Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2104

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2104 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2029 a mhéid a bhaineann le hathruithe riaracháin ar an údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil CVAS Disinfectant product based on Propan-2-ol

C/2025/6970

IO L, 2025/2104, 22.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2104/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2104/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2104

22.10.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2104 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Deireadh Fómhair 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2029 a mhéid a bhaineann le hathruithe riaracháin ar an údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil ‘CVAS Disinfectant product based on Propan-2-ol’

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 50(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Samhain 2019 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2029 ón gCoimisiún (2), rinneadh údarú Aontais a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0020461-0000 aige a dheonú do CVAS Development GmbH chun ‘CVAS Disinfectant product based on Propan-2-ol’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid. Soláthraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil sin.

(2)

An 30 Samhain 2022 agus an 11 Feabhra 2025, chuir CVAS Development GmbH fógraí faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’), i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún (3), maidir le hathruithe riaracháin ar an údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil ‘CVAS Disinfectant product based on Propan-2-ol’, dá dtagraítear i dTeideal 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin. Rinneadh taifead de na fógraí faoi chás-uimhreacha BC-QB082302-54 agus BC-CC104178-64 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha (‘Clár’). Baineann na hathruithe atá beartaithe ar an údarú sin agus ar tugadh fógra ina leith le hathruithe ar sheoladh shealbhóir an údaraithe, le hathruithe ar sheoladh duine de mhonaróirí an táirge bhithicídigh agus le dhá láithreán táirgthe eile a chur leis an údarú.

(3)

An 10 Eanáir 2023 agus an 18 Márta 2025, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013, chuir an Ghníomhaireacht tuairimí (4) faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na hathruithe riaracháin faoina dtugtar fógra ar an údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil ‘CVAS Disinfectant product based on Propan-2-ol’. Sna tuairimí uaithi, is é conclúid na Gníomhaireachta maidir leis na hathruithe atá beartaithe gur athruithe riaracháin iad dá dtagraítear in Airteagal 50(3), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus a shonraítear i dTeideal 1, Ranna 1 agus 2, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013, agus go gcomhlíonfar coinníollacha Airteagal 19 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 528/2012 go fóill tar éis na hathruithe sin a bheith curtha chun feidhme.

(4)

An 18 Márta 2025, sheol an Ghníomhaireacht achoimre athbhreithnithe ar shaintréithe an táirge bhithicídigh maidir leis an údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil ‘CVAS Disinfectant product based on Propan-2-ol’ chuig an gCoimisiún i dteangacha oifigiúla uile an Aontais lena gcumhdaítear na hathruithe riaracháin uile ar cuireadh iarratas isteach ina leith, i gcomhréir le hAirteagal 11(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013.

(5)

Comhaontaíonn an Coimisiún leis na tuairimí ón nGníomhaireacht agus dá bhrí sin, measann sé gurb iomchuí an t-údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil ‘CVAS Disinfectant product based on Propan-2-ol’ a leasú chun na hathruithe riaracháin a d’iarr CVAS Development GmbH a thabhairt isteach.

(6)

Ach amháin i gcás na leasuithe maidir leis na hathruithe riaracháin, an fhaisnéis eile uile atá san achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh ‘CVAS Disinfectant product based on Propan-2-ol’ a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2029, fanann sí gan athrú.

(7)

Chun an tsoiléireacht a fheabhsú agus chun go mbeidh rochtain níos éasca ag úsáideoirí agus páirtithe leasmhara ar an leagan comhdhlúite den achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh atá le foilsiú ag an nGníomhaireacht, ba cheart Iarscríbhinn iomlán nua a chur in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2029. I ngeall ar athrú ar an bhformáid a úsáidtear chun an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a ghiniúint sa Chlár i mí Feabhra 2024, ba cheart roinnt mionathruithe eagarthóireachta agus mionathruithe ar an leagan amach a áireamh san achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh san Iarscríbhinn sin freisin.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2029 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2029.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2029 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil ‘CVAS Disinfectant product based on Propan-2-ol’ (IO L 313, 4.12.2019, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2029/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 maidir le hathruithe táirgí bithicídeacha arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 109, 19.4.2013, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/354/oj).

(4)  Tuairimí ó ECHA an 10 Eanáir 2023 agus an 18 Márta 2025 maidir le hathruithe riaracháin ar údarú Aontais an táirge bhithicídigh shingil ‘CVAS Disinfectant product based on Propan-2-ol’, Tuairimí N° UAD-C-1635714-34-00/F agus UAD-C-1810381-35-00/F https://echa.europa.eu/documents/10162/3443008/opinion_for_ua-admin_changes_bc-qb082302-54_en.pdf/4d1b6b3f-e7d9-1891-c6f8-d33708602bd0?t=1686103139710 agus https://echa.europa.eu/documents/10162/95571017/ua_adc_echa-opinion_bc-cc104178-64_en.pdf/cbae0e96-6933-67ee-5d70-0da3e1fd6a0e?t=1742289737846.


IARSCRÍBHINN

Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh táirge bithicídeach

CVAS Disinfectant product based on Propan-2-ol

Cineál nó cineálacha táirge

PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe

PT04: Limistéar bia agus beatha

Uimhir an údaraithe: EU-0020461-0000

Uimhir sócmhainne R4BP: EU-0020461-0000

Caibidil 1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   Trádainm/trádainmneacha an táirge

Trádainm/trádainmneacha

CVAS Disinfectant product based on Propan-2-ol

calgonit DS 622

R 3000 SCHNELLDESINFEKTION

IPADES 70

Alpha Septin

Blu-Sept

Disinfect home

Schnell Des

Disinfect Rapid

Bakt-Ex Pur

Bakt-Ex Rapid

ROTIE-DES quick

Bactazol I

Dezynfektator

EOSSAN-Desinfektionsspray-Fluid

FS-7-Spray

Gartengeräte Hygiene Spray

NeudoClean Hygiene Spray

1.2.   Sealbhóir an údaraithe

Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe

Ainm

CVAS Development GmbH

Seoladh

Am Hafen 16 68526 Ladenburg An Ghearmáin

Uimhir an údaraithe

 

EU-0020461-0000

Uimhir sócmhainne R4BP

 

EU-0020461-0000

Dáta an údaraithe

 

an 24 Nollaig 2019

Dáta éaga an údaraithe

 

an 30 Samhain 2029

1.3.   Monaróir/monaróirí an táirge

Ainm an mhonaróra

Brenntag GmbH

Seoladh an mhonaróra

Messeallee 11 45131 Essen An Ghearmáin

Suíomh na láithreán monaraíochta

Brenntag GmbH Am Nordseekai 22 73207 Plochingen An Ghearmáin


Ainm an mhonaróra

ACT GmbH

Seoladh an mhonaróra

Weidenweg 12 73087 Bad Boll An Ghearmáin

Suíomh na láithreán monaraíochta

ACT GmbH Weidenweg 12 73087 Bad Boll An Ghearmáin


Ainm an mhonaróra

Meyer Chemie GmbH & Co. KG

Seoladh an mhonaróra

Werkstr 25 32130 Enger An Ghearmáin

Suíomh na láithreán monaraíochta

Meyer Chemie GmbH & Co. KG Werkstr 25 32130 Enger An Ghearmáin


Ainm an mhonaróra

Calvatis GmbH

Seoladh an mhonaróra

Am Hafen 16 68526 Ladenburg An Ghearmáin

Suíomh na láithreán monaraíochta

Calvatis GmbH Am Hafen 16 68526 Ladenburg An Ghearmáin


Ainm an mhonaróra

Arthur Schopf Hygiene GmbH & Co. KG

Seoladh an mhonaróra

Pfaffensteinstr. 1 83115 Neubeuern An Ghearmáin

Suíomh na láithreán monaraíochta

Arthur Schopf Hygiene GmbH & Co. KG Pfaffensteinstr. 1 83115 Neubeuern An Ghearmáin

1.4.   Monaróir/monaróirí na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha

Substaint ghníomhach

Propan-2-ol

Ainm an mhonaróra

Shell Nederland Raffinaderij B.V.

Seoladh an mhonaróra

Vondelingenweg 601 3196 KK, Vodelingenenplaat Rotterdam An Ísiltír

Suíomh na láithreán monaraíochta

Shell Nederland Raffinaderij B.V. site 1 Vondelingenweg 601 3196 KK, Vodelingenenplaat Rotterdam An Ísiltír


Substaint ghníomhach

Propan-2-ol

Ainm an mhonaróra

ExxonMobil

Seoladh an mhonaróra

4999 Scenic Highway LA 70897 Baton Rouge, Louisana Na Stáit Aontaithe

Suíomh na láithreán monaraíochta

ExxonMobil site 1 4999 Scenic Highway LA 70897 Baton Rouge, Louisana Na Stáit Aontaithe


Substaint ghníomhach

Propan-2-ol

Ainm an mhonaróra

INEOS Solvents Germany GmbH

Seoladh an mhonaróra

Römerstraße 733 47443 Moers An Ghearmáin

Suíomh na láithreán monaraíochta

INEOS Solvents Germany GmbH site 1 Römerstraße 733 47443 Moers An Ghearmáin

Caibidil 2.   COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TÁIRGE

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an táirge

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Propan-2-ol

 

Substaint ghníomhach

67-63-0

200-661-7

61,25 % (w/w)

2.2.   Cineál/cineálacha foirmlithe

Aon leacht eile (réidh le húsáid)

Caibidil 3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM

Ráitis ghuaise

H225: Leacht an-inadhainte agus gal an-inadhainte.

H319: Ina chúis le greannú tromchúiseach don tsúil.

H336: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le codlatacht nó le meadhrán.

EUH066: D’fhéadfadh tirimeacht craicinn nó scoilteadh craicinn a bheith mar thoradh ar ilnochtadh.

Ráitis réamhchúraim

P101: Más gá comhairle liachta, bíodh coimeádán nó lipéad an táirge ina aice láimhe.

P102: Coimeád as aimsiú leanaí.

P210: Coimeád amach ó theas, dromchlaí te, spréacha, lasracha oscailte agus foinsí adhainte eile. Ná caitear tobac.

P233: Coimeád an coimeádán dúnta go docht.

P261: Seachain gala a análú.

P271: Úsáid amuigh faoin aer nó i limistéar dea-aerálaithe amháin.

P280: Caith súilchosaint.

P305+P351+P338: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS NA SÚILE: Sruthlaítear go faichilleach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú.

P312: Cuir glao ar IONAD NIMHIÚCHÁIN má bhraitheann tú tinn.

P337+P313: Má mhaireann an greannú súile: Faigh comhairle.

P403+P235: Stóráil in áit dhea-aeráilte. Coimeád fionnuar é.

P405: Stóráil faoi ghlas.

P501: Diúscair ábhar i /an coimeádán de réir rialacháin áitiúla.

P264: Nigh do lámha go lánchúramach tar éis láimhsithe.

P303+P361+P353: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS AN gCRAICEANN (nó le gruaig): Bain díot láithreach na héadaí éillithe go léir. Sruthlaítear an craiceann le huisce [nó glac cithfholcadh].

P304+P340: MÁ IONANÁLAÍTEAR É: Tabhair an duine amach faoin aer úr agus cinntigh go bhfuil an duine in ann análú go compordach.

P370+P378: I gcás dóiteáin: Úsáid cúr frithsheasmhach in aghaidh alcóil le haghaidh múchta.

Caibidil 4.   ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE

4.1.   Tuairisc úsáide

Tábla 1

Úsáid 1 - Dífhabhtú dromchlaí beaga le táirge chineál 2 ag úsáideoirí neamhghairmiúla

An cineál táirge

PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe

I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm eolaíoch: Baictéir

Gnáthainm: Baictéir

Céim na forbartha: Gach

Ainm eolaíoch: Giostaí

Gnáthainm: Giostaí

Céim na forbartha: Gach

Réimse (nó réimsí) úsáide

Úsáid laistigh

Dífhabhtú dromchlaí neamhphóiriúla in áiteanna sa bhaile.

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Spraeáil / Spraeáil agus cuimilt / Doirteadh agus cuimilt

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Spraeáil (le spraeire truicir nó sprae caidéil)

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Ráta úsáide:

40-50 mL/m2

Airí uainithe:

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

An pobal i gcoitinne (neamhghairmiúil)

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

1.

Buidéal: Poileitiléin ard-dlúis (HDPE, 250-1 000 mL

2.

Buidéal le caidéal sprae míncheo nó ceann sprae truicir: HDPE, 250-1 000 mL

4.1.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Caithfidh an sealbhóir údaráis an gnáthráta curtha a shonrú i bhfoirm shimplí atá éasca a thuiscint ar an lipéad.

Sprae truicir: Cuir 20 stríoc sprae in aghaidh an 0,5 m2.

Sprae caidéil: Cuir 3 scaird in aghaidh an 100 cm2.

Buidéal: Cuir cupáin tomhais amháin in aghaidh an m2

4.1.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach roinn 5.2.

4.1.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach roinn 5.3.

4.1.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach roinn 5.4.

4.1.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach roinn 5.5.

4.2.   Tuairisc úsáide

Tábla 2

Úsáid 2 – Dífhabhtú dromchlaí beaga letáirge chineál 2 ag úsáideoirí gairmiúla

An cineál táirge

PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe

I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm eolaíoch: Baictéir

Gnáthainm: Baictéir

Céim na forbartha: Gach

Ainm eolaíoch: Giostaí

Gnáthainm: Giostaí

Céim na forbartha: Gach

Réimse (nó réimsí) úsáide

Úsáid laistigh

Dífhabhtú dromchlaí neamhphóiriúla in earnáil na tionsclaíochta, fiontair bheaga, institiúidí agus in áiteanna sa bhaile.

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Spraeáil / Spraeáil agus cuimilt / Doirteadh agus cuimilt

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Spraeáil (le spraeire truicir nó sprae caidéil)

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Ráta úsáide:

40-50 mL/m2

Airí uainithe:

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

1.

Buidéal: HDPE, 250-1 000 mL

2.

Buidéal le caidéal sprae míncheo nó ceann sprae truicir: HDPE, 250-1 000 mL

3.

Coimeádáin idirmheánacha bhuilc (CIB): HDPE, 720 L

4.

Druma: Cruach, sincbhrataithe agus péinteáilte, 200-220 L

5.

Ceanastar: HDPE, 5-50 L

4.2.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Féach roinn 5.1.

4.2.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

1.

Is féidir an beart maolaithe riosca pearsanta a leanas a chur san áireamh maidir le dífhabhtú meaisínithe próiseála bia agus maidir le gnásanna athlíonta seachas más féidir bearta teicniúla agus / nó eagraíochta a chur ina ionad: Moltar úsáid a bhaint as cosaint súl agus an táirge á láimhsiú.

2.

Caithfear an táirge a chur chun limistéir bheaga a dhífhabhtú amháin.

4.2.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach roinn 5.3.

4.2.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach roinn 5.4.

4.2.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach roinn 5.5.

4.3.   Tuairisc úsáide

Tábla 3

Úsáid 3 - Dífhabhtú dromchlaí beaga i dtáirge chineál 4 ag úsáideoirí neamhghairmiúla

An cineál táirge

PT04: Limistéar bia agus beatha

I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm eolaíoch: Baictéir

Gnáthainm: Baictéir

Céim na forbartha: Gach

Ainm eolaíoch: Giostaí

Gnáthainm: Giostaí

Céim na forbartha: Gach

Réimse (nó réimsí) úsáide

Úsáid laistigh

Dífhabhtú dromchlaí neamhphóiriúla i gcistineacha.

Dífhabhtú trealaimh garraíodóireachta chun críocha sláinteachas daonna amháin.

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Spraeáil / Spraeáil agus cuimilt / Doirteadh agus cuimilt

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Spraeáil (le spraeire truicir nó sprae caidéil)

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Ráta úsáide:

40-50 mL/m2

Airí uainithe:

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

An pobal i gcoitinne (neamhghairmiúil)

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

1.

Buidéal: HDPE, 250-1 000 mL

2.

Buidéal le caidéal sprae míncheo nó ceann sprae truicir: HDPE, 250-1 000 mL

4.3.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

1.

Le húsáid ag teocht an tseomra (20±2 °C).

2.

Caithfidh an sealbhóir údaráis an gnáthráta curtha a shonrú i bhfoirm shimplí atá éasca a thuiscint ar an lipéad.

Sprae truicir: Cuir 20 stríoc sprae in aghaidh an 0,5 m2.

Sprae caidéil: Cuir 3 scaird in aghaidh an 100 cm2.

Buidéal: Cuir cupáin tomhais amháin in aghaidh an m2

3.

Dífhabhtú trealaimh garraíodóireachta chun críocha sláinteachas daonna amháin.

4.

Dífhabhtaigh trealamh garraíodóireachta laistigh amháin.

4.3.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach roinn 5.2.

4.3.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach roinn 5.3.

4.3.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach roinn 5.4.

4.3.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach roinn 5.5.

4.4.   Tuairisc úsáide

Tábla 4

Úsáid 4 – Dífhabhtú dromchlaí beaga letáirge chineál 4 ag úsáideoirí gairmiúla

An cineál táirge

PT04: Limistéar bia agus beatha

I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm eolaíoch: Baictéir

Gnáthainm: Baictéir

Céim na forbartha: Gach

Ainm eolaíoch: Giostaí

Gnáthainm: Giostaí

Céim na forbartha: Gach

Réimse (nó réimsí) úsáide

Úsáid laistigh

Dífhabhtú dromchlaí neamhphóiriúla i gceaintíní nó cistineacha, sa tionscal próiseála bia (lena n-áirítear grúdlanna).

Dífhabhtú trealaimh garraíodóireachta chun críocha sláinteachas daonna amháin.

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Spraeáil / Spraeáil agus cuimilt / Doirteadh agus cuimilt

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Spraeáil (le spraeire truicir nó sprae caidéil)

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Ráta úsáide:

40-50 mL/m2

Airí uainithe:

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

1.

Buidéal: HDPE, 250-1 000 mL

2.

Buidéal le caidéal sprae míncheo nó ceann sprae truicir: HDPE, 250-1 000 mL

3.

CIB: HDPE, 720 L

4.

Druma: Cruach, sincbhrataithe agus péinteáilte, 200-220 L

5.

Ceanastar: HDPE, 5-50 L

4.4.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

1.

Le húsáid ag teocht an tseomra (20±2 °C).

2.

Dífhabhtú trealaimh garraíodóireachta chun críocha sláinteachas daonna amháin.

3.

Dífhabhtaigh trealamh garraíodóireachta laistigh amháin.

4.4.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

1.

Cuir aeráil leordhóthanach ar fáil (aeráil thionsclaíoch nó coimeád fuinneoga agus dorais ar oscailt).

2.

Caithfear an táirge a chur chun limistéir bheaga a dhífhabhtú amháin.

3.

Is féidir an beart maolaithe riosca pearsanta a leanas a chur san áireamh maidir le dífhabhtú meaisínithe próiseála bia agus maidir le gnásanna athlíonta seachas más féidir bearta teicniúla agus / nó eagraíochta a chur ina ionad: Moltar úsáid a bhaint as cosaint súl agus an táirge á láimhsiú.

4.4.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach roinn 5.3.

4.4.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach roinn 5.4.

4.4.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach roinn 5.5.

Caibidil 5.   TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1)

5.1.   Treoracha úsáide

1.

Glan dromchlaí roimh úsáid.

2.

Cuir an táirge neamhchaolaithe ar an dromchla tríd an táirge a spraeáil. Cinntigh go bhfliuchtar dromhclaí go hiomlán. Lig don táirge oibriú ar feadh 15 nóiméad ar a laghad.

3.

Cuir an táirge neamhchaolaithe ar an dromchla tríd an táirge a spraeáil / doirteadh agus tríd an dromhchla a chuimilt ina dhiaidh. Cinntigh go bhfliuchtar dromhclaí go hiomlán. Lig don táirge oibriú ar feadh 5 nóiméad ar a laghad.

4.

Ná cuir níos mó ná 50 mL/m2.

5.

Caithfear ceirtíní a dhiúscairt i gcoimeádán iata.

6.

D’úsáideoirí neamhghairmiúla amháin: Ná cuir níos mó ná 4 huaire in aghaidh an lae.

5.2.   Bearta maolaithe riosca

1.

Coinnigh amach ó leanaí agus ó pheataí.

2.

Seachain teagmháil leis na súile.

3.

Ná cuir an táirge nuair atá leanaí beaga i láthair.

4.

Coimeád leanaí agus peataí amuigh ó sheomraí, ina bhfuil dífhabhtú ar siúl. Cuir aeráil leordhóthanach ar fáil sula dtéann leanaí isteach i seomraí cóireáilte.

5.

Le haghaidh athlíonacháin, caithfear tonnadóir a úsáid.

5.3.   Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Garchabhair:

1.

MÁ IONÁLAÍTEAR: Tabhair amach faoin aer an duine agus coimeád socair é nó í, i riocht ina bhféadfaidh sé anáil a tharraingt go réidh.

2.

I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh go cúramach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta - lean den sruthlú.

3.

Cuir glao ar LÁRIONAD NIMHIÚCHÁIN nó ar dhoctúir/lia má bhraitheann tú tinn.

4.

Má mhaireann an greannú súile: Faigh comhairle/cúram liachta.

5.4.   Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Ag deireadh na cóireála, diúscair an táirge neamhúsáidte agus an pacáistiú de réir riachtanais áitiúla.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Storáil an táirge in áit fhionnuar (30 °C nó níos lú) agus cosain ar shioc.

Seilfré: 24 mí.

Caibidil 6.   FAISNÉIS EILE

1.

Bí ar an eolas faoin luach tagartha Eorpach 129,28 mg/m3 don tsubstaint ghníomhach ‘própán-2-ól’ (Uimh. CAS: 67-63-0) as a baineadh úsáid don mheasúnú riosca don táirge.

2.

Eolas arráitis guaise agus réamhchúraim:

 

I ndáiríre, bheadh P280 dúisithe ag H319 (Caith cosaint súl/cosaint aghaidhe.). Maidir le húsáid neamhghairmiúil, áfach, ní féidir glacadh leis go n-úsáidfear trealamh cosanta pearsanta i gceart. Bunaithe ar mheasúnú riosca cáilíochtúil, meastar go bhfuil moladh breise (lipéadú) a bhfuil ‘Seachain teagmháil leis na súile’ air chomh maith leis na ráitis réamhchúraim eile P305 + P351 + P338 agus P337 + P313 leordhóthanach chun an t-úsáideoir neamhghairmiúil a chosaint ón riosca comhfhreagrach.

 

Bíonn P264 dúisithe ag H319 freisin (Nigh … go cúramach tar éis duit é a láimhsiú). Níl an ráiteas réamhchúraim seo riachtanach toisc go bhfuil própán-2-ól agus an táirge bithicídeach sainfhoirmle thar a bheith so-ghalaithe agus galóidh siad ó chraiceann éillithe go tapa. Mar sin, níl sé riachtanach lámha nó aon bhall eile den chorp a ní.

 

Bheadh P304 + P340 dúisithe ag H336 (MÁ IONÁLAÍTEAR: Tabhair amach faoin aer an duine agus coimeád compórdach é nó í chun anáil a tharraingt go réidh.) De réir na Treorach ar lipéadú agus pacáistiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (2016) meastar go bhfuil an ráiteas réamhchúramach seo roghnach. Bunaithe ar an nguais íseal a bhaineann le géar-ionanálú an táirge bhithicídigh, níl an ráiteas réamhchúraim seo riachtanach.


(1)  Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáid údaraithe.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2104/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top