Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2081

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2081 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bróg riantáin cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin

C/2025/6904

IO L, 2025/2081, 20.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2081/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2081/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2081

20.10.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2081 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Deireadh Fómhair 2025

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bróg riantáin cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 23 Lúnasa 2024, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí bróg riantáin cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tír lena mbaineann’ nó ‘an tSín’) ar bhonn Airteagal 5 ‘den bhun-Rialachán’. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an fógra tionscnaimh’).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a chuir Duferco Travi e Profilati S.p.A. isteach an 12 Iúil 2024. (‘Duferco’ nó ‘an gearánach’). Ba é tionscal bróg riantáin cruach de chuid an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán a rinne an gearán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe.

1.2.   Clárú

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2721 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2024 (3) (‘an Rialachán maidir le clárú’), chuir an Coimisiún allmhairí bróg riantáin cruach de thionscnamh na Síne faoi réir a gcláraithe.

1.3.   Bearta sealadacha

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 25 Márta 2025, thug an Coimisiún achoimre ar na dleachtanna beartaithe do na páirtithe, agus thug sé sonraí dóibh faoi ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach ar leor iad chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais (‘an réamhnochtadh’). Iarradh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de 3 lá oibre. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le cruinneas na ríomhanna. Thug dhá pháirtí leasmhara, Liebherr-Werk Ehingen GmbH (‘Liebherr’), allmhaireoir bróg riantáin cruach, agus Italtractor ITM S.p.A. (‘Italtractor’), táirgeoir san Aontas agus allmhaireoir bróg riantáin cruach, barúlacha ar ábhair seachas cruinneas an ríomha. Bhain na barúlacha sin le raon táirge an imscrúdaithe agus tugtar aghaidh orthu a thuilleadh thíos in aithrisí 26 agus ina dhiaidh sin.

(5)

An 22 Aibreán 2025, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/780 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2025 (4) (‘an Rialachán sealadach’), d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála sealadacha ar allmhairí bróg riantáin cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an Rialachán sealadach’).

1.4.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(6)

Tar éis nochtadh na mbunfhíoras agus na mbunbhreithnithe ar ar a mbonn a forchuireadh dleacht frithdhumpála shealadach (‘an nochtadh sealadach’), chuir na hallmhaireoirí Liebherr, Linser Industrie Service GmbH (‘Linser’), agus Italtractor, chomh maith le honnmhaireoirí AsiaTrak (Tianjin) Ltd. agus Caterpillar Undercarriage (Xuzhou) Co. Ltd., ar cuid iad araon de Caterpillar Group, USCO SpA (‘USCO’), allmhaireoir bróg riantáin cruach, agus Astrak Group atá comhdhéanta de chúig allmhaireoir san Aontas (‘Astrak’) aighneachtaí i scríbhinn isteach ag cur a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Rialachán sealadach. Thug allmhaireoir bróg riantáin cruach a luaitear in aithris 7, Verhoeven Grondverzetmachines B.V. (‘Verhoeven’), barúlacha freisin.

(7)

Tar éis an nochta shealadaigh, chásaigh Verhoeven gur shainaithin Duferco é féin sa ghearán mar an t-ionadaí aonair ar thionscal an Aontais agus thug sé dá aire go raibh baint aige le hallmhairiú bróg riantáin cruach le blianta fada ach nach ndeachaigh an gearánach i dteagmháil leis sular chuir sé an gearán isteach.

(8)

Déanfar tionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 4 den bhun-Rialachán a léirmhíniú mar thagairt do tháirgeoirí na dtáirgí comhchosúla san Aontas ina n-iomláine nó do chion mór díobh. Dá bhrí sin, ní cuid de thionscal an Aontais iad allmhaireoirí. Ina theannta sin, níl aon oibleagáid ar thionscal gearánach an Aontais aon cheann de na páirtithe leasmhara a chur ar an eolas gur ann do ghearán den sórt sin, gearán a chuirtear ar fáil do na páirtithe leasmhara uile ar lá thionscnamh an imscrúdaithe.

(9)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Reáchtáladh éisteachtaí le dhá allmhaireoir bróg riantáin cruach, Liebherr agus Verhoeven.

(10)

Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach dá gcinntí críochnaitheacha. Agus an Coimisiún ag teacht ar a thorthaí cinntitheacha, mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus rinne sé athbhreithniú ar a chonclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí.

(11)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas maidir leis na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí bróg riantáin cruach de thionscnamh na Sine (‘an nochtadh deiridh’). Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh.

(12)

Fuarthas barúlacha tar éis an nochta deiridh an 25 Iúil 2025.

(13)

Tugadh deis chainte do pháirtithe a d’iarr éisteacht chomh maith. Reáchtáladh éisteacht leis an allmhaireoir Astrak.

1.5.   Sampláil

(14)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Verhoeven, allmhaireoir neamhchomhlachaithe, nach ndeachaigh an Coimisiún i dteagmháil lena sholáthróir bróg riantáin cruach Síneach chun páirt a ghlacadh san imscrúdú, d’ainneoin a thoilteanaí a bhí sé comhoibriú. Thairis sin, mhaígh Verhoeven gur chuir an táirgeoir sin doiciméadacht isteach ach nach raibh baint fhoirmiúil aige riamh mar pháirtí leasmhar le céim an imscrúdaithe ghníomhaigh. Ar an taobh eile, de réir Verhoeven, chuathas i dteagmháil le trí pháirtí eile ach níor chomhoibrigh siad ina dhiaidh sin.

(15)

Thug an Coimisiún dá aire nár shainaithin Verhoeven aon cheann de na cuideachtaí a raibh sé ag tagairt dóibh agus, dá bhrí sin, nach raibh an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh ar na maímh sin. Thug an Coimisiún dá aire gur chuir sé gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta ar an eolas faoi imscrúdú nua a thionscnamh bunaithe ar na sonraí a sholáthair an gearánach. Roimh an tionscnamh, d’iarr an Coimisiún freisin ar Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (‘Rialtas na Síne’) sonraí aon táirgeoirí bróg riantáin cruach breise sa tSín a sholáthar. Níor sholáthair Rialtas na Síne na sonraí maidir le haon táirgeoir breise, áfach. Leis an bhfógra tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara uile comhoibriú agus an fhaisnéis is gá le haghaidh an imscrúdaithe a sholáthar don Choimisiún. Glacadh le gach táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne a dhéanann bróga riantáin cruach a tháinig chun cinn tar éis fhoilsiú an fhógra tionscnaimh mar pháirtithe leasmhara. Cuireadh an fhaisnéis a sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin le linn chéim na samplála san áireamh go cuí agus bhí sí mar bhonn chun sampla na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú. Níor iarr aon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamhshampláilte scrúdú aonair. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(16)

Mhaígh Astrak nár luadh sa ghearán é mar allmhaireoir/úsáideoir aitheanta agus nár tugadh fógra dó faoi thionscnamh an imscrúdaithe agus, dá bhrí sin, nach raibh aon deis aige comhoibriú ó thús an imscrúdaithe.

(17)

Mar a luaitear in aithris 4 den Rialachán sealadach, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile teagmháil a dhéanamh leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. I ndáil leis sin, ní bhaineann sé le hábhar cé acu a luadh nó nár luadh an chuideachta sa ghearán agus, dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(18)

In éagmais barúlacha breise maidir le sampláil tháirgeoirí an Aontais, allmhaireoirí neamhchomhlachaithe agus táirgeoirí onnmhairiúcháin tar éis fhorchur na mbeart sealadach, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí uaidh a leagtar amach in aithrisí 6 go 11 den Rialachán sealadach.

1.6.   Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin

(19)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Caterpillar Group go raibh deacrachtaí praiticiúla ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne freagra a thabhairt ar an gceistneoir, toisc gur sholáthair siad bróga riantáin cruach do chuideachtaí eile sa tSín, lena n-áirítear Caterpillar Group, a tháirg, dá réir sin, grúpaí riantáin agus grúpaí riantáin iomlána. Dá bhrí sin, ní raibh táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha den sórt sin in ann sonraí iomlána a sholáthar i ndáil le praghsanna agus méideanna onnmhairiúcháin. Bhunaigh Caterpillar Group na líomhaintí sin ar fhreagraí a chomhdaigh táirgeoirí onnmhairiúcháin áirithe de chuid na Síne mar fhreagairt ar cheisteanna leantacha ón gCoimisiún maidir leis an bhfaisnéis a soláthraíodh sna foirmeacha samplála (5). Sna freagraí sin, chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas nach raibh siad in ann a chinneadh an ndearnadh na bróga riantáin cruach a díoladh ar bhonn intíre a ath-onnmhairiú chuig margadh an Aontais.

(20)

Mar sin féin, níor tharraing aon cheann de tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne a dhéanann bróga riantáin cruach aon deacracht phraiticiúil anuas leis an gCoimisiún maidir le freagra a thabhairt ar an gceistneoir mar chúis lena neamh-chomhoibriú. Bhain Caterpillar tátail as píosaí éagsúla faisnéise sa chomhad oscailte a tógadh as comhthéacs. D’easaontaigh an Coimisiún le Caterpillar Group agus mheas sé nach raibh bunús leis na deacrachtaí praiticiúla a maíodh maidir le freagra a thabhairt ar an gceistneoir. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(21)

In éagmais aon bharúil eile maidir leis sin, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí a leagtar amach in aithrisí 12 go 22 den Rialachán sealadach.

1.7.   An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

(22)

In éagmais barúlacha a bhaineann leis an tréimhse imscrúdúcháin agus leis an tréimhse faoi bhreathnú, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí uaidh a leagtar amach in aithris 23 den Rialachán sealadach.

1.8.   Scrúdú aonair

(23)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh Komatsu Machinery Manufacturing (Shandong) Co., Ltd. (‘Komatsu’) nár cheannaigh sé na bróga riantáin cruach ar fad ón tSín, ach ón tSeapáin freisin, agus d’iarr sé a shoiléiriú an ndearna sé sin difear do dhiúltú na hiarrata ar scrúdú aonair.

(24)

Mheas an Coimisiún nach ndearna an eilimint bhreise difear don chonclúid nach bhféadfaí an iarraidh ar scrúdú aonair a dheonú.

(25)

In éagmais aon bharúil eile ina leith sin, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí uaidh a leagtar amach in aithris 24 den Rialachán sealadach.

2.   AN TÁIRGE FAOI IMSCRÚDÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

(26)

Tar éis an nochta shealadaigh, tháinig roinnt páirtithe chun cinn inar iarradh ar an gCoimisiún cineálacha áirithe táirgí a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe reatha.

(27)

Tháinig Liebherr, allmhaireoir agus úsáideoir cineáil shonraigh de bhróga riantáin cruach teilgthe, chun cinn agus é ag iarraidh na táirgí sin a eisiamh ón raon táirge, ar na forais go léiríonn siad difríochtaí nach beag i saintréithe fisiceacha agus teicniúla agus go bhfuil úsáidí deiridh éagsúla acu i gcomparáid leis na táirgí a tháirgeann tionscal an Aontais agus nach raibh siad in iomaíocht leis na táirgí sin. Táirgeadh iad freisin trí úsáid a bhaint as próisis táirgthe atá go hiomlán difriúil.

(28)

D’áitigh an páirtí sin go n-úsáidtear an táirge a allmhairíonn sé i dtochaltóirí mianadóireachta agus craenacha snámhaíochta a bhfuil plátaí urláir ar leith (bróga riantáin cruach) atá déanta as cruach theilgthe ag teastáil uathu, seachas na bróga riantáin a tháirgeann táirgeoir gearánach an Aontais, a dhéantar as próifílí cruach rollta. Tá na bróga riantáin cruach teilgthe a allmhairíonn Liebherr deartha go sonrach chun ualach mór na gcraenacha snámhaíochta agus na dtochaltóirí mianadóireachta a iompar agus tá siad i bhfad níos mó agus níos troime i gcomparáid leis na bróga riantáin cruach a allmhairíonn tionscal an Aontais. Dá bhrí sin, ní bheadh bróga riantáin cruach teilgthe a allmhairíonn Liebherr, agus an táirge a tháirgeann tionscal an Aontais, inmhalartaithe.

(29)

Chuir an gearánach i gcoinne an eisiaimh i dtaca le bróga riantáin cruach teilgthe, ar an gcéad dul síos, ar na forais gur cuireadh an iarraidh isteach lasmuigh den sprioc-am chun barúil a thabhairt ar raon táirge an imscrúdaithe, mar a leagtar amach san fhógra tionscnaimh, agus nach raibh an chuideachta ag comhoibriú san imscrúdú sular chuir sí a hiarraidh isteach. Agus tagairt á déanamh acu don chleachtas roimhe seo, mheas siad nár cheart don Choimisiún glacadh le hiarraidh mhall den sórt sin, toisc go gcuirfeadh sé sin ar a gcumas do na páirtithe dul i mbun imscrúdaithe go roghnaitheach, rud a bhainfeadh an bonn de chothroime agus de chóir chomhionann na bpáirtithe leasmhara. Mhaígh an gearánach freisin go raibh an fhaisnéis a soláthraíodh neamhréireach.

(30)

Thairis sin, d’áitigh an gearánach nár thacaigh aon fhianaise oibiachtúil infhíoraithe le maíomh Liebherr. Go háirithe, chuir siad i gcoinne ábharthacht tuairime teicniúla ó TÜV SÜD Autoservice GmbH arna soláthar ag Liebherr agus mhaígh siad nár léirigh sé go bhfuil an táirge arna allmhairiú ag Liebherr leithleach ó bhróga riantáin cruach arna tháirgeadh agus arna dhíol ag táirgeoir gearánach an Aontais ó thaobh feidhme nó tráchtála de.

(31)

Maidir le substaint, d’áitigh an gearánach gur tháinig an cineál táirge a d’allmhairigh Liebherr faoi shainmhíniú táirge an fhógra tionscnaimh agus go raibh na buntréithe teicniúla agus fisiceacha agus na bunúsáidí deiridh céanna aige agus atá ag an táirge faoi imscrúdú, is é sin, gluaiseacht agus tacaíocht feithiclí riantáin a chumasú (i.e. tacaíocht struchtúrach a sholáthar agus gluaiseacht feithiclí riantáin a éascú). Mhaígh an gearánach nach raibh ach miondifríochtaí sa toise agus sa mhodh táirgthe i dtaca leis na táirgí a d’allmhairigh Liebherr ach gur táirgeadh iad go bunúsach sa chreat tionsclaíoch céanna (i.e. earnáil an innealra crécharta) agus dá bhrí sin go raibh siad inmhalartaithe go feidhmiúil leis an táirge a táirgeadh san Aontas. Ní bhainfeadh sé le hábhar gur saincheapadh na bróga riantáin cruach a d’allmhairigh Liebherr, mura n-athródh na difríochtaí a tugadh isteach céannacht bhunúsach na dtáirgí. Thairis sin, ní gá go mbeadh inionadaitheacht fhoirfe dhá threo ann chun a mheas go dtagann dhá tháirge faoin raon táirge céanna nuair is ionann na saintréithe teicniúla bunúsacha atá acu agus nuair a tháirgtear iad laistigh den chreat tionsclaíoch céanna. Chun tacú leis na hargóintí sin, thagair an gearánach do chásdlí (6) agus d’imscrúdú roimhe seo maidir le hallmhairí áirithe píopaí agus feadán gan uaim de thionscnamh na Síne (7).

(32)

D’áitigh an gearánach freisin go ndéantar bróga riantáin cruach a mhonarú agus a chóimeáil i gcónaí lena úsáid in innealra crécharta ar leith. Mhínigh Duferco freisin go mbaileoidís agus go stórálfaidís go comhsheasmhach na sonraíochtaí teicniúla ábhartha uile le haghaidh gach cineál innealra crécharta; agus chun leanúint de bheith iomaíoch, dhéanfaidís a bpróiseas táirgthe agus a n-oibríochtaí críochnaithe a oiriúnú chun na bróga riantáin cruach a tháirgtear a shaincheapadh. D’fhágfadh sé sin go mbeadh an chuideachta in ann na mílte cumraíochtaí bróg riantáin cruach ar leith a tháirgeadh, ar cumraíochtaí iad atá deartha le bheith comhoiriúnach le beagnach gach innealra crécharta atá in úsáid faoi láthair ar fud an Aontais. Mhaígh sé freisin go mbeadh an cumas teicneolaíoch, an bonneagar tionsclaíoch agus an saineolas is gá ag an dá tháirgeoir eile de chuid an Aontais chun bróga riantáin cruach teilgthe a tháirgeadh a bheadh coibhéiseach ó thaobh feidhme de leo siúd ar iarradh an t-eisiamh ina leith.

(33)

Thairis sin, d’áitigh an gearánach fiú más amhlaidh gur táirgeadh bróga riantáin cruach teilgthe trí úsáid a bhaint as próiseas táirgthe difriúil, ní bonn bailí é sin chun iad a eisiamh ón raon táirge, ach amháin dá mbeadh difríocht shubstaintiúil sna táirgí mar thoradh ar phróiseas den sórt sin, rud nach mbeadh amhlaidh anseo, áfach. I ndáil leis sin, thagair an gearánach don rialú ón gCúirt Ghinearálta in Brosmann (8). Cé gur aithin an gearánach go bhféadfadh tionchar a bheith ag na próisis táirgthe éagsúla ar fhéidearthachtaí deartha áirithe nó ar struchtúir phraghsála áirithe na mbróg riantáin cruach a tháirgtear, ní bheadh na difríochtaí sin ábhartha ach amháin dá mbeadh táirge atá leithleach ó thaobh feidhme nó tráchtála de mar thoradh orthu. Mar sin féin, sa chás seo, is miondifríochtaí a bheadh sna difríochtaí fisiceacha agus teicniúla, gan amhras a chruthú gur bróga riantáin cruach a bhí iontu go fóill atá ceaptha lena gcomhtháthú i slabhraí riantáin, arb é gné shainiúil an táirge atá faoi imscrúdú é.

(34)

Ar deireadh, mhaígh an gearánach, agus tagairt á déanamh aige don chleachtas roimhe seo (9), nach cúis bhailí é nach raibh tionscal an Aontais ag táirgeadh cineálacha áirithe táirgí chun na cineálacha táirgí sin a eisiamh ón raon táirge, toisc go bhféadfadh an neamhtháirgeadh sin a bheith mar thoradh ar dhumpáil dhíobhálach ann féin. In aon chás, mhaígh siad go mbeadh Italtractor, ceann de tháirgeoirí an Aontais, ag táirgeadh bróg riantáin cruach teilgthe san Aontas.

(35)

Bhreithnigh an Coimisiún, cé gur tháinig an iarraidh ar bhróga riantáin cruach teilgthe áirithe a eisiamh lasmuigh den sprioc-am a leagtar amach san fhógra tionscnaimh, go ndearnadh í roimh an réamhnochtadh de réir bhrí Airteagal 19a den bhun-Rialachán. Mar a d’aithin an Coimisiún in aithris 35 den Rialachán sealadach, cé nach raibh an Coimisiún in ann anailís a dhéanamh ar an iarraidh sin in am chun bearta sealadacha a fhorchur, dhéanfadh sé imscrúdú breise ar an maíomh sin mar sin féin agus dhéanfadh sé cinneadh ag céim chinntitheach an imscrúdaithe. Go deimhin, mheas an Coimisiún go raibh dóthain ama sa chás sonrach seo chun anailís a dhéanamh ar an iarraidh, rud atá i gcomhréir leis an gcleachtas seanbhunaithe, agus dá bhrí sin diúltaíodh do mhaíomh an ghearánaigh ina leith sin.

(36)

Maidir le substaint, léirigh an t-imscrúdú, d’ainneoin go dtagann sé faoin tuairisc ar an táirge atá ann faoi láthair, go bhfuil difríochtaí fisiceacha agus teicniúla nach beag ag na bróga riantáin cruach teilgthe a allmhairíonn Liebherr i gcomparáid leis an táirge a tháirgeann táirgeoir gearánach an Aontais, agus go n-úsáidtear iad i bhfeidhmeanna sonracha éagsúla. Go háirithe, i gcomparáid leis an bpróiseas gaibhnithe/rollta, soláthraíonn an próiseas teilgin i bhfad níos mó solúbthachta maidir le dearadh, rud a fhágann gur féidir dáileadh struis difriúil agus barrfheabhsú a dhéanamh. Dá bhrí sin, cuireann bróg riantáin cruach teilgthe airíonna meicniúla ar fáil nach féidir a bhaint amach i gcónaí trí ghaibhniú, go háirithe i gcás ina bhfuil ríthábhacht ag baint le dáileadh meáchain, cuasa inmheánacha, agus geoiméadrachtaí casta i leith iompar struis. Is amhlaidh atá i gcás feidhmeanna tromshaothair amhail craenacha a crochann ualaí troma. Os a choinne sin, táirgtear táirgí an ghearánaigh trí phróifílí cruach ghaibhnithe/rollta a ghearradh go dtí an fad is gá, agus dá bhrí sin tá struchtúr i bhfad níos simplí agus níos aonfhoirmí acu. Thairis sin, príomh-shaintréith de tháirgí an ghearánaigh is ea go bhfuil greabhsair iontu, rud atá in easnamh ar na táirgí arna n-allmhairiú ag Liebherr, toisc nach bhfuil siad ábhartha dá n-úsáidí sonracha.

(37)

Measadh go raibh príomh-shaintréithe teicniúla agus fisiceacha éagsúla arna n-allmhairiú ag Liebherr ag na táirgí a tháirgeann tionscal an Aontais.

(38)

Ina theannta sin, murab ionann agus an méid a mhaígh an gearánach, léirigh an t-imscrúdú nach bhfuil an cineál bróg riantáin cruach sin á tháirgeadh faoi láthair agus nach féidir le tionscal an Aontais é a tháirgeadh go luath amach anseo. A mhéid a bhaineann leis an ngearánach, bheadh gá le hinfheistíochtaí móra nach dócha go ndéanfar iad sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma. Chomh maith leis sin, níor mhaígh an gearánach go mbeadh sé in ann an cineál bróg riantáin cruach sin a tháirgeadh, agus níor chuir sé aon fhianaise ar fáil ina leith sin. Dá réir sin, ní raibh aon fhianaise sa chomhad imscrúdaithe go raibh sé ar intinn ag an ngearánach an cineál sin táirge a tháirgeadh go luath amach anseo. I gcás Italtractor, táirgeoir de chuid an Aontais nár thacaigh leis an ngearán, léirigh an t-imscrúdú, cé gur tháirg sé bróga rialtáin cruach teilgthe de chineál éigin, nach raibh an cineál a tháirg sé in iomaíocht leis na táirgí arna dtáirgeadh ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne (amhail an táirge arna allmhairiú ag Liebherr). Mar atá thuas, níor nochtadh sa chomhad imscrúdaithe aon fhaisnéis ná fianaise go mbeadh Italtractor in ann an cineál sin táirge a tháirgeadh ná gur dócha go dtáirgfidh sé é go luath amach anseo. B’amhlaidh an cás don tríú táirgeoir de chuid an Aontais a sholáthair ráiteas inar soiléiríodh, murab ionann agus an méid a mhaígh an gearánach, nach bhfuil teicneolaíocht teilgin aige faoi láthair chun bróga riantáin cruach teilgthe a tháirgeadh. Dá bhrí sin, ní raibh sé in ann an cineál táirge arna allmhairiú ag Liebherr a tháirgeadh.

(39)

Maidir leis an argóint go bhféadfadh sé gur mar gheall nach raibh tionscal an Aontais ag táirgeadh an chineáil bróg riantáin cruach sin a tharla dumpáil dhíobhálach ó allmhairí na Síne, níor thacaigh aon fhianaise leis sin. Mar shampla, níor chuir táirgeoir gearánach an Aontais aon fhianaise ar fáil gur tháirg sé an cineál bróg riantáin cruach sin san am a chuaigh thart agus go raibh air scor de mar gheall ar na hallmhairí dumpáilte ón tSín. Ní raibh an t-innealra ná an próiseas táirgthe iomchuí aige ach oiread chun tús a chur le táirgeadh bróg riantáin cruach teilgthe sa gharthodhchaí. Cé gur mhaígh sé go raibh na mílte cumraíochtaí bróg riantáin cruach ar leith á dtáirgeadh aige, níor chuir sé sin an fíoras ó bhailíocht go bhfuil na bróga riantáin cruach sin déanta as próifílí cruach rollta, murab ionann agus bróga riantáin cruach teilgthe agus nár tháirg sé an táirge sonrach a allmhairíodh ó Liebherr. Dá bhrí sin, diúltaíodh don argóint sin.

(40)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart bróga riantáin cruach teilgthe a allmhairíonn Liebherr a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe reatha. Is é atá i gceist leis an táirge atá le heisiamh bróga riantáin cruach atá níos faide ná 380 mm, níos airde ná 140 mm agus níos troime ná 118 kg, gan greabhsair d’aon chruth ag a bhfuil toise 1 mm nó níos mó.

(41)

Tar éis an nochta deiridh, d’iarr Italtractor go n-eisiafaí bróga riantáin cruach gaibhnithe ar an bhforas nach féidir leis an ngearánach iad a tháirgeadh agus mar gheall ar a saintréithe teicniúla éagsúla líomhnaithe mar thoradh ar phróiseas táirgthe difriúil. Dhearbhaigh Italtractor go raibh cruth deiridh difriúil ar bhróga riantáin cruach gaibhnithe ar a bhfuil greabhsair chuartha seachas iad siúd ar a bhfuil greabhsair líneacha arna dtáirgeadh ag an ngearánach. Ina theannta sin, mhaígh Italtractor go raibh níos mó solúbthachta maidir le dearadh ag bróga riantáin cruach ghaibhnithe lena gceadaítear athruithe ó thaobh airde de feadh fhad na mbróg riantáin cruach lenar féidir dáileadh barrfheabhsaithe cruach agus friotaíocht in aghaidh lúbadh a dhéanamh. Mhaígh Italtractor freisin gur lean eisiamh an chineáil táirge sin an loighic chéanna le heisiamh bróg riantáin cruach teilgthe agus go bhféadfaí é a thuiscint ó na barúlacha a thug sé roimhe sin.

(42)

Mar sin féin, fuarthas an t-éileamh ag céim an-déanach den imscrúdú. Ar bhonn na fianaise i gcomhad an imscrúdaithe, chinn an Coimisiún go bhfuil an úsáid chéanna nó úsáid chomhchosúil ag bróga riantáin cruach ghaibhnithe agus atá ag cineálacha eile den táirge lena mbaineann, rud nach dtacódh le heisiamh táirge. Go deimhin, tháirg an gearánach cineálacha éagsúla bróg riantáin cruach a úsáidtear in innealra crécharta éagsúil. Ag an gcéim dhéanach sin den imscrúdú, ní raibh an Coimisiún in ann a fháil amach cé chomh difriúil, go deimhin, is a bhí bróga riantáin cruach go teicniúil ón gceann a thairgeann an gearánach ar bhealach a d’fhág gur táirge difriúil atá ann a úsáidtear i bhfeidhmeanna éagsúla. Ina theannta sin, bhí an tríú táirgeoir i margadh an Aontais nár chomhoibrigh agus ní raibh an Coimisiún in ann a fháil amach ar tháirg sé bróga riantáin cruach ghaibhnithe agus, dá bhrí sin, an raibh soláthróirí eile bróg riantáin cruach ghaibhnithe i margadh an Aontais. Fiú mura raibh aon bróga riantáin cruach gaibhnithe á dtáirgeadh san Aontas, is léir go dtagann bróga riantáin cruach gaibhnithe faoi raon táirge an imscrúdaithe dá bhforáiltear in aithris 25 den Rialachán sealadach. Níor chuir Italtractor aon fhianaise ar fáil a léiríonn nach bhfuil bróga riantáin cruach ghaibhnithe in iomaíocht le bróga riantáin cruach arna tháirgeadh ag tionscal an Aontais. Dá bhrí sin, is cineál táirge bróg riantáin cruach í an bhróg riantáin cruach ghaibhnithe a bhfuil leibhéal ionadaíochta aici leis an mbróg riantáin cruach a tháirgeann tionscal an Aontais agus, dá bhrí sin, tá leibhéal iomaíochta agus brú iomaíoch ann idir an dá cheann. Dá bhrí sin, ní hamháin go raibh sé dodhéanta an iarraidh ar eisiamh táirgí a chuir Italtractor isteach a fhíorú ag an gcéim seo den imscrúdú ach ní raibh bunús léi ach oiread.

(43)

Tugtar dá aire freisin nach mór gach iarraidh ar eisiamh ón raon táirge a scrúdú ar a fiúntas féin agus laistigh dá comhthéacs fíorasach féin agus nach féidir na conclúidí a rinneadh i ndáil le cineál táirge amháin a aistriú chuig iarraidh ar chineálacha eile táirgí a eisiamh. Ag an gcéim dhéanach seo den imscrúdú, ní féidir leis an gCoimisiún measúnú breise a dhéanamh ar fhiúntas na hiarrata ar eisiamh. Tugann an Coimisiún dá aire nár áiríodh aon iarraidh ar eisiamh táirgí in aighneachtaí Italtractor roimhe seo. Ní mór iarrataí den sórt sin a bheith soiléir agus faisnéis agus fianaise chuimsitheach a sholáthar lena léirítear gur féidir eisiamh a dhéanamh agus go bhfuil údar leis. Ní féidir coinne a bheith leis go mbainfidh an Coimisiún ‘tátal’ as gur iarrataí ar eisiamh táirgí iad ráitis ghinearálta i gcoinne bearta a fhorchur ar chineálacha áirithe táirgí. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(44)

D’iarr Linser, allmhaireoir agus úsáideoir bróg riantáin cruach go n-eisiafaí cineál sonrach bróg riantáin cruach a d’allmhairigh sé ón tSín, is é sin bróga riantáin cruach a bhfuil foircinn lúbtha orthu, ar an bhforas go raibh míbhuntáistí teicniúla áirithe ag bróga riantáin cruach arna dtáirgeadh ag tionscal an Aontais i gcomparáid leis na bróga riantáin cruach arna n-allmhairiú ón tSín. Níor thug an chuideachta sin bunús lena hiarraidh le fianaise leordhóthanach. Go háirithe, níorbh fhéidir leis an imscrúdú a dheimhniú nár tháirg nó nárbh fhéidir le tionscal an Aontais táirgí den sórt sin a tháirgeadh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(45)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Linser a iarraidh bróga riantáin cruach le foircinn lúbtha a eisiamh, ós rud é nach féidir le tionscal an Aontais iad a tháirgeadh.

(46)

Níor cuireadh aon fhianaise shubstainteach bhreise ar fáil, áfach, agus deimhníodh na conclúidí in aithrisí 25 go 28 den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(47)

D’iarr USCO, allmhaireoir agus úsáideoir bróg riantáin cruach, go n-eisiafaí bróga riantáin cruach ar a bhfuil pillíní rubair, ar an bhforas nach dtáirgtear ar mhargadh an Aontais iad. Mhaígh an chuideachta gur struchtúr cruach a bhí iata le rubar a bhí sa táirge, agus gur lú ná 15 % dá luach foriomlán an chruach atá sa táirge.

(48)

Mhaígh an gearánach, mar a leagtar amach in aithris 29 thuas, gur cuireadh an iarraidh sin isteach lasmuigh den sprioc-am a shonraítear san fhógra tionscnaimh agus nár chomhoibrigh an chuideachta le linn an imscrúdaithe sular chuir sí a hiarraidh isteach. D’áitigh an gearánach freisin go dtagann an táirge arna allmhairiú ag USCO faoin sainmhíniú ar an táirge agus, d’ainneoin miondifríochtaí teicniúla nó fisiceacha, go bhfuil sé inmhalartaithe ó thaobh tráchtála de leis na táirgí a tháirgtear san Aontas. Mar a luaitear thuas in aithris 31, d’áitigh an gearánach nach bhfuil gá le hinionadaitheacht dhá threo fhoirfe ann féin, agus go bhféadfadh táirgí teacht faoin raon táirge céanna fós. Mhaígh siad freisin go bhfuil na príomhúsáidí deiridh agus na príomhfheidhmeanna bunúsacha céanna ag bróga riantáin cruach agus atá ag pillíní rubair, ag leanúint na n-argóintí céanna a leagtar amach in aithrisí 31 go 34.

(49)

Mheas an Coimisiún nár chuir USCO aon fhianaise ar fáil a thacaíonn lena mhaíomh. Go háirithe, áirítear go sainráite i dtuairisc an táirge bróga riantáin cruach ar a bhfuil pillíní rubair i raon táirge an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin agus ní raibh aon ghá aghaidh a thabhairt go mion ar na hargóintí a chuir an gearánach ar fáil.

(50)

D’iarr dhá fhochuideachta Shíneacha de chuid Caterpillar Group, ar onnmhaireoirí grúpaí riantáin agus bróg riantáin cruach iad (ach nach dtáirgeann bróga riantáin cruach iad féin), go gcuirfí na bróga riantáin cruach a onnmhairíonn siad chuig an Aontas as an áireamh (bíodh siad ina n-aonair nó ionchorpraithe i grúpaí riantáin). Mhaígh cuideachtaí Caterpillar go bhfuil na bróga riantáin cruach curtha in oiriúint dá sonraíochtaí teicniúla dochta. Thairis sin, mhaígh siad go bhfuil gá le trealamh sonrach chun bróga riantáin cruach den sórt sin a tháirgeadh, arb ionann é agus infheistíochtaí suntasacha (EUR 0,5 – 1,5 milliún le haghaidh gach táirge), rud nach bhfuil i seilbh thionscal an Aontais faoi láthair.

(51)

Chuir an gearánach i gcoinne na hiarrata sin agus d’áitigh sé ar an gcaoi chéanna leis an méid a leagtar amach in aithrisí 29 go 34 thuas, is é sin go bhfuil na buntréithe teicniúla agus fisiceacha céanna agus na húsáidí deiridh bunúsacha céanna ag na táirgí arna n-onnmhairiú ag Caterpillar Group agus atá ag an táirge a tháirgtear san Aontas. Cé go dtáirgtear é trí úsáid a bhaint as próiseas táirgthe eile nó cé nach féidir é a ionadú go foirfe leis an táirge a tháirgtear san Aontas, ní cúis bhailí é sin le cineálacha táirgí den sórt sin a eisiamh ón raon táirge, fad is nach dtagann siad faoi chatagóirí táirgí atá éagsúil go bunúsach. Dúirt siad freisin gur gnáthchleachtas i slabhraí soláthair tionsclaíocha é táirgeacht saincheaptha agus nach dtugann siad le tuiscint go huathoibríoch go bhfuil an táirge atá i gceist éagsúil ó thaobh feidhme nó tráchtála de ó tháirgí eile laistigh den réimse céanna.

(52)

Mheas an Coimisiún nár thacaigh Caterpillar Group lena mhaíomh le fianaise leordhóthanach, agus nár léirigh siad nach bhfuil an táirge a d’onnmhairigh siad inmhalartaithe leis an táirge a tháirgtear san Aontas. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin agus ní raibh aon ghá aghaidh a thabhairt go mion ar na hargóintí a sholáthair táirgeoir gearánach an Aontais.

(53)

Mhaígh Astrak go bhfuil bróga riantáin cruach a d’allmhairigh sé beartaithe go príomha don mhargadh iardhíola, agus go bhfuil bróga riantáin cruach arna dtáirgeadh agus arna ndíol ag an ngearánach dírithe ar mhargadh OEM. Dá bhrí sin, bheadh úsáidí deiridh éagsúla acu agus níor cheart iad a mheas mar tháirgí comhchosúla. Níor chuir an chuideachta sin fianaise ar fáil go raibh na saintréithe teicniúla, fisiceacha nó ceimiceacha ag na táirgí a d’allmhairigh sí an-éagsúil leis an táirge faoi imscrúdú. Ar an gcaoi chéanna, níor mhínigh an chuideachta a mhéid a úsáideadh na táirgí i bhfeidhmeanna éagsúla. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(54)

Tar éis an nochta deiridh, thug Astrak dá aire nach bhfuil an t-aon mhonaróir amháin de chuid an Aontais, Duferco, in ann gach cineál táirge a mhonarú a bheidh faoi réir na dleachta, lena n-áirítear bróga riantáin lúbtha nó sciathánacha, nó bróga riantáin a bhfuil rubar greamaithe leo.

(55)

Mar sin féin, níor thug an t-allmhaireoir bunús breise leis an maíomh sin, agus diúltaíodh dó dá bhrí sin.

(56)

In éagmais aon bharúil eile maidir leis an táirge faoi imscrúdú, an táirge lena mbaineann, an táirge comhchosúil agus an raon táirge, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí uaidh a leagtar amach in aithrisí 25 go 35 den Rialachán sealadach.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán

(57)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus dá bhrí sin deimhnítear na torthaí in aithrisí 36 go 40 den Rialachán sealadach.

3.2.   An Gnáthluach

(58)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis na torthaí in aithrisí 41 go 43 den Rialachán sealadach a dheimhnítear dá bhrí sin.

3.2.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

(59)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus dá bhrí sin deimhnítear na torthaí in aithrisí 44 go 86 den Rialachán sealadach.

3.2.2.   Tír ionadaíoch

(60)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis na torthaí in aithrisí 87 go 101 den Rialachán sealadach a dheimhnítear dá bhrí sin.

3.2.3.   Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí

Gás nádúrtha

(61)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Caterpillar Group go raibh an tagarmharc le haghaidh gáis sa Tuirc a úsáideadh i ríomh an ghnáthluacha ró-ard i gcomparáid le praghsanna gáis ina shaoráid mhonaraíochta sa Fhrainc.

(62)

Thug an Coimisiún dá aire ag an tús gur cuireadh an maíomh sin i láthair i bhfad tar éis dhul in éag an sprioc-ama le haghaidh na mbarúlacha ar an Nóta aonair don chomhad maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh, arb é an 25 Samhain 2024 é. In aon chás, thug an Coimisiún dá aire freisin go raibh an tagarmharc le haghaidh gáis bunaithe ar Institiúid Staidrimh na Tuirce agus gur léirigh sé praghas an gháis d’úsáideoirí tionsclaíocha, mar a léirítear in aithris 110 den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, ba thagarmharc réasúnta agus iontaofa é praghas an gháis a úsáidtear le haghaidh praghsanna a íocann táirgeoir sa Tuirc. Níor mhínigh Caterpillar Group cén fáth ná cé mhéad nach mbeadh an tagarmharc gáis ceart, seachas glacadh leis go raibh praghsanna ró-ard i gcomparáid le praghsanna gáis sa Fhrainc. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(63)

Thairis sin, mhaígh an Caterpillar Group go raibh na praghsanna gáis a úsáideadh neamhiontaofa agus go raibh gnáthluach iomarcach mar thoradh orthu toisc nár léirigh an t-innéacs praghsanna táirgeoirí intíre a úsáideadh chun na praghsanna a thabhairt cothrom le dáta go dtí an tréimhse imscrúdúcháin éabhlóid iarbhír na bpraghsanna gáis sa Tuirc. Chun treocht na bpraghsanna gáis sa Tuirc a léiriú, sholáthair Caterpillar Group tuarascáil ó PriceWaterhouseCoopers (‘PwC’) (10).

(64)

Níor aontaigh an gearánach leis an maíomh sin agus béim á leagan aige ar chleachtas seanbhunaithe an Choimisiúin inar dearbhaíodh iontaofacht agus oibiachtúlacht na sonraí de thionscnamh Institiúid Staidrimh na Tuirce. D’áitigh siad nach mbraitheann na sonraí a sholáthair Caterpillar Group, is é sin tuarascáil PwC, ar shonraí príomhúla, ach go mbaineann siad leas as acmhainní tríú páirtí neamhshonraithe. Mar ghnólacht comhairleoireachta príobháidí, ní bheadh an leibhéal céanna rochtana ag PwC ar thacair sonraí náisiúnta fíoraithe, ná ní bheadh an t-údarás institiúideach céanna ag an tuairisciú. Dá bhrí sin, ní bheadh aon chúis chun a mheas go bhfuil na torthaí i dtuarascáil PwC níos réasúnaí ná staitisticí náisiúnta oifigiúla arna thíolacadh ag foinse rialtais.

(65)

Mar a luaitear thuas in aithris 51, rinneadh maíomh Caterpillar Group i bhfad tar éis dhul in éag an sprioc-ama le haghaidh na mbarúlacha ar an Nóta aonair don chomhad maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh, arb é an 25 Samhain 2024 é. In aon chás, chuaigh an Coimisiún ar iontaoibh innéacsaithe toisc gur stop Institiúid Staidrimh na Tuirce de phraghsanna gáis a fhoilsiú in 2022 agus measadh gurbh é an t-innéacs praghsanna táirgeoirí intíre an t-innéacsú ab iomchuí don innéacsú sin. Níor chumhdaigh na sonraí maidir le praghsanna gáis a chuir Caterpillar Group isteach an tréimhse imscrúdúcháin agus dá bhrí sin ní fhéadfaí a mheas go raibh siad níos cruinne ná an ceann a léirítear in innéacs praghsanna an táirgeora. Thairis sin, i gcás ceann d’fhoinsí thuarascáil PwC (Malartú Fuinnimh Iostanbúl – EPİAŞ nó EXIST), is praghas ginearálta é an praghas tagartha intíre a eascraíonn as meánphraghsanna ualaithe. Dá bhrí sin, ní praghas sonrach é d’oibreoir tionsclaíoch, seachas an tagarmharc arna thuairisciú ag Institiúid Staidrimh na Tuirce. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

Forchostais mhonaraíochta, costais SG&A agus brabúis

(66)

D’iarr an Caterpillar Group ar an gCoimisiún leibhéal na bhforchostas monaraíochta a úsáidtear chun bróga riantáin cruach a tháirgeadh a sholáthar.

(67)

Chinn an Coimisiún go raibh údar leis an iarraidh agus chuir sé ar fáil sa chomhad oscailte leibhéal na bhforchostas monaraíochta ar ar bhraith sé.

(68)

Ní bhfuarthas aon bharúil eile ina leith sin, agus dá bhrí sin dheimhnigh an Coimisiún na torthaí a leagtar amach in aithrisí 102 go 119 den Rialachán sealadach.

3.3.   An praghas onnmhairiúcháin

(69)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir Caterpillar Group in aghaidh praghsanna onnmhairiúcháin a chinneadh bunaithe ar thacar sonrasc do 10 gcineál bróg riantáin cruach arna soláthar ag cúig tháirgeoir onnmhairiúcháin d’úsáideoirí san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, mar a áirítear sa ghearán. D’áitigh siad nár cuireadh mionsonraí iomlána na dtairiscintí agus na sonrasc sin ar fáil do pháirtithe leasmhara nach raibh in ann, dá bhrí sin, barúil a thabhairt ar ionadaíochas na dtairiscintí agus/nó na sonrasc sin nó a mhalairt. Mhaígh an Caterpillar Group nár cheart an fhianaise sin a úsáid in aon chás, ach ina ionad sin, gur cheart na praghsanna onnmhairiúcháin a bheith bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir na húdaráis chustaim ó dhá Bhallstát ar fáil maidir le méideanna allmhairí bróg riantáin cruach. I ndáil leis sin, d’iarr Caterpillar Group gur cheart achoimre neamhrúnda ar na sonraí arna soláthar ag na húdaráis chustaim a nochtadh do na páirtithe leasmhara.

(70)

I gcodarsnacht leis an méid a mhaígh Caterpillar Group, cuireadh mionsonraí na dtairiscintí agus/nó na sonrasc ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha ar fáil sa chomhad neamhrúnda agus dá bhrí sin diúltaíodh don mhaíomh nár nochtadh an fhaisnéis sin. Maidir leis an bhfaisnéis a chuir na húdaráis chustaim ar fáil, chuir an Coimisiún in iúl do Caterpillar Group go raibh freagraí na n-údarás custaim rúnda de réir a gcineáil agus nárbh fhéidir iad a achoimriú. Níor lig na freagraí don Choimisiún méid ná praghsanna allmhairiúcháin a chinneadh chun críocha an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh gur cheart praghsanna onnmhairiúcháin a bheith bunaithe ar fhaisnéis arna soláthair ag na húdaráis chustaim náisiúnta.

(71)

Ní bhfuarthas aon bharúil eile maidir leis an bpraghas onnmhairiúcháin a chinneadh, agus dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún na torthaí a leagtar amach in aithris 120 den Rialachán sealadach.

3.4.   Comparáid

(72)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an gcomparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin agus dá bhrí sin dheimhnigh an Coimisiún na torthaí a leagtar amach in aithrisí 121 go 124 den Rialachán sealadach.

3.5.   Corrlach dumpála

(73)

In éagmais aon bharúil maidir le ríomh an chorrlaigh dumpála, dheimhnigh an Coimisiún na torthaí a leagtar amach in aithrisí 125 go 127 den Rialachán sealadach.

(74)

Is iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den phraghas costais, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach %

Gach allmhaire de thionscnamh na tíre lena mbaineann

62,5

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(75)

In éagmais aon bharúil i ndáil leis an sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí a leagtar amach in aithrisí 128 agus 129 den Rialachán sealadach.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(76)

Tar éis an nochta shealadaigh, cháin Caterpillar Group go raibh cinneadh maidir le tomhaltas an Aontais ag brath go hiomlán ar an modheolaíocht agus ar na sonraí a sholáthair an gearánach. Mhaígh siad nach ndearnadh an mhodheolaíocht a úsáideadh chun tomhaltas an Aontais a ríomh a fhíorú go leordhóthanach agus nár lorg an Coimisiún tuairimí páirtithe eile maidir leis na toimhdí a rinne an gearánach. Chuir Caterpillar Group i gcoinne toimhdí áirithe maidir leis an sciar tochaltóirí i meaisíní riantáin agus maidir leis an eatramh athsholáthair le haghaidh bróg riantáin cruach agus sholáthair sé toimhdí a bhí éagsúil le toimhdí an ghearánaigh.

(77)

An fhaisnéis ar ar chinn an Coimisiún tomhaltas iomlán bróg riantáin cruach san Aontas, cuireadh san áireamh í sa leagan neamhrúnda den ghearán agus cuireadh ar fáil sa chomhad neamhrúnda í ó lá tionscnaimh an imscrúdaithe. Bhí rochtain ag na páirtithe uile a chláraigh mar pháirtithe leasmhara ar an gcomhad sin agus bhí an deis acu barúil a thabhairt. Thairis sin, nocht an Coimisiún sa Rialachán sealadach an mhodheolaíocht chun tomhaltas bróg riantáin cruach an Aontais a chinneadh agus d’iarr sé ar pháirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt. Dá bhrí sin, diúltaítear don argóint nár lorg an Coimisiún tuairimí na bpáirtithe leasmhara.

(78)

Níor chuir Caterpillar Group aon fhianaise bhreise ar fáil maidir leis na toimhdí a rinne sé agus níor léirigh sé go mbeidís níos iomchuí ná na toimhdí a d’úsáid an gearánach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(79)

In éagmais aon bharúil i ndáil le tomhaltas an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún a thorthaí a leagtar amach in aithrisí 130 go 133 den Rialachán sealadach.

4.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

4.3.1.   Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(80)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’iarr an Caterpillar Group, mar a luadh cheana in aithris 69, ar an gCoimisiún achoimre neamhrúnda a sholáthar ar an bhfaisnéis a fuair na húdaráis chustaim ó dhá Bhallstát maidir le méideanna allmhairí bróg riantáin cruach. Mar a leagtar amach in aithris 70, bhí freagraí na n-údarás custaim rúnda de réir a gcineáil agus níor fhéidir iad a achoimriú. Níor lig na freagraí don Choimisiún méideanna na n-allmhairí ná na praghsanna allmhairiúcháin a chinneadh chun críocha an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(81)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil le méid na n-allmhairí agus an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ón tír lena mbaineann, dheimhnigh an Coimisiún a thorthaí a leagtar amach in aithrisí 134 go 137 den Rialachán sealadach.

4.4.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(82)

Mar a leagtar amach in aithris 69, tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh an Caterpillar Group nár nocht an Coimisiún an fhaisnéis a bhí sa ghearán ar ar a bhonn a shuigh an Coimisiún praghsanna allmhairiúcháin bróg riantáin cruach. Is éard a bhí san fhaisnéis sin sraith sonrasc agus tairiscintí ó chúig tháirgeoir onnmhairiúcháin bróg riantáin cruach de chuid na Síne. Mar a luaitear thuas in aithris 70, áiríodh an fhaisnéis sin i gcomhad neamhrúnda an imscrúdaithe agus diúltaíodh don mhaíomh dá bhrí sin.

(83)

Thairis sin, tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Caterpillar Group gur cheart praghsanna allmhairiúcháin a bheith bunaithe ar an bhfaisnéis a fuarthas ó na húdaráis chustaim, mar a luaitear in aithris 69 thuas, rud a bheadh ina bhonn níos fearr ná an tacar sonrasc a áirítear sa ghearán. D’áitigh siad freisin gur cheart faisnéis den sórt sin a nochtadh i bhfoirm achoimrithe do na páirtithe leasmhara.

(84)

Mar a leagtar amach in aithrisí 70 agus 80, bhí an fhaisnéis a sholáthair na húdaráis chustaim i dtrácht rúnda de réir a gcineáil agus níorbh fhéidir í a achoimriú. Ar aon chuma, ar bhonn na faisnéise sin, níorbh fhéidir méid na n-allmhairí agus praghsanna allmhairiúcháin na mbróg riantáin cruach a shuí agus, dá bhrí sin, níor úsáideadh an fhaisnéis sin chun an praghas allmhairiúcháin a chinneadh.

(85)

Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh Caterpillar Group ina leith sin.

(86)

In éagmais aon bharúil eile maidir le praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais, dheimhnigh an Coimisiún a thorthaí a leagtar amach in aithrisí 138 go 143 den Rialachán sealadach.

4.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

(87)

In éagmais barúlacha maidir le staid eacnamaíoch thionscal an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí uaidh a leagtar amach in aithrisí 144 go 177 den Rialachán sealadach.

5.   CÚISÍOCHT

(88)

I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún ag an gcéim shealadach an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an bhféadfadh sé go ndearna tosca aitheanta eile dochar do thionscal an Aontais san am céanna. Aon díobháil fhéideartha, ar tosca eile ba chúis léi seachas na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann, d’áirithigh an Coimisiún nár cuireadh an díobháil sin síos do na hallmhairí dumpáilte. Seo a leanas na tosca sin: na hallmhairí ó thríú tíortha agus feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais.

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(89)

In éagmais barúlacha maidir le héifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí uaidh a leagtar amach in aithrisí 179 go 181 den Rialachán sealadach.

5.2.   Éifeachtaí tosca eile

(90)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh Italtractor gurbh é crapadh domhanda na dtionscal tógála agus talmhaíochta ba chúis leis an laghdú ar dhíolacháin, ar mhéid táirgeachta agus ar fhostaíocht, agus nach allmhairí ón tSín ba chúis leis ach go páirteach (agus ó Phoblacht na Cóiré (‘an Chóiré’)).

(91)

Níor chuir an chuideachta sin aon fhianaise ar fáil chun tacú lena maíomh. I gcodarsnacht le maíomh na cuideachta, tháinig méadú 3 % ar thomhaltas bróg riantáin cruach an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud nár léirigh crapadh ar éileamh ar mhargadh an Aontais. Le linn na tréimhse sin, tháinig méadú 23 % ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí na Síne, i.e. ó 49 % in 2021 go 59 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin (i.e., méadú 10 bpointe céatadáin). Tharla an méadú sin ar chostas thionscal an Aontais a chaill 42 % den sciar den mhargadh, i.e. laghdaigh sé ó 31 % in 2021 go 18 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin (i.e. laghdú 13 phointe céatadáin). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh gurbh é crapadh ar éileamh i dtionscal an Aontais ba chúis leis an díobháil.

(92)

Mar a leagtar amach i dTábla 12 den Rialachán sealadach, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí allmhairí ón gCóiré ar leibhéil an-íseal i gcomparáid le hallmhairí ón tSín agus bhí sciartha den mhargadh réasúnta cobhsaí acu (idir 3 % agus 5 %). Léirigh an meánphraghas allmhairiúcháin ón gCóiré treocht mhéadaitheach (+ 20 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú) agus bhí sé os cionn mheánphraghas díola thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, ní dhearna allmhairí bróg riantáin cruach ón gCóiré aon díobháil do thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh gurbh iad allmhairí bróg riantáin cruach ón gCóiré ba chúis leis an díobháil go páirteach.

(93)

Mhaígh Astrak gur laghdú ar mhargadh OEM san Aontas seachas na hallmhairí dumpáilte ón tSín ba chúis leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Níor thacaigh fíorais an imscrúdaithe leis an maíomh sin. Mar a léirítear i dtáblaí 3 agus 6 den Rialachán sealadach, fuair allmhairí Síneacha sciar mór den mhargadh (+ 10 bpointe céatadáin), rud a bhí chun dochair do thionscal an Aontais, a chaill sciar mór den mhargadh (-13 phointe céatadáin) le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus tháinig méadú ar thomhaltas an Aontais (tábla 2 den Rialachán sealadach) le linn na tréimhse céanna (+ 3 %). Meabhraítear gur tháinig laghdú ar phraghsanna allmhairiúcháin le linn na tréimhse faoi bhreathnú (tábla 4 den Rialachán sealadach), rud a rinne sladghearradh nach beag 28,8 % ar phraghsanna díola thionscal an Aontais (aithris 143 den Rialachán sealadach). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(94)

Mhaígh Astrak freisin gurb é an infheistíocht in innealra a tháinig in ionad an lucht saothair seachas na hallmhairí ón tSín is cúis leis an gcaillteanas fostaíochta. Níor thacaigh aon fhianaise leis an ráiteas sin. Mar a bhunaítear in aithris 172 den Rialachán sealadach, bhí infheistíochtaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar leibhéal íseal ar an iomlán agus rinneadh iad den chuid is mó chun gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach agus chun saoráidí atá ann cheana a choinneáil ar bun. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(95)

Ina theannta sin, mhaígh Astrak go raibh praghsanna na Síne i gcomhréir le forbairt i bpraghsanna domhanda cruach agus i gcostas fuinnimh sa tSín. Ba leibhéil stoic an toradh a bhí ar an laghdú ar an éileamh i margadh OEM. Mar atá thuas, níor thacaigh fianaise leis na ráitis sin. Maidir le costas, shuigh an Coimisiún nach raibh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna díola a mhéadú i gcomhréir leis an méadú ar a chostas mar gheall ar bhrú praghsála ó allmhairí ón tSín. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(96)

In éagmais aon mhaíomh eile maidir le cúisíocht, dheimhnigh an Coimisiún na torthaí a leagtar amach in aithrisí 182 go 191 den Rialachán sealadach.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

(97)

In éagmais aon bharúil maidir le leibhéal na mbeart, dheimhnigh an Coimisiún a thorthaí a leagtar amach in aithrisí 192 go 202 den Rialachán sealadach.

(98)

De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán.

Tír

Cuideachta

Corrlach dumpála (%)

Corrlach díobhála (%)

Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)

an tSín

Gach allmhaire de thionscnamh na tíre lena mbaineann

62,5

63,8

62,5

7.   LEAS AN AONTAIS

(99)

Tar éis an réamhnochta, an nochta shealadaigh agus fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, tháinig roinnt páirtithe leasmhara chun cinn chun barúlacha a chur isteach maidir le leas an Aontais. Chuir an Coimisiún na maímh sin san áireamh agus rinne sé measúnú mionsonraithe orthu thíos.

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(100)

Tar éis an réamhnochta agus an nochta shealadaigh, mhaígh Italtractor go rachadh forchur na mbeart chun tairbhe d’allmhairí na Cóiré seachas do thionscal an Aontais. Mhaígh Italtractor, ós rud é nach mbeidh aon dleacht frithdhumpála infheidhme maidir le hallmhairí ón gCóiré, go mbeidh na hallmhairí sin in ann díriú ar chustaiméirí san Aontas chun aimhleasa chostais dhíolacháin bróg riantáin cruach Italtractor féin ar mhargadh an Aontais. Sholáthair Italtractor roinnt faisnéise maidir lena tháirgeacht, chomh maith le ceannacháin ón ngearánach agus a allmhairí ón tSín. Chuir sé faisnéis ar fáil freisin maidir lena athdhíol bróg riantáin cruach.

(101)

Meabhraítear ar dtús nár chomhoibrigh Italtractor mar tháirgeoir de chuid an Aontais, ná mar allmhaireoir bróg riantáin cruach trí an gceistneoir atá dírithe ar na páirtithe sin a líonadh isteach. Bhí an fhaisnéis a soláthraíodh tar éis an nochta shealadaigh an-teoranta agus níorbh fhéidir í a fhíorú a thuilleadh. Ina theannta sin, níor thug an fhaisnéis a soláthraíodh bunús leis na maímh a rinneadh. Maidir le hallmhairí bróg riantáin cruach na Cóiré, mar a leagtar amach in aithris 92, d’fhan siad sin ar leibhéil ísle agus ar phraghsanna os cionn mheánphraghas díola thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, ní dhearna allmhairí na Cóiré aon díobháil do thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(102)

Mar a leagtar amach in aithris 205 den Rialachán sealadach, mheas an Coimisiún go mbeadh méadú ar leibhéil phraghsanna allmhairí na Síne mar thoradh ar an dleacht agus, dá bhrí sin, go scaoilfí tionscal an Aontais ón sochtadh praghsanna arb iad na hallmhairí sin is cúis leis. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh nach mbainfeadh tionscal an Aontais tairbhe as forchur na mbeart.

(103)

In éagmais aon bharúil bhreise maidir le leas thionscal an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí uaidh a leagtar amach in aithrisí 205 go 208 den Rialachán sealadach.

7.2.   Leas na n-allmhaireoirí agus na dtrádálaithe neamhchomhlachaithe

(104)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh allmhaireoir amháin, Verhoeven, go mbeadh boilsciú praghsanna mar thoradh ar fhorchur dleachtanna, is é sin méadú ar an bpraghas ceannaigh le haghaidh allmhaireoirí bróg riantáin cruach a mbeadh iarmhairtí díreacha aige ar a gcorrlaigh agus ar a bpraghas deiridh dá gcustaiméirí san Aontas. Níor thacaigh aon fhianaise leis an maíomh sin. Níor chomhoibrigh Verhoeven san imscrúdú trí cheistneoir a fhreagairt agus níor tháinig sé chun cinn ach ag céim an-déanach den imscrúdú. Níor sholáthair sé aon fhigiúr mar bhunús lena mhaímh agus dá bhrí sin diúltaíodh dóibh.

(105)

In éagmais aon bharúil eile maidir le leas na n-allmhaireoirí agus na dtrádálaithe neamhchomhlachaithe, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí uaidh a leagtar amach in aithrisí 209 go 212 den Rialachán sealadach.

7.3.   Leas úsáideoirí

(106)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Caterpillar Group nár cuireadh leas táirgeoirí grúpaí riantáin agus grúpaí riantáin iomlána san áireamh sa Rialachán sealadach. Dhearbhaigh siad nár cuireadh san áireamh sna torthaí éifeachtaí diúltacha fhorchur na ndleachtanna ar na húsáideoirí sin ná ar an tionscal a mhonaraíonn trealamh crécharta. Mhaígh siad gur praghsanna méadaithe ar ghrúpaí riantáin agus ar ghrúpaí riantáin iomlána an toradh a bheadh ar na dleachtanna, rud a bheadh tionchar diúltach aige ar an éileamh ar na táirgí sin san Aontas, agus ar mhargaí (onnmhairiúcháin) tríú tíortha. Dá bhrí sin, ní bheadh forchur na ndleachtanna chun leas níos leithne an Aontais.

(107)

Níor chuir Caterpillar Group fianaise ar fáil a thacaigh leis an maíomh sin. Níor chomhoibrigh aon cheann de tháirgeoirí grúpaí riantáin ná grúpaí riantáin iomlána leis an imscrúdú trí fhreagra ar an gceistneoir a sholáthar. Dá bhrí sin, ní raibh an Coimisiún in ann an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an dleacht, más ann dó, ar mhéideanna athdhíola nó ar phraghsanna athdhíola grúpaí riantáin agus grúpaí riantáin iomlána san Aontas nó i dtríú tíortha a chinneadh, chomh maith le haon tionchar ar bhrabúsacht na gcuideachtaí. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(108)

Mhaígh Astrak go mbeidh méaduithe géara ar phraghsanna i margadh an Aontais mar thoradh ar bhearta, rud a dhéanfaidh difear díréireach d’úsáideoirí. Níor thacaigh aon fhianaise leis an maíomh sin agus diúltaíodh dó dá bhrí sin.

(109)

In éagmais aon bharúil eile maidir le leas na n-úsáideoirí, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí uaidh a leagtar amach in aithrisí 213 go 216 den Rialachán sealadach.

7.4.   Soláthar ar mhargadh an Aontais

(110)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh ceann de na hallmhaireoirí, Verhoeven, nach mbeadh an gearánach toilteanach agus/nó nach mbeadh sé in ann gach cineál táirge a sholáthar, go háirithe na táirgí sin is gá a tháirgeadh de réir riachtanais shonracha. Dhearbhaigh sé freisin gur dhiúltaigh an gearánach bróga riantáin cruach a sholáthar dó roimhe seo. D’áitigh an páirtí sin freisin nach féidir le hacmhainneacht táirgeachta an ghearánaigh freastal ar an éileamh iomlán san Aontas agus, dá bhforchuirfí dleachtanna frithdhumpála, go mbeadh teorainn leis an soláthar bróg riantáin cruach san Aontas, agus go gcuirfí síneadh leis na hamanna seachadta chun aimhleasa na gcustaiméirí san Aontas. Líomhain an páirtí sin, i bhfianaise acmhainneacht táirgeachta theoranta an ghearánaigh, go dtabharfadh sé tús áite do sheachadadh ‘méideanna caighdeánacha’ chun dochair do chustaiméirí san Aontas atá ag brath ar tháirgí speisialaithe agus saincheaptha. Ar an gcaoi chéanna, mhaígh Astrak gur dhiúltaigh an gearánach é a sholáthar san am a chuaigh thart, nó go raibh agaí tionscanta fada agus praghsanna arda aige, agus go mbeidh ganntanais soláthair ar mhargadh an Aontais.

(111)

Níor tacaíodh le haon cheann de na ráitis sin le fianaise leordhóthanach agus dá bhrí sin dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin. In aon chás, ní hé is aidhm do na dleachtanna frithdhumpála margadh an Aontais a dhúnadh d’allmhairí ó thríú tíortha, ach cothrom iomaíochta a athbhunú. Sa chás sonrach sin, d’onnmhairigh roinnt tríú tíortha eile bróga riantáin cruach chuig an Aontas, agus beidh na honnmhairí sin fós in ann teacht isteach san Aontas gan a bheith faoi réir aon dleachtanna frithdhumpála. Dá bhrí sin, diúltaíodh do gach maíomh ina leith sin.

(112)

In éagmais aon bharúil eile maidir leis an soláthar ar mhargadh an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí uaidh a leagtar amach in aithrisí 217 go 219 den Rialachán sealadach.

7.5.   Maímh eile

(113)

Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, mhaígh Italtractor gurb é an gearánach an t-aon táirgeoir de chuid an Aontais de chodanna próifíle cruach san Aontas a úsáidtear i dtáirgeadh bróg riantáin cruach agus go gcruthófar monaplacht ar mhargadh an Aontais le forchur na mbeart. Thabharfadh sé sin an deis don ghearánach a phraghsanna díola a mhéadú chun aimhleasa a chustaiméirí san Aontas. Ar an gcaoi chéanna, mhaígh Verhoeven agus Astrak go raibh monaplacht (de facto) ag an ngearánach san Aontas agus gur dócha go gcruthóidh bearta staid éagórach margaidh, toisc go gcuirfidh siad deireadh le hiomaíocht ó mhargaí tríú tíortha eile. Dhearbhaigh Astrak gur bhain an gearánach mí-úsáid as a sheasamh i margadh an Aontais, rud a chruthaigh timpeallacht eacnamaíoch neamhshábháilte don chustaiméir deiridh; agus trí thagairt a dhéanamh do chásdlí roimhe seo go raibh sé de dhualgas ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngné sin faoi Airteagal 21 den bhun-Rialachán.

(114)

Níor thacaigh aon fhianaise le haon cheann de na maímh sin. Léiríodh san imscrúdú go bhfuil dhá tháirgeoir eile de chuid an Aontais ar mhargadh an Aontais, agus go raibh allmhairí isteach san Aontas ó roinnt tríú tíortha eile, amhail an Tuirc, an Chóiré agus an India, arbh ionann iad le chéile agus sciar 23 % den mhargadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh go mbeadh monaplacht san Aontas ag an ngearánach dá bhforchuirfí bearta, rud a d’fhágfadh staid éagórach margaidh.

(115)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Astrak agus Italtractor a maíomh go bhféadfaí monaplacht a chruthú mar gheall ar na bearta agus mar gheall ar staid éagórach margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann.

(116)

Níor chuir Astrak aon fhianaise shubstainteach bhreise ar fáil chun tacú lena mhaíomh agus dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh.

(117)

Chuir Italtractor i gcoinne nach raibh fianaise leordhóthanach ag tacú lena mhaíomh agus chuir sé i dtábhacht an fhianaise chainníochtúil a chuir sé ar fáil i ndáil le bróga riantáin cruach a fuarthas ón ngearánach agus d'áitigh sé go ndearna páirtithe leasmhara eile éilimh chomhchosúla.

(118)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir Italtractor faisnéis ar fáil maidir lena tháirgeacht, a allmhairí agus a dhíolacháin bróg riantáin cruach, chomh maith le ceannacháin teascán próifíle cruach. Dhearbhaigh Italtractor go bhfuil an gearánach comhtháite go hingearach i.e. táirgeann sé teascáin próifíle cruach ar ionchur fíor-riachtanach iad le haghaidh bróg riantáin cruach. Thug Italtractor dá aire go n-úsáideann an gearánach na teascáin próifíle cruach ina phróiseas táirgthe féin ach go ndíolann sé iad freisin le tríú páirtithe amhail Italtractor, agus ag an am céanna go bhfuil siad in iomaíocht le chéile agus bróga riantáin cruach á ndíol ar mhargadh an Aontais. Chun tacú lena mhaíomh, tar éis an nochta deiridh, chuir Italtractor faisnéis ar fáil maidir le praghsanna ceannaigh teascán próifíle cruach agus sonraí costais bróg riantáin cruach.

(119)

Níor thacaigh an fhaisnéis a sholáthair Italtractor tar éis an nochta shealadaigh agus an nochta deiridh lena mhaímh agus ní fhéadfadh sí torthaí an Choimisiúin a leagtar amach in aithris 114 a dhíluacháil. Ós rud é go bhfuil praghsanna éagsúla ag ábhar ionchuir ó sholáthróirí éagsúla, agus go bhféadfadh na praghsanna sin méadú (nó laghdú) ag brath ar an soláthróir, ní thacaíonn sé sin, dá réir sin, le maíomh an ghearánaigh go bhféadfadh staid mhonaplach a bheith ann. Maidir le seasamh monaplach líomhnaithe Duferco maidir le bróg riantáin cruach, ní fhéadfaí aon chonclúidí sonracha a dhéanamh ar bhonn na faisnéise a cuireadh ar fáil maidir le ceannacháin agus allmhairí bróg riantáin cruach. Ina theannta sin, níor chomhoibrigh Italtractor go hiomlán riamh leis an imscrúdú a mhéid a chuirfeadh sé ar chumas an Choimisiúin na sonraí a soláthraíodh a fhíorú. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh a rinneadh ina leith sin.

(120)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Verhoeven freisin go mbeadh bearta i gcoinne leas níos leithne an Aontais toisc go mbeidís i gcoinne phrionsabail an mhargaidh oscailte, chóir agus iomaíoch. Mar sin féin, is é is aidhm do bhearta frithdhumpála aghaidh a thabhairt ar chleachtais éagóracha trádála agus cothrom iomaíochta a athbhunú san Aontas. Dá bhrí sin, níl siad ag teacht salach ar mhargadh oscailte, cothrom agus iomaíoch. Suíodh leis an imscrúdú reatha go bhfuil dumpáil nach beag déanta ag allmhairí na Síne, rud a dhéanann díobháil ábhartha do thionscal an Aontais. Ní raibh aon chúis ann a bhain le leas an Aontais chun staonadh ó na bearta a fhorchur. Dá bhrí sin, tá bonn cirt le bearta a fhorchur faoin mbun-Rialachán. Léirigh an t-imscrúdú freisin gur margadh oscailte é margadh an Aontais ina dtagann allmhairí isteach san Aontas ó roinnt margaí tríú tíortha eile. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(121)

Thairis sin, tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh an páirtí céanna go mbeadh mí-úsáid á baint ag an ngearánach as an ionstraim frithdhumpála chun deireadh a chur le hiomaíocht agus chun margadh an Aontais a chosaint ar iomaíocht. Ar na cúiseanna a leagtar amach in aithris 120, diúltaíodh don mhaíomh sin. Ina theannta sin, chuir an gearánach gearán dea-dhoiciméadaithe faoi bhráid an Choimisiúin, ina raibh fianaise leordhóthanach prima facie de réir bhrí Airteagal 5 den bhun-Rialachán agus ar ar a bhonn a chinn an Coimisiún go raibh údar maith leis an imscrúdú reatha a thionscnamh.

(122)

Ar deireadh, mhaígh Verhoeven go mbeadh an gearánach féin ag onnmhairiú táirgí cruach chuig margaí tríú tíortha, rud a chuirfeadh caighdeáin dhúbailte i bhfeidhm. Mar sin féin, ní bhaineann sé le hábhar go bhfuil táirgeoir de chuid an Aontais ag onnmhairiú chuig tríú tíortha eile agus ní thagann sé salach ar chosaint a lorg ar chleachtais éagóracha trádála san Aontas. Ní bhíonn tionchar ar bith ag onnmhairiú chuig tríú tíortha eile ar cheart an ghearánaigh gearán a dhéanamh lena n-iarrtar imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh san Aontas. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(123)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Liebherr gur cheart don Choimisiún díolúine úsáide deiridh a dheonú dó maidir le hallmhairí bróg riantáin cruach teilgthe ón tSín. Ós rud é gur tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, mar a leagtar amach in aithrisí 27 go 40, nár cheart na táirgí sin a áireamh sa raon táirge, ní raibh feidhm ag an maíomh sin.

7.6.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(124)

In éagmais aon bharúil eile maidir le leas an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí uaidh a leagtar amach in aithrisí 220 go 222 den Rialachán sealadach.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

8.1.   Bearta cinntitheacha

(125)

Ar bhonn na gconclúidí ar ar thángthas orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann.

(126)

Ar bhonn a bhfuil thuas, ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála cinntitheacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)

an tSín

Gach allmhaire de thionscnamh na tíre lena mbaineann

62,5

(127)

An ráta frithdhumpála a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh é ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú é ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo. Tá na dleachtrátaí sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na tíre lena mbaineann.

(128)

Mar a mhínítear in aithris 227 den Rialachán sealadach, ós rud é go dtagann cuid de tháirgí cóimeáilte a dhíoltar amhail grúpaí riantáin nó grúpaí riantáin iomlána faoin raon táirge, níor cheart ach luach na mbróg riantáin cruach a léiriú sna dleachtanna a fhorchuirtear ar tháirgí cóimeáilte den sórt sin nuair a allmhairítear isteach san Aontas iad ón tír lena mbaineann. Shuigh an Coimisiún meánchéatadán sealadach den luach a chomhfhreagraíonn do bhróga riantáin cruach a ionchorpraíodh sna táirgí cóimeáilte, a raibh 55 % de luach grúpa riantáin agus 50 % de luach grúpa riantáin iomlán i gceist leis.

(129)

Mhaígh roinnt páirtithe go ndearnadh rómheastachán ar na céatadáin sin agus d’iarr siad go ndéanfaí athbhreithniú orthu sin. Mhaígh ceann de na páirtithe, an Caterpillar Group, nár cheart aon dleacht ar chor ar bith a ghearradh ar bhróga riantáin cruach a ionchorpraítear sa táirge cóimeáilte. Go sonrach, d’áitigh Caterpillar Group nach féidir leis an gCoimisiún dleachtanna frithdhumpála a fhorchur ar ghrúpaí riantáin agus ar ghrúpaí riantáin iomlána ach ar bhróga riantáin cruach ina n-aonair amháin, toisc nach ndearna an Coimisiún imscrúdú ar thionchar na n-allmhairí ar tháirgeoirí grúpaí riantáin agus grúpaí riantáin iomlána an Aontais agus nár mheas sé gur táirgeoirí onnmhairiúcháin a bhí i dtáirgeoirí Síneacha a tháirgeann grúpaí riantáin nó grúpaí riantáin iomlána chun críoch an imscrúdaithe. Thagair Caterpillar Group do Thuarascáil Phainéal EDT maidir le CE – Bradán (an Iorua) (11) agus do bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta in JSC Kirovo-Chepetsky Khimichesky Kombinat v an Chomhairle (12) chun tacú lena argóintí.

(130)

D’easaontaigh an gearánach le tuairim Caterpillar Group nach féidir dleachtanna frithdhumpála a fhorchur ar ghrúpaí riantáin agus ar ghrúpaí riantáin iomlána, agus chuir sé i dtábhacht gur cuireadh bróga riantáin cruach a chóimeáiltear laistigh de shlabhra riantáin, lena n-áirítear grúpaí riantáin agus grúpaí riantáin iomlána, san áireamh sa raon táirge. D’easaontaigh an gearánach freisin le léirmhíniú Caterpillar Group ar an mbreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta in JSC Kirovo-Chepetsky Khimichesky Kombinat v an Chomhairle, toisc gur dhéileáil an breithiúnas sin le leathnú an raoin táirge tar éis athbhreithniú eatramhach faoi Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán agus dá bhrí sin níl sé ábhartha sa chás seo. Thug an gearánach dá aire freisin nach bhforchuirtear na dleachtanna ar an táirge cóimeáilte ina iomláine, ach ar chomhpháirt na mbróg riantáin cruach laistigh de na cóimeálacha.

(131)

Mar fhreagra ar na maímh a rinneadh maidir le luach bróg riantáin cruach i dtáirgí cóimeáilte, thug an gearánach dá aire nár thacaigh aon fhianaise leo sin agus gur cheart, dá bhrí sin, diúltú dóibh. Dhiúltaigh an gearánach freisin go raibh leibhéal na ndleachtanna sealadacha ‘díréireach’ toisc gur toradh iad ar ríomhanna oibiachtúla bunaithe ar an bhfianaise a bailíodh le linn an imscrúdaithe. Ar deireadh, mhol an gearánach, de rogha ar na céatadáin a bunaíodh go sealadach, gur cheart d’allmhaireoirí luach bróg riantáin cruach a dhearbhú agus na táirgí cóimeáilte á n-allmhairiú acu agus sonrasc lena sonraítear luach bróg riantáin cruach a chur faoi bhráid na n-údarás custaim, mar aon le dearbhú lena ndeimhnítear cruinneas an luacha sin. I gcás neamhchomhlíontachta, ba cheart cur i bhfeidhm na dleachta frithdhumpála a bheith bunaithe ar na tairseacha mar a shonraítear sa Rialachán sealadach.

(132)

Mheas an Coimisiún nach cuid de raon táirge an imscrúdaithe iad táirgí cóimeáilte iontu féin agus nach gcuirtear dleachtanna frithdhumpála i bhfeidhm ar na táirgí cóimeáilte sin, ach ar bhróga riantáin cruach amháin a ionchorpraítear sa táirge cóimeáilte agus a allmhairítear isteach san Aontas. Tá sé sin i gcomhréir le cleachtas an Choimisiúin i gcásanna roimhe seo inar allmhairíodh an táirge lena mbaineann isteach san Aontas mar tháirge cóimeáilte (13).

(133)

Thairis sin, mheas an Coimisiún nach bhfuil na tagairtí do Thuarascáil Phainéal EDT maidir le CE – Bradán (an Iorua) agus do bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta in JSC Kirovo-Chepetsky Khimichesky Kombinat v an Chomhairle ábhartha don chás seo. Bhain Tuarascáil Phainéal CE – Bradán (an Iorua) le raon feidhme an tionscail intíre (14). Bhain breithiúnas Kirovo leis an tsaincheist maidir leis an raon táirge a leathnú chun aghaidh a thabhairt ar imchéimniú. Dá bhrí sin, tugann an dá chás aghaidh ar shaincheisteanna dlíthiúla éagsúla agus ní raibh siad ábhartha maidir leis an gceist conas an dleacht frithdhumpála a chur i bhfeidhm san imscrúdú reatha. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(134)

Maidir le sciar luach bróg riantáin cruach sna táirgí cóimeáilte, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil tar éis an nochta shealadaigh, agus mheas sé go raibh sé níos iomchuí, chun a áirithiú nach gcuirfear na dleachtanna frithdhumpála i bhfeidhm ach amháin ar bhróga riantáin cruach, nach mór luach bróg riantáin cruach a iontráil sa dearbhú maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcás allmhairí táirgí cóimeáilte.

(135)

Chun éifeachtacht na mbeart a áirithiú, d'fhéach an Coimisiún, áfach, ar thairseach a shocrú i ndáil le cion na mbróg riantáin cruach i luach iomlán táirge cóimeáilte, tairseach faoina bhun nach gcuirfí an dleacht i bhfeidhm. Socraítear an tairseach ag an gcéatadán is ísle arna thuairisciú ag na páirtithe leasmhara i gcomhthéacs an imscrúdaithe seo, i.e. ag 31 % den luach iomlán atá ar shlabhra riantáin cóimeáilte.

(136)

Níor cheart feidhm a bheith ag an bhforáil seo ach amháin maidir le hallmhairí grúpaí riantáin agus grúpaí riantáin iomlána, toisc go dtagann bróga riantáin cruach a dhíoltar mar chomhpháirt atá níos mó ná grúpaí riantáin iomlána, amhail focharráistí nó meaisíní ar a bhfuil riantáin iomlána, lasmuigh den raon táirge toisc nach bhfuil sna bróga riantáin cruach sin ach codán measartha beag de luach foriomlán na gcomhpháirteanna móra sin.

(137)

Dhiúltaigh an Coimisiún d’iarraidh an ghearánaigh an dleacht frithdhumpála a chur i bhfeidhm bunaithe ar na tairseacha mar a shonraítear sa Rialachán sealadach i gcás neamhchomhlíontachta ag allmhaireoirí. Go deimhin, mheas an Coimisiún, sa chás atá idir lámha, go soláthraítear leis na dearbhuithe allmhairiúcháin bonn níos cruinne chun an dleacht atá le híoc a chinneadh, agus tugann an íostairseach bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara ar fáil aghaidh freisin ar an imní a bhaineann le neamhchomhlíontacht féideartha na n-allmhaireoirí.

(138)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh dhá chuideachta de chuid Caterpillar Group a mbarúlacha maidir le cur i bhfeidhm na dleachta ar ghrúpaí riantáin agus grúpaí riantáin iomlána. Mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin nach dtacaíonn cleachtas cáis roimhe seo an Choimisiúin a bhaineann le ‘táirgí cóimeáilte’ leis an gcur chuige sa chás seo. Thagair an Caterpillar Group do chás na dTúr Gaoithe Cruach (15), ina ndearna an Coimisiún measúnú ar dhumpáil agus ar dhíobháil le haghaidh an ‘táirge chóimeáilte’ tar éis scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar chostais táirgthe na gcomhpháirteanna uile agus i gcás inar cuireadh dleachtanna i bhfeidhm ar an táirge bíodh siad cóimeáilte nó ná bíodh. Cháin Caterpillar Group arís agus arís eile an cur chuige chun dleacht a fhorchur ar ‘tháirgí cóimeáilte’ gan costais táirgthe na gcomhpháirteanna uile eile a chur san áireamh sa bhreis ar an gcomhpháirt indleachta aonair agus gan measúnú a dhéanamh ar dhíobháil do tháirgeoirí an Aontais de na táirgí cóimeáilte sin. Mheas an táirgeoir onnmhairiúcháin nach raibh an cur chuige sin ag teacht leis an mbun-Rialachán frithdhumpála.

(139)

Maidir le breithiúnas Kirovo, d’aontaigh Caterpillar Group gur bhain sé sin le dleacht frithdhumpála a bhí ann cheana a leathnú in athbhreithniú ach mhaígh sé arís agus arís eile go bhfuil feidhm fós ag an bprionsabal maidir leis an imscrúdú. D’áitigh Caterpillar Group, i gcás bhreithiúnas Kirovo, go bhfuil an prionsabal ar ar bhunaigh an Chúirt a cinneadh go hiomlán ábhartha agus go bhfuil feidhm chomhionann aige maidir leis an gcás seo agus maidir le hathbhreithnithe fadaithe. Mheas Caterpillar Group freisin go ndearnadh an earráid chéanna sa chás atá idir lámha agus a shonraítear i dTuarascáil Phainéal EDT maidir le CE – Bradán (an Iorua), toisc nach ndearna sé scrúdú ar dhíobháil ná ar easpa díobhála don chuid de thionscal an Aontais a tháirgeann grúpaí riantáin agus grúpaí riantáin iomlána.

(140)

D’athdhearbhaigh Caterpillar Group a iarraidh grúpaí riantáin agus grúpaí riantáin iomlána a eisiamh ón dleacht. I gcás ina leanfadh an Coimisiún ar aghaidh le cur i bhfeidhm na dleachta ar ghrúpaí riantáin agus grúpaí riantáin iomlána, d’iarr an t-onnmhaireoir mionchoigeartuithe maidir leis an iarratas. Ar an gcéad dul síos, mheas an t-onnmhaireoir nach bhfuil údar leis an íosmhéid 31 %, ós rud é go bhfuil roinnt táirgí ann a bhaineann le grúpaí riantáin, lena n-áirítear cion níos ísle de bhróga riantáin cruach. Mhaígh an t-onnmhaireoir gur cheart go mbeadh oibreoirí in ann tairbhiú de chéatadán níos ísle ná 31 % más ionann é agus luach iarbhír bróg riantáin cruach. D’áitigh Caterpillar Group freisin go mbeadh bac ar an tairbhe sin ar neamhréir le prionsabal ginearálta dhlí an Aontais maidir le cóir chomhionann, lena gceanglaítear nár cheart caitheamh le cásanna inchomparáide ar bhealach éagsúil (16). Ar an dara dul síos, a mhéid atá céatadán seasta amhail 31 % le bunú, d’áitigh Caterpillar Group gur cheart é a úsáid mar leibhéal réamhshocraithe, i.e. céatadán a bhfuil feidhm aige mura ndearbhaítear an luach iarbhír, seachas mar íosleibhéal. Chuir an táirgeoir onnmhairiúcháin in iúl go raibh imní air faoin gcur i bhfeidhm praiticiúil a réiteofaí trí chéatadán seasta iomchuí a úsáid.

(141)

Chuir an Coimisiún i dtábhacht nach bhfuil na dleachtanna frithdhumpála atá ann faoi láthair infheidhme maidir le táirgí cóimeáilte, ach maidir le bróga riantáin cruach a ionchorpraítear i dtáirgí cóimeáilte amháin. Ní aontaíonn an Coimisiún le hargóint Caterpillar Group go ndearna an Coimisiún measúnú san imscrúdú maidir le Thúir Ghaoithe Chruach ar dhumpáil agus ar dhíobháil le haghaidh an táirge chóimeáilte tar éis dó scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar chostais táirgthe na gcomhpháirteanna uile agus sa chás seo, i gcodarsnacht leis sin, tá sé beartaithe dleacht a fhorchur ar tháirgí cóimeáilte gan costais táirgthe na gcomhpháirteanna uile eile a chur san áireamh sa bhreis ar an gcomhpháirt indleachta aonair (sa chás seo, bróga riantáin cruach). Bhí raon táirge an imscrúdaithe maidir le Túir Ghaoithe Chruach teoranta do thúir ghaoithe chruach, bídís cóimeáilte nó ná bídís, ach, níos tábhachtaí fós, nuair a allmhairítear iad mar chuid de thuirbín gaoithe. I bhfocail eile, is táirge é an tuirbín gaoithe a ndéantar cóimeáil bhreise air lena n-ionchorpraítear túr gaoithe cruach. Nuair a allmhaireofar tuirbín gaoithe cóimeáilte isteach san Aontas, ní bheidh feidhm ag an dleacht frithdhumpála a bhaineann le túir ghaoithe chruach i gcás an tuirbín gaoithe ach amháin a mhéid a bhaineann le luach an túr gaoithe cruach atá ionchorpraithe sa tuirbín gaoithe, bunaithe ar an luach a dhearbhaítear sa sonrasc tráchtála a chuirtear faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát (17). Thairis sin, tá sé mícheart a lua, san imscrúdú ar Thúir Ghaoithe Chruach, go ndearna an Coimisiún measúnú ar dhumpáil agus ar dhíobháil le haghaidh táirge cóimeáilte ina bhfuil an túr gaoithe cruach (i.e. an tuirbín gaoithe) agus go ndearna sé scrúdú ar chostais táirgthe chomhpháirteanna uile an tuirbín gaoithe sin. Is léir ón Rialachán lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí túr gaoithe cruach ón tSín go raibh an measúnú teoranta do na túir ghaoithe chruach féin seachas tuirbíní gaoithe ar an iomlán (18).

(142)

Ar an gcaoi chéanna, san imscrúdú seo, rinne an Coimisiún imscrúdú ar bhróga riantáin cruach, ar féidir iad a chóimeáil a thuilleadh ina gcomhpháirteanna níos mó amhail grúpaí riantáin agus grúpaí riantáin iomlána. Mar sin, tar éis thorthaí a imscrúdaithe, tá sé beartaithe aige dleachtanna frithdhumpála a fhorchur ar bhróga riantáin cruach. A mhéid a ionchorpraítear bróga riantáin cruach den sórt sin i dtáirge cóimeáilte amhail grúpaí riantáin agus grúpaí riantáin iomlána, an dleacht frithdhumpála a bhaineann le bróga riantáin cruach, beidh feidhm aici freisin maidir le luach na mbróg riantáin cruach ionchorpraithe sin (agus ní maidir leis an ngrúpa riantáin (iomlán)). Thairis sin, mheas an Coimisiún gur cheart don mhéid thuas aghaidh a thabhairt freisin ar mhaímh Caterpillar Group maidir leis an difríocht idir grúpaí riantáin (iomlána) agus bróga riantáin cruach ina n-aonair. Go háirithe, níl difríochtaí den sórt sin ábhartha sa chás seo i bhfianaise nach gcuirtear an dleacht frithdhumpála i bhfeidhm maidir leis na grúpaí riantáin agus na grúpaí riantáin iomlána ina n-iomláine, ach amháin maidir le luach na mbróg riantáin cruach a ionchorpraítear i dtáirgí den sórt sin, mar a mhínítear thuas. I bhfianaise a bhfuil thuas, diúltaíodh do na maímh sin.

(143)

Maidir le breithiúnas Kirovo agus Tuarascáil Phainéal EDT maidir le CE — Bradán, thug an Coimisiún dá aire nár mhínigh Caterpillar Group cén fáth a mbeadh na torthaí ábhartha infheidhme i gcomhthéacs dlíthiúil agus fíorasach a bhí go hiomlán difriúil. . Sheas an Coimisiún lena chonclúid ar an Rialachán sealadach go bhfuil an dá thagairt neamhábhartha don imscrúdú agus diúltaíodh do na maímh.

(144)

Shuigh an Coimisiún an tairseach ar an gcéatadán is ísle a thuairiscigh páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Caterpillar Group, mar mheánríomh. Thairis sin, níor chomhoibrigh Caterpillar Group go hiomlán riamh a mhéid a chuirfeadh sé ar chumas an Choimisiúin na sonraí a bhfuil sé ag brath orthu ina bharúlacha a fhíorú. Measadh go raibh an céatadán sin ionadaíoch agus úsáideadh é chun éifeachtacht an bhirt a áirithiú. Ós rud é nár chuir na cuideachtaí aon fhianaise shubstainteach bhreise ar fáil, diúltaíodh don mhaíomh.

8.2.   Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha

(145)

I bhfianaise na gcorrlach dumpála a cinneadh agus an leibhéil díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, ba cheart na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na ndleachtanna frithdhumpála sealadacha arna bhforchur leis an Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach suas go dtí na leibhéil a bhunaítear faoin Rialachán seo.

8.3.   Cúlghabhálacht

(146)

Mar a luaitear i roinn in aithris 3, chuir an Coimisiún allmhairí an táirge faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe.

(147)

Le linn chéim chinntitheach an imscrúdaithe, rinneadh na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs an chláraithe a mheasúnú. Rinne an Coimisiún anailís lena fháil amach ar comhlíonadh na critéir faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha.

(148)

Léiríodh in anailís an Choimisiúin ná tháinig aon mhéadú suntasach ar allmhairí sa bhreis ar leibhéal na n-allmhairí ba chúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdúcháin, mar a leagtar síos in Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán. I gcás na hanailíse sin, rinne an Coimisiún comparáid idir na meánmhéideanna allmhairí míosúla le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus na meánmhéideanna allmhairí míosúla le linn na tréimhse ón mí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe seo (i.e., Meán Fómhair 2024) go dtí an mhí iomlán dheireanach roimh fhorchur na mbeart sealadach (i.e., mí an Mhárta 2025). Léirítear sa chomparáid laghdú nach beag (thart ar 80 %) ar mheánmhéid na n-allmhairí míosúla idir an dá thréimhse.

(149)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna.

(150)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’iarr Verhoeven nár cheart dleachtanna a bhailiú go cúlghabhálach toisc go gciallódh sé ualach airgeadais urghnách agus doleigheasta dá chuideachta. I bhfianaise na gconclúidí a leagtar amach san aithris thuas, i.e. nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, bhí an t-éileamh sin iomarcach.

9.   FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

(151)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(152)

Na bearta dá bhforáiltear sa rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe bróg cruach, bíodh pillíní rubair ceangailte díobh nó ná bíodh, bídís cóimeáilte i slabhra riantáin nó ná bíodh, nach mó ná 3 000 mm a bhfad, a úsáidtear ar mheaisíní a aicmítear faoi láthair faoi cheannteidil 8426 , 8429 nó 8430 , nó criosanna iompair a aicmítear faoi láthair faoi cheannteideal 8428 , de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

An táirge lena mbaineann an dleacht frithdhumpála chinntitheach, aicmítear é faoi láthair faoi chóid AC ex 8431 39 00 , ex 8431 49 20 agus ex 8431 49 80 (cóid TARIC 8431 39 00 22, 8431 39 00 39, 8431 49 20 10, 8431 49 20 29, 8431 49 80 10 agus 8431 49 80 29).

2.   Bróga riantáin cruach atá níos faide ná 380 mm, níos airde ná 140 mm agus níos troime ná 118 kg, gan greabhsair d’aon chruth lena mbaineann an toise 1 mm nó níos mó a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC ex 8431 39 00 , ex 8431 49 20 agus ex 8431 49 80 (cóid TARIC 8431 39 00 15, 8431 39 00 27, 8431 49 20 05, 8431 49 20 20, 8431 49 80 05 agus 8431 49 80 20), déanfar iad a eisiamh ón dleacht chinntitheach.

3.   62,5 % a bheidh sa dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar na táirgí a bhfuil tuairisc orthu i mír 1.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

1.   I gcás ina dtíolacfar dearbhú maidir le scaoileadh chun saorchúrsaíochta i leith slabhra riantáin dá dtagraítear in Airteagal 1(1), de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, déanfar an glanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar na bróga cruach arna gcóimeáil sa slabhra riantáin dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a iontráil i réimse ábhartha an dearbhaithe sin. I gcás ina bhfuil an glanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar na bróga riantáin cruach níos ísle ná 31 % den ghlanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an slabhra riantáin cóimeáilte, nó i gcás nach ndéanfar an glanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, ar na bróga cruach arna gcóimeáil sa slabhra riantáin a iontráil sa dearbhú, beidh feidhm ag na dleachtanna frithdhumpála dá dtagraítear in Airteagal 1(3) maidir le méid atá comhionann le 31 % de phraghas an tslabhra riantáin chóimeáilte.

2.   Cuirfear sonrasc tráchtála bailí faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát. Beidh an fhaisnéis ann mionsonraithe a dóthain le cur ar a gcumas d’údaráis chustaim na mBallstát measúnú a dhéanamh ar chruinneas an ghlanphraghais dhearbhaithe, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar na bróga cruach dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

3.   Cuirfidh na Ballstáit, ar bhonn míosúil, an Coimisiún ar an eolas maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a dhearbhaítear le haghaidh na mbróg cruach dá dtagraítear in Airteagal 1(1) arna n-allmhairiú mar chuid den slabhra riantáin dá dtagraítear in Airteagail 1(1).

Airteagal 3

Na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na dleachta frithdhumpála sealadaí faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/780 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí bróg riantáin cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, déanfar iad a bhailiú go cinntitheach. Na méideanna arna n-urrú de bhreis ar rátaí cinntitheacha na dleachta frithdhumpála, déanfar iad a scaoileadh.

Beidh feidhm ag an eisiamh táirge faoi Airteagal 1(2) freisin maidir leis an dleacht frithdhumpála shealadach faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/780.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)  Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí bróg riantáin cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C, C/2024/5264, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5264/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2721 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena gcuirtear allmhairí bróg riantáin cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe (IO L, 2024/2721, 25.10.2024, ELI: hhttp://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2721/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/780 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí bróg riantáin cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2025/780, 22.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/780/oj).

(5)  t24.007987, t24.007990 agus t24.007986.

(6)  Cás T-394/13, Photo USA Electronic Graphic, Inc. v. An Comhairle, ECLI:AE:T:2014:964, mír 48.

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/804 ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí píopaí agus feadán gan uaim áirithe d’iarann (seachas iarann teilgthe) nó de chruach (seachas cruach dhosmálta), ar trasghearradh ciorclach, ar trastomhas seachtrach is mó ná 406,4 mm, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 121, 12.5.2017, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/804/oj), aithris 27.

(8)  Cás T-401/06, Brosmann Footwear agus Daoine Eile v. An Chomhairle, ECLI:AE:T:2010:67, mír 135.

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 393/2009 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2009 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí coinnle, fáideog agus a leithéidí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 119, 14.5.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/393/oj), aithris 18.

(10)  PwC, Forléargas ar Mhargadh Leictreachais na Tuirce, Meán Fómhair 2023, lgh. 5 agus 76, le fáil ag: https://www.pwc.com.tr/overview-of-the-turkish-electricity-market.

(11)  Tuarascáil Phainéal EDT, EC – Bradán (an Iorua) (2008), mír 7.115 agus fonóta 289.

(12)  Cás T-348/05, JSC Kirovo-Chepetsky Khimichesky Kombinat v an Chomhairle, ECLI:EU:T:2008:327, míreanna 61-63.

(13)  Féach, mar shampla, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí túr gaoithe cruach áirithe ar scála fóntais de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 450, 16.12.2021, lch. 59, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2239/oj).

(14)  Níor mheas an tAontas go raibh lucht filléadaithe bradán mar chuid den tionscal intíre ach chuimsigh raon táirge an imscrúdaithe filléid bhradáin.

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239.

(16)  Féach, mar shampla, táirgí tarracóra, i.e. ollscartairí agus lódairí, agus an meán le haghaidh tochaltóirí. Féach, mar shampla, Cás C-127/07, Arcelor Atlantique agus Lorraine agus Eile, ECLI:AE:C:2008:728, mír 23; Cás C-264/18, P.M. agus Eile v Ministerraad, ECLI:AE:C:2019:472, mír 28; Cás C-220/17, Planta Tabak-Manufaktur Dr. Manfred Obermann GmbH & Co. KG v Land Berlin, ECLI:AE:C:2019:76, mír 36. Tá prionsabal an neamh-idirdhealaithe cumhdaithe ar an gcaoi chéanna faoi Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(17)  Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239.

(18)  Féach, mar shampla, aithris 37 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 maidir leis an raon táirge, chomh maith le haithrisí 230 ar aghaidh, lena dtugtar tuairisc ar thosca táirgeachta na dtúr gaoithe cruach (agus ní tuirbíní gaoithe). Féach freisin aithris 434 ina dtugtar tuairisc ar tháirgeoirí túr gaoithe cruach mar tháirgeoirí de chuid an Aontais a dhíolann na túir ghaoithe chruach le táirgeoirí tuirbíní gaoithe, a chuireann túir ghaoithe chruach le chéile le tuirbín gaoithe iomlán agus dá bhrí sin measadh gur úsáideoirí iad san imscrúdú.

(19)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2081/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top