Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2075

Rialachán (AE) 2025/2075 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a mhéid a bhaineann le timthriall socraíochta níos giorra san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/23/2025/REV/1

IO L, 2025/2075, 14.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2075/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2075/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2075

14.10.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/2075 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Deireadh Fómhair 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a mhéid a bhaineann le timthriall socraíochta níos giorra san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) rialaítear an tréimhse shocraíochta d’fhormhór na n-idirbheart in urrúis inaistrithe a chuirtear i gcrích ar ionaid trádála. I gcás eisceachtaí áirithe, tá an dáta socraíochta atá beartaithe d’idirbhearta den sórt sin le bheith tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis na trádála. Tagraítear do thréimhse den sórt sin mar an ‘timthriall socraíochta’. Maidir leis an gceanglas go dtarlódh socraíocht ar a dhéanaí ar an dara lá gnó tar éis na trádála, tagraítear dó mar ‘timthriall socraíochta T+2’, nó, go simplí, mar ‘T+2’.

(2)

Le tréimhsí socraíochta níos faide d’idirbhearta in urrúis inaistrithe, méadaítear na rioscaí atá ann do pháirtithe idirbhirt agus laghdaítear na deiseanna atá ag na ceannaitheoirí agus díoltóirí idirbhearta eile a dhéanamh. Ar na cúiseanna sin, tá go leor dlínsí tríú tír tar éis aistriú, i mbun aistriú, nó ag beartú aistriú go tréimhse shocraíochta dar fad aon lá gnó amháin tar éis na trádála (‘T+1’). Mar sin féin, tá an t-aistriú domhanda chuig tréimhsí socraíochta níos giorra ag cruthú mí-ailínithe idir margaí airgeadais an Aontais agus margaí airgeadais domhanda. Tiocfaidh méadú breise ar na mí-ailínithe sin nuair a aistreoidh níos mó tíortha go socraíocht T+1, rud a chuirfidh leis na costais do rannpháirtithe i margadh an Aontais a eascróidh as mí-ailínithe den sórt sin. Ina theannta sin, tá an timthriall socraíochta giorraithe cheana féin ag roinnt margaí caipitil i gcás cineálacha áirithe idirbheart go T+0. San Aontas, socraíonn taisclanna lárnacha urrús líon neamhdhiomaibhseach idirbheart cheana féin ar bhonn T+0.

(3)

Sa tuarascáil uaidh an 18 Samhain 2024 ar an measúnú maidir lena iomchuí atá sé an timthriall socraíochta san Aontas Eorpach a ghiorrú, tháinig an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM), a bunaíodh ag Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ar an gconclúid go laghdófaí rioscaí sa mhargadh go mór dá ngiorrófaí an timthriall socraíochta san Aontas go T+1, go háirithe i ndáil le rioscaí contrapháirtí agus luaineachta, agus bheadh fáil ar chaipiteal nach mbeadh gá leis a thuilleadh chun glaonna ar éarlais a chumhdach. Chuirfeadh an timthriall socraíochta T+1 ar chumas mhargaí caipitil an Aontais coinneáil suas leis na hathruithe sna margaí domhanda eile, agus chuirfeadh sé deireadh leis na costais a bhaineann le mí-ailíniú reatha na dtréimhsí socraíochta. Rannchuideodh sé freisin le comhchuibhiú breise a dhéanamh ar chaighdeáin imeachta chorparáidigh agus cleachtais mhargaidh san Aontas agus, ar bhonn níos ginearálta, le hiomaíochas mhargaí caipitil an Aontais. Aontaíonn an Coimisiún leis na conclúidí sin.

(4)

Is iomchuí, dá bhrí sin, leasú spriocdhírithe a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 chun an timthriall socraíochta éigeantach atá ann faoi láthair a ghiorrú go tréimhse nach faide ná lá gnó amháin tar éis na trádála. Leis an ngiorrú sin ar an timthriall socraíochta, ní choiscfí ar thaisclanna lárnacha urrús idirbhearta a shocrú go deonach ar an dáta céanna leis an dáta trádála, i gcás ina mbeadh sin indéanta ó thaobh na teicneolaíochta de.

(5)

Le hidirbhearta maoinithe urrús, ní chuirtear ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh a riachtanais leachtachta agus chistiúcháin a bhainistiú ar bhealach solúbtha. Léirítear le treochtaí margaidh go bhfuil méadú ag teacht ar úsáid na n-idirbheart sin in ionaid trádála. Thiocfadh idirbhearta maoinithe urrús áirithe a chuirtear i gcrích in ionaid trádála faoi raon feidhme an cheanglais maidir leis an timthriall socraíochta T+1. Mar sin féin, i bhfianaise chineál neamhchaighdeánaithe na n-idirbheart sin agus, go háirithe, na tréimhsí socraíochta neamhchaighdeánaithe a bhféadfadh sé gur ghá do na páirtithe sna hidirbhearta sin comhaontú leo chun a gcuspóirí a bhaint amach, agus chun a gcur i gcrích in ionaid trádála a dhíspreagadh, ba cheart na hidirbhearta sin a dhíolmhú ón gceanglas maidir leis an timthriall socraíochta T+1. An tráth céanna, chun aon riosca a sheachaint go dtiocfaí timpeall ar an gceanglas maidir leis an timthriall socraíochta T+1, níor cheart feidhm a bheith ag an díolúine ach amháin má dhéantar na hidirbhearta maoinithe urrús atá i gceist a dhoiciméadú mar idirbhearta aonair atá comhdhéanta de dhá oibríocht nasctha. Mar thoradh air sin, agus chun críocha an cheanglais maidir leis an timthriall socraíochta T+1, ba cheart idirbhearta maoinithe urrús nach ndearnadh iad a dhoiciméadú a bheith faoi réir an cheanglais sin. Níl gá le díolúine shainráite le haghaidh idirbhearta iasachta corrlaigh toisc nach idirbhearta in urrúis inaistrithe iad agus, dá bhrí sin, tagann siad lasmuigh de raon feidhme an cheanglais maidir leis an timthriall socraíochta T+1.

(6)

Le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 déantar foráil maidir le bearta éagsúla chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna socraíochta, lena n-áirítear pionóis airgid arna bhforchur ar rannpháirtithe a dteipeann orthu. Cinntear ríomh na bpionós airgid sin leis na paraiméadair a shonraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/389 ón gCoimisiún (6). Táthar ag súil go gcoinneoidh an Coimisiún súil ar fhorbairtí sa mhargadh, ar líon na dteipeanna socraíochta agus ar ullmhacht an tionscail chun ceanglas maidir le timthriall socraíochta T+1 a chomhlíonadh, agus go mbreithneoidh sé dá réir sin an bhfuil riosca suntasach ann go dtiocfadh méadú ábhartha ar líon na dteipeanna socraíochta mar thoradh ar an aistriú ó cheanglas maidir le timthriall socraíochta T+2 go dtí ceanglas maidir le timthriall socraíochta T+1. I gcás ina sainaithnítear gur ann do riosca den sórt sin, tá an Coimisiún in ann, i gcás inar gá, breithniú a dhéanamh ar cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/389 a choigeartú dá réir, nó ar cheart aon bheart iomchuí eile a dhéanamh laistigh de raon feidhme na gcumhachtuithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, chun iarmhairtí díobhálacha airgeadais agus neamhairgeadais araon a mhaolú. Ba cheart aon choigeartuithe a bheith sealadach, comhréireach leis an gcuspóir agus deartha ionas nach bhforchuirfí costais iomarcacha ar an tionscal.

(7)

Ba cheart do ÚEUM faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht na socraíochta le linn an aistrithe chuig an timthriall socraíochta T+1, agus ba cheart dó tuairisciú níos minice ar an éifeachtúlacht sin le linn na míonna díreach roimh an aistriú sin agus díreach tar éis an aistrithe sin. I bhfianaise na díolúine ón gceanglas maidir leis an timthriall socraíochta T+1 do chineálacha áirithe idirbheart maoinithe urrús de bhun an Rialacháin seo, ba cheart do ÚEUM aird ar leith a thabhairt ar éifeachtúlacht na socraíochta i gcás idirbhearta maoinithe urrús a thrádáiltear in ionaid trádála nó lasmuigh díobh.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a leasú dá réir sin.

(9)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin timthriall socraíochta níos giorra a thabhairt isteach san Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a scála agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(10)

Chun a áirithiú go mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile lena mbaineann ullmhaithe a ndóthain agus in ann aistriú go dtí an timthriall socraíochta T+1 ar bhealach comhordaithe tráthúil, ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo a chur siar,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Maidir le hidirbhearta in urrúis inaistrithe dá dtagraítear i mír 1, a chuirfear i gcrích ar ionaid trádála, is é a bheidh sa dáta socraíochta atá beartaithe tráth nach déanaí ná an chéad lá gnó tar éis na trádála.

Ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar síos sa chéad fhomhír maidir le haon cheann díobh seo a leanas:

(a)

idirbhearta a dhéantar a chaibidil go príobháideach, ach a chuirtear i gcrích in ionad trádála;

(b)

idirbhearta a chuirtear i gcrích go déthaobhach, ach a thuairiscítear d’ionad trádála;

(c)

an chéad idirbheart ina bhfuil na hurrúis inaistrithe lena mbaineann faoi réir taifeadadh tosaigh i bhfoirm cuntais reatha de bhun Airteagal 3(2);

(d)

na hidirbhearta maoinithe urrús seo a leanas, ar choinníoll go ndéantar iad a dhoiciméadú mar idirbhearta aonair atá comhdhéanta de dhá oibríocht nasctha:

(i)

iasachtú i leith urrús nó iasachtaíocht i leith urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (7) de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(ii)

idirbhearta ceannaigh-aisdhíola nó idirbhearta aischeannaigh díola mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2015/2365;

(iii)

idirbhearta athcheannaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (9), de Rialachán (AE) 2015/2365.

(*1)  Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2365/oj).’;"

(2)

leasaítear Airteagal 74 mar a leanas:

(a)

i mír 1, pointe (a), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(ia)

catagóirí na n-idirbheart, dáta socraíochta atá beartaithe de na hidirbhearta agus cé acu in ionaid trádála nó lasmuigh a chuirtear na hidirbhearta i gcrích;’

;

(b)

i mír 2, an chéad fhomhír, cuirtear an téacs seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

arna iarraidh sin don Choimisiún, i gcás na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(ia) agus pointí (e), (h), (j) agus (k).’

;

(3)

in Airteagal 75, an chéad mhír, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(aa)

tionchar na díolúine ar an margadh, agus an t-údar atá léi i gcás cineálacha áirithe idirbheart maoinithe urrús ón gceanglas socrú a dhéanamh tráth nach déanaí ná an chéad lá gnó tar éis na trádála mar a leagtar síos in Airteagal 5(2);’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 11 Deireadh Fómhair 2027.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO C, C/2025/2274, 14.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2274/oj.

(2)   IO C, C/2025/3203, 2.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3203/oj.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meán Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2025.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2014/909/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/389 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na paraiméadair chun pionóis airgid a ríomh i gcás teipeanna socraíochta agus le hoibríochtaí na dtaisclann lárnach urrús i mBallstáit óstacha (IO L 65, 10.3.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/389/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2075/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top