suíomhanna malartacha sin le haghaidh an tionscadail i gcomhréir le hAirteagal 7(1), pointe (i) de Rialachán (AE) 2024/1252.

Tionscadail phróiseála agus athchúrsála atá lonnaithe i limistéir a chosnaítear de bhun Threoir 92/43/CEE nó de bhun Threoir 2009/147/CE (Natura 2000)

(3)(a)

Plean chun feabhas a chur ar bhail na láithreán dá ndéantar difear ó thaobh an chomhshaoil de tar éis dheireadh an tsaothraithe, d’fhonn an bhail a bhí orthu ó thaobh an chomhshaoil de roimhe sin a athbhunú agus an indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch á cur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 7(1), pointe (h) de Rialachán (AE) 2024/1252.

Tionscadail i dtríú tíortha nó i dtíortha agus críocha thar lear lena mbaineann eastóscadh

(3)(a)

Sleachta ábhartha nó doiciméid achoimre ar Mheasúnú ar an Tionchar an an gComhshaol, ar Mheasúnú Straitéiseach ar an gComhshaol nó ar thuarascálacha comhchosúla ar mheasúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol atá ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar na tionchair ar an gcomhshaol agus chun na tionchair sin a chosc agus a íoslaghdú.

Tionscadail uile

(3)(a)

Plean ina mbeidh bearta chun glacadh an phobail a éascú lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, bearta chun éascú a dhéanamh ar rannpháirtíocht fhónta agus rannpháirteachas gníomhach na bpobal dá ndéantar difear, bealaí cumarsáide athfhillteacha a bhunú le pobail áitiúla, eagraíochtaí, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, agus údaráis ábhartha, agus feachtais múscailte feasachta agus feachtais faisnéise agus sásraí ionchasacha um maolú agus um chúiteamh a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 7(1), pointe (d) de Rialachán (AE) 2024/1252.

Tionscadail uile

(3)(b)

Plean ina bhfuil bearta atá tiomnaithe do chomhairliúchán fónta leis na pobail dhúchasacha dá ndéantar difear, faoi na drochthionchair ar chearta pobal dúchasach a chosc agus a laghdú agus, i gcás inarb iomchuí, faoi chúiteamh cóir do na daoine sin, mar aon le bearta chun aghaidh a thabhairt ar thorthaí an chomhairliúcháin i gcomhréir le hAirteagal 7(1), pointe (j) de Rialachán (AE) 2024/1252.

Tionscadail a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do phobail dhúchasacha

(3)(b)

Aon doiciméadacht bhreise ábhartha maidir le hinbhuanaitheacht an tionscadail.

Tionscadail uile

(3)


Tabhair aon bharúil nó aon fhaisnéis ábhartha eile faoin tionscadal is ábhar don iarratas nár tugadh thuas, mar shampla, faoi mhaoiniú a fuarthas cheana ón Aontas.

 

Dearbhaíonn an tionscnóir tionscadail, dá ndéanann an duine a ainmnítear sa tábla thíos ionadaíocht, a mhéid is eol dó, go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas seo fíor, ceart ó thaobh fíoras de agus iomlán, gur soláthraíodh na doiciméid a éilítear leis an iarratas seo agus go bhfuil na doiciméid sin barántúil agus iomlán, go sainaithnítear na meastacháin a sholáthraítear amhlaidh agus gurb iad na meastacháin is fearr ar na bunfhíorais, agus go bhfuil na tuairimí uile a thugtar ann neamhchlaonta agus macánta:

Ainm iomlán

Ríomhphost

Dáta

 

 

 


(1)  I gcás tionscadail atá lonnaithe san Aontas: Chun a léiriú go gcomhlíontar dlí ábhartha an Aontais nó an dlí ábhartha náisiúnta, tabhair doiciméad achoimre agus sleachta ábhartha ó Thuarascáil ar Mheasúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol, ó thuarascáil ar Mheasúnú Straitéiseach ar an gComhshaol nó ó thuarascáil chomhchosúil ar mheasúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol mar dhoiciméad breise, má tá siad ar fáil.

(2)  I gcás tionscadail atá lonnaithe i dtríú tíortha nó i dtíortha agus críocha thar lear: Chun a léiriú go gcomhlíontar an dlí náisiúnta infheidhme i gcás ina soláthraítear dearbhú leormhaith trí bhíthin an dlí náisiúnta sin go gcomhlíontar an critéar nó gné den chritéar agus chun a léiriú go gcomhlíontar na hionstraimí idirnáisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn III, pointe 5 a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1252, tabhair doiciméad achoimre agus sleachta ábhartha ó thuarascáil ar Mheasúnú ar an Tionchar an an gComhshaol, ó thuarascáil ar Mheasúnú Straitéiseach ar an gComhshaol nó ó thuarascáil chomhchosúil ar mheasúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol, má tá siad ar fáil.

(3)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj).

(4)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/147/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2194/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top