Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2148

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2148 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2025 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh na hIndia agus na Tuirce

C/2025/7019

IO L, 2025/2148, 24.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2148/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2148/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2148

24.10.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2148 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Deireadh Fómhair 2025

lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh na hIndia agus na Tuirce

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagail 9 agus 14(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 (2) ón gCoimisiún, d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh na hIndia agus na Tuirce.

(2)

San imscrúdú a raibh sé mar thoradh air dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur, úsáideadh sampláil agus imscrúdú á dhéanamh ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

(3)

I mí Iúil 2025, chuaigh grúpa Bien & Qua, grúpa de tháirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte de chuid na Tuirce ar cuireadh a dtáirgí faoi réir na dleachta frithdhumpála aonair 4,8 %, i dteagmháil leis an gCoimisiún, agus chuir siad earráid maidir leis an gcaoi a raibh ainmneacha a dtáirgeoirí onnmhairiúcháin le feiceáil sa bhun-Rialachán in iúl dó. Deimhníodh le hanailís nua ar na doiciméid a chuir an grúpa isteach cheana le linn an imscrúdaithe bunaidh, is é sin a nAirteagail Chomhlachais, gur mílitríodh ainmneacha na bpáirtithe sa bhun-Rialachán.

(4)

I bhfianaise an mhéid thuas, meastar gur gá an bun-Rialachán a leasú go cúlghabhálach ó lá a theacht i bhfeidhm chun ainmneacha cearta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ábhartha a léiriú, is iad sin Qua Granite Hayal Yapi ve Ürünleri Sanayi Ticaret A.Ş. agus Bien Yapi Ürünleri Sanayi Turizm ve Ticaret A.Ş..

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 mar a leanas:

In ionad ‘An Tuirc

Qua Granite ve Hayal Yapi Ürünleri San. Tic. A.Ş.;

Bien Yapi Ürünleri San. Tic. A.Ş.

4,8 %

C901’,

cuirtear

‘An Tuirc

Qua Granite Hayal Yapi ve Ürünleri Sanayi Ticaret A.Ş.; Bien Yapi Ürünleri Sanayi Turizm ve Ticaret A.Ş.

4,8 %

C901’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 11 Feabhra 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh na hIndia agus na Tuirce (IO L 41, 10.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/265/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2148/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top