This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R2050
Commission Delegated Regulation (EU) 2025/2050 of 1 July 2025 supplementing Regulation (EU) 2022/2065 of the European Parliament and of the Council by laying down the technical conditions and procedures under which providers of very large online platforms and of very large online search engines are to share data with vetted researchers
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2050 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na coinníollacha teicniúla agus na nósanna imeachta a leagan síos faoina bhfuil soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne le sonraí a roinnt le taighdeoirí grinnfhiosraithe
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2050 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na coinníollacha teicniúla agus na nósanna imeachta a leagan síos faoina bhfuil soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne le sonraí a roinnt le taighdeoirí grinnfhiosraithe
C/2025/4340
IO L, 2025/2050, 9.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2050/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2050 |
9.10.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/2050 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Iúil 2025
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na coinníollacha teicniúla agus na nósanna imeachta a leagan síos faoina bhfuil soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne le sonraí a roinnt le taighdeoirí grinnfhiosraithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (1), agus go háirithe Airteagal 40(13) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) 2022/2065 rialacha maidir le rochtain ar shonraí atá le deonú ag soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne. Go sonrach, fágann sé go gcuirtear ar a gcumas do thaighdeoirí a bhfuil próiseas curtha i gcrích acu a léiriú go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos i mír 8 den Airteagal sin (‘taighdeoirí grinnfhiosraithe’) i dtaobh rochtain den sórt sin a sholáthar dóibh. |
|
(2) |
Faoi Airteagal 40(4) de Rialachán (AE) 2022/2065, soláthrófar rochtain do thaighdeoirí grinnfhiosraithe ar shonraí chun cabhrú leo staidéar a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha san Aontas agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart chun na rioscaí sin a mhaolú. D’fhéadfadh a dtorthaí a bheith ina n-ionchur luachmhar chun Rialachán (AE) 2022/2065 a fhorfheidhmiú agus chun cuntasacht soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a chothú. Is é is cuspóir don Rialachán seo na coinníollacha teicniúla agus na nósanna imeachta is gá a leagan síos chun an rochtain sin a chumasú, ar bhealach slán, éifeachtúil atá comhsheasmhach i measc na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha uile, agus ar bhealach lena n-áirithítear cóir chomhionann do thaighdeoirí agus do sholáthraithe sonraí. |
|
(3) |
Chun a áirithiú go mbeidh an próiseas rochtana sonraí comhsheasmhach i measc na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha uile agus chun an próiseas sin a dhéanamh soiléir trédhearcach do chách, is gá bonneagar digiteach tiomnaithe a chruthú (‘tairseach rochtana sonraí GSD’). Le tairseach rochtana sonraí GSD, ba cheart é a chur ar a gcumas do thaighdeoirí, soláthraithe sonraí agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha páirt a ghlacadh sa phróiseas rochtana sonraí, rochtain a bheith acu ar fhaisnéis ábhartha, amhail sonraí na bpointí teagmhála tiomnaithe, agus an fhaisnéis sin a scaipeadh, agus cumarsáid a dhéanamh lena chéile. Níor cheart a mheas go bhfuil tairseach rochtana sonraí GSD ar cheann de na módúlachtaí rochtana atá le húsáid chun rochtain ar na sonraí a sholáthar de bhun iarraidh réasúnaithe. |
|
(4) |
Ba cheart do sholáthraithe sonraí, agus do thaighdeoirí ar mian leo a bheith rannpháirteach sa phróiseas rochtana sonraí, cuntas a chruthú ar thairseach rochtana sonraí GSD chun na críche sin. Chun a áirithiú gur féidir le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha faisnéis a chuirtear isteach trí thairseach rochtana sonraí GSD a rochtain gan gá a bheith ann cuntas ar leithligh a chruthú ar an tairseach, ba cheart do thairseach rochtana sonraí GSD a bheith idir-inoibritheach leis an gcóras comhroinnte faisnéise AGORA a bhunaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/607 ón gCoimisiún (2). |
|
(5) |
Chun trédhearcacht an phróisis rochtana sonraí a áirithiú do na páirtithe uile lena mbaineann agus chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an phróisis rochtana sonraí agus ar chomhlíonadh Airteagal 40(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 agus an Rialacháin seo, ba cheart do thairseach rochtana sonraí GSD fógraí uathoibríocha a ghiniúint i ndáil le céimeanna éagsúla den phróiseas agus nuashonruithe éagsúla air. |
|
(6) |
Chun faisnéis chomhsheasmhach a sholáthar do thaighdeoirí faoin bpróiseas rochtana sonraí, ba cheart do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha faisnéis maidir leis an bpróiseas rochtana sonraí a chur ar fáil ar a gcomhéadain ar líne agus rochtain fhurasta a bheith uirthi ansin, lena n-áirítear naisc chuig tairseach rochtana sonraí GSD. Ionas nach gcruthófar ualach riaracháin nach bhfuil gá leis, go méadófar éifeachtúlacht agus go n-éascófar cumarsáid i measc na bpáirtithe uile a bhfuil baint acu leis an bpróiseas rochtana sonraí, moltar do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bainistiú na faisnéise a bhaineann leis an bpróiseas rochtana sonraí a éascú, ó thaobh na teanga de freisin. |
|
(7) |
Chun go mbeidh taighdeoirí in ann na sonraí ábhartha a shainaithint chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 40(4) de Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart do sholáthraithe sonraí catalóga sonraí GSD a chur ar fáil i leith a gcuid seirbhísí. Ba cheart catalóga den sórt sin a bheith so-aimsithe agus inrochtana ar chomhéadain ar líne soláthraithe sonraí, agus ba cheart tuairisc a thabhairt iontu ar na sócmhainní sonraí atá ar fáil, ar a struchtúr sonraí agus ar a meiteashonraí, a bhféadfar rochtain orthu a iarraidh de bhun Airteagal 40(4) de Rialachán (AE) 2022/2065. Agus catalóga sonraí GSD á gcur ar fáil, ba cheart do sholáthraithe sonraí aird a thabhairt ar rioscaí i leith rúndachta, slándáil sonraí nó cosaint sonraí pearsanta a d’fhéadfadh eascairt as faisnéis den sórt sin a chur ar fáil don phobal. |
|
(8) |
Chun rannchuidiú le tionscadail taighde ábhartha a fhorbairt chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 40(4) de Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart a áireamh i gcatalóga sonraí GSD go háirithe sonraí a bhaineann leis na rioscaí sistéamacha san Aontas atá sainaitheanta ag soláthraithe sonraí ina measúnuithe riosca bliantúla de bhun Airteagal 34 den Rialachán sin, chomh maith le sonraí a bhaineann le haon bheart maolaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 35 den Rialachán sin. Chun ábharthacht agus tráthúlacht chatalóga sonraí GSD a áirithiú, ba cheart na catalóga sin a nuashonrú go tráthrialta agus aird chuí á tabhairt ar rioscaí sistéamacha nua-aitheanta agus ar fhorbairt rioscaí sistéamacha. Mar shampla, ba cheart léiriú a dhéanamh iontu ar rioscaí atá ag teacht chun cinn arna sainaithint tar éis measúnú riosca ad hoc de bhun Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2022/2065 nó tar éis tuarascáil iniúchóireachta de bhun Airteagal 37 den Rialachán sin. Chun an t-ualach nós imeachta ar na soláthraithe sonraí a íoslaghdú, i gcás inarb iomchuí, féadfar brath i gcatalóga den sórt sin ar acmhainní doiciméadachta sonraí atá ann cheana a úsáidtear chun críoch eile agus i gcomhair lucht úsáide eile, amhail fógraíocht, cruthú inneachair, nó forbairt aipeanna tríú páirtí. Níor cheart a cheangal go mbeadh catalóga sonraí GSD uileghabhálach agus, dá bhrí sin, níor cheart iad a bheith ina gceangal ná ina dteorainn ar thaighdeoirí iarrthacha ina n-iarratais ar rochtain ar shonraí. |
|
(9) |
Chun cinneadh na módúlachtaí rochtana arna dhéanamh ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a éascú agus chun laghdú a dhéanamh ar an ualach foriomlán a chuireann an próiseas rochtana sonraí ar na gníomhaithe uile lena mbaineann, ba cheart do sholáthraithe sonraí a módúlachtaí rochtana molta a fhoilsiú i leith na sonraí a dtugtar tuairisc orthu i gcatalóga sonraí GSD. Ba cheart na módúlachtaí rochtana molta sin a bheith comhréireach le híogaireacht na sonraí agus ba cheart faisnéis a áireamh iontu maidir leis na coinníollacha teicniúla, eagraíochtúla agus dlíthiúla féideartha a mheasann na soláthraithe sonraí gur coinníollacha iomchuí iad chun soláthar na sonraí a chumasú. Níor cheart do na módúlachtaí rochtana arna moladh ag soláthraithe sonraí a bheith ina gceangal ar Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, agus ba cheart dóibhsean leanúint de bheith inniúil chun na módúlachtaí rochtana iomchuí a chinneadh. |
|
(10) |
Chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le hiarratais ar rochtain ar shonraí, go neamhspleách ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a gcuirtear an t-iarratas ar rochtain ar shonraí faoina bhráid nó óna dtionscnaítear an iarraidh réasúnaithe, ba cheart an tráthchlár i ndáil le foirmiú iarrataí réasúnaithe a shonrú chun comhsheasmhacht a áirithiú ar fud na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha uile. Má bhíonn gá le ham breise chun an iarraidh réasúnaithe a fhoirmiú, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta fógra a thabhairt don phríomhthaighdeoir, agus cúiseanna leis an moill á dtabhairt aige. D’fhéadfaí a áireamh ar na cúiseanna sin an gá a bheith ann go ndéanfadh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na heagraíochta taighde nó an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta fíoruithe breise, mar shampla i gcás ina mbeidh aistrithe idirnáisiúnta sonraí i gceist le hiarratais ar rochtain ar shonraí, nó i gcás inar shainaithin an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta rioscaí féideartha do shlándáil an Aontais dá roinnfí na sonraí. D’fhonn na céimeanna sa phróiseas rochtana sonraí a ailíniú freisin roimh iarrataí réasúnaithe a fhoirmiú, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar iarratais ar rochtain ar shonraí agus stádas taighdeora grinnfhiosraithe a dheonú, moltar do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bealach oibre comhsheasmhach, comhordaithe a fhorbairt, lena n-áirítear critéir oibríochtúla choiteanna, faoi chuimsiú an Bhoird Eorpaigh um Sheirbhísí Digiteacha. |
|
(11) |
Chun cuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta maidir le hiarrataí réasúnaithe a fhoirmiú, ba cheart a cheangal ar na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta uile a fhíorú gur cumhdaíodh gnéithe coiteanna áirithe den phróiseas rochtana sonraí go cuí sna hiarratais ar rochtain ar shonraí. Chuige sin, ba cheart do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a fhíorú gur léirigh na taighdeoirí iarrthacha uile a luaitear san iarratas ar rochtain ar shonraí go bhfuil siad cleamhnaithe le heagraíocht taighde, mar shampla trí fhianaise dhoiciméadach ar chonarthaí fostaíochta nó aon chineál eile comhlachais dhlíthiúil leis an eagraíocht taighde a sholáthar. Ba cheart do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a fhíorú freisin gur léirigh na taighdeoirí iarrthacha a neamhspleáchas ar leasanna tráchtála, mar shampla, trí bhíthin dearbhú chuige sin. |
|
(12) |
Ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a fhíorú go ndéantar cistiú an tionscadail taighde a bhfuil na sonraí á n-iarraidh ina leith a nochtadh san iarratas ar rochtain ar shonraí. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis a sholáthraíonn na taighdeoirí iarrthacha mionsonraí na ranníocaíochtaí, amhail an t-eintiteas cistiúcháin, méid, cineál agus fad na ranníocaíochta, lena n-áirítear cé acu a dámhadh an cistiú cheana nó an bhfuil meastóireacht á déanamh fós ar iarratas ar chistiú, chomh maith le, i gcás inarb infheidhme, tagairtí ábhartha do thionscadail arna gcistiú ag an Aontas. I gcás ina mbeidh siad ar fáil, ba cheart a áireamh san iarratas ar rochtain ar shonraí torthaí meastóireachtaí a rinne an t-eintiteas nó na heintitis a bhfuil an cistiú á soláthar aige nó acu. |
|
(13) |
Ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a fhíorú go dtugtar tuairisc san iarratas ar rochtain ar shonraí ar an gcaoi a roghnaítear na sonraí agus formáid na sonraí, agus tagairt á déanamh do na ceanglais i dtaobh iad a bheith riachtanach le haghaidh chuspóir an taighde a bheartaítear agus comhréireach leis. I gcás ina mbeidh na sonraí arna n-iarraidh ar fáil trí fhoinsí eile freisin, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a mheas cé acu atá nó nach bhfuil údar cuí leis an iarraidh ar shonraí den sórt sin san iarratas ar rochtain ar shonraí, ag féachaint don fhaisnéis san iarratas ar rochtain ar shonraí. Féadfar a áireamh ar na húdair chuí a d’fhéadfadh a bheith ann fianaise ar dhroch-cháilíocht nó neamhiontaofacht na sonraí sin a eascraíonn as foinsí eile nó neamhoiriúnacht na formáide inar féidir na sonraí sin a aisghabháil ó fhoinsí eile chun críocha an tionscadail taighde, rud a chuirfeadh bac ar fheidhmíocht an tionscadail taighde. D’fhéadfadh athrú teacht amach anseo ar na sonraí is féidir a iarraidh chun staidéar a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha nó ar a maolú san Aontas. Áirítear ar na samplaí atá ann faoi láthair de shonraí den sórt sin sonraí a bhaineann le húsáideoirí na seirbhísí, amhail faisnéis phróifíle, líonraí caidrimh, nochtadh inneachair ar leibhéal an duine aonair agus stair rannpháirtíochta; sonraí idirghníomhaíochta amhail tráchtanna nó gníomhaíochtaí eile; sonraí a bhaineann le moltaí i dtaobh inneachair, lena n-áirítear sonraí a úsáidtear chun moltaí a phearsantú; sonraí a bhaineann le spriocdhíriú fógraí agus le próifíliú, lena n-áirítear sonraí maidir le costas in aghaidh na cliceála agus bearta eile maidir le praghsanna fógraíochta; sonraí a bhaineann le gnéithe nua a thástáil sula gcuirfear i bhfeidhm iad, lena n-áirítear torthaí ar thástálacha A/B; sonraí a bhaineann le modhnóireacht agus rialachas inneachair, amhail sonraí maidir le córais agus próisis algartamacha nó córais agus próisis eile chun modhnóireacht a dhéanamh ar inneachar, lena n-áirítear logaí athruithe, cartlanna nó stórtha lena ndéantar inneachar modhnaithe a dhoiciméadú, lena n-áirítear cuntais chomh maith le sonraí a bhaineann le praghsanna, cainníochtaí agus saintréithe earraí nó na seirbhísí arna soláthar nó a bhfuil an soláthraí sonraí ina idirghabhálaí ina leith. |
|
(14) |
Ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil faisnéis leordhóthanach san iarratas ar rochtain ar shonraí lena léirítear go bhfuil an taighdeoir in ann na ceanglais shonracha maidir le rúndacht, slándáil agus cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh i ndáil leis na sonraí arna n-iarraidh, cé acu a shainaithnítear nó nach sainaithnítear ann rioscaí féideartha a eascraíonn as na sonraí sin a rochtain agus a phróiseáil chun críocha an taighde, agus cé acu a dhéantar nó nach ndéantar doiciméadú ann ar aon mhódúlacht rochtana a bheartaítear, lena n-áirítear na coinníollacha dlíthiúla, eagraíochtúla agus teicniúla a chuirfear i bhfeidhm chun rioscaí sainaitheanta a íoslaghdú, mar shampla trí bhíthin litir ghealltanais ón eagraíocht taighde lena ndeimhnítear rochtain ar mhodhanna a d’fhéadfadh a bheith ina gcoimircí ábhartha, nó doiciméid tacaíochta eile. |
|
(15) |
I gcás ina n-iarrfar sonraí pearsanta, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a fhíorú go n-áirítear san iarratas ar rochtain ar shonraí faisnéis maidir leis an mbunús dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear catagóirí speisialta sonraí pearsanta, i gcás inarb infheidhme, agus cé acu atá nó nach bhfuil an bunús dlí sin i gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (e) nó (f), agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 9(2), pointe (g) nó (j), de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ina theannta sin, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a fhíorú go bhfuil léiriú leordhóthanach san iarratas ar rochtain ar shonraí go ndearna na taighdeoirí measúnú ar rioscaí i leith cosaint sonraí pearsanta. Mar shampla, d’fhéadfaí é sin a léiriú trí mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí de réir bhrí Airteagal 35 den Rialachán sin. Chun a áirithiú gur féidir sonraí pearsanta a rochtain i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart cead a bheith ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta ábhartha arna mbunú de bhun Airteagal 51 den Rialachán sin, atá fós inniúil chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Rialachán (AE) 2016/679. |
|
(16) |
Chun foirmiú na hiarrata réasúnaithe a éascú agus chun sláine na faisnéise a áirítear san iarratas ar rochtain ar shonraí a chaomhnú, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil achoimre san áireamh san iarratas ar rochtain ar shonraí. Ba cheart forbhreathnú a bheith san achoimre sin ar an bhfaisnéis a bheidh ina cuid den iarraidh réasúnaithe, a fhoilseofar ar thairseach rochtana sonraí GSD, i gcásanna ina ndéanfar iarraidh réasúnaithe a fhoirmiú mar thoradh ar an measúnú ar an iarratas ar rochtain ar shonraí. |
|
(17) |
Chun a áirithiú go bhfuil na módúlachtaí rochtana a chinneann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar íogaireacht na sonraí sonracha a iarrtar in iarratas ar rochtain ar shonraí, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta measúnú cás ar chás a dhéanamh, bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear san iarratas ar rochtain ar shonraí. Ba cheart na módúlachtaí rochtana a bhunaítear san iarraidh réasúnaithe a bheith iomchuí chun na ceanglais maidir le slándáil sonraí, rúndacht sonraí agus cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh agus, an tráth céanna, chun gur féidir cuspóirí taighde an tionscadail taighde a bhaint amach. Féadfar rochtain ar shonraí a dhéanamh, mar shampla, trí shonraí a tharchur chuig na taighdeoirí grinnfhiosraithe trí chomhéadan iomchuí agus trí stóráil iomchuí sonraí; trí tharchur na sonraí chuig timpeallacht shlán phróiseála arna hoibriú ag an soláthraí sonraí nó ag soláthraí tríú páirtí a bhfuil rochtain uirthi ag taighdeoirí grinnfhiosraithe ach inarb amhlaidh nach dtarlaíonn aon tarchur sonraí chuig na taighdeoirí grinnfhiosraithe, agus stóráil na sonraí sa timpeallacht phróiseála sin, nó trí mhódúlachtaí rochtana eile atá le bunú nó le héascú ag an soláthraí sonraí. Agus na módúlachtaí rochtana á sonrú aige, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta liostú a dhéanamh freisin ar aon choinníoll dlíthiúil, teicniúil nó eagraíochtúil a bhfuil rochtain le bheith faoina réir. I gcásanna ina mbeidh aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta de réir bhrí Chaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679 i gceist le rochtain a sholáthar, ba cheart a áireamh sna módúlachtaí rochtana freisin faisnéis faoin ngá atá le sásra iomchuí aistrithe a chur i bhfeidhm, chun a áirithiú go ndéanfaidh an soláthraí sonraí an ghníomhaíocht is gá chun an Rialachán sin a chomhlíonadh. |
|
(18) |
Chun a áirithiú go mbeidh na módúlachtaí maidir le rochtain ar shonraí iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar íogaireachtaí sonracha ó thaobh cosaint sonraí, slándáil sonraí nó rúndachta de, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, ar bhonn na faisnéise a fhaightear san iarratas ar rochtain ar shonraí, a bheith in ann a cheangal gur trí thimpeallachtaí slána próiseála a sholáthrófar rochtain ar shonraí. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a áirithiú go n-oibríonn an timpeallacht roghnaithe i gcomhréir leis an teicneolaíocht is iomchuí agus go bhfágann sí go mbeidh ar chumas na dtaighdeoirí grinnfhiosraithe cuspóirí a dtaighde a bhaint amach. |
|
(19) |
Chun comhsheasmhacht na faisnéise arna tarchur ag na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta chuig na soláthraithe sonraí a áirithiú, is gá ábhar na n-iarrataí réasúnaithe a shonrú. |
|
(20) |
Chun leasanna soláthraithe sonraí a chosaint agus chun minicíocht na n-iarrataí ar leasú a laghdú le himeacht ama agus chun éascaíocht a dhéanamh do thaighdeoirí i dtaobh foirmiú a dhéanamh ar iarratais ábhartha ar rochtain ar shonraí, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a d’eisigh na hiarrataí réasúnaithe faoi seach forbhreathnú ar gach iarraidh réasúnaithe, lena n-áirítear aon leasú agus nuashonrú uirthi, a chur ar fáil go poiblí ar thairseach rochtana sonraí GSD. |
|
(21) |
Chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ábhartha ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta chun iarraidh ar leasú a mheas agus chun cur chuige aonfhoirmeach a éascú maidir le meastóireacht a dhéanamh ar iarrataí ar leasú, ba cheart a cheangal ar an soláthraí sonraí na cúiseanna le hiarraidh den sórt sin a shonrú, dá dtagraítear in Airteagal 40(5) de Rialachán (AE) 2022/2065. Go sonrach, agus measúnú á dhéanamh ar iarraidh ar leasú arna cur isteach ar bhonn easpa rochtana soláthraí sonraí ar na sonraí, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a bheith in ann scrúdú a dhéanamh féachaint cé acu atá nó nach bhfuil údar cuí leis an dodhéantacht líomhnaithe, mar shampla toisc nach ann do na sonraí a iarradh, nó mar gheall ar shrianta teicniúla amhail criptiú, agus ba cheart an fhaisnéis is gá a bheith aige chun a mheas an bhfuil an easpa rochtana buan nó sealadach. Ba cheart é a bheith soiléir, i ndáil leis sin, nár cheart a mheas gur foras iad breithnithe tráchtála chun rochtain ar shonraí arna n-iarraidh a dhiúltú go huathoibríoch ach, ina ionad sin, gur cheart a mheas gur foras iad chun modhnú a dhéanamh ar na modhanna chun rochtain a sholáthar ar na sonraí, rud a bhféadfadh forchur ceanglas breise maidir le slándáil agus rúndacht sonraí a bheith ina thoradh air. |
|
(22) |
Chun réiteach éifeachtúil díospóidí a áirithiú agus chun sainaithint réitigh atá inghlactha go frithpháirteach a spreagadh, tar éis iarraidh ar leasú a fháil, ba cheart soláthraithe sonraí a bheith in ann iarraidh ar na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta páirt a ghlacadh in idirghabháil. Ba cheart rannpháirtíocht den sórt sin a bheith deonach le linn an phróisis idirghabhála ar fad agus níor cheart di a fhágáil go mbeadh aon toradh ceangailteach ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, a bheidh fós inniúil chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na hiarrataí ar leasú. I gcás na bpáirtithe uile atá rannpháirteach sa phróiseas idirghabhála, ba cheart dóibh páirt a ghlacadh ann de mheon macánta agus a ndícheall a dhéanamh teacht ar chomhaontú cothrom a bheidh inghlactha go frithpháirteach. |
|
(23) |
Chun a chosc go bhfágfaidh an idirghabháil sin go gcuirfear fad ama éiginnte leis an bpróiseas rochtana sonraí, ba cheart tarchur na hiarrata i scríbhinn ar idirghabháil, roghnú an idirghabhálaí agus an próiseas idirghabhála féin a dhéanamh laistigh de thréimhsí sonraithe ama. Ba cheart do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta teorainn ama a shocrú don phróiseas idirghabhála i ndáil le hiarraidh réasúnaithe ar leith agus ba cheart an t-údarás a bheith ag an idirghabhálaí deireadh a chur leis an bpróiseas idirghabhála in imthosca sonracha. |
|
(24) |
Chun muinín fhrithpháirteach a chothú i measc na bpáirtithe a bhfuil baint acu leis an idirghabháil, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a áirithiú go gcomhlíonann an t-idirghabhálaí beartaithe na ceanglais i dtaobh neamhchlaontachta agus neamhspleáchais agus go bhfuil saineolas ábhartha aige maidir le hábhar na hidirghabhála. |
|
(25) |
Chun cinnteoireacht eolasach éifeachtach a éascú i ndáil leis an bpróiseas rochtana sonraí, ba cheart an deis a bheith ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha tuairimí saineolacha a iarraidh maidir le gnéithe sonracha den phróiseas rochtana sonraí, amhail cinneadh na módúlachtaí rochtana, lena n-áirítear comhéadain iomchuí, foirmiú na hiarrata réasúnaithe agus aon iarraidh ar leasú ón soláthraí sonraí. Ba cheart na saineolaithe a rachfar i gcomhairle leo saineolas cruthaithe a bheith acu ar an ábhar a bhfuil a dtuairim á lorg ina leith agus ba cheart iad a bheith neamhspleách. Go sonrach, níor cheart aon choinbhleacht leasa a bheith acu, a eascraíonn, mar shampla, as aon nasc leis na taighdeoirí iarrthacha nó leis an soláthraí sonraí. |
|
(26) |
Chun cur leis an trédhearcacht agus ionas gur féidir le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha cur leis an saineolas atá acu le himeacht ama, ba cheart gach iarraidh ar chomhairliúchán le saineolaithe agus an obair leantach a ghintear ar a bonn a chlárú in AGORA. |
|
(27) |
Chun maoirseacht éifeachtach ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach san iarraidh réasúnaithe a éascú, ba cheart don soláthraí sonraí fógra a thabhairt don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, laistigh de 3 lá oibre ón dáta a tugadh rochtain do na taighdeoirí grinnfhiosraithe agus ón dáta a ndearnadh a rochtain a fhoirceannadh. |
|
(28) |
Chun é a chur ar a gcumas do na taighdeoirí grinnfhiosraithe na sonraí arna n-iarraidh a úsáid chun críocha an taighde agus chun faisnéis ábhartha faoin gcomhthéacs a sholáthar, ba cheart do sholáthraithe sonraí na meiteashonraí agus an doiciméadacht ábhartha ina dtugtar tuairisc ar na sonraí arna gcur ar fáil a sholáthar do thaighdeoirí grinnfhiosraithe, amhail códleabhair, logaí athruithe agus doiciméadacht ailtireachta. |
|
(29) |
Chun éascaíocht a dhéanamh ar thaighde fóinteach a dhéanfaidh na taighdeoirí grinnfhiosraithe, agus trína chumasú freisin go ndéanfar na sonraí arna n-iarraidh a chomhcheangal le sonraí atá ar fáil trí fhoinsí eile, níor cheart do sholáthraithe sonraí aon srian a fhorchur ar na huirlisí anailíseacha a úsáideann taighdeoirí grinnfhiosraithe, lena n-áirítear leabharlanna bogearraí ábhartha, agus níor cheart dóibh ceanglais maidir le cartlannú, stóráil, athnuachan agus scriosadh a fhorchur, ach amháin má luaitear go sainráite iad sna módúlachtaí rochtana a shainaithnítear san iarraidh réasúnaithe. |
|
(30) |
I gcás ina n-áireofar sonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 sna sonraí a sholáthraítear do na taighdeoirí grinnfhiosraithe, ba cheart don soláthraí sonraí cloí leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán sin. Go sonrach, bunaítear le hAirteagal 40(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 oibleagáid dhlíthiúil de réir bhrí Airteagal 6(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le haon phróiseáil sonraí pearsanta is gá don soláthraí sonraí chun rochtain a sholáthar ar na sonraí a shonraítear san iarraidh réasúnaithe. I gcás ina mbeidh próiseáil le déanamh ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679, comhlíonann an Rialachán seo ceanglas Airteagal 9(2), pointe (g) de Rialachán (AE) 2016/679. |
|
(31) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus thug sé tuairim uaidh an 4 Nollaig 2024. |
|
(32) |
Tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha i gcomhréir le hAirteagal 40(13) de Rialachán (AE) 2022/2065 agus tar éis a fhormhuinithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo nósanna imeachta agus coinníollacha teicniúla chun rochtain a sholáthar do thaighdeoirí grinnfhiosraithe ar shonraí atá i seilbh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, de bhun Airteagal 40(4) de Rialachán (AE) 2022/2065, go háirithe:
|
(a) |
na coinníollacha teicniúla maidir le tairseach rochtana sonraí a fhorbairt agus a fheidhmiú; |
|
(b) |
na nósanna imeachta agus na coinníollacha teicniúla maidir leis an mbainistiú a dhéanann Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus soláthraithe sonraí ar an bpróiseas rochtana sonraí; |
|
(c) |
na ceanglais maidir le hiarrataí réasúnaithe a fhoirmiú agus measúnú a dhéanamh ar iarrataí ar leasú; |
|
(d) |
na coinníollacha teicniúla maidir le rochtain ar shonraí a bheith á soláthar ag na soláthraithe sonraí. |
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe atá in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1725. Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:
|
(1) |
ciallaíonn ‘iarratas ar rochtain ar shonraí’ an fhaisnéis agus an doiciméadacht ábhartha arna gcur faoi bhráid an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha Bhallstát na heagraíochta taighde, a bhfuil an príomhthaighdeoir cleamhnaithe léi, chun stádas ‘taighdeora grinnfhiosraithe’ a fháil dá dtagraítear in Airteagal 40(8), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2022/2065, le haghaidh tionscadal taighde sonrach a bhfuil rochtain ar shonraí ó sholáthraí sonraí i gceist leis; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘próiseas rochtana sonraí’ na céimeanna agus na nósanna imeachta a bhféadfadh soláthar rochtana ar na sonraí a bheith ina dtoradh orthu, dá dtagraítear in Airteagal 40(4) de Rialachán (AE) 2022/2065; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘taighdeoir iarrthach’ aon duine nádúrtha a dhéanann iarratas ar rochtain ar shonraí, dá dtagraítear in Airteagal 40(4) de Rialachán (AE) 2022/2065, ina aonar, i ngrúpa nó mar chuid d’eintiteas; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘príomhthaighdeoir’ an taighdeoir iarrthach a chuireann isteach an t-iarratas ar rochtain ar shonraí ina cháil aonair nó thar ceann eintitis nó grúpa taighdeoirí iarrthacha; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘soláthraí sonraí’ soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí innill cuardaigh an-mhór ar líne a ainmnítear amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065, a bhféadfaí iarraidh réasúnaithe a chur chuige; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘iarraidh réasúnaithe’ iarraidh réasúnaithe ar rochtain ar shonraí de bhun Airteagal 40(4) de Rialachán (AE) 2022/2065; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘iarraidh ar leasú’ iarraidh ar leasú de bhun Airteagal 40(5) de Rialachán (AE) 2022/2065 arna cur faoi bhráid an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta ag an soláthraí sonraí tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘timpeallacht shlán phróiseála’ timpeallacht shlán phróiseála mar a shainmhínítear í in Airteagal 2, pointe (20), de Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
CAIBIDIL II
OIBLEAGÁIDÍ FAISNÉISE AGUS TEAGMHÁLA
Airteagal 3
Tairseach rochtana sonraí GSD
1. Déanfaidh an Coimisiún tairseach rochtana sonraí GSD a bhunú agus a óstáil.
2. Beidh na feidhmeanna seo a leanas ag tairseach rochtana sonraí GSD:
|
(a) |
tacú le bainistiú an phróisis rochtana sonraí do thaighdeoirí, do sholáthraithe sonraí agus do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus an bainistiú sin a chuíchóiriú; |
|
(b) |
feidhmiú mar lárphointe digiteach le haghaidh faisnéis maidir leis an bpróiseas rochtana sonraí agus éascaíocht a dhéanamh do na malartuithe faisnéise de bhun an Rialacháin seo i measc taighdeoirí iarrthacha, taighdeoirí grinnfhiosraithe, soláthraithe sonraí agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha. |
3. Beidh tairseach rochtana sonraí GSD idir-inoibritheach leis an gcóras comhroinnte faisnéise AGORA arna bhunú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/607. Beidh rochtain ag na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha in AGORA ar an bhfaisnéis a chuirtear isteach trí thairseach rochtana sonraí GSD.
4. Beidh cuntas ag soláthraithe sonraí ar thairseach rochtana sonraí GSD.
5. Chun páirt a ghlacadh sa phróiseas rochtana sonraí, beidh cuntas ag taighdeoirí iarrthacha ar thairseach rochtana sonraí GSD.
Airteagal 4
Róil agus freagrachtaí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i dtairseach rochtana sonraí GSD
(1) Beidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ina rialaitheoirí ar leithligh maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann siad chun an próiseas rochtana sonraí a bhainistiú agus chun faisnéis ábhartha a fhoilsiú.
(2) Beidh an Coimisiún ina phróiseálaí i gcás sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtairseach rochtana sonraí GSD.
(3) Is mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a bheidh freagrachtaí an Choimisiúin mar phróiseálaí le haghaidh gníomhaíochtaí próiseála sonraí a dhéantar i dtairseach rochtana sonraí GSD.
Airteagal 5
Sonraí pearsanta a phróiseáil i dtairseach rochtana sonraí GSD
1. I gcás ina gclárófar sonraí pearsanta i dtairseach rochtana sonraí GSD agus ina ndéanfar sonraí pearsanta a mhalartú trithí, ní dhéanfar an phróiseáil ach amháin a mhéid atá sí comhréireach agus riachtanach chun críoch an phróisis rochtana sonraí agus chun faisnéis ábhartha a fhoilsiú.
2. Ní fhéadfar sonraí pearsanta a phróiseáil i dtairseach rochtana sonraí GSD ach amháin i leith na gcatagóirí ábhar sonraí seo a leanas:
|
(a) |
daoine nádúrtha a bhfuil cuntas acu ar thairseach rochtana sonraí GSD; |
|
(b) |
daoine nádúrtha a bhfuil a sonraí pearsanta ar thairseach rochtana sonraí GSD nó in aon mhalartú eile de bhun an Rialacháin seo a bhaineann leis an bpróiseas rochtana sonraí. |
3. Ní fhéadfar sonraí pearsanta a phróiseáil i dtairseach rochtana sonraí GSD ach amháin i leith na gcatagóirí sonraí pearsanta seo a leanas:
|
(a) |
sonraí céannachta, amhail ainm, aitheantas úsáideora; |
|
(b) |
sonraí teagmhála amhail seoladh, seoladh ríomhphoist, sonraí teagmhála; |
|
(c) |
sonraí pearsanta atá sa doiciméadacht lena léirítear an chleamhnacht le heagraíocht taighde, agus aon fhaisnéis phearsanta eile a mheastar a bheith riachtanach chun páirt a ghlacadh sa phróiseas rochtana sonraí. |
4. Déanfar an phróiseáil sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 trí bhonneagar teicneolaíochta faisnéise atá lonnaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a úsáid.
Airteagal 6
Pointí teagmhála agus faisnéis phoiblí maidir leis an bpróiseas rochtana sonraí
1. Bunóidh gach Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus gach soláthraí sonraí pointe teagmhála tiomnaithe, a mbeidh sé de chúram air faisnéis agus tacaíocht a sholáthar maidir leis an bpróiseas rochtana sonraí.
2. Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus na soláthraithe sonraí a bpointí teagmhála in iúl don Choimisiún, a luaithe is féidir. Foilseoidh an Coimisiún sonraí na bpointí teagmhála dá dtagraítear i mír 1 i gcomhéadan poiblí thairseach rochtana sonraí GSD.
3. Déanfaidh gach Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sonraí an phointe teagmhála arna bhunú de bhun mhír 1 a chur ar fáil ar bhealach so-aimsithe ar a chomhéadan ar líne mar aon le nasc chuig tairseach rochtana sonraí GSD.
4. Cuirfidh soláthraithe sonraí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar bhealach so-aimsithe ar a gcomhéadain ar líne:
|
(a) |
sonraí an phointe teagmhála arna bhunú acu de bhun mhír 1; |
|
(b) |
nasc chuig tairseach rochtana sonraí GSD; |
|
(c) |
catalóg sonraí GSD, ina dtugtar tuairisc ar na sócmhainní sonraí a fhéadfar a rochtain chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 40(4) de Rialachán (AE) 2022/2065, chomh maith lena struchtúr sonraí agus a meiteashonraí; |
|
(d) |
módúlachtaí rochtana molta le haghaidh na sonraí sa chatalóg de bhun phointe (c), atá leordhóthanach i leith leibhéal íogaireachta na sócmhainní sonraí éagsúla. |
5. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, pointí (c) agus (d), a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, go háirithe chun sonraí a bhaineann leis na measúnuithe riosca arna ndéanamh de bhun Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2022/2065 agus na hiniúchtaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 den Rialachán sin a léiriú.
CAIBIDIL III
CEANGLAIS MAIDIR LE hIARRATAÍ RÉASÚNAITHE A FHOIRMIÚ AGUS A PHRÓISEÁIL
Airteagal 7
Foirmiú iarrata réasúnaithe
1. Laistigh de 80 lá oibre ón tráth a chuirfear isteach iarratas ar rochtain ar shonraí, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta cinneadh, agus aird chuí á tabhairt aige ar na réamhriachtanais a leagtar amach in Airteagal 8 agus, i gcás inarb infheidhme, ar aon mheasúnú eile atá ábhartha chun na gcríoch sin, cé acu is féidir nó nach féidir iarraidh réasúnaithe a fhoirmiú agus déanfaidh sé ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
(a) |
iarraidh réasúnaithe a fhoirmiú, í a chur faoi bhráid an tsoláthraí sonraí agus fógra a thabhairt don phríomhthaighdeoir go ndearnadh amhlaidh; |
|
(b) |
an príomhthaighdeoir a chur ar an eolas faoi na cúiseanna nárbh fhéidir an iarraidh réasúnaithe a fhoirmiú. |
2. Más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go dteastaíonn am breise ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta chun iarraidh réasúnaithe a fhoirmiú, tabharfaidh sé fógra don phríomhthaighdeoir a luaithe is féidir agus léireoidh sé na cúiseanna leis an moill chomh maith le dáta nua chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh.
Airteagal 8
Réamhriachtanais chun iarraidh réasúnaithe a fhoirmiú
Cinnfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta cé acu is féidir nó nach féidir iarraidh réasúnaithe a fhoirmiú agus na gnéithe seo a leanas á gcur san áireamh aige:
|
(a) |
i gcás gach taighdeora iarrthaigh:
|
|
(b) |
faisnéis faoi chistiú lena dtacaítear leis an tionscadal taighde a bhfuil na sonraí á n-iarraidh ina leith; |
|
(c) |
tuairisc ar na sonraí arna n-iarraidh, lena n-áirítear formáid, raon feidhme agus, i gcás inar féidir, na saintréithe sonracha, na meiteashonraí ábhartha agus an doiciméadacht sonraí, agus an fhaisnéis arna cur ar fáil de bhun Airteagal 6(4) den Rialachán seo á cur san áireamh freisin; |
|
(d) |
faisnéis maidir le riachtanas agus comhréireacht na rochtana ar na sonraí agus an fhaisnéis maidir le tréimhsí ama an taighde a bhfuil na sonraí á n-iarraidh ina leith; |
|
(e) |
faisnéis faoi na rioscaí sainaitheanta i dtéarmaí rúndachta, slándáil sonraí agus cosaint sonraí pearsanta a bhaineann leis na sonraí a dhéanfaí a rochtain, tuairisc ar na bearta teicniúla, dlíthiúla agus eagraíochtúla a chuirfear i bhfeidhm, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, módúlachtaí molta rochtana, chun na rioscaí sin a mhaolú agus na sonraí a iarradh á bpróiseáil; |
|
(f) |
tuairisc ar na gníomhaíochtaí taighde atá le déanamh leis na sonraí arna n-iarraidh; |
|
(g) |
achoimre ar an iarratas ar rochtain ar shonraí ina mbeidh na gnéithe seo a leanas:
|
Airteagal 9
Módúlachtaí rochtana
1. Cinnfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta na módúlachtaí, lena n-áirítear na bearta teicniúla, dlíthiúla agus eagraíochtúla, atá le húsáid ag an soláthraí sonraí chun rochtain ar na sonraí a sholáthar do na taighdeoirí grinnfhiosraithe.
2. Beidh cead ag na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta ábhartha arna mbunú de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679.
3. Agus na módúlachtaí rochtana á gcinneadh aige, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta san áireamh an fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas ar rochtain ar shonraí, go háirithe an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (e), agus cearta agus leasanna na soláthraithe sonraí agus fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann á gcur san áireamh freisin, lena n-áirítear faisnéis rúnda a chosaint, rúin trádála, agus slándáil a seirbhíse agus na faisnéise a chuireann na soláthraithe sonraí ar fáil a chothabháil de bhun Airteagal 6(4), pointe (d).
4. Sa bhreis ar na gnéithe dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, agus módúlachtaí rochtana á gcinneadh aige, na gnéithe seo a leanas san áireamh:
|
(a) |
i gcás ina mbeidh próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis an rochtain:
|
|
(b) |
bearta ábhartha slándála gréasáin, criptiú, sásraí rialaithe rochtana, beartais chúltaca, sásraí sláine sonraí, pleananna um fhreagairt ar theagmhais; |
|
(c) |
i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis an tréimhse stórála beartaithe agus na pleananna ábhartha um scriosadh sonraí; |
|
(d) |
aon bheart eagraíochtúil amhail próisis athbhreithnithe inmheánaigh, srianta ar chearta rochtana agus comhroinnt faisnéise; |
|
(e) |
aon chlásal conarthach a bheartaítear, amhail comhaontuithe neamhnochta, comhaontuithe sonraí agus aon chineál eile ráiteas i scríbhinn, lena leagtar síos coinníollacha féideartha rochtana agus próiseála idir an príomhthaighdeoir agus an soláthraí sonraí; |
|
(f) |
oiliúint a bheith ann maidir le slándáil sonraí agus cosaint sonraí pearsanta a fhaigheann na taighdeoirí iarrthacha; |
|
(g) |
Cé acu atá nó nach bhfuil gá le timpeallachtaí slána próiseála chun na sonraí a phróiseáil. |
5. I gcás ina measann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta gur cheart timpeallacht shlán phróiseála a úsáid chun rochtain a sholáthar ar na sonraí arna n-iarraidh, éileoidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta doiciméadacht lena bhfianaítear gur fíor an méid seo a leanas maidir le hoibreoir na timpeallachta sin:
|
(a) |
go sonróidh sé coinníollacha rochtana ar an timpeallacht shlán phróiseála chun íoslaghdú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfaí na sonraí atá á n-óstáil sa timpeallacht shlán phróiseála a léamh, a chóipeáil, a mhodhnú nó a bhaint ar bhealach neamhúdaraithe; |
|
(b) |
go n-áiritheoidh sé nach mbeidh rochtain ag taighdeoirí grinnfhiosraithe ach ar shonraí a chumhdaítear leis an iarraidh réasúnaithe, trí bhíthin aitheantais úsáideora uathúla aonair agus modhanna rochtana rúnda; |
|
(c) |
go gcoinneoidh sé logaí inaitheanta ar an rochtain ar an timpeallacht shlán phróiseála ar feadh na tréimhse is gá chun gach oibríocht phróiseála a fhíorú agus a iniúchadh sa timpeallacht sin; |
|
(d) |
go n-áiritheoidh sé go bhfuil an chumhacht ríomhaireachta atá ar fáil do na taighdeoirí grinnfhiosraithe iomchuí agus leordhóthanach chun críocha an tionscadail taighde; |
|
(e) |
go ndéanfaidh sé faireachán ar éifeachtacht na mbeart a liostaítear i bpointí (a) go (d). |
Airteagal 10
Ábhar iarrata réasúnaithe
1. Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad in iarraidh réasúnaithe:
|
(a) |
an dáta faoina dtabharfaidh an soláthraí sonraí rochtain ar na sonraí arna n-iarraidh agus an dáta a dhéanfar an rochtain sin a fhoirceannadh; |
|
(b) |
na módúlachtaí rochtana arna gcinneadh de bhun Airteagal 9; |
|
(c) |
achoimre ar an iarratas ar rochtain ar shonraí dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (g). |
2. Féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta ainmneacha agus sonraí teagmhála na dtaighdeoirí grinnfhiosraithe uile a luaitear san iarratas ar rochtain ar shonraí a áireamh san iarraidh réasúnaithe i gcás inar gá sin chun rochtain ar na sonraí arna n-iarraidh a chumasú, i gcomhréir leis na módúlachtaí rochtana a shonraítear san iarraidh réasúnaithe.
3. Má tá aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta i gceist le rochtain a sholáthar de réir bhrí Chaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679, áireofar san iarraidh réasúnaithe faisnéis faoin ngá atá le sásra aistrithe iomchuí a chur i bhfeidhm nó déanfar tagairt do shásra aistrithe iomchuí chun comhlíontacht le Rialachán (AE) 2016/679 a áirithiú.
Airteagal 11
Forbhreathnú ar iarraidh réasúnaithe a fhoilsiú i dtairseach rochtana sonraí GSD
1. Nuair a bheidh iarraidh réasúnaithe foirmithe, foilseoidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta forbhreathnú ar an iarraidh réasúnaithe i gcomhéadan poiblí thairseach rochtana sonraí GSD. Beidh an méid seo uile a leanas san fhorbhreathnú:
|
(a) |
achoimre ar an iarratas ar rochtain ar shonraí dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (g); |
|
(b) |
na módúlachtaí rochtana arna gcinneadh de bhun Airteagal 9. |
2. Tabharfar an forbhreathnú dá dtagraítear i mír 1 cothrom le dáta chun léiriú a thabhairt ar aon athrú a eascraíonn as modhnú gné amháin nó níos mó tar éis scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar leasú nó ar thoradh idirghabhála i gcomhréir le hAirteagal 13.
Airteagal 12
Nósanna imeachta chun scrúdú a dhéanamh ar iarrataí ar leasú
1. Nuair a fhaigheann sé iarraidh ar leasú de bhun Airteagal 40(5) de Rialachán (AE) 2022/2065, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an príomhthaighdeoir lena mbaineann ar an eolas.
2. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarraidh ar leasú arna déanamh de bhun Airteagal 40(5), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2065, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an méid seo a leanas san áireamh:
|
(a) |
cé acu atá nó nach bhfuil na cúiseanna leis an easpa líomhnaithe rochtana ar shonraí cuí-réasúnaithe; |
|
(b) |
i gcás an easpa rochtana sin ar shonraí, cé acu atá sí buan nó sealadach. |
3. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarraidh ar leasú arna déanamh de bhun Airteagal 40(5), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/2065, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta na nithe uile seo a leanas san áireamh:
|
(a) |
cé acu atá nó nach bhfuil na leochaileachtaí líomhnaithe agus a dtábhacht cuí-réasúnaithe; |
|
(b) |
dóchúlacht agus déine na díobhála de dheasca na leochaileachtaí móra líomhnaithe sin; |
|
(c) |
a mhéid a fhágann na módúlachtaí rochtana a leagtar amach san iarraidh réasúnaithe go maolaítear go héifeachtach an riosca go dtarlódh díobháil den sórt sin. |
4. Tráth ar bith le linn an mheasúnaithe ar iarraidh ar leasú, féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta aon fhaisnéis bhreise a mheasann sé is gá chun a mheasúnú a chur i gcrích a iarraidh ar an soláthraí sonraí nó ar an bpríomhthaighdeoir.
5. Déanfar iarraidh den sórt sin ar fhaisnéis bhreise a luaithe is féidir chun am leordhóthanach a thabhairt don soláthraí sonraí nó don phríomhthaighdeoir freagra a thabhairt agus, in aon chás, ní dhéanfaidh sí difear don sprioc-am a leagtar síos in Airteagal 40(6), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2022/2065. I gcás ina mainneoidh an soláthraí sonraí nó an príomhthaighdeoir an fhaisnéis a iarradh a sholáthar in aon chor nó í a sholáthar laistigh de thréimhse arna sonrú ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó i gcás ina soláthróidh sé faisnéis pháirteach, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a chinneadh laistigh den tréimhse ama a leagtar síos in Airteagal 40(6) de Rialachán (AE) 2022/2065, bunaithe ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil dó laistigh de thréimhse ama a raibh moill réasúnach i gceist léi.
Airteagal 13
Idirghabháil
1. Mura n-aontaíonn an soláthraí sonraí le cinneadh an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta maidir leis an iarraidh ar leasú, féadfaidh an soláthraí sonraí, laistigh de thréimhse 5 lá oibre tar éis teachtaireacht a fháil ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta de bhun Airteagal 40(6), an dara fomhír de Rialachán (AE) 2022/2065, a iarraidh i scríbhinn ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a bheith rannpháirteach in idirghabháil.
2. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a bheith rannpháirteach sa phróiseas idirghabhála.
3. Áireofar san iarraidh i scríbhinn dá dtagraítear i mír 1 tuairisc bheacht ar ghnéithe sonracha an chinnidh, arna gcur in iúl ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta de bhun Airteagal 40(6), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2022/2065, a bhfuil an soláthraí sonraí ag agóid ina gcoinne.
4. Tiocfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus an soláthraí sonraí ar chomhaontú maidir le hidirghabhálaí a cheapadh agus tionscnóidh siad an idirghabháil laistigh de 20 lá oibre ón tráth a chuirfear isteach an iarraidh ar idirghabháil de bhun mhír 3.
5. Sula gcomhaontóidh sé idirghabhálaí a cheapadh, fíoróidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta go bhfuil an t-idirghabhálaí neamhchlaonta neamhspleách agus go bhfuil an saineolas ábhartha aige a bhaineann leis an ábhar mar a dtugtar tuairisc air san iarraidh i scríbhinn dá dtagraítear i mír 1.
6. Is é an soláthraí sonraí a íocfaidh costais uile na hidirghabhála.
7. Cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an príomhthaighdeoir ar an eolas faoin iarraidh ar idirghabháil dá dtagraítear i mír 1 gan moill mhíchuí agus féadfaidh sé a chinneadh iarraidh ar an bpríomhthaighdeoir páirt a ghlacadh san idirghabháil mar pháirtí. I gcás inar cuireadh an t-iarratas ar rochtain ar shonraí faoi bhráid Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na heagraíochta taighde, féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta iarraidh ar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na heagraíochta taighde páirt a ghlacadh sa phróiseas idirghabhála. Aon pháirtí a n-iarrfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta air páirt a ghlacadh san idirghabháil, ní bheidh sé d’oibleagáid air páirt a ghlacadh sa phróiseas idirghabhála.
8. Ní dhéanfaidh rannpháirtíocht in idirghabháil difear do cheart na bpáirtithe imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh tráth ar bith roimh an idirghabháil, lena linn nó ina diaidh.
9. Socróidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta teorainn ama don idirghabháil, ar teorainn í nach rachaidh thar 40 lá oibre ag tosú ar an lá a dtionscnófar an idirghabháil de bhun mhír 4.
10. Féadfaidh an t-idirghabhálaí an idirghabháil a fhoirceannadh níos luaithe i gceann de na cásanna seo a leanas:
|
(a) |
iarrfaidh ceann de na páirtithe go sainráite deireadh a chur leis an idirghabháil; |
|
(b) |
beidh sé soiléir go bhfágann iompar na bpáirtithe le linn na hidirghabhála, lena n-áirítear mainneachtain páirt a ghlacadh de mheon macánta, nach dócha go dtiocfar ar chomhaontú |
11. I gcás ina ndéanfar comhaontú idir na páirtithe mar thoradh ar an idirghabháil, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an comhaontú sin san áireamh agus, i gcás inarb iomchuí, modhnóidh sé an iarraidh réasúnaithe agus cuirfidh sé an príomhthaighdeoir ar an eolas faoin modhnú.
12. I gcás nach dtiocfaidh na páirtithe ar chomhaontú, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta fógra don soláthraí sonraí go measfar gur cinneadh bailí é cinneadh an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta maidir leis an iarraidh ar leasú, mar a cuireadh in iúl go deireanach é de bhun Airteagal 40(6), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2022/2065 agus go mbeidh sé ina bhonn ábhartha le haghaidh céimeanna breise sa phróiseas, agus cuirfidh sé an príomhthaighdeoir ar an eolas.
13. Cláróidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta in AGORA taifead achomair ar an idirghabháil, arna ullmhú ag an idirghabhálaí agus arna shíniú ag na páirtithe uile. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa taifead:
|
(a) |
dáta na hiarrata i scríbhinn ar idirghabháil ón soláthraí sonraí; |
|
(b) |
céannachtaí agus sonraí teagmhála na bpáirtithe; |
|
(c) |
dáta tosaigh agus dáta deiridh na hidirghabhála; |
|
(d) |
toradh na hidirghabhála, lena n-áirítear aon chomhaontú ar thángthas air nó an chúis le foirceannadh na hidirghabhála. |
Airteagal 14
Comhairliúchán le saineolaithe neamhspleácha
1. Sula ndéanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a fhoirmiú, nó sula ndéanfaidh sé cinneadh maidir le hiarraidh ar leasú, féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a chinneadh dul i gcomhairle le saineolaithe.
2. Beidh na saineolaithe neamhspleách, neamhchlaonta, beidh saineolas ábhartha agus scileanna cruthaithe acu agus beidh an acmhainneacht agus na hacmhainní acu chun an cúram arna shainaithint a dhéanamh, gan moill mhíchuí a chur faoi deara.
3. Chun neamhchlaontacht a fhianú, síneoidh na saineolaithe dearbhú lena ndeimhnítear an méid seo a leanas:
|
(a) |
nach bhfuil aon cheangal airgeadais ná ceangal pearsanta acu leis an soláthraí sonraí ná leis na taighdeoirí iarrthacha; |
|
(b) |
nach bhfuil aon leas acu i dtoradh an phróisis rochtana sonraí; |
|
(c) |
go bhfuil siad saor ó aon choinbhleacht leasa. |
4. Ionchódóidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha in AGORA, gan moill mhíchuí, aon chomhairliúchán a dhéanfar de bhun mhír 1, mar aon leis an tuairim shaineolach a gheofar mar fhreagairt ar an gcomhairliúchán.
CAIBIDIL IV
COINNÍOLLACHA CHUN NA SONRAÍ A IARRTAR AR THAIGHDEOIRÍ GRINNFHIOSRAITHE A SHOLÁTHAR
Airteagal 15
Comhroinnt sonraí agus doiciméadacht sonraí
1. Tabharfaidh soláthraithe sonraí fógra don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta laistigh de 3 lá oibre faoin méid seo a leanas:
|
(a) |
gur soláthraíodh rochtain ar na sonraí a iarradh do thaighdeoirí grinnfhiosraithe, i gcomhréir leis an iarraidh réasúnaithe; |
|
(b) |
go ndearnadh foirceannadh ar an rochtain a bhí ag na taighdeoirí grinnfhiosraithe. |
2. Soláthróidh soláthraithe sonraí aon fhaisnéis bhreise do thaighdeoirí grinnfhiosraithe, ar faisnéis í is gá chun na sonraí arna n-iarraidh a rochtain agus a thuiscint, amhail códleabhair, logaí athruithe agus doiciméadacht ailtireachta. I gcásanna ina bhféadfadh leochaileacht nach beag i gcás sheirbhísí an tsoláthraí sonraí a bheith ina toradh ar sholáthar na faisnéise sin, tabharfaidh an soláthraí sonraí fógra don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta faoin riosca sin agus, i gcás inar féidir, molfaidh sé faisnéis mhalartach.
3. Agus rochtain ar shonraí á soláthar acu, ní fhorchuirfidh soláthraithe sonraí ceanglais bainistithe sonraí ar thaighdeoirí grinnfhiosraithe, amhail ceanglais maidir le cartlannú, stóráil, athnuachan agus scriosadh, ná teorainneacha ar úsáid uirlisí anailíseacha caighdeánacha, lena bhféadfaí bac a chur ar fheidhmíocht an taighde ábhartha, ach amháin más rud é go luaitear na ceanglais nó na teorainneacha sin go sainráite san iarraidh réasúnaithe.
4. I gcás ina ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil, ní fhorchuirfidh soláthraithe sonraí aon choinníoll ar thaighdeoirí grinnfhiosraithe i ndáil le próiseáil na sonraí pearsanta arna roinnt, seachas na coinníollacha a shonraítear san iarraidh réasúnaithe.
CAIBIDIL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 16
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/607 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2024 maidir leis na socruithe praiticiúla agus oibríochtúla i dtaca le feidhmiú an chórais comhroinnte faisnéise de bhun Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 2024/607, 16.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/607/oj).
(3) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(4) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(5) Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/868/oj).
(6) Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/790/oj).
IARSCRÍBHINN
Freagrachtaí an Choimisiúin mar phróiseálaí le haghaidh gníomhaíochtaí próiseála sonraí a dhéantar i gcomhthéacs thairseach rochtana sonraí GSD
1.
Déanfaidh an Coimisiún bonneagar TF slán agus iontaofa, is é sin tairseach rochtana sonraí GSD, a chur ar bun agus a áirithiú, thar ceann na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, ar bonneagar é lena dtacaítear le bainistiú an phróisis rochtana sonraí do thaighdeoirí, d’eagraíochtaí taighde, do sholáthraithe sonraí agus do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus lena gcuíchóirítear an bainistiú sin.
2.
Chun a oibleagáidí a chomhlíonadh mar phróiseálaí do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, féadfaidh an Coimisiún tríú páirtithe a úsáid mar fhophróiseálaithe. Sa chás sin, údaróidh na rialaitheoirí don Choimisiún fophróiseálaithe a úsáid nó fophróiseálaithe a ionadú i gcás inar gá. Cuirfidh an Coimisiún na rialaitheoirí ar an eolas faoi úsáid fophróiseálaithe nó faoi ionadú fophróiseálaithe, agus ar an gcaoi sin deis a thabhairt do na rialaitheoirí agóid a dhéanamh in aghaidh aon athrú den sórt sin. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí cosanta sonraí céanna a leagtar amach sa Rialachán seo maidir leis na fophróiseálaithe sin.
3.
Ní phróiseálfar sonraí pearsanta leis an bpróiseáil a dhéanfaidh an Coimisiún ach amháin a mhéid is gá don mhéid seo a leanas:|
(a) |
fíordheimhniú agus rialú rochtana maidir le húsáideoirí uile thairseach rochtana sonraí GSD; |
|
(b) |
cur chun feidhme iarrataí ó úsáideoirí thairseach rochtana sonraí GSD a údarú chun aon fhaisnéis atá san iarratas a chruthú, a nuashonrú agus a scriosadh i dtairseach rochtana sonraí GSD; |
|
(c) |
na sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den Rialachán seo arna n-uaslódáil ag úsáideoirí thairseach rochtana sonraí GSD a fháil; |
|
(d) |
sonraí pearsanta a stóráil i dtairseach rochtana sonraí GSD; |
|
(e) |
na sonraí pearsanta a scriosadh ar a ndáta éaga nó ar threoir a fháil don rialaitheoir; |
|
(f) |
nuair a bheidh deireadh leis na seirbhísí arna soláthar ag tairseach rochtana sonraí GSD, aon sonra pearsanta a bheidh fágtha a scriosadh mura rud é go gceanglaítear faoi dhlíthe an Aontais nó dlíthe Ballstáit go ndéanfar na sonraí pearsanta sin a stóráil. |
4.
Déanfaidh an Coimisiún gach beart úrscothach slándála eagraíochtúil, fisiceach agus loighciúil chun feidhmiú thairseach rochtana sonraí GSD a áirithiú. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:|
(a) |
eintiteas a bheidh freagrach as bainistiú slándála thairseach rochtana sonraí GSD a ainmniú, a fhaisnéis teagmhála a chur in iúl do na rialaitheoirí agus a áirithiú go bhfuil sé ar fáil chun freagairt do bhagairtí slándála; |
|
(b) |
freagracht a ghlacadh as slándáil thairseach rochtana sonraí GSD, lena n-áirítear tástálacha, meastóireachtaí agus measúnuithe a dhéanamh go tráthrialta ar na bearta slándála. |
5.
Déanfaidh an Coimisiún gach beart slándála is gá ionas nach gcuirfear feidhmiú rianúil oibríochtúil thairseach rochtana sonraí GSD i mbaol. Áireofar leis sin:|
(a) |
nósanna imeachta maidir le measúnú riosca chun bagairtí féideartha ar thairseach rochtana sonraí GSD a aithint agus a mheas; |
|
(b) |
nós imeachta iniúchóireachta agus athbhreithniúcháin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
(c) |
an nós imeachta um rialú a athrú chun doiciméadú a dhéanamh ar an tionchar a bhaineann le hathrú sula gcuirtear chun feidhme é agus an tionchar sin a thomhas, agus na rialaitheoirí a choimeád ar an eolas maidir le haon athrú a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chumarsáid le tairseach rochtana sonraí GSD agus/nó do shlándáil na tairsí sin; |
|
(d) |
nós imeachta cothabhála agus deisiúcháin a leagan síos lena sonrófar na rialacha agus na coinníollacha atá le hurramú nuair atá tairseach rochtana sonraí GSD le cothabháil agus/nó le deisiú; |
|
(e) |
nós imeachta um theagmhais slándála a leagan síos chun an scéim tuairiscithe agus géaraithe a shainiú, na rialaitheoirí a ndearnadh difear dóibh a chur ar an eolas, na rialaitheoirí a chur ar an eolas gan mhoill ionas go dtabharfaidh siad fógra do na húdaráis náisiúnta mhaoirseachta um chosaint sonraí faoi aon sárú ar shonraí pearsanta, agus próiseas araíonachta a shainiú chun déileáil le sáruithe slándála i dtairseach rochtana sonraí GSD. |
6.
Déanfaidh an Coimisiún bearta slándála úrscothacha fisiceacha agus loighciúla maidir leis na saoráidí a dhéanann tairseach rochtana sonraí GSD a óstáil agus maidir leis na rialuithe ar shonraí agus maidir le rochtain slándála ar na sonraí sin. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:|
(a) |
slándáil fhisiceach a fhorfheidhmiú chun imlínte slándála soiléire a shuí agus chun sáruithe a bhrath i dtairseach rochtana sonraí GSD; |
|
(b) |
rochtain ar shaoráidí thairseach rochtana sonraí GSD a rialú; |
|
(c) |
a áirithiú nach féidir trealamh a thabhairt chun an áitribh, trealamh a ionadú nó trealamh a bhaint den láthair gan údarú a fháil roimh ré ó na comhlachtaí freagracha ainmnithe; |
|
(d) |
rialú a dhéanamh ar rochtain ó thairseach rochtana sonraí GSD agus ar rochtain ar an tairseach sin; |
|
(e) |
a áirithiú, i gcás úsáideoirí thairseach rochtana sonraí GSD a dhéanann tairseach rochtana sonraí GSD a rochtain, go ndéanfar iad a fhíordheimhniú; |
|
(f) |
athbhreithniú a dhéanamh ar na cearta údaraithe a bhaineann le rochtain ar thairseach rochtana sonraí GSD i gcás sárú slándála a dhéanann difear do thairseach rochtana sonraí GSD; |
|
(g) |
sláine na faisnéise arna tarchur trí thairseach rochtana sonraí GSD a chaomhnú; |
|
(h) |
bearta teicniúla agus eagraíochtúla slándála a chur chun feidhme chun rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta i dtairseach rochtana sonraí GSD a chosc; |
|
(i) |
bearta a chur chun feidhme, nuair is gá, chun rochtain neamhúdaraithe ar thairseach rochtana sonraí GSD a bhlocáil (i.e. suíomh/seoladh IP a bhlocáil). |
7.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:|
(a) |
bearta a dhéanamh chun a fhearann a chosaint, lena n-áirítear gearradh na gceangal, i gcás ina mbeidh diall substaintiúil ó na prionsabail agus ó na coincheapa maidir le cáilíocht agus slándáil; |
|
(b) |
plean bainistithe riosca a choinneáil a bhaineann lena réimse freagrachta; |
|
(c) |
faireachán a dhéanamh, i bhfíor-am, ar fheidhmíocht chomhpháirteanna seirbhíse uile thairseach rochtana sonraí GSD, staitisticí tráthrialta a chur ar fáil agus taifid a choimeád; |
|
(d) |
tacaíocht a chur ar fáil, i mBéarla, d’úsáideoirí thairseach rochtana sonraí GSD, i leith na tairsí sin; |
|
(e) |
cúnamh a thabhairt do na rialaitheoirí trí bhearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun oibleagáid an rialaitheora a chomhlíonadh i dtaca le hiarrataí a fhreagairt maidir le feidhmiú chearta an ábhair sonraí a leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2016/679; |
|
(f) |
tacú leis na rialaitheoirí trí fhaisnéis a sholáthar maidir le tairseach rochtana sonraí GSD chun na hoibleagáidí de bhun Airteagail 32, 33, 34, 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2016/679 a chur chun feidhme; |
|
(g) |
a áirithiú nach féidir le haon duine nach bhfuil údaraithe rochtain a fháil ar na sonraí a phróiseáiltear laistigh de thairseach rochtana sonraí GSD; |
|
(h) |
gach beart ábhartha a dhéanamh chun rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta arna dtarchur trí thairseach rochtana sonraí GSD a chosc; |
|
(i) |
bearta a dhéanamh chun cumarsáid idir na rialaitheoirí a éascú; |
|
(j) |
taifead a choimeád de na gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar thar ceann na rialaitheoirí i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2018/1725. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2050/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)