This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R2043
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/2043 of 10 October 2025 on the structure, technical details and process for submitting evidence about the impact of climate change and the legacy effects on organic soils pursuant to Regulation (EU) 2018/841 of the European Parliament and of the Council
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2043 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an struchtúr, leis na mionsonraí teicniúla agus leis an bpróiseas chun fianaise a chur isteach i dtaca le tionchar an athraithe aeráide agus éifeachtaí oidhreachta ar ithreacha orgánacha de bhun Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2043 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an struchtúr, leis na mionsonraí teicniúla agus leis an bpróiseas chun fianaise a chur isteach i dtaca le tionchar an athraithe aeráide agus éifeachtaí oidhreachta ar ithreacha orgánacha de bhun Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2025/6771
IO L, 2025/2043, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2043/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2043 |
13.10.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2043 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Deireadh Fómhair 2025
maidir leis an struchtúr, leis na mionsonraí teicniúla agus leis an bpróiseas chun fianaise a chur isteach i dtaca le tionchar an athraithe aeráide agus éifeachtaí oidhreachta ar ithreacha orgánacha de bhun Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid na talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (1), agus go háirithe Airteagal 13b(10) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2018/841, tugtar rochtain do na Ballstáit ar chúiteamh as aistrithe laghdaitheacha agus astaíochtaí iomarcacha sonracha. I gcomhréir leis an Rialachán sin, is gá astaíochtaí agus aistrithe den sórt sin a bheith inchurtha i leith thionchar fadtéarmach an athraithe aeráide, mar atá astaíochtaí iomarcacha nó linnte laghdaitheacha nach bhfuil neart ag na Ballstáit orthu agus nach gcáilíonn mar shuaitheadh nádúrtha, nó i leith éifeachtaí oidhreachta na gcleachtas bainistithe a úsáideadh roimhe seo sna Ballstáit a bhfuil cion ard thar an gcoitiantacht ithreacha orgánacha ina limistéar talún bainistithe. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 13b(8) de Rialachán (AE) 2018/841, measfar gur saintréith chomhshaoil í an tuire agus limistéir atá buailte ag tionchair fhadtéarmacha an athraithe aeráide á sainaithint. Dá bhrí sin, is iomchuí a bheith ag brath ar an innéacs tuire chun anailís a dhéanamh ar athruithe ar an gcóimheas idir riachtanais uisce agus infhaighteacht uisce thar thréimhsí fada. Tá an dáileadh geografach bithóm agus táirgiúlacht na talún bainistithe fite fuaite leis an tuire. Ós rud é go gcuimsítear san innéacs tuire na croí-athróga, mar atá frasaíocht agus imghalú a d’fhéadfadh a bheith ann, agus ós rud é nach gcuirtear tionchair áitiúla ghníomhaíocht an duine san áireamh ann, is modh iontaofa é chun anailís a dhéanamh ar athruithe ar an gcóimheas idir riachtanais uisce agus infhaighteacht uisce thar thréimhsí fada ama. |
|
(3) |
Maidir le limistéir a aicmíodh mar ‘bogthais’ nó mar ‘fo-bhogthais tirim’ agus a aicmítear mar ‘breacthur’, ‘tur’ nó ‘thar a bheith tur’ anois, mar a thugtar tuairisc orthu i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac, nó limistéir a aicmítear mar ‘breacthur’, ‘tur’ nó ‘thar a bheith tur’ a bhfuil laghdú tagtha ar a n-innéacs tuire, tá srianta orthu arb é ganntanas uisce is cúis leo. D’fhéadfadh athruithe teacht de dheasca ganntanas uisce, mar atá brat fásra níos gainne, ithir ar bheagán carbóin orgánaigh, drochstruchtúr ithreach, bithéagsúlacht laghdaithe ithreach, agus ráta ard creimthe ithreach. De dheasca na gcor sin, laghdaítear acmhainneacht na talún i dtaca le ceapadh carbóin agus a hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide araon. Dá bhrí sin, ba cheart limistéar ar tháinig athrú den sórt sin air a mheas mar limistéar atá buailte ag tionchar fadtéarmach an athraithe aeráide. |
|
(4) |
Chun go mbeifear in ann úsáid a bhaint as sonraí a d’fhéadfadh a bheith níos fearr ó thaobh cáilíochta de agus a dtacaíonn an pobal eolaíochta leo, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit innéacsanna seachas an t-innéacs tuire a úsáid chun na limistéir atá buailte ag tionchar fadtéarmach an athraithe aeráide a shainaithint, ar choinníoll go léiríonn siad an nasc idir tionchair fhadtéarmacha an athraithe aeráide agus an acmhainneacht laghdaithe ceaptha carbóin. |
|
(5) |
Is gnáthchleachtas sa phobal eolaíochta é an frása ‘thar an gcoitiantacht’ a thabhairt ar fheiniméin nádúrtha atá sa 85ú peircintíl de dháileadh nó atá os a cionn. Dá bhrí sin, is iomchuí a mheas go bhfuil cion na n-ithreacha orgánacha i limistéar talún bainistithe Ballstáit ard thar an gcoitiantacht i gcomparáid le meán an Aontais agus é sa 85ú peircintíl de dháileadh minicíochta chion na mBallstát uile nó os a cionn. |
|
(6) |
D’fhéadfadh éifeachtaí oidhreachta na gcleachtas bainistithe a úsáideadh ar ithreacha orgánacha roimhe seo, amhail draenáil nó foraoisiú tailte portaigh, díghrádú ithreacha orgánacha a dhéanamh níos measa, rud a d’fhéadfadh astaíochtaí ithreach a ghiniúint san fhadtéarma dá bhrí sin, agus a fhágfadh nach mbeadh éiceachórais chomh hathléimneach céanna. Dá bhrí sin, ba cheart limistéir ar a bhfuil lorg thionchair dhiúltacha na gcleachtas bainistithe a úsáideadh roimhe seo a mheas mar limistéir atá buailte ag éifeachtaí oidhreachta. |
|
(7) |
Ionas nach mbainfear an bonn de shláine Rialachán (AE) 2018/841 ná d’iarrachtaí na mBallstát spriocanna 2030 a bhaint amach, spriocanna a leagtar amach sa Rialachán sin, ba cheart do na Ballstáit atá ag iarraidh úsáid a bhaint as an gcúiteamh breise dá bhforáiltear sa Rialachán sin fianaise a chur isteach maidir leis an ngníomhaíocht atá déanta acu chun feabhas a chur ar fheidhmíocht aeráide sna limistéir atá buailte, i dtaca le maolú ar an athrú aeráide agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide araon. Is réamhriachtanas iad na bearta beartais sin chun úsáid a bhaint as an sásra solúbthachta. Maidir le héifeachtaí fadtéarmacha an athraithe aeráide, ba cheart teicneolaíochtaí agus cleachtais bainistithe inbhuanaithe a bheith mar chuid d’iarrachtaí an Bhallstáit lena mbaineann, agus maidir le héifeachtaí oidhreachta na gcleachtas bainistithe a úsáideadh roimhe seo ar ithreacha orgánacha, ba cheart bainistiú leibhéal an mhaoschláir nó cleachtais bhainistithe choibhéiseacha, lena n-íoslaghdaítear tionchair dhiúltacha na n-éifeachtaí oidhreachta, a bheith mar chuid d’iarrachtaí, agus athléimneacht na limistéar atá buailte á cur san áireamh an tráth céanna. |
|
(8) |
Chun fianaise maidir le hastaíochtaí iomarcacha agus aistrithe laghdaitheacha a sholáthar, is iomchuí comparáid a úsáid. Chun méid éifeachtaí fadtéarmacha an athraithe aeráide nó méid éifeachtaí fadtéarmacha na gcleachtas bainistithe a úsáideadh roimhe seo ar ithreacha orgánacha a dhéanamh amach, i dtonaí de choibhéis CO2, ba cheart an limistéar atá buailte ag na héifeachtaí réamhluaite a chur i gcomparáid le limistéar nach bhfuil buailte ag na héifeachtaí sin, ach a bhfuil na príomhthréithe céanna aige, amhail achar, úsáid talún, aeráid, tír-raon agus cineál ithreach. |
|
(9) |
Ós rud é go n-éilíonn éifeachtaí fadtéarmacha an athraithe aeráide agus éifeachtaí oidhreachta na gcleachtas bainistithe a úsáideadh roimhe seo ar ithreacha orgánacha na treochtaí diúltacha maidir le haistrithe talamhbhunaithe a aisiompú, is iomchuí fianaise maidir leis na hiarrachtaí sin a chur isteach ag tús thréimhse chomhlíontachta 2026-2030. |
|
(10) |
Chun ailíniú le haighneachtaí an fhardail gás ceaptha teasa a áirithiú, aighneachtaí a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ba cheart na sonraí a úsáidtear chun bunús a thabhairt leis an méid cúitimh as astaíochtaí iomarcacha agus as aistrithe laghdaitheacha a bheith i gcomhréir leis na caighdeáin trédhearcachta, chruinnis, chomhsheasmhachta, inchomparáideachta agus iomláine, ar caighdeáin iad a chuirtear i bhfeidhm maidir le hathbhreithnithe ar an bhfardal gás ceaptha teasa a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 38 den Rialachán sin. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Athrú Aeráide, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘innéacs tuire’ an cóimheas idir frasaíocht agus imghalú a d’fhéadfadh a bheith ann; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘aicme tuire’ aon cheann de na catagóirí seo a leanas ina n-aicmítear limistéir de réir an innéacs tuire:
|
|
(3) |
ciallaíonn ‘ithir orgánach’ ithir a chomhlíonann an sainmhíniú atá bunaithe ar chaighdeáin náisiúnta fhormheasta a úsáidtear chun tuairisciú a dhéanamh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), sin nó ithir a shainmhínítear, i gcás nach bhfuil aon chaighdeán den sórt sin ann, trí úsáid a bhaint as critéir atá liostaithe i dTreoirlínte 2006 ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) (Iarscríbhinn 3A.5. Aicmithe réamhshocraithe aeráide agus ithreach, Caibidil 3 in Imleabhar 4). |
Airteagal 2
Fianaise maidir le limistéir atá buailte ag tionchar fadtéarmach an athraithe aeráide
1. Sainaithneoidh na Ballstáit, ar bhealach soiléir geografach, na limistéir atá buailte ag tionchar fadtéarmach an athraithe aeráide.
2. An fhianaise lena gcomhthacaítear le sainaithint na limistéar atá buailte ag tionchar fadtéarmach an athraithe aeráide dá dtagraítear i mír 1, beidh sí bunaithe ar an innéacs tuire. Aon limistéar a aicmíodh mar ‘bogthais’ nó mar ‘fo-bhogthais tirim’ ach a aicmítear anois mar ‘breacthur’, ‘tur’ nó ‘thar a bheith tur’, nó aon limistéar a aicmítear mar ‘breacthur’, ‘tur’ nó ‘thar a bheith tur’ a bhfuil laghdú tagtha ar a n-innéacs tuire, measfar gur limistéar é atá buailte ag tionchar fadtéarmach an athraithe aeráide.
3. I gcás ina bhfuil údar cuí leis, féadfaidh na Ballstáit an fhianaise maidir le tionchar fadtéarmach an athraithe aeráide a bhunú ar innéacsanna seachas an t-innéacs tuire. Léireofar leis na hinnéacsanna eile sin an nasc idir tionchair fhadtéarmacha an athraithe aeráide agus an acmhainneacht laghdaithe ceaptha carbóin sa limistéar atá buailte.
4. Na sonraí a úsáidfear chun tionchar fadtéarmach an athraithe aeráide a léiriú, tiocfaidh siad ó údaráis, comhlachtaí eolaíocha nó seirbhísí meitéareolaíocha oifigiúla, agus beidh siad ar fáil ar fud an Aontais.
5. Léireofar i dtoradh na hanailíse ar thionchar fadtéarmach an athraithe aeráide na hathruithe ábhartha in aicmí tuire trí chomparáid a dhéanamh idir amshraitheanna, ina bhfuil 20 bliain leantacha ar a laghad, laistigh den tréimhse ó 2001 go dtí deireadh 2025.
6. Beidh an fhianaise dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 infhíoraithe agus áireofar inti na gnéithe seo a leanas:
|
(a) |
an modh a úsáideadh, na sonraí ionchuir a úsáideadh agus toradh na sainaitheanta dá dtagraítear i mír 1; |
|
(b) |
tuairisc ar na hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar threocht na n-astaíochtaí iomarcacha nó ar threocht na linnte laghdaitheacha a ghintear sna limistéir arna sainaithint de bhun mhír 1. |
Airteagal 3
Fianaise maidir le héifeachtaí oidhreachta in ithreacha orgánacha sna Ballstáit ina bhfuil cion ard thar an gcoitiantacht ithreacha orgánacha
1. Saineofar an tairseach maidir le ‘cion ard thar an gcoitiantacht ithreacha orgánacha’ a chinneadh, i gcomparáid le meán an Aontais, mar chion atá sa 85ú peircintíl de dháileadh minicíochta chion na n-ithreacha orgánacha i gcomparáid leis an limistéar iomlán talún bainistithe i ngach Ballstát. Leagtar amach san Iarscríbhinn na sonraí lena léirítear cion na n-ithreacha orgánacha i limistéar talún bainistithe.
2. Na Ballstáit ina bhfuil cion ard thar an gcoitiantacht ithreacha orgánacha, ar rud é a chinnfear de bhun mhír 1, sainaithneoidh siad, ar bhealach soiléir geografach, na limistéir atá buailte ag éifeachtaí oidhreachta a bhaineann le cleachtais bhainistithe a úsáideadh roimh 2013.
3. Fianaise lena gcomhthacaítear le sainaithint na limistéar dá dtagraítear i mír 2, beidh sí infhíoraithe agus áireofar inti na gnéithe seo a leanas:
|
(a) |
an modh a úsáideadh, na sonraí ionchuir a úsáideadh agus toradh na sainaitheanta dá dtagraítear i mír 2; |
|
(b) |
tuairisc ar na cleachtais bhainistithe a úsáideadh roimhe seo dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear tráthchlár a gcur i bhfeidhm, mar aon le fianaise lena gcruthaítear gur úsáideadh iad; |
|
(c) |
tuairisc ar na hiarrachtaí chun treocht na n-astaíochtaí iomarcacha arna nginiúint sna limistéir arna sainaithint de bhun mhír 2 a aisiompú. |
Airteagal 4
Fianaise maidir leis na hastaíochtaí iomarcacha agus na haistrithe laghdaitheacha
1. Fianaise arna soláthar ag na Ballstáit maidir leis na hastaíochtaí iomarcacha agus na haistrithe laghdaitheacha, beidh sí infhíoraithe.
2. Maidir le limistéir a shainaithnítear de bhun Airteagal 2(1), bunófar an fhianaise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar an difríocht idir na hastaíochtaí iomlána agus na haistrithe iomlána a ghinfear le linn na tréimhse 2026-2030 sna limistéir sin, i gcomparáid leis na hastaíochtaí iomlána agus na haistrithe iomlána a ghinfear le linn na tréimhse céanna i limistéar den Bhallstát sin atá cosúil leis ó thaobh aeráide, cineál ithreach, catagóirí tuairisciúcháin talún de agus a bhfuil na cleachtais bhainistithe chéanna aige, agus nár sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 2(1). Ina theannta sin, féadfar an chomparáid sin a dhéanamh ar an limistéar céanna, inar úsáideadh na cleachtais bhainistithe chéanna, le linn tréimhse stairiúil tar éis 1990 nuair nár cháiligh an limistéar sin mar limistéar atá buailte ag tionchar fadtéarmach an athraithe aeráide i gcomhréir le hAirteagal 2(1).
3. Maidir le limistéir a shainaithnítear de bhun Airteagal 3(2), bunófar an fhianaise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar an difríocht idir na hastaíochtaí iomlána agus na haistrithe iomlána a ghinfear le linn na tréimhse 2026-2030 sna limistéir sin, i gcomparáid leis na hastaíochtaí iomlána agus na haistrithe iomlána a ghinfear le linn na tréimhse céanna i limistéar den Bhallstát sin atá cosúil leis ó thaobh aeráide, cineál ithreach, agus catagóirí tuairisciúcháin talún de, agus nach gcáilíonn mar limistéar atá buailte i gcomhréir le hAirteagal 3(2).
Airteagal 5
An próiseas chun fianaise a chur isteach
1. Na Ballstáit a bhfuil sé beartaithe acu úsáid a bhaint as an gcúiteamh as astaíochtaí iomarcacha nó as aistrithe laghdaitheacha, cuirfidh siad an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Samhain 2026. Áireofar san iarraidh an fhianaise a leagtar amach in Airteagal 2 nó Airteagal 3, de réir mar is infheidhme.
2. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas faoi thoradh fhíorú na hiarrata laistigh de 3 mhí tar éis iarraidh iomlán a fháil, ar a dhéanaí.
3. Tar éis toradh an fhíoraithe dá dtagraítear i mír 2, agus faoin 15 Eanáir 2032 ar a dhéanaí, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an fhianaise a leagtar amach in Airteagal 4 faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear tuairisc ar na modhanna a úsáideadh.
4. Faoin 31 Bealtaine 2027, agus gach bliain ina dhiaidh sin, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an fhianaise cothrom le dáta, is í sin an fhianaise dá dtagraítear in Airteagal 2(6), pointe (b), nó Airteagal 3(3), pointe (c), de réir mar is infheidhme, lena n-áirítear maidir leis an dul chun cinn a dhéantar chun feabhas a chur ar acmhainneacht ceaptha carbóin agus ar athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide.
5. Beidh an fhianaise a leagtar amach in Airteagail 2, 3 agus 4 trédhearcach, cruinn, comhsheasmhach, inchomparáide agus iomlán.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 156, 19.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/841/oj.
(2) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1999/oj).
IARSCRÍBHINN
Peircintíl de chion na n-ithreacha orgánacha i limistéar talún bainistithe na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 3(1)
|
|
Achar iomlán na n-ithreacha orgánacha (ha) |
Achar an Limistéir talún bainistithe (ha) |
Peircintíl de chion na n-ithreacha orgánacha i limistéar talún bainistithe, de réir dáileadh minicíochta |
|
an Ostair |
35 193 |
8 387 000 |
62 |
|
an Bheilg |
2 720 |
3 068 918 |
42 |
|
an Bhulgáir |
3 201 |
11 100 190 |
23 |
|
an Chróit |
2 685 |
5 659 400 |
27 |
|
an Chipir |
0 |
601 818 |
0 |
|
an tSeicia |
20 816 |
7 886 922 |
58 |
|
an Danmhairg |
163 353 |
4 196 384 |
65 |
|
an Eastóin |
713 246 |
4 141 134 |
88 |
|
an Fhionlainn |
12 725 643 |
27 580 372 |
100 |
|
an Fhrainc |
87 735 |
63 858 640 |
50 |
|
an Ghearmáin |
1 730 444 |
35 790 117 |
73 |
|
an Ghréig |
6 665 |
10 989 138 |
35 |
|
an Ungáir |
8 224 |
8 990 089 |
46 |
|
Éire |
2 022 529 |
6 985 006 |
92 |
|
an Iodáil |
24 285 |
30 133 601 |
38 |
|
an Laitvia |
888 752 |
6 095 484 |
85 |
|
an Liotuáin |
538 448 |
6 287 720 |
77 |
|
Lucsamburg |
0 |
258 600 |
0 |
|
Málta |
0 |
22 778 |
0 |
|
an Ísiltír |
387 405 |
4 154 194 |
81 |
|
an Pholainn |
1 362 674 |
31 393 136 |
69 |
|
an Phortaingéil |
0 |
9 221 763 |
0 |
|
an Rómáin |
13 197 |
22 819 121 |
31 |
|
an tSlóvaic |
0 |
4 809 520 |
0 |
|
an tSlóivéin |
4 227 |
2 027 300 |
54 |
|
an Spáinn |
3 |
50 622 199 |
19 |
|
an tSualainn |
11 682 346 |
37 726 543 |
96 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2043/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)