This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R2070
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/2070 of 13 October 2025 correcting certain language versions of Annex IV to Regulation (EU) No 1321/2014 on the continuing airworthiness of aircraft and aeronautical products, parts and appliances, and on the approval of organisations and personnel involved in these tasks
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2070 ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2025 lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, páirteanna agus fearas aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2070 ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2025 lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, páirteanna agus fearas aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin
C/2025/6795
IO L, 2025/2070, 14.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2070/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2070 |
14.10.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2070 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Deireadh Fómhair 2025
lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, páirteanna agus fearas aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17(1), an chéad fhomhír, pointe (e), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sna leaganacha Bulgáirise, Gearmáinise, Liotuáinise, Máltaise, Seicise, Slóvaicise agus Ungáirise d’Iarscríbhinn IV (Cuid-147) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún (2), tá earráidí i gCuid A, Fochuid B, pointe 147.A.135(b), a mhéid a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla maidir le scrúduithe a dhéanamh. Leis na hearráidí, déantar brí na forála sin a athrú, agus déantar difear dá substaint dá bharr. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba ceart na leaganacha Bulgáirise, Gearmáinise, Liotuáinise, Máltaise, Seicise, Slóvaicise agus Ungáirise d’Iarscríbhinn IV (Cuid-147) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile. |
|
(3) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 65(1) de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), arna seachadadh sular glacadh Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1139/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, páirteanna agus fearas aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1321/oj).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid na hEorpa, agus lena n-aisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE (IO L 79, 19.3.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/216/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2070/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)