Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2173

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2173 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a mhéid a bhaineann le cruthúnas tionscnaimh le haghaidh taraif-chuótaí áirithe in earnáil na héanlaithe clóis agus a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le lua ar dheimhnithe tionscnaimh digiteacha

C/2025/7203

IO L, 2025/2173, 30.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2173/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2173/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2173

30.10.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2173 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Deireadh Fómhair 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a mhéid a bhaineann le cruthúnas tionscnaimh le haghaidh taraif-chuótaí áirithe in earnáil na héanlaithe clóis agus a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le lua ar dheimhnithe tionscnaimh digiteacha

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 187 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na rialacha maidir le bainistiú na dtaraif-chuóta ar allmhairí agus onnmhairí maidir le táirgí talmhaíochta a bhainistítear le córas ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus chuige sin déantar foráil ann maidir le rialacha sonracha.

(2)

Ceanglaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 deimhniú tionscnaimh a chur isteach le haghaidh taraif-chuótaí 09.4410 agus 09.4420 ó bhí an 1 Meitheamh 2021 ann. Roimh an dáta sin, bhí cead ag oibreoirí an tionscnamh a chruthú trí chonradh soláthair a thaispeáint. Ba chosúil go raibh deacrachtaí agus moilleanna áirithe ag oibreoirí de dheasca an cheanglais deimhniú tionscnaimh a chur isteach. Chun na deacrachtaí agus na moilleanna sin a shárú, is iomchuí filleadh ar na ceanglais a bhí ann roimhe agus ligean d’oibreoirí conarthaí soláthair a chur isteach mar chruthúnas tionscnaimh.

(3)

An oibleagáid ar dá réir nach mór sraithuimhir an cheadúnais allmhairiúcháin arna eisiúint ag aon Bhallstát dá dtagraíonn an doiciméad a bheith ar dheimhniú tionscnaimh digiteach, ba cheart í a scriosadh chun an úsáid a bhaineann oibreoirí an Aontais as na cruthúnais tionscnaimh agus ceadúnais allmhairiúcháin comhfhreagrach sin a rianú.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a leasú dá réir sin.

(5)

Ba cheart a cheangal ar oibreoirí an Aontais na conarthaí soláthair a chur faoi bhráid údaráis inniúla eisiúna ceadúnas na mBallstát agus a n-iarratais ar cheadúnais allmhairiúcháin le haghaidh taraif-chuótaí 09.4410 agus 09.4420 á gcur isteach acu. Ní fhéadfar feidhm chúlghabhálach a bheith ag an gceanglas sin maidir le ceadúnais arna n-eisiúint roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, chun aistriú rianúil a áirithiú ó úsáid deimhnithe tionscnaimh ag custaim go húsáid conarthaí soláthair tráth an iarratais ar cheadúnas, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach amháin ón gcéad tréimhse iarratais ar cheadúnas tar éis na tréimhse 90 lá tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart deimhnithe tionscnaimh a bheith ag gabháil fós le ceadúnais arna n-eisiúint roimh an dáta sin.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn XII, leasaítear na táblaí a thagraíonn do na taraif-chuótaí dar sraithuimhreacha 09.4410 agus 09.4420 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an bhosca ‘Cruthúnas tionscnaimh tráth an iarratais ar cheadúnas’:

 

Cruthúnas tionscnaimh tráth an iarratais ar cheadúnas. Má tá, an comhlacht atá údaraithe lena eisiúint

 

Tá. Conradh soláthair ina sonraítear go bhfuil na soláthairtí éanlaithe clóis arna n-iarraidh ar fáil lena seachadadh laistigh den Aontas le linn thréimhse an chuóta ón tionscnamh agus le haghaidh na cainníochta arna hiarraidh’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an bhosca ‘Cruthúnas tionscnaimh le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht’:

 

Cruthúnas tionscnaimh le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht

 

Níl’

(2)

in Iarscríbhinn XVII, scriostar pointe 4(d)(i), de na Réamhnótaí.

Airteagal 2

Rialacha idirthréimhseacha

Ceadúnais arna n-eisiúint roimh theacht i bhfeidhm na bhforálacha leasaitheacha a leagtar síos in Airteagal 1, beidh ag gabháil leo deimhnithe tionscnaimh atá le taispeáint do na húdaráis chustaim chun earraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón gcéad tréimhse iarratais ar cheadúnas tar éis na tréimhse 90 lá tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas bainistíochta na dtaraif-chuótaí le ceadúnais (IO L 185, 12.6.2020, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/761/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2173/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top