This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R2037
Council Regulation (EU) 2025/2037 of 23 October 2025 amending Regulation (EU) No 269/2014 concerning restrictive measures in respect of actions undermining or threatening the territorial integrity, sovereignty and independence of Ukraine
Rialachán (AE) 2025/2037 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
Rialachán (AE) 2025/2037 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
ST/12403/2025/INIT
IO L, 2025/2037, 23.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2037/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2037 |
23.10.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/2037 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1),
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES. |
|
(2) |
An 23 Deireadh Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/2036 (3), lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES. |
|
(3) |
Le Cinneadh (CBES) 2025/2036 tugtar isteach critéar breise maidir le liostú na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais, nó a bhíonn ag tacú leo nó á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach, asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach. |
|
(4) |
Le Cinneadh (CBES) 2025/2036, leathnaítear freisin chuig dhá chuideachta árachais atá liostaithe an maolú atá ann cheana a bhaineann le híocaíochtaí ar slánaíocht nó sochar iad a sholáthraítear ar theacht ann do riosca. |
|
(5) |
Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát. |
|
(6) |
Is iomchuí téarmaíocht a chomhchuibhiú ar fud ghníomhartha dlíthiúla an Aontais agus, ar an gcaoi sin, cur i bhfeidhm comhsheasmhach Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 agus a ailíniú le creataí bearta sriantacha de chuid an Aontais a áirithiú. Tá an comhleanúnachas sin fíor-riachtanach chun débhríocht a sheachaint, chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú agus chun éifeachtacht bhearta sriantacha de chuid an Aontais a áirithiú ar fud córais smachtbhannaí éagsúla. Dá bhrí sin, is iomchuí sainmhínithe ar ‘úinéireacht’ agus ‘rialú’ duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a áireamh i Rialachán (AE) 269/2014, chun ailíniú leis na sainmhínithe a úsáidtear i Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle (4). |
|
(7) |
Is iomchuí freisin soiléiriú a dhéanamh ar an bhforáil maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha daoine liostaithe a reo agus maidir leis an toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do daoine den sórt sin. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear na pointí seo a leanas leis:
; |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: ‘Airteagal 2 1. Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I iad, atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, déanfar iad a reo. 2. Ní chuirfear aon chiste ná aon acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis ná do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, ná ní chuirfear ar fáil iad chun tairbhe na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin.’ |
|
(3) |
in Airteagal 3(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
; |
|
(4) |
in Airteagal 6b, leasaítear mír 5e mar seo a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) IO L 78, 17.3.2014, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/145(1)/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/269/oj).
(3) Cinneadh (CBES) 2025/2036 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2025/2036, 23.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2036/oj).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 an 27 Nollaig 2001 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/2580/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2037/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)